CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
A. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA DEN BHUNREACHT
AIRTEAGAL 15 1
Saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a
dhéanamh
1. Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus gabháil
do shlí bheatha atá roghnaithe
nó glactha go saorálach aige nó aici.
2. Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse chun fostaíocht
a lorg, chun obair a dhéanamh,
agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí
a sholáthar nó a fháil in aon Bhallstát a
fheidhmiú.
3. Tá náisiúnaigh tríú tíortha atá
údaraithe chun obair a dhéanamh ar chríoch na mBallstát
i
dteideal dálaí oibre a bheith acu atá coibhéiseach
leis na dálaí oibre atá ag saoránaigh an Aontais.
Míniú
Aithnítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais
an tsaoirse chun gairm a roghnú, mar atá cumhdaithe in
Airteagal 15 1 (féach inter alia breithiúnas an 14 Bealtaine
1974, Cás 4/73 Nold [1974] ECR,
míreanna 12 go 14 de na forais; breithiúnas an 13 Nollaig 1979,
Cás 44/79 Hauer [1979] ECR 3727;
breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 1986, Cás 234/85 Keller
[1986] ECR 2987, mír 8 de na forais).
1 Airteagal II-75 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 31
Tarraingítear sa mhír seo freisin ar Airteagal 1(2) de Chairt
Shóisialta na hEorpa a síníodh an
18 Deireadh Fómhair 1961 agus atá daingnithe ag na Ballstáit
uile, agus ar phointe 4 de Chairt
Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe
an 9 Nollaig 1989. Tá an
téarma "dálaí oibre" le tuiscint de réir
bhrí Airteagal III-213 den Bhunreacht.
Déileálann mír 2 leis na trí shaoirse a ráthaítear
in Airteagail I-4 agus III-133, III-137 agus III-144
den Bhunreacht, eadhon, saorghluaiseacht d'oibrithe, saoirse bunaíochta
agus saoirse chun seirbhísí
a sholáthar.
Tá mír 3 bunaithe ar an gceathrú fleasc d'Airteagal 137(3)
de CCE a bhfuil Airteagal III-210(1)(g)
den Bhunreacht curtha ina ionad anois, agus ar Airteagal 19(4) den Chairt
Shóisialta Eorpach a
síníodh an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus a dhaingnigh
na Ballstáit uile. Dá bhrí sin, tá
Airteagal 52(2) den Chairt 1 infheidhme. Maidir le mairnéalaigh a bhfuil
náisiúntacht tríú Stáit acu
a earcú ar chriúnna bád atá faoi bhratach Ballstáit
den Aontas, tá an cheist sin á rialú ag dlí an
Aontais agus ag an reachtaíocht agus ag an gcleachtas náisiúnta.
AIRTEAGAL 16 2
Saoirse chun gnó a sheoladh
Aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir
le dlí an Aontais agus le dlíthe agus
cleachtais náisiúnta.
1 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-76 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 32
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar chásdlí na Cúirte
Breithiúnais inar aithníodh an tsaoirse chun
gníomhaíocht eacnamaíochta nó thráchtála
a fheidhmiú (féach breithiúnais an 14 Bealtaine 1974,
Cás 4/73, Nold [1974] ECR 491, mír 14 de na forais; agus an
27 Meán Fómhair 1979, Cás 230-78
SPA Eridiana agus eile [1979] ECR 2749, míreanna 20 agus 31 de na forais
agus an tsaoirse
chonarthach (féach inter alia Sukkerfabriken Nykøbing , Cás
151/78 [1979] ECR 11, mír 19 de na
forais, agus breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 1999, C-240/97
An Spáinn v. an Coimisiún, [1999]
ECR I–6571, mír 99 de na forais), agus Airteagal I-3(2) den Bhunreacht
ina n-aithnítear an
tsaoriomaíocht. Ar ndóigh, tá an ceart seo le feidhmiú
agus urraim á tabhairt do dhlí an Aontais
agus don reachtaíocht náisiúnta. Féadfar é
a chur faoi réir na dteorainneacha dá bhforáiltear in
Airteagal 52(1) den Chairt 1.
AIRTEAGAL 17 2
An ceart chun maoine
1. Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a
sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú,
a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní
fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt
ar dhuine ach
amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna
agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí,
ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha
mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar
úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is
gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.
2. Déanfar an mhaoin intleachtúil a chosaint.
1 Airteagal II-112(1) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-77 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 33
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 1 den Phrótacal a
ghabhann le CECD:
"Tá gach duine aiceanta nó duine dlíthiúil
i dteideal a shealús a theachtadh go sítheoilte.
Ní bhainfear a shealús d'aon duine ach amháin ar mhaithe
le leas an phobail agus faoi réir na
gcoinníollacha a fhoráiltear leis an dlí agus le buntreoracha
ginearálta an dlí idirnáisiúnta.
Ní bhainfidh na forálacha réamhráite in aon tslí,
áfach, ó cheart Stáit chun pé dlíthe is
gá leis a chur
i bhfeidhm d'fhonn úsáid maoine a rialú ar mhaithe leis
an leas coiteann nó d'fhonn a dheimhniú go
n-íocfar cánacha nó sraitheanna eile nó pionóis."
Is ceart bunúsach é seo is coiteann do gach bunreacht náisiúnta.
Is iomaí uair a aithníodh i gcásdlí
na Cúirte Breithiúnais é, agus is i mbreithiúnas
Hauer a aithníodh den chéad uair é
(13 Nollaig 1979, ECR [1979] 3727). Cuireadh cruth na haimsire seo ar an bhfoclaíocht
ó shin ach,
i gcomhréir le hAirteagal 52(3) 1, is ionann brí agus raon feidhme
don cheart seo agus don cheart a
ráthaítear in CECD agus ní fhéadfar níos
mó de theorainneacha a chur leis ná na teorainneacha dá
bhforáiltear ansin.
Déantar cosaint na maoine intleachtúla, gné amháin
den cheart chun maoine, a lua go sonrach i
mír 2 mar gur ag dul i méid atá an tábhacht a
bhaineann léi agus toisc reachtaíocht thánaisteach an
Chomhphobail. Folaíonn an mhaoin intleachtúil an mhaoin liteartha
agus ealaíne; folaíonn sí freisin
inter alia an ceart chun paitinne agus trádmharcanna agus cearta gaolmhara.
Na ráthaíochtaí dá
bhforáiltear i mír 1, beidh feidhm mar is iomchuí acu
maidir leis an maoin intleachtúil.
1 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 34
AIRTEAGAL 18 1
An ceart chun tearmainn
Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á
tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive
an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann
le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir
leis an mBunreacht.
Míniú
Tá téacs an Airteagail bunaithe ar Airteagal 63 de Chonradh
CE, a bhfuil Airteagal III-266 den
Bhunreacht curtha ina ionad anois, a chuireann de cheangal ar an Aontas Coinbhinsiún
na Ginéive
maidir le dídeanaithe a urramú. Ba chóir tagairt a dhéanamh
do na Prótacail a bhaineann leis an
Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn atá i gceangal [le Conradh
Amstardam] leis an mBunreacht agus
leis an Danmhairg d'fhonn a chinneadh a mhéid a dhéanann na
Ballstáit sin dlí an Aontais sa réimse
seo a chur chun feidhme agus a mhéid atá an tAirteagal seo infheidhme
maidir leo. Tá an
tAirteagal seo ag teacht leis an bPrótacal maidir le tearmann atá
i gceangal leis an mBunreacht.
AIRTEAGAL 19 2
Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt
nó eiseachadadh
1. Toirmiscfear díbirtí comhchoiteanna.
1 Airteagal II-78 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-79 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 35
2. Ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt
nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol
tromchúiseach ann go ndéanfar é nó í a
chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó
íde nó pionós eile
atá mídhaonna nó táireach a chur air nó
uirthi.
Míniú
Is ionann brí agus raon feidhme do mhír 1 den Airteagal seo
agus d'Airteagal 4 de Phrótacal
Uimh. 4 a ghabhann le CECD maidir leis an díbirt chomhchoiteann. Is
é an cuspóir atá leis a ráthú
go bhfuil scrúdú sonrach mar bhunús le gach breith agus
nach bhféadfar aon bheart aonair a
ghlacadh chun na daoine go léir a bhfuil náisiúntacht
Stáit ar leith acu a dhíbirt (féach freisin
Airteagal 13 den Chúnant um Chearta Sibhialta agus Polaitiúla).
Tá cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais
um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 3 de CECD ar
áireamh i mír 2 (féach Ahmed v. an Ostair, breithiúnas
an 17 Nollaig 1996, [1996] ECR VI-2206,
agus Soering, breithiúnas an 7 Iúil 1989).
AF/Constitution/DC/ga 36
TEIDEAL III
COMHIONANNAS
AIRTEAGAL 20 1
Comhionannas os comhair an dlí
Is comhionann gach duine os comhair an dlí.
Míniú
Freagraíonn an tAirteagal seo do phrionsabal ginearálta dlí
atá le fáil sna Bunreachtanna Eorpacha
go léir agus atá aitheanta freisin ag an gCúirt Bhreithiúnais
mar bhunphrionsabal de dhlí an
Chomhphobail (breithiúnas an 13 Samhain 1984, Cás 283/83 Racke
[1984] ECR 3791, breithiúnas
an 17 Aibreán 1997, Cás 15/95 EARL [1997] ECR I-1961, agus breithiúnas
an 13 Aibreán 2000,
Cás 292/97 Karlsson [2000] ECR 2737).
AIRTEAGAL 21 2
Neamhidirdhealú
1. Toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail
gnéas, cine, dath, tionscnamh
eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga,
reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó
eile,
ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas,
aois nó treoshuíomh gnéasach.
1 Airteagal II-80 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-81 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 37
2. Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, agus gan dochar d'aon cheann dá
fhorálacha sonracha,
toirmiscfear aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta.
Míniú
Tarraingíonn mír 1 ar Airteagal 13 de Chonradh CE, a bhfuil
Airteagