Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

Prótacail | 1-3 | 4 | 5-7 | 8 | 9(a) | 9(b) | 10-20 | 21-33 | 34-36 | Iarscríbhinn I & II

IARSCRÍBHINNÍ
A GHABHANN LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DÁ bhFORAILTEAR IN AIRTEAGAL III-226 DEN BHUNREACHT
Uimhir san Ainmníocht Chomhcheangailte Tuairisc na dtáirgí
CAIBIDIL 1 Ainmhithe beo
CAIBIDIL 2 Feoil agus scartach feola inite
CAIBIDIL 3 Iasc, crústaigh agus moilisc
CAIBIDIL 4 Toradh déiríochta; uibheacha éan; mil nádúrtha
CAIBIDIL 5  
05.04 Inní, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas iasc), go hiomlán
agus ina bpíosaí
05.15 Táirgí ó ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe
marbha faoi Chaibidil 1 nó faoi Chaibidil 3, mí-oiriúnach lena gcaitheamh
ag an duine
CAIBIDIL 6 Crainn agus plandaí beo eile; bleibíní; fréamhacha agus a leithéidí;
bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach
CAIBIDIL 7 Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite
CAIBIDIL 8 Torthaí agus cnónna inite; craiceann mealbhacán nó torthaí ciotrais
CAIBIDIL 9 Caife, tae agus spíosraí, gan maité (ceannteideal Uimh. 09.03) a
áireamh
CAIBIDIL 10 Gránaigh
CAIBIDIL 11 Táirgí an tionscail mhuilleoireachta; braich agus stáirsí; glútan;
iniúilin
CAIBIDIL 12 Síolta ola agus torthaí olúla; gráin, síolta agus torthaí ilghnéitheacha;
plandaí tionscail agus leighis; tuí agus farae
CAIBIDIL 13 Peictin
ex 13.03  
CAIBIDIL 15  
15.01 Blonag agus saill leáite eile muice; saill leáite éanlaithe clóis
15.02 Saillte neamhleáite ó eallach buaibheach, caoirigh nó
gabhair; geir (lena n-áirítear "premier jus") ó na saillte sin
15.03 Stéirin bhlonaige, stéirin ola agus stéirin gheire; ola bhlonaige, oleo-ola,
agus ola gheire, gan eibliú ná meascadh ná ullmhú ar bith eile
15.04 Saillte agus olaí, ó éisc agus ó mhamaigh farraige, scagtha nó gan scagadh
15.07 Olaí plandúla fosaithe, sreabhach nó soladach, amh, scagtha nó íonaithe
15.12 Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla, hidriginithe, scagtha nó gan
scagadh, ach gan ullmhú thairis sin orthu
15.13 Margairín, blonag bhréige agus saillte inite ullmhaithe eile
15.17 Iarmhair de thoradh substaintí sailleacha nó céireacha ainmhíocha nó
plandúla a chóireáil
CAIBIDIL 16 Ullmhóidí feola, éisc, crústach nó moileasc
CAIBIDIL 17  
17.01 Siúcra biatais agus siúcra cána, soladach
17.02 Siúcraí eile; síorópaí siúcra; mil shaorga (measctha le mil aiceanta nó
gan a bheith); caramal
17.03 Molás, dídhathaithe nó gan a bheith
17.05 * Siúcraí, síoróipí agus moláis arna n-aramatú nó arna mbreisiú le
dathúcháin (agus siúcra fanaile nó fanailin san áireamh) ach amháin
súnna torthaí arna mbreisiú le siúcra i gcionmhaireacht ar bith
CAIBIDIL 18  
18.01 Síol cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta
18.02 Blaoscanna, mogaill, craicne agus dramh cócó
CAIBIDIL 20 Ullmhóidí glasraí, torthaí nó codanna eile de phlandaí
CAIBIDIL 22  
22.04 Úrfhíon fíonchaor, faoi choipeadh nó coiscthe ó choipeadh ar dhóigh
seachas trí alcól a chur leis
22.05 Fíon as fíonchaora; úrfhíon fíonchaor agus é coiscthe ó choipeadh
trí alcól a chur leis
22.07 Deochanna coipthe eile (mar shampla, leann úll, leann piorraí
agus meá)
ex 22.08 * Alcól eitileach, dínádúraithe nó gan dínádúrú, agus ar neart ar bith, ó
ex 22.09 * tháirgí talmhaíochta a áirítear in Iarscríbhinn II sa Chonradh, ach
amháin uisce beatha, licéir agus deochanna biotáilleacha eile,
ullmhóidí alcólacha cumaisc (dá ngairtear "eastóscáin thiubhaithe")
chun deochanna a mhonarú
ex 22.10 * Fínéagair chun úsáide tís agus a n-ionadaigh
CAIBIDIL 23 Iarmhair agus dramh ó na tionscail bhia; farae ullmhaithe d'ainmhithe
CAIBIDIL 24  
24.01 Tobac neamh-mhonaraithe, bruscar tobac
CAIBIDIL 45  
45.01 Corc aiceanta, neamhoibrithe, brúite, gráinnithe nó meilte; dramh
coirc
CAIBIDIL 54  
54.01 Líon, amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach lín agus
dramhlíon (lena n-áirítear ceirteacha tarraingthe nó gairnéadaithe)
CAIBIDIL 57  
57.01 Fíorchnáib (Cannabis sativa), amh nó próiseáilte ach gan bheith
sníofa; barrach agus dramh d'fhíorchnáib (lena n-áirítear ceirteacha nó
rópaí tarraingthe nó gairnéadaithe)

* Ceannteideal a cuireadh isteach le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 7a ó ChomhairleChomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an 18 Nollaig 1959 (IO 7, 30.1.1961, lch. 71/61).


IARSCRÍBHINN II
TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A bhFUIL FEIDHM AG FORÁLACHA THEIDEAL IV DE CHUID III DEN BHUNREACHT MAIDIR LEO
- An Ghraonlainn,
- An Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha,
- Polainéis na Fraince,
- Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince,
- Oileáin Vailís agus Futúna,
- Mayotte,
- San Pierre agus Miquelon,
- Aruba,
- Aintillí na hÍsiltíre:
- Bonaire,
- Cúrasó,
- Saba,
- Sint Eustatius,
- Sint Maarten,

- Anguilla,
- Oileáin Cayman,
- Oileáin Fháclainne,
- an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas,
- Montsarat,
- Pitcairn,
- San Héilin agus a Spleáchríocha,
- Críoch na Breataine san Antartach,

Valid XHTML 1.0!