CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
A. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA DEN BHUNREACH
1. Dearbhú maidir le hAirteagal I-6
Tugann an Chomhdháil dá haire go bhfreagraíonn Airteagal
I-6 don chásdlí atá ann de chuid Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus de chuid na Cúirte Céadchéime.
2. Dearbhú maidir le hAirteagal I-9(2)
Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir aontachas an Aontais
leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun
Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint a dhéanamh
ar dhóigh a chaomhnódh
sainairíonna dhlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tugann
an Chomhdháil dá haire go bhfuil
agallamh ann go tráthrialta idir Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um
Chearta an Duine; d'fhéadfaí an t-agallamh sin a neartú
nuair a aontóidh an tAontas Eorpach don
Choinbhinsiún sin.
3. Dearbhú maidir le hAirteagail I-22, I-27 agus I-28
Nuair atá daoine á roghnú chun feidhmeanna Uachtarán
na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an
Choimisiúin agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a
shealbhú, ní mór aird chuí a thabhairt ar an
ngá atá ann éagsúlacht gheografach agus dhéimeagrafach
an Aontais agus a chuid Ballstát a urramú.
AF/Constitution/DC/ga 2
4. Dearbhú maidir le hAirteagal I-24(7)
a bhaineann leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach
maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle
Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir don Chomhairle tús
a chur leis an gcinneadh Eorpach a
ullmhú lena mbunófar na bearta chun an cinneadh Eorpach ón
gComhairle Eorpach maidir le
feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle a chur i bhfeidhm a luaithe
a bheidh an Conradh ag bunú
Bunreachta don Eoraip sínithe agus gur chóir di a formheas polaitiúil
a thabhairt laistigh de shé
mhí. Leagtar amach thíos an dréachtchinneadh Eorpach
ón gComhairle Eorpach a ghlacfar ar dháta
an Conradh sin a theacht i bhfeidhm.
Dréachtchinneadh Eorpach ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú
Uachtaránacht na
Comhairle.
AIRTEAGAL 1
1. Sealbhóidh grúpaí réamhbhunaithe de thrí
Bhallstát uachtaránacht fhoirmíochtaí na
Chomhairle, seachas foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha,
go ceann tréimhse ocht mí
dhéag. Beidh na grúpaí comhdhéanta ar bhonn uainíochta
comhionainne idir na Ballstáit ag
féachaint dá n-éagsúlacht agus don chothromaíocht
gheografach san Aontas.
2. Beidh gach comhalta den ghrúpa ina chathaoirleach de réir
uainíochta, go ceann tréimhse sé
mhí, ar fhoirmíochtaí uile na Comhairle, seachas an fhoirmíocht
Gnóthaí Eachtracha. Beidh
comhaltaí eile an ghrúpa de chúnamh ag an gCathaoirleach
i dtaca lena fhreagrachtaí uile ar bhonn
comhchláir. Féadfaidh comhaltaí an ghrúpa socruithe
eile a chinneadh eatarthu féin.
AF/Constitution/DC/ga 3
AIRTEAGAL 2
Beidh ionadaí de chuid an Bhallstáit a bheidh i gceannas ar
an gComhairle Gnóthaí Ginearálta ina
chathaoirleach ar Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát.
Beidh ionadaí d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ina
chathaoirleach ar an gCoiste Polaitiúil agus
Slándála.
Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 4, beidh
an comhalta den ghrúpa a bheidh i
gceannas ar an bhfoirmíocht ábhartha den Chomhairle i gceannas
ar na comhlachtaí ullmhúcháin
d'fhoirmíochtaí éagsúla na Comhairle, seachas
an fhoirmíocht Gnóthaí Eachtracha.
AIRTEAGAL 3
Déanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, i
gcomhar leis an gCoimisiún, comhchuibheas agus
leanúnachas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla
den Chomhairle a áirithiú faoi chuimsiú clár
ilbhliantúil. Glacfaidh na Ballstáit a shealbhaíonn an
Uachtaránacht gach beart is gá maidir le
heagrú agus dea-oibriú imeachtaí na Comhairle, agus Ardrúnaíocht
na Comhairle de chúnamh acu.
AIRTEAGAL 4
Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar na bearta chun
an cinneadh seo a chur
chun feidhme.
AF/Constitution/DC/ga 4
5. Dearbhú maidir le hAirteagal I-25
Dearbhaíonn an Chomhdháil go nglacfaidh an Chomhairle an cinneadh
Eorpach maidir le
hAirteagal I-25 a chur chun feidhme ar an lá a thiocfaidh an Conradh
ag bunú Bunreachta don
Eoraip i bhfeidhm. Tá an dréachtchinneadh leagtha amach anseo
thíos:
Dréachtchinneadh Eorpach ón gComhairle maidir le hAirteagal
I-25 a chur chun feidhme
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
De bhrí an mhéid seo a leanas:
(1) Ba chóir forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar aistriú
go réidh ón gcóras cinnteoireachta sa
Chomhairle trí thromlach cáilithe, mar atá sé
sainithe i gConradh Nice agus leagtha amach in
Airteagal 2(2) den Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha
a bhaineann le
hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais atá i
gceangal leis an mBunreacht agus a leanfaidh de
bheith infheidhme go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2009, go dtí
an córas vótála dá bhforáiltear
in Airteagal I-25 den Bhunreacht a mbeidh feidhm aige ón 1 Samhain
2009.
(2) Meabhraítear gurb é cleachtas na Comhairle a seandícheall
a dhéanamh chun dlisteanacht
dhaonlathach na ngníomhartha arna nglacadh trí thromlach cáilithe
a neartú.
(3) Meastar gurb iomchuí an cinneadh seo a choimeád i bhfeidhm
chomh fada agus is gá chun
trasdul réidh go dtí an córas vótála nua
dá bhforáiltear sa Bhunreacht a áirithiú,
TAR ÉIS A CHINNEADH:
AF/Constitution/DC/ga 5
AIRTEAGAL 1
Má dhéanann an líon sin de chomhaltaí na Comhairle
is gá chun bheith ina mionlach blocála mar
thoradh ar an gcéad fhomhír d'Airteagal I-25(1) nó Airteagal
I-25(2) a chur i bhfeidhm, is é sin
comhaltaí a ionadaíonn:
(a) trí cheathrú ar a laghad den daonra, nó
(b) trí cheathrú ar a laghad de líon na mBallstát,
a bhfreasúra in aghaidh an Chomhairle gníomh a ghlacadh trí
thromlach cáilithe a chur i bhfios,
pléifidh an Chomhairle an cheist.
AIRTEAGAL 2
Le linn na bpléití sin, déanfaidh an Chomhairle a seandícheall,
laistigh de thréimhse réasúnta agus
gan dochar do na teorainneacha oibleagáideacha ama arna leagan síos
le dlí an Aontais, teacht ar
réiteach sásúil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair
imní arna dtarraingt anuas ag na comhaltaí sin
den Chomhairle dá dtagraítear in Airteagal 1.
AIRTEAGAL 3
Chuige sin, glacfaidh Uachtarán na Comhairle, le cúnamh ón
gCoimisiún agus i gcomhréir le
Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, gach tionscnamh is gá chun
gur fusa teacht ar bonn níos
leithne don chomhaontú sa Chomhairle. Tabharfaidh comhaltaí
na Comhairle gach cúnamh dó nó
di.
AF/Constitution/DC/ga 6
AIRTEAGAL 4
Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh seo an 1 Samhain 2009. Fanfaidh
sé i bhfeidhm go dtí 2014
ar a laghad. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach
a ghlacadh á aisghairm.
6. Dearbhú maidir le hAirteagal I-26
Measann an Chomhdháil, nuair nach mbeidh náisiúnaigh
de chuid na mBallstát uile ina gcomhaltaí
den Choimisiún a thuilleadh, gur chóir don Choimisún
aird ar leith a thabhairt don ghá atá ann
trédhearcacht iomlán a áirithiú ina chaidreamh
leis na Ballstáit uile. Dá dheasca sin, ba chóir don
Choimisiún fanacht i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit
uile, bíodh náisiúnach dá gcuid ina chomhalta
den Choimisiún nó ná bíodh, agus sa chomhthéacs
sin, aird ar leith a thabhairt don ghá atá ann
faisnéis a pháirtiú leis na Ballstáit uile agus
dul i gcomhairle leo.
Measann an Chomhdháil freisin gur chóir don Choimisiún
gach beart is gá a ghlacadh chun a
áirithiú go ndéanfar na réaltachtaí polaitiúla,
sóisialta agus eacnamaíocha sna Ballstáit uile, lena
n-áirítear iadsan nach bhfuil náisiúnach dá
gcuid ina chomhalta den Choimisiún, a chur san áireamh
go hiomlán. Ba chóir go mbeadh ar áireamh sna bearta
sin ráthaíocht go gcuirfear staid na
mBallstát sin san áireamh trí shocruithe eagrúcháin
iomchuí a ghlacadh.
AF/Constitution/DC/ga 7
7. Dearbhú maidir le hAirteagal I-27
Measann an Chomhdháil, i gcomhréir le forálacha an Bhunreachta,
go bhfuil Parlaimint na hEorpa
agus an Chomhairle Eorpach freagrach go comhpháirteach as dea-oibriú
an phróisis chun Uachtarán
an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh. Dá dheasca sin, sula nglacfaidh
an Chomhairle Eorpach
cinneadh, rachaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí
i mbun an
chomhairliúcháin is gá faoin gcreat a mheastar is iomchuí.
Beidh an comhairliúchán sin dírithe ar
chúlra na n-iarrthóirí d'oifig Uachtarán an Choimisiúin
agus aird á tabhairt ar na toghcháin do
Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal I-27(1). Féadfar
na socruithe don
chomhairliúchán sin a chinneadh in am trátha de chomhthoil
idir Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle Eorpach.
8. Dearbhú maidir le hAirteagal I-36
Tugann an Chomhdháil dá haire go bhfuil sé ar intinn
ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena
chleachtas seanbhunaithe, leanúint de dhul i gcomhairle le saineolaithe
arna n-ainmniú ag na
Ballstáit, agus dréachtrialacháin Eorpacha arna dtarmligean
i réimse na seirbhísí airgeadais á
n-ullmhú aige.
9. Dearbhú maidir le hAirteagail I-43 agus III-329
Gan dochar do na bearta arna nglacadh ag an Aontas chun a oibleagáid
dlúthpháirtíochta a
chomhlíonadh i leith Ballstát a fhulaingíonn ionsaí
sceimhlitheoireacha nó tubaiste nádúrtha nó de
dhéantús an duine, ní hé is aidhm d'aon fhoráil
in Airteagail I-43 agus III-329 den Bhunreacht
difear a dhéanamh do cheart Ballstáit eile na meáin is
iomchuí a roghnú chun a oibleagáid
dlúthpháirtíochta féin i leith an Bhallstáit
sin a chomhlíonadh.
AF/Constitution/DC/ga 8
10. Dearbhú maidir le hAirteagal I-51
Dearbhaíonn an Chomhdháil nach mór aird chuí a
thabhairt ar shainghnéithe sonracha an ábhair
nuair atá rialacha le glacadh ar bhonn Airteagal I-51 a bhaineann le
sonraí pearsanta a chosaint a
bhféadfadh impleachtaí díreacha a bheith acu ar an tslándáil
náisiúnta. Meabhraíonn sí go bhfuil
maoluithe sonracha i dtaca leis sin ar áireamh sa reachtaíocht
atá infheidhme faoi láthair (féach go
háirithe Treoir 95/46/CE).
11. Dearbhú maidir le hAirteagal I-57
Cuirfidh an tAontas san áireamh staid shonrach na Stát beagmhéide
a dhéanann caidreamh sonrach
gaireachta a choimeád ar bun leis.
12. Dearbhú maidir leis na mínithe fán
gCairt um Chearta Bunúsacha
Tugann an Chomhdháil dá haire na mínithe fán gCairt
um Chearta Bunúsacha a ullmhaíodh faoi
údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh
an Chairt, agus a tugadh suas chun dáta faoi
chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh, agus atá
leagtha amach thíos.
AF/Constitution/DC/ga 9
MÍNITHE FÁN gCAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA
Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás
Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an
Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta
iad faoi chúram
Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe
dréachtaithe a rinne an
Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar
Airteagail 51 agus 52 1) agus i bhfianaise an
fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach
bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú
iad mar
uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte
a shoiléiriú.
BROLLACH
Tá sé beartaithe ag pobail na hEorpa, trí aontas níos
buandlúithe fós a chruthú eatarthu, todhchaí
shíochánta arna fothú ar chomhluachanna a roinnt.
Ós feasach dó an oidhreacht spioradálta, mhorálta
atá aige, tá an tAontas fothaithe ar luachanna
dodhealaithe uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais
agus na
dlúthpháirtíochta; tá sé bunaithe ar phrionsabail
an daonlathais agus an smachta reachta. Cuireann
sé an duine i gceartlár a ghníomhaíochtaí
trí shaoránacht Aontais a chur ar bun agus trí limistéar
saoirse, slándála agus ceartais a chruthú.
1 Airteagal II-111 agus Airteagal II-112 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 10
Rannchuidíonn an tAontas leis na comhluachanna sin a chaomhnú
agus a fhorbairt agus urraim á
tabhairt aige d’éagsúlacht chultúir agus thraidisiúin
phobail na hEorpa, d'fhéiniúlacht náisiúnta na
mBallstát agus d'eagrúchán a n-údarás poiblí
ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach
agus ar
leibhéal áitiúil; féachann sé le forbairt
chothromúil inbhuanaithe a chur chun cinn agus áirithíonn
sé
saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil,
agus saoirse bunaíochta.
Chuige sin, is gá cosaint na gceart bunúsach a neartú
i bhfianaise an fhoráis sa tsochaí, an dul chun
chinn sóisialta agus forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha
trí na cearta sin a dhéanamh níos
sofheicthe i gCairt.
Athdhaingníonn an Chairt seo, ag féachaint go cuí do
chumhachtaí agus do chúraimí an Aontais
agus do phrionsabal na coimhdeachta, na cearta a leanann ach go háirithe
as na traidisiúin
bhunreachtúla agus as na hoibleagáidí idirnáisiúnta
is coiteann do na Ballstáit, as an gCoinbhinsiún
Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,
as na Cairteanna Sóisialta arna
nglacadh ag an Aontas agus ag Comhairle na hEorpa, agus as cásdlí
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Sa chomhthéacs
sin, déanfaidh cúirteanna an
Aontais agus na mBallstát an Chairt a léiriú le haird
chuí ar na míniúcháin arna n-ullmhú faoi
údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh
an Chairt agus arna dtabhairt suas chun dáta
faoi fhreagracht Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh.
Tá freagrachtaí agus dualgais i dtaca le daoine eile, leis an
bpobal daonna agus leis na glúnta atá le
teacht ag gabháil le teachtadh na gceart sin.
Dá dheasca sin, aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí
agus na prionsabail atá leagtha amach
anseo thíos.
AF/Constitution/DC/ga 11
TEIDEAL I
DÍNIT
AIRTEAGAL 1 1
Dínit an duine
Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an
dínit sin a urramú agus a chosaint.
Míniú
Ceart bunúsach ann féin is ea dínit an duine; ní
hé amháin sin ach is í is bonn, dáiríre,
do na cearta
bunúsacha. Rinneadh dínit an duine a chumhdach i 1948 i mbrollach
an Dearbhaithe Uilechoitinn
um Chearta an Duine: " ... de bhrí go bhfuil aitheantas ar an
dínit inghreamaithe agus ar na cearta
comhionanna dosháraithe atá ag gach duine sa teaghlach daonna
mar bhunús leis an tsaoirse, leis an
gceartas agus leis an tsíocháin sa chruinne. "Sa bhreithiúnas
a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001 i
gcás C-377/98 an Ísiltír v. Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle, 2001 ECR 7079, i bhforais
Uimh. 70 - 77, dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de
dhlí an Aontais ceart bunúsach an
duine chun a dhínite.
Fágann sin nach féidir úsáid a bhaint as aon cheann
de na cearta a leagtar síos sa Chairt seo chun
dochar a dhéanamh do dhínit duine eile, agus gur cuid de shubstaint
na gceart a leagtar síos sa
Chairt seo í dínit an duine. Ní mór, dá
bhrí sin, í a urramú, fiú amháin agus srian
á chur ar cheart.
1 Airteagal II-61 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 12
AIRTEAGAL 2 1
Ceart chun beatha
1. Tá ag gach duine an ceart chun beatha.
2. Ní féidir duine a dhaoradh chun pionós an bháis
ná a chur chun báis.
Míniú
1. Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar an gcéad abairt
d'Airteagal 2(1) de CECD ar mar seo a
leanas atá:
"1. Cosnóidh an dlí ceart gach uile dhuine chun a bheo..."
2. Cuireadh as ionad an dara habairt den fhoráil, ina ndearnadh tagairt
do phionós an bháis, ar
theacht i bhfeidhm d'Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le
CECD ar mar seo a
leanas atá:
"Déantar an bhreith bháis a dhíothú. Ní
dhaorfar aon duine chun báis ná ní chuirfear aon
duine chun báis."
Tá Airteagal 2(2) den Chairt bunaithe ar an bhforáil sin. 2
3. Freagraíonn forálacha Airteagal 2 1 den Chairt do na hAirteagail
thuasluaite de CECD agus dá
Phrótacal. Is ionann brí agus raon feidhme dóibh, i gcomhréir
le hAirteagal 52(3) den
Chairt 3. Ní mór a mheas, dá bhrí sin, gur cuid
den Chairt freisin iad na sainmhínithe
"diúltacha" atá in CECD:
1 Airteagal II-62 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-62(2) den Bhunreacht.
3 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 13
(a) Airteagal 2(2) de CECD:
"Ní mheasfar gur sárú ar an Airteagal seo bás
d'imirt ar dhuine trí fhorneart d'úsáid nach
mó ná mar is dianghá:
(a) chun aon duine a chosaint ar fhoréigean neamhdhleathach;
(b) chun duine a ghabháil go dhleathach nó duine faoi choinneáil
dhleathach a chosc
ar éalú;
(c) chun gníomh dleathach a dhéanamh d'fhonn ciréib nó
éirí amach a chur faoi
chois."
(b) Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le CECD:
"Féadfaidh Stát an bhreith bháis a fhoráil
ina reachtaíocht i leith gníomhartha arna
ndéanamh tráth cogaidh nó tráth garbhagairt cogaidh;
ní chuirfear an bhreith sin i
bhfeidhm ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear
sa reachtaíocht sin agus i gcomhréir
leis na forálacha ann ...".
AIRTEAGAL 3 1
An ceart chun iomláine an duine
1. Tá ag gach duine an ceart go dtabharfar meas ar a iomláine
nó ar a hiomláine choirp agus
mheabhrach.
1 Airteagal II-63 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 14
2. I réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta,
ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a
urramú:
(a) toiliú saor feasach an duine i dtrácht, de réir nósanna
imeachta atá leagtha síos le dlí;
(b) toirmeasc ar chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais
sin arb é is aidhm dóibh
daoine a roghnú;
(c) toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna
agus de bhaill den chorp, ina
gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp;
(d) toirmeasc ar chlónáil táirgeach daoine.
Míniú
1. Sa bhreithiúnas a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001
i gcás C-377/98 an Ísiltír v. Parlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle, 2001 ECR 7079, forais Uimh. 70, 78 - 80, dhaingnigh
an Chúirt
Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais ceart bunúsach
an duine chun a iomláine agus go
gcuimsíonn sé, i gcomhthéacs na míochaine agus
na bitheolaíochta, saorthoiliú feasach an deontóra
agus an fhaighteora.
2. Tá prionsabail Airteagal 3 den Chairt 1 san áireamh cheana
féin sa Choinbhinsiún um Chearta
an Duine agus an Bhithmhíochaine, arna ghlacadh ag Comhairle na hEorpa
(ETS 164 agus prótacal
breise ETS 168). Níl sé d'aidhm ag an gCairt imeacht ó
na prionsabail sin agus ní thoirmisctear dá
bhrí sin ach an chlónáil atáirgeach. Ní
údaraítear ná ní thoirmisctear foirmeacha eile
clónála. Ní
choisceann sí mar sin, beag ná mór, ar an reachtas saghsanna
eile clónála a thoirmeasc.
1 Airteagal II-63 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 15
3. An tagairt do chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais
sin arb é is aidhm dóibh
daoine a roghnú, baineann sí leis na hócáidí
sin a d'fhéadfadh a bheith ann ina ndéantar cláir
roghnaithe a eagrú agus a chur chun feidhme, a chuimsíonn feachtais
aimridithe, an toircheas
éigeantach, cleamhnais eitneacha éigeantacha, gan ach iad a
lua; gníomhartha iad uile a meastar gur
cionta idirnáisiúnta iad i Reacht na Cúirte Coiriúla
Idirnáisiúnta arna ghlacadh sa Róimh an
17 Iúil 1998 (féach Airteagal 7(1)(g) de).
AIRTEAGAL 4 1
Toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar
phionós atá mídhaonna nó táireach
Ní dhéanfar céastóireacht ar aon duine ná
ní chuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna
nó táireach
ar aon duine.
Míniú
Is é an ceart atá i gceist in Airteagal 4 1 an ceart a ráthaítear
in Airteagal 3 de CECD, agus is ionann
an fhoclaíocht ann: "Ní dhéanfar céastóireacht
ar dhuine ar bith ná cóir ná píonós mídhaonna
nó
táirchéimneach a chur air." De bhua Airteagal 52(3) den
Chairt 2, is ionann brí agus raon dó agus
don Airteagal in CECD.
AIRTEAGAL 5 3
Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe
1. Ní dhéanfar aon duine a choimeád faoi sclábhaíocht
nó faoi dhaoirse.
1 Airteagal II-64 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
3 Airteagal II-65 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 16
2. Ní dhéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe
nó éigeantach a dhéanamh.
3. Toirmisctear an gháinneáil ar dhaoine.
Míniú
1. Freagraíonn an ceart atá in Airteagal 5(1) agus (2) 1 d'Airteagal
4(1) agus (2) de CECD, a
bhfuil an fhoclaíocht chéanna ann. Mar sin, is ionann brí
agus raon feidhme dó agus don
Airteagal in CECD, de bhua Airteagal 52(3) den Chairt 2. Dá bharr sin:
– ní dhéanfaidh aon teorannú difear go dlisteanach
don cheart dá bhforáiltear i mír 1;
– ní mór féachaint do na sainmhínithe diúltacha
atá in Airteagal 4(3) de CECD agus brí á
baint as an nath "saothar éignithe nó éigeantach"
i mír 2:
"Chun críche an Airteagail seo ní áireofar mar "obair
ainneonach nó éigeantach":
(a) aon obair a chuirfear faoi dear a dhéanamh i ghnáthchúrsa
coinneála a bheas curtha ar
dhuine de réir fhorálacha Airteagal 5 den Choinbhinsiún
seo nó le linn duine a bheith ar
saoirse choinníollach ón gcoinneáil sin;
(b) aon seirbhís de ghné mhíleata nó, i gcás
agóideoirí coinsiasacha i dtíortha a dtugtar
aithint dóibh sin, seirbhís a ordaítear in ionad seirbhíse
míleata éigeantaí;
1 Airteagal II-65 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 17
(c) aon seirbhís a ordaítear i gcás eigeandáil
nó anachain a bheith ag bagairt bhascadh nó
aimhleas an phobail;
(d) aon obair nó seirbhís is cuid de ghnáthdhualgais
saoránaigh."
2. Eascraíonn mír 3 go díreach ó dhínit
an duine agus cuirtear san áireamh sa mhír seo na
forbairtí is déanaí sa choireacht eagraithe, eagrú
na hinimirce neamhdlíthiúla brabúsaí, mar
shampla, nó gréasáin um dhúshaothrú gnéasach.
San Iarscríbhinn a ghabhann le
Coinbhinsiún Europol, tá an sainmhíniú seo a leanas
ina dtagraítear don gháinneáil ar mhaithe
leis an dúshaothrú gnéasach : "ciallaíonn
'ceannaíocht i ndaoine' duine a chur faoi smacht
iarbhír agus neamhdhleathach daoine eile trí fhoréigean
nó bagairtí a úsáid nó trí ghaol
údaráis a mhí-úsáid nó trí
inlíochtaí d'fhonn gabháil le dúshaothrú
meirdreachais, foirmeacha
dúshaothraithe chollaí agus ionsaí ar mhionaoisigh nó
tráchtáil i ndáil le leanaí a thréigean".
I gCaibidil VI den Choinbhinsiún ag cur Chomhaontú Schengen
chun feidhme, coinbhinsiún
atá lánpháirithe in acquis an Aontais, a bhfuil an Ríocht
Aontaithe agus Éire rannpháirteach
ann, tá an fhoclaíocht seo a leanas in Airteagal 27(1) ina dtagraítear
do ghréasáin inimirce
neamhdhleathaí: "Gabhann na Páirtithe Conarthacha ar láimh
pionóis iomchuí a fhorchur ar
aon duine a chuidíonn nó a fhéachann le cuidiú,
ar mhaithe le brabús, le heachtrannach teacht
isteach nó fanacht ar chríoch Páirtí Chonarthaigh
de shárú ar dhlíthe an Pháirtí Chonarthaigh
sin maidir le heachtrannaigh teacht isteach agus fanacht." An 19 Iúil
2002, ghlac an
Chomhairle cinneadh réime maidir leis an ngáinneáil ar
dhaoine a chomhrac (IO L 203/1)
agus sainmhínítear in Airteagal 1 de na cionta atá i
gceist leis an ngáinneáil ar dhaoine ar
mhaithe leis an dúshaothrú oibre nó leis an teacht i
dtír gnéasach, cionta a gcaithfidh na
Ballstáit cionta inphionóis a dhéanamh díobh de
bhua an chinnidh réime sin.
AF/Constitution/DC/ga 18
TEIDEAL II
SAOIRSÍ
AIRTEAGAL 6 1
An ceart chun saoirse agus slándála
Tá ag gach duine an ceart chun saoirse agus slándála
pearsan.
Míniú
Is iad na cearta atá in Airteagal 6 1 na cearta a ráthaítear
in Airteagal 5 de CECD agus, i gcomhréir
le hAirteagal 52(3) den Chairt 2, is ionann brí agus raon feidhme dóibh.
Dá bhrí sin, ní fhéadfar
níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach leo ná
na teorainneacha a cheadaítear in CECD,
mar atá in Airteagal 5:
"1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse agus slándála
a phearsan. Ní bhainfear a
shaoirse d'aon duine ach amháin sna cásanna seo a leanas agus
de réir nós imeachta a bheas ordaithe
leis an dlí:
(a) duine a choinnneáil go dleathach tar éis é a chiontú
ag cúirt inniúil;
(b) duine a ghabháil nó a choinnneáil go dleathach toisc
gan é do dhéanamh de réir orduithe
dhleathaigh chúirte nó chun a chur faoi dear go gcomhlíonfar
aon oibleagáid a bheas
ordaithe leis an dlí;
1 Airteagal II-66 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 19
(c) duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach chun
é a thabhairt os comhair an údaráis
dhlíthiúil inniúil as amhras réasúnach
go bhfuil sé tar éis cion a dhéanamh nó nuair
a
mheasfar go réasúnach gur gá sin chun é a chosc
ó chion a dhéanamh nó ó theitheadh
i ndiaidh cion a dhéanamh;
(d) mionaoiseach a choinneáil le hordú dleathach chun maoirsiú
a dhéanamh ar a chuid
oideachais nó é a choinneáil go dleathach chun é
a thabhairt os comhair an údaráis dhlíthiúil
inniúil;
(e) daoine a choinneáil go dleathach chun galair tógálach
a chosc ó leathadh agus daoine
mímheabhracha, anphótairí, andúiligh i ndruganna,
nó fuadairí a choinneáil amhlaidh;
(f) duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach chun
é a chosc ó theacht isteach gan údarás sa
tír, nó duine a ghabháil nó a choinneáil
amhlaidh a bhfuil beart á thionscnamh ina choinne
d'fhonn é d'ionarbadh nó d'eiseachadadh.
2. Gach uile dhuine a ghabhfar, cuirfear in iúl dó gan mhoill,
i dteanga a thuigfeas sé, na
cúiseanna ar gabhadh é agus aon chúiseamh atáthar
a chur ina leith.
3. Gach uile dhuine a ghabhfar nó a choinneofar do réir fhorálacha
mhír 1(c) den Airteagal seo,
tabharfar gan mhoill é os comhair breithimh nó oifigigh eile
ag a bhfuil údarás ón dlí chun
cumhacht bhreithiúnach d'fheidhmiú agus beidh sé i dteideal
go dtriailfí é laistigh d'am réasúnach
nó go saorfaí é ag feitheamh ar a thriail. Féadfar
coinníoll a chur lena shaoradh go dtabharfaidh sé
ráthaíocht go láithreoidh chun a thriala.
4. Gach uile dhuine a mbainfear a shaoirse de trína ghabháil
nó trína choinneáil beidh
sé i dteideal imeachta a thionscnamh trína gcinnfidh cúirt
go haibéil dlisteanas a choinneála trína
n-ordófar é a shaoradh mura dleathach é a choinneáil.
AF/Constitution/DC/ga 20
5. Gach uile dhuine a ndéanfar gabháil nó coinneáil
air contrártha d'fhorálacha an Airteagail seo,
beidh aige ceart, is féidir a chur a bhfeidhm, chun cúiteamh
d'fháil."
Ní mór na cearta atá cumhdaithe in Airteagal 6 1 a urramú,
go háirithe nuair a bheidh dlíthe agus
dlíthe réime á nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus
ag an gComhairle i réimse an chomhair
bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, ar bhonn Airteagail
III-270, III-271 agus III-273 den Bhunreacht,
go háirithe chun na forálacha íosta coiteanna a shainmhíniú
maidir le cionta agus pionóis a aicmiú
agus maidir le gnéithe áirithe den dlí nós imeachta.
AIRTEAGAL 7 2
Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh
Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol
príobháideach agus saol a theaghlaigh nó a
teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a
chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.
Míniú
Freagraíonn na cearta a ráthaítear in Airteagal 7 2 do
na cearta a ráthaítear in Airteagal 8 de CECD.
Chun forbairtí sa teicneolaíocht a chur san áireamh,
tá an focal "cumarsáid" curtha isteach in ionad
an fhocail "comhfhreagras".
1 Airteagal II-66 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-67 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 21
I gcomhréir le hAirteagal 52(3) 1 is ionann brí agus raon feidhme
dó agus don
Airteagal comhfhreagrach in CECD. Dá dheasca sin, is ionann na teorainneacha
a fhéadfar a
fhorchur go dlisteanach leis an gceart seo agus na teorainneacha a cheadaítear
le hAirteagal 8
de CECD.
"1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun go mba slán dó
a shaol príobháideach agus saol a
theaghlaigh, a ionad cónaithe agus a chomhfhreagras.
2. Ní chuirfidh aon údaras poiblí isteach ar fheidhmiú
an chirt seo, ach sa mhéid go mbeidh sin
de réir an dlí agus riachtanach i ndaonlathas ar mhaithe leis
an tslándáil náisiúnta, le sábháilteacht
an phobail nó le leas eacnamaíoch na tíre, chun anord
nó coiriúlacht a chosc, chun sláinte nó
móráltacht a chosaint nó chun cearta agus saoirsí
daoine eile a chosaint."
AIRTEAGAL 8 2
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta
a bhaineann leis nó léi a chosaint.
2. Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil
go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn
thoiliú an duine i dtrácht no ar bhonn dlisteanach éigin
eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an
ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus
a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar
na sonraí sin a cheartú.
3. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag
údarás neamhspleách.
1 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-68 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 22
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 286 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh
agus ar Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le daoine aonair a
chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil
agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin
(IO L 281, 23.11.1995), agus freisin ar Airteagal 8 de CECD agus ar Choinbhinsiún
Chomhairle na
hEorpa an 28 Eanáir 1981 um Chosaint Daoine Aonair maidir le hUathphróiseáil
Sonraí Pearsanta,
atá daingnithe ag na Ballstáit uile. Gabhann Airteagal I-51
den Bhunreacht ionad Airteagal 286 de
Chonradh CE anois. Tagraítear freisin do Rialachán Uimh. 45/2001
ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint, maidir le sonraí
pearsanta a phróiseáil ag
institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir
le saorghluaiseacht na sonraí sin
(IO L 8, 12.1.2001). Tá coinníollacha agus teorainneacha sa
Treoir agus sa Rialachán thuasluaite
maidir le feidhmiú an chirt chun sonraí pearsanta a chosaint.
AIRTEAGAL 9 1
An ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú
Déanfar an ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a
bhunú a ráthú i gcomhréir leis na
dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú
na gceart sin.
1 Airteagal II-69 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 23
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 12 de CECD ar mar seo a
leanas atá: "Ar aois in-nuachair
a shlánú dóibh tá ag fir agus ag mná an
ceart chun pósadh and teaghlach a bhunú, de réir na ndlíthe
náisiúnta a bhaineas le feidhmiú an chirt sin."
Cuireadh cruth na haimsire seo ar fhoclaíocht an
Airteagail chun go gclúdódh sé cásanna ina n-aithníonn
an reachtaíocht náisiúnta socraíochtaí
eile
seachas an pósadh le haghaidh teaghlach a bhunú. Ní thoirmisceann
ná ní fhorchuireann an
tAirteagal seo stádas an phósta a dheonú d'aontais idir
dhaoine den ghnéas céanna. Tá cosúlacht ag
an gceart seo, dá bhrí sin, leis an gceart a dheonaítear
in CECD, ach féadfaidh raon feidhme níos
leithne a bheith aige nuair a fhoráiltear amhlaidh le reachtaíocht
náisiúnta.
AIRTEAGAL 10 1
Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin
1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus
reiligiúin. Tá ar áireamh sa
cheart sin saoirse chun reiligiún nó creideamh a athrú
agus saoirse, mar dhuine aonair nó i
gcomhluadar le daoine eile agus go poiblí nó go príobháideach,
reiligiún nó creideamh a léiriú trí
adhradh, trí theagasc, trí chleachtas agus trí dheasghnátha.
2. Aithnítear an ceart chun agóid choinsiasach a dhéanamh
i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta
lena rialaítear feidhmiú an chirt sin.
1 Airteagal II-70 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 24
Míniú
Freagraíonn an ceart a ráthaítear i mír 1 don
cheart a ráthaítear in Airteagal 9 de CECD agus, i
gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt 1 is ionann an raon feidhme
atá aige agus atá ag an
Airteagal sin. Ní mór dá bhrí sin do theorainneacha
leis an gceart sin Airteagal 9(2) den
Choinbhinsiún a urramú ar mar a leanas atá: "Ní
bheidh de shrian ar shaoirse duine chun a
chreideamh nó a dheimhne d'fhoilsiú ach pé srian a ordófar
le dlí agus is gá i ndaonlathas ar
mhaithe le slándáil an phobail, chun an t-ord poiblí,
an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, nó
chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint."
Freagraíonn an ceart a ráthaítear i mír 2 do na
traidisiúin bhunreachtúla náisiúnta agus don fhorbairt
atá tagtha ar an reachtaíocht náisiúnta maidir
leis an gceist seo.
AIRTEAGAL 11 2
Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil
1. Tá ag gach duine an ceart chun tuairimí a nochtadh. Folóidh
an ceart sin saoirse chun tuairimí
a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil
agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás
poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.
2. Déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú.
1 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-71 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 25
Míniú
1. Freagraíonn Airteagal 11 1 d'Airteagal 10 den Chonbhinsiún
Eorpach um Chearta an Duine ar
mar seo a leanas atá:
"1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime.
Áirítear sa cheart sin saoirse
chun tuairimí a bheith ag duine agus chun eolas agus smaointe a ghlacadh
agus a leathadh gan
aon bhac ón údarás poiblí agus gan aird ar chríochtheoranta.
Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo
aon Stát a chosc óna chur faoi dear go ghnóthais forleatha,
chianamharcaíochta nó chineama
ceadúnais a bheith acu.
2. Ós rud é go bhfuil dualgais agus mortabháil ag gabháil
le feidhmiú na saoirsí sin, is cead go
mbeadh a bhfeidhmiú faoi réir pé foirmiúlachtaí,
coinníollacha, srianta nó pionós a bheas
ordaithe le dlí agus is gá i ndaonlathas, ar mhaithe leis an
tslándáil náisiúnta, le comhláine
chríocha an Stáit nó le sábháilteacht an
phobail, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun an
tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, chun clú
nó cearta daoine eile a chosaint, chun cosc a
chur le scéitheadh aon eolais a gheofar i modh rúin, nó
chun údarás agus neamhchlaontacht
breithiúna a chumhdach."
De bhun Airteagal 52(3) den Chairt 2 is ionann brí agus raon feidhme
don cheart seo agus don
cheart a ráthaítear in CECD. Ní fhéadfar, mar
sin, níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach
leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal
10(2) den Choinbhinsiún, gan dochar d'aon
srianta a fhéadfar a fhorchur le dlí iomaíochta an Aontais
ar cheart na mBallstát na socruithe maidir
le ceadúnais dá dtagraítear sa tríú habairt
d'Airteagal 10(1) de CECD a thabhairt isteach.
1 Airteagal II-71 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 26
2. Léiríonn mír 2 den Airteagal seo go soiléir
iarmhairtí mhír 1 maidir le saoirse na meán. Tá
sé
bunaithe ach go háirithe ar chásdlí na Cúirte
Breithiúnais maidir leis an teilifís, go háirithe sa
chás C-288/89 (breithiúnas an 25 Iúil 1991, Stichting
Collectieve Antennevoorziening Gouda e.a.
[1991] ECR I-4007), agus ar an bPrótacal maidir leis an gcóras
craolacháin phoiblí sna Ballstáit atá
i gceangal le Conradh CE agus atá anois i gceangal leis an mBunreacht,
agus ar Threoir 89/552/CE
(go háirithe an seachtú réamhaithris déag de).
AIRTEAGAL 12 1
Saoirse comhthionóil agus comhlachais
1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta
agus chun saoirse
comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla,
ceardchumainn agus sibhialta, rud a
thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a
chur ar bun agus an ceart
chun bheith mar bhall de cheardchumann chun a leasanna a chosaint.
2. Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal
Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an
Aontais a chur in iúl.
1 Airteagal II-72 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 27
Míniú
Freagraíonn mír 1 den Airteagal seo d'Airteagal 11 de CECD ar
mar seo a leanas atá:
"1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse a bheith aige
teacht ar tionól agus gabháil le
comhlachas go sítheoilte, lena n-áirítear an ceart chun
ceardchumainn a bhunú agus gabháil le
ceardchumainn chun a leasa a chosaint.
