CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
DEARBHUITHE Ó BHALLSTÁIT
42. Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir
le hAirteagal I-55
Comhaontóidh Ríocht na hÍsiltíre le cinneadh Eorpach
dá dtagraítear in Airteagal I-55(4) a luaithe a
bheidh réiteach sásúil maidir lena glanriocht diúltach
iomarcach íocaíochtaí i leith bhuiséad an
Aontais Eorpaigh curtha ar fáil don Ísiltír le coigeartú
ar an dlí Eorpach dá dtagraítear in
Airteagal I-55(4).
43. Dearbhú ó Ríocht na hÍsiltíre maidir
le hAirteagal IV-440
Dearbhaíonn Ríocht na hÍsiltíre nach dtíolacfar
tionscnamh do chinneadh Eorpach dá dtagraítear in
Airteagal IV-440(7) arb é is aidhm dó stádas Aintillí
na hÍsiltíre agus/nó Aruba i leith an Aontais a
mhodhnú, ach amháin ar bhonn cinneadh arna ghlacadh ar cothrom
leis an gCairt do Ríocht na
hÍsiltíre.
44. Dearbhú ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
ó Éirinn, ó Phoblacht na hUngáire,
ó Phoblacht na hOstaire agus ó Ríocht na Sualainne
Tugann an Ghearmáin, Éire, an Ungáir, an Ostair agus
an tSualainn dá n-aire nach ndearnadh
croí-fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail
Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a
leasú go substaintiúil ó tháinig sé i bhfeidhm
agus gur gá iad a thabhairt suas chun dáta. Mar sin, tá
siad i bhfabhar Comhdháil d'Ionadaithe Rialtais na mBallstát
a chomóradh a luaithe is féidir.
AF/Constitution/DC/ga 103
45. Dearbhú ó Ríocht na Spáinne agus
ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart
Éireann
Tá feidhm ag an gConradh ag bunú an Bhunreachta maidir le Giobráltar
mar chríoch Eorpach a
bhfuil Ballstát freagrach as a chaidreamh eachtrach. Ní leanfaidh
uaidh sin aon athrú i seasaimh
faoi seach na mBallstát i dtrácht.
46. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann
maidir le sainiú an téarma "náisiúnaigh"
I ndáil leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus
leis an gConradh ag bunú an
Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus le haon cheann de na gníomhartha
a
chineann ó na Conarthaí sin nó a leanann de bheith i
bhfeidhm de bhua na gConarthaí sin,
athdhéanann an Ríocht Aontaithe an Dearbhú a rinne sí
an 31 Nollaig 1982 maidir le sainiú an
fhocail "náisiúnaigh" ach amháin go dtuigfear
an tagairt do "dhaoine is saoránaigh de na
spleáchríocha Briotanacha" mar thagairt do "dhaoine
is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar
lear".
47. Dearbhú ó Ríocht na Spáinne maidir le sainiú
an téarma "náisiúnaigh"
Tugann an Spáinn dá haire go bhfuil, i gcomhréir le hAirteagal
I-10 den Bhunreacht, saoránacht an
Aontais ag gach náisiúnach de Bhallstát. Tugann an Spáinn
dá haire freisin, faoi mar atá an
lánpháirtiú Eorpach faoi láthair mar atá
sé léirithe sa Bhunreacht, gurb iad náisiúnaigh
na mBallstát
amháin atá i dteideal cearta sonracha na saoránachta
Eorpaí a bheith acu, mura bhforáiltear a
mhalairt go sainráite i ndlí an Aontais. Sa chomhthéacs
sin, tugann an Spáinn dá haire, sa deireadh,
gurb í Parlaimint na hEorpa, faoi Airteagail I-20 agus I-46 den Bhunreacht,
a ionadaíonn saoránaigh
an Aontais faoi láthair.
AF/Constitution/DC/ga 104
48. Dearbhú ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann
maidir leis an gceart vótála sna toghcháin do Pharlaimint
na hEorpa
Tugann an Ríocht Aontaithe dá haire nach bhfuil Airteagal I-20
agus forálacha eile den Chonradh
ag bunú Bunreachta don Eoraip ceaptha chun an bonn atá leis
an gceart vótála sna toghcháin do
Pharlaimint na hEorpa a athrú.
49. Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí
náisiúnta
Is mian leis an mBeilg a chur i bhfios, i gcomhréir lena dlí
bhunreachtúil, go ndéanann Teach
Ionadaithe agus Seanad na Parlaiminte Cónaidhme mar aon le tionóil
pharlaiminteacha na bPobal
agus na Réigiún, i bhfianaise na n-inniúlachtaí
arna bhfeidhmiú ag an Aontas, gníomhú mar
chomhpháirteanna den chóras parlaiminteach náisiúnta
nó mar sheomraí den Pharlaimint náisiúnta.