CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
B. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL
LEIS AN mBUNREACHT
Dearbhuithe a bhaineann leis an bPrótacal
maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht
na Danmhairge,
na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht
na Spáinne agus Phoblacht
na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne
agus Ríocht na Sualainne
31. Dearbhú maidir le hOileáin Åland
Aithníonn an Chomhdháil go mbunaítear an córas
is infheidhme ar Oileáin Åland, dá dtagraítear
in
Airteagal IV-440(5), agus an stádas speisialta atá ag na hoileáin
sin faoin dlí idirnáisiúnta á chur san
áireamh.
Chuige sin, cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir go bhfuil
forálacha sonracha le fáil i Roinn 5 de
Theideal V den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí
Aontachais Ríocht na Danmhairge, na
hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus
Thuaisceart Éireann, na Poblachta
Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na
Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire,
Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
AF/Constitution/DC/ga 88
32. Dearbhú maidir leis an bpobal Sami
Ag féachaint d'Airteagail 60 agus 61 den Phrótacal maidir le
Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais
Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe
na Breataine Móire agus Thuaisceart
Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne
agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht
na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, aithníonn
an Chomhdháil
oibleagáidí agus ceangaltais na Sualainne agus na Fionlainne
i leith an phobail Sami faoin dlí
náisiúnta agus idirnáisiúnta,
Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuireann an tSualainn agus
an Fhionlainn ceangaltas orthu féin
gléas beo, teanga, cultúr agus nós maireachtála
an phobail Sami a chaomhnú agus a fhorbairt, agus
measann sí go bhfuil cultúr agus gléas beo traidisiúnta
Sami spleách ar ghníomhaíochtaí
eacnamaíocha príomhúla ar nós aoireacht réinfhianna
i limistéir thraidisiúnta lonnaíochtaí Sami.
Chuige sin, cuireann an Chomhdháil i bhfios go láidir go bhfuil
forálacha sonracha le fáil i Roinn 6 de
Theideal V den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí
Aontachais Ríocht na Danmhairge, na
hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus
Thuaisceart Éireann, na Poblachta
Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na
Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire,
Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
AF/Constitution/DC/ga 89
Dearbhuithe a bhaineann leis an bPrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais
Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire,
Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice
33. Dearbhú maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann sa Chipir
CUIREANN AN CHOMHDHÁIL I bhFIOS,
Ag meabhrú di go bhforáiltear sa Chomhdhearbhú maidir
le Limistéir Cheannasachta Ríocht
Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir
atá i gceangal le hIonstraim
Chríochnaitheach an Chonartha i dtaobh aontachas na Ríochta
Aontaithe leis na Comhphobail
Eorpacha go ndéanfar na socruithe is infheidhme ar an gcaidreamh idir
Comhphobal Eacnamaíochta
na hEorpa agus na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha a shainiú
i gcomhthéacs aon chomhaontaithe
idir an Comhphobal agus Poblacht na Cipire;
Ag cur san áireamh di na forálacha maidir leis na Limistéir
Bhunáite Fhlaitheasacha atá leagtha
amach sa Chonradh maidir le bunú Phoblacht na Cipire (dá ngairtear
"an Conradh Bunaíochta"
anseo feasta) agus sna Malartuithe Nótaí gaolmhara a ghabhann
leis dar dáta an 16 Lúnasa 1960;
AF/Constitution/DC/ga 90
Ag tabhairt dá haire di an Malartú Nótaí idir
Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas Phoblacht na
Cipire maidir le riarachán na Limistéar Bunáite Flaitheasach,
dar dáta 16 Lúnasa 1960, agus an
Dearbhaithe ó Rialtas na Ríochta Aontaithe a ghabhann leis á
rá gur ceann de na príomhchuspóirí
atá le baint amach cosaint leasanna na ndaoine a chonaíonn nó
atá ag obair sna Limistéir Bhunáite
Fhlaitheasacha, agus de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur chóir
go gcuirfí an chóir chéanna a mhéad is
féidir ar na daoine sin a chuirtear ar dhaoine a chónaíonn
nó atá ag obair i bPoblacht na Cipire;
Ag tabhairt dá haire di fairis sin na forálacha den Chonradh
Bunaíochta i dtaca le socruithe custaim
idir na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus Poblacht na Cipire
agus go háirithe na forálacha in
Iarscríbhinn F a ghabhann leis an gConradh sin;
Ag tabhairt dá haire di freisin an gealltanas ón Ríocht