2. Ní chuirfear aon srian le feidhmiú na gceart sin seachas
pé srian a bheas ordaithe le dlí agus is
gá i ndaonlathas ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta
nó le sábháilteacht an phobail, nó chun anord
nó coiriúlacht a chosc, nó chun an tsláinte nó
an mhoráltacht a chosaint nó chun cearta agus saoirsí
daoine eile a chosaint. Ní choiscfidh an tAirteagal seo srianta dleathacha
a chur ar fheidhmiú na
gceart sin ag comhaltaí de na fórsaí armtha, de na póilíní,
nó de lucht riaracháin an Stáit."
Is ionann an bhrí atá le forálacha mhír 1 agus
an bhrí atá le CECD ach is forleithne a raon feidhme
toisc go bhfuil feidhm acu ar gach uile leibhéal, lena n-áirítear
an leibhéal Eorpach. I gcomhréir le
hAirteagal 52(3) den Chairt 1, ní fhéadfar níos mó
de theorainneacha a chur leis an gceart sin ná na
teorainneacha a mheastar a bheith dlisteanach de bhua Airteagal 11(2) de CECD.
2. Tá an ceart seo bunaithe freisin ar Airteagal 11 den Chairt Chomhphobail
um Chearta
Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.
1 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 28
3. Freagraíonn mír 2 den Airteagal seo d'Airteagal I-46(4) den
Bhunreacht.
AIRTEAGAL 13 1
Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí
Beidh na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shriantacht.
Déanfar an tsaoirse acadúil a
urramú.
Míniú
Fionntar an ceart seo go príomha ón gceart chun saoirse smaoinimh
agus chun tuairimí a nochtadh.
Tá sé le feidhmiú ag féachaint d'Airteagal 1 2
agus féadfar é a chur faoi réir na dteorainneacha a
údaraítear le hAirteagal 10 de CECD.
AIRTEAGAL 14 3
An ceart chun oideachais
1. Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil
ar ghairmoiliúint agus ar
oiliúint leanúnach.
2. Folaíonn an ceart sin an chaoi chun saoroideachas éigeantach
a fháil.
1 Airteagal II-73 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-61 den Bhunreacht.
3 Airteagal II-74 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 29
3. Déanfar an tsaoirse chun forais oideachasúla a chur ar bun
le hurraim chuí do phrionsabail
dhaonlathacha agus do cheart tuismitheoirí chun a áirithiú
go ndéantar a leanaí a oiliúint agus a
theagasc i gcomhréir lena n-áitiúis reiligiúnacha,
fealsúnacha agus oideolaíocha a urramú, i
gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear
feidhmiú na saoirse agus na gceart sin.
Míniú
1. Tá an ceart seo bunaithe ar chomhthraidisúin bhunreachtúla
na mBallstát agus ar Airteagal 2
den Phrótacal a ghabhann le CECD ar mar seo a leanas atá:
"Ní dhiúltófar d'aon duine an ceart chun oideachais.
Nuair a bheas sé ag feidhmiú aon
fheidhmeanna dá ngabhfaidh sé chuige maidir leis an oideachas
agus leis an teagasc,
bhéarfaidh an Stát urraim do cheart tuismitheoirí chun
a áirithiú go mbeidh an t-oideachas
agus an teagasc sin i gcomhréir lena ndeimhní creidimh agus
fealsúnachta féin."
Measadh gur mhaith an rud é réim an Airteagail seo a leathnú
ionas go mbainfeadh sé leis an
rochtain ar an ngairmoiliúint agus ar an oiliúint leanúnach
(féach pointe 15 den Chairt
Chomhphobail um Chearta Bunúsacha Sóisialta le haghaidh Oibrithe
agus Airteagal 10 den
Chairt Shóisialta), agus prionsabal an tsaoroideachais éigeantaigh
a chur isteach ann freisin.
An chaoi a bhfuil an fhoclaíocht, níl ann ach go bhfuil sé
le tuiscint ón bprionsabal seo, fad a
bhaineann leis an saoroideachas éigeantach, go mbeidh sé de
dheis ag gach uile leanbh
freastal ar fhoras ina dtairgtear saoroideachas. Ní chuireann sé
de cheangal ar gach foras ina
gcuirtear oideachas nó gairmoiliúint nó oiliúint
leanúnach ar fáil, go háirithe forais
phríobháideacha, é seo a dhéanamh saor in aisce.
Ní fhágann sé ach an oiread nach gcaithfear
íoc as sainfhoirmeacha áirithe oideachais má ghlacann
an Stát bearta arb é is aidhm dóibh
cúiteamh airgeadais a dheonú. A mhéid atá feidhm
ag an gCairt maidir leis an Aontas,
ciallaíonn sé seo nach mór don Aontas an saoroideachas
éigeantach a urramú ina bheartais
oiliúna ach, ar ndóigh, ní chruthaíonn sé
seo aon chumhachtaí nua. Maidir le ceart
tuismitheoirí, ní mór é a léiriú
i dteannta fhorálacha Airteagal 24 1.
1 Airteagal II-84 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 30
2. Maidir leis an tsaoirse chun forais oideachasúla phoiblí
nó phríobháideacha a bhunú, déantar í
a ráthú mar ghné de ghnéithe den tsaoirse chun
gnó a sheoladh ach tá teorainn léi toisc na
hurraime do phrionsabail dhaonlathacha agus déantar í a fheidhmiú
i gcomhréir leis na
socruithe arna sainiú leis an reachtaíocht náisiúnta.