Aontaithe gan poist chustaim nó bacainní
teorann eile a chruthú idir na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha
agus Poblacht na Cipire, agus na
socruithe a rinneadh de bhun an Chonartha Bhunaíochta ar dá
réir a riarann údaráis Phoblacht na
Cipire raon leathan seirbhísí poiblí sna Limistéir
Bhunáite Fhlaitheasacha, lena n-áirítear réimsí
na
talmhaíochta, an chustaim agus an chánachais;
Ag deimhniú di nár chóir go ndéanfadh aontachas
Phoblacht na Cipire leis an Aontas Eorpach
difear do chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa Chonradh
Bunaíochta;
Ag aithint di dá bhrí sin gur gá forálacha áirithe
den Bhunreacht agus de ghníomhartha an Aontais a
chur i bhfeidhm maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha
agus socruithe speisialta a
dhéanamh i ndáil leis na forálacha sin a chur chun feidhme
sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha;
AF/Constitution/DC/ga 91
Gur cuireadh forálacha sonracha chun na críche sin isteach i
dTeideal III de Chuid a Dó den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine,
Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine,
Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice.
34. Dearbhú ón gCoimisiún maidir le Limistéir
Bhunáite Fhlaitheasacha
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann sa Chipir
Deimhníonn an Coimisiún a thuiscint go n-áirítear
ar fhorálacha dhlí an Aontais is infheidhme
maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha de bhun Theideal
III de Chuid a Dó den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine,
Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine,
Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice:
(a) Rialachán (CE) Uimh. 3448/93 ón gComhairle an 6 Nollaig
1993 ag leagan síos na socruithe
trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe
a thig ó tháirgí talmhaíochta a phróiseáil;
(b) Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh
1999 ag leagan síos
forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha,
a mhéad a cheanglaítear le Rialachán
(CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht
d'fhorbairt
tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht
Talmhaíochta (CETRT) chun
bearta forbartha tuaithe a mhaoiniú sna Limistéir Bhunáite
Fhlaitheasacha faoi Roinn
Ráthaíochta CETRT.
AF/Constitution/DC/ga 92
35. Dearbhú maidir le Gléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina sa Liotuáin
CUIREANN AN CHOMHDHÁIL I bhFIOS,
Ag dearbhú fonnmhaireacht an Aontais leanúint de chúnamh
breise leordhóthanach a sholáthar
d'iarracht na Liotuáine chun díchoimisiúnú a dhéanamh
freisin tar éis aontachas na Liotuáine leis an
Aontas Eorpach don tréimhse go dtí 2006 agus ina dhiaidh agus
ag tabhairt dá haire di go bhfuil an
Liotuáin, agus aird á tabhairt aici ar dhlúthpháirtíocht
an Aontais arna cur in iúl amhlaidh, tar éis a
chur de ghealltanas uirthi féin Aonad 1 de Ghléasra Cumhachta
Núicléiche Ignalina a dhúnadh
roimh 2005 agus Aonad 2 faoi cheann 2009;
Á aithint di gur de chineál gan sampla é an díchoimisiúnú
ar Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina lena dhá aonad imoibreora de chineál 1500 MW RBMK arna
bhfáil mar oidhreacht ón
iar-Aontas Sóivéadach agus gur ualach eisceachtúil airgeadais
é don Liotuáin nach bhfuil
comhchuimseach le méid agus neart eacnamaíoch na tíre
agus go leanfaidh an díchoimisiúnú sin tar
éis na Peirspictíochta Airgeadais láithrí mar
atá arna sainiú le Comhaontú Idirinstitiúideach
an
6 Bealtaine 1999;
Ag tabhairt dá haire di an gá atá le forálacha
cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cúnamh Aontais
breise chun déileáil leis na hiarmhairtí a thig ó
Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhúnadh
agus a dhíchoimisiúnú;
Ag tabhairt dá haire di go dtabharfaidh an Liotuáin aire chuí
ar riachtanais na réigiún is mó a
ndéanfaidh dúnadh Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina difear dóibh agus an cúnamh Aontais
á úsáid aici;
AF/Constitution/DC/ga 93
Ag dearbhú di go measfar go bhfuil bearta áirithe a gheobhaidh
tacaíocht trí chabhair phoiblí ag luí
leis an margadh inmheánach, ar nós dhíchoimisiúnú
Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina,
uasghrádú comhshaoil ar cothrom leis an acquis agus nuachóiriú
an chumais táirgeachta
leictreachais ghnásúil is gá chun ionad an dá
imoibreoir de chuid Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina a ghabháil tar éis a ndúnta,
Gur cuireadh forálacha sonracha chun na críche sin isteach i
dTeideal IV de Chuid a Dó den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine,
Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine,
Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice.
36. Dearbhú maidir le hidirthuras daoine de thalamh
idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile
de Chónaidhm na Rúise
CUIREANN AN CHOMHDHÁIL I bhFIOS,
Ag féachaint di do staid faoi leith réigiún Kaliningrad
de chuid Chónaidhm na Rúise i gcomhthéacs
mhéadú an Aontais;
Ag aithint di oibleagáidí agus ceanglais na Liotuáine
i dtaca leis an acquis ag bunú limistéar saoirse,
slándála agus ceartais;
AF/Constitution/DC/ga 94
Ag tabhairt dá haire di, go háirithe, go ndéanfaidh an
Liotuáin acquis an Aontais a chur i bhfeidhm
agus a chur chun feidhme go hiomlán maidir leis an liosta de thíortha
a bhfuil ar a náisiúnaigh
víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha
seachtracha dóibh agus de thíortha a bhfuil a
náisiúnaigh saor ón gceanglas sin, mar aon le acquis
an Aontais maidir le formáid chomhionann do
víosa amhail ón aontachas ar a dhéanaí;
Ag aithint di gur ceist a bhaineann leis an Aontas ina iomláine idirthuras
daoine de thalamh idir
réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na
Rúise agus gur cóir déileáil leis amhlaidh
agus nach cóir go leanfadh aon iarmhairt neamhfhabhrach uaidh don Liotuáin;
Ag féachaint di don chinneadh atá le glacadh ag an gComhairle
rialuithe ag teorainneacha
inmheánacha a dhíchur tar éis di a fhíorú
gur comhalladh na coinníollacha is gá chuige sin;
Ar é a bheith de rún daingean aici cuidiú leis an Liotuáin
na coinníollacha a chomhall a thúisce is
féidir le haghaidh rannpháirteachais iomláin i limistéar
Schengen gan teorainneacha inmheánacha;
Gur cuireadh forálacha sonracha chun na críche sin isteach i
dTeideal V de Chuid a Dó den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine,
Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine,
Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice.
AF/Constitution/DC/ga 95
37. Dearbhú maidir le hAonad 1 agus Aonad 2
de ghléasra cumhachta núicléiche
Bohunice V1 sa tSlóvaic
CUIREANN AN CHOMHDHÁIL I bhFIOS,
Ag tabhairt dá haire di gealltanais na Slóvaice Aonad 1 agus
Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta
Núicléiche Bohunice V1 a dhúnadh ag deireadh 2006 agus
2008 faoi seach agus ag dearbhú di
fonnmhaireacht an Aontais leanúint de chabhair airgeadais a sholáthar
go dtí 2006 mar leanúint den
chabhair réamhaontachais arna pleanáil faoi chlár Phare
mar thacaíocht d'iarrachtaí na Slóvaice
chun díchoimisiúnú a dhéanamh;
Ag tabhairt dá haire di an gá atá le forálacha
cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis an gcúnamh
Aontais leanúnach;
Gur cuireadh forálacha sonracha chun na críche sin isteach i
dTeideal IX de Chuid a Dó den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine,
Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine,
Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice.
AF/Constitution/DC/ga 96
38 Dearbhú maidir leis an gCipir
CUIREANN AN CHOMHDHÁIL I bhFIOS,
Ag athdhaingniú a gealltanais do shocraíocht chuimsitheach ar
fhadhb na Cipire, atá comhchuí le
rúin ábhartha ó Chomhairle Shlándála na
Náisiún Aontaithe, agus a tacaíochta láidre d'iarrachtaí
Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe chuige sin;
De bhrí nach bhfuil socraíocht chuimsitheach den sórt
sin ar fhadhb na Cipire aimsithe fós;
De bhrí gur gá mar sin forálacha a leagan síos
chun cur i bhfeidhm an acquis a fhionraí sna limistéir
sin de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire
rialú iarbhír iontu;
De bhrí, má aimsítear réiteach ar fhadhb na Cipire,
go ndéanfar an fhionraíocht sin a fhoirceannadh;
De bhrí go bhfuil an tAontas réidh glacadh le téarmaí
aon socraíocht den sórt sin atá i gcomhréir
leis na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe;
De bhrí gur gá foráil a dhéanamh maidir leis na
coinníollacha faoina gcuirfear i bhfeidhm na
forálacha ábhartha de dhlí an Aontais ar an líne
idir na limistéir thuasluaite agus na limistéir sin
araon a bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír
iontu agus Limistéar Bunáite
Flaitheasach Oirthearach Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann;
Ós mian léi saoránaigh uile na Cipire tairbhe a bhaint
as aontachas na Cipire leis an Aontas agus an
tsíocháin agus an t-athmhuintearas sa phobal a chur chun cinn;
AF/Constitution/DC/ga 97
De bhrí mar sin nach gcoiscfidh aon ní i dTeideal X de Chuid
a Dó den Phrótacal maidir le Conradh
agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine,
Phoblacht na Cipire,
Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht
na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice
bearta a bhfuil an cuspóir sin acu;
De bhrí nach ndéanfaidh bearta den sórt sin difear do
chur i bhfeidhm an acquis faoi na
coinníollacha atá leagtha amach sa Phrótacal sin in aon
chuid eile de Phoblacht na Cipire;
Gur cuireadh forálacha sonracha chun na críche sin isteach i
dTeideal X de Chuid a Dó den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine,
Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine,
Phoblacht na hUngáire,
Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice.
39. Dearbhú i ndáil leis an bPrótacal maidir le seasamh
na Danmhairge
Tugann an Chomhdháil dá haire, i ndáil leis na gníomhartha
dlí atá le glacadh ag an gComhairle ag
gníomhú di ina haonar nó i gcomhpháirt le Parlaimint
na hEorpa agus ina bhfuil forálacha is
infheidhme maidir leis an Danmhairg chomh maith le forálacha nach bhfuil
infheidhme maidir leis
an Danmhairg toisc go bhfuil bunús dlí acu a bhfuil feidhm ag
Cuid I den Phrótacal maidir le
seasamh na Danmhairge ina leith, go ndearbhaíonn an Danmhairg nach
n-úsáidfidh sí a ceart vótála
chun glacadh forálacha nach bhfuil infheidhme maidir leis an Danmhairg
a chosc.
AF/Constitution/DC/ga 98
Fairis sin, tugann an Chomhdháil dá haire go ndearbhaíonn
an Danmhairg, ar bhonn an Dearbhaithe
ón gComhdháil maidir le hAirteagail I-43 agus III-329 den Bhunreacht,
go mbeidh rannpháirtíocht
na Danmhairge i ngníomhaíochtaí nó i ngníomhartha
dlí de bhun Airteagal I-43 agus III-329 i
gcomhréir le Cuid I agus Cuid II den Phrótacal maidir le seasamh
na Danmhairge.
40. Dearbhú maidir leis an bPrótacal maidir leis na forálacha
idirthréimhseacha a bhaineann le hinstitiúidí agus comhlachtaí
an Aontais
Is mar seo a leanas an comhsheasamh a ghlacfaidh na Ballstáit ag comhdhálacha
aontachais na
Rómáine agus/nó na Bulgáire leis an Aontas Eorpach
i ndáil le cionroinnt na suíochán i bParlaimint
na hEorpa agus ualú na vótaí sa Chomhairle Eorpach agus
sa Chomhairle.
1. Má aontaíonn an Rómáin agus/nó an Bhulgáir
don Aontas Eorpach sula dtiocfaidh an
cinneadh ón gComhairle Eorpach dá dtagraítear in Airteagal
I-20(2) i bhfeidhm, cionroinnfear na
suíocháin i bParlaimint na hEorpa don téarma parlaiminteach
2004 go 2009 de réir an tábla seo a
leanas le haghaidh Aontais ina mbeidh 27 Ballstát.
AF/Constitution/DC/ga 99
BALLSTÁT SUÍOCHÁIN sa PE
An Ghearmáin 99
An Ríocht Aontaithe 78
An Fhrainc 78
An Iodáil 78
An Spáinn 54
An Pholainn 54
An Rómáin 35
An Ísiltír 27
An Ghréig 24
Poblacht na Seice 24
An Bheilg 24
An Ungáir 24
An Phortaingéil 24
An tSualainn 19
An Bhulgáir 18
An Ostair 18
An tSlóvaic 14
An Danmhairg 14
An Fhionnlainn 14
Éire 13
An Liotuáin 13
An Laitvia 9
An tSlóivéin 7
An Eastóin 6
An Chipir 6
Lucsamburg 6
Málta 5
IOMLÁN 785
AF/Constitution/DC/ga 100
De mhaolú ar Airteagal I-20(2) den Bhunreacht, forálfar sa Chonradh
Aontachais leis an Aontas go
bhféadfaidh líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa dul
thar 750 go sealadach don chuid eile den
téarma parlaiminteach 2004 go 2009.
2. In Airteagal 2(2) den Phrótacal maidir leis na forálacha
idirthréimhseacha a bhaineann le
hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais, socrófar
ualú na vótaí don Rómáin agus don Bhulgáir
sa
Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle mar 14 agus 10 faoi seach.
3. Tráth gach aontachais, déanfar an tairseach dá dtagraítear
sa Phrótacal maidir leis na
forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hinstitiúidí
agus comhlachtaí an Aontais a ríomh i
gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Phrótacal sin.
41. Dearbhú maidir leis an Iodáil
Tugann an Chomhdháil dá haire a raibh ráite sa Phrótacal
maidir leis an Iodáil a cuireadh i gceangal
i 1957 leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na
hEorpa, mar atá arna leasú tráth
an Conradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh:
"TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO fadhbanna áirithe ar leith a bhaineann leis an Iodáil
a réiteach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear
i gceangal leis an gConradh seo:
TÓGANN BALLSTÁIT AN CHOMHPHOBAIL
AF/Constitution/DC/ga 101
SUNTAS DE go bhfuil Rialtas na hIodáile ag gabháil do chlár
deich mbliana d'fhorbraíocht
eacnamaíoch atá ceaptha chun na míchothromaíochtaí
i ngréasán eacnamaíocht na hIodáile a
cheartú, go háirithe trí bhonneagar a chur ar fáil
do na limistéir lagfhorbartha i nDeisceart na
hIodáile agus ar oileáin na hIodáile agus trí
phoist nua a chruthú d'fhonn an dífhostaíocht a dhíchur;
TUGANN SIAD CHUN CUIMHNE go bhfuil prionsabail agus cuspóirí
chlár seo Rialtas na
hIodáile breithnithe agus formheasta ag eagraíochtaí
um chomhar idirnáisiúnta ar comhaltaí díobh
na Ballstáit;
AITHNÍONN SIAD gurb é a gcomhleas é go mbainfí
amach cuspóirí chlár na hIodáile;
COMHAONTAÍONN SIAD, chun cuidiú le Rialtas na hIodáile
an cúram sin a thabhairt chun
críche, ar a mholadh d'institiúidí an Chomhphobail leas
a bhaint as na modhanna agus na nósanna
imeachta go léir dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus,
go háirithe, úsáid iomchuí a dhéanamh
d'acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Chiste Sóisialach
na hEorpa;
IS É A dTUAIRIM gur chóir d'institiúidí an Chomhphobail,
ag cur an Chonartha seo chun feidhme
dóibh, aird a thabhairt ar an iarracht leanúnach atá
le déanamh ag geilleagar na hIodáile sna blianta
le teacht agus ar a mhéad is inmhianaithe go seachnófaí
strusanna contúirteacha, go háirithe i
gcomhardú na n-íocaíochtaí nó i leibhéal
na fostaíochta, a d'fhéadfadh bheith ina mbaol d'fheidhmiú
an Chonartha seo san Iodáil;
AITHNÍONN SIAD go mbeidh sé riachtanach, má chuirtear
Airteagail 109h agus 109i i bhfeidhm,
cúram a ghlacadh nach rachaidh aon bhearta dá n-éileofar
ar Rialtas na hIodáile chun dochair do
chomhlíonadh a chláir chun forbraíocht eacnamaíoch
a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála
an phobail a ardú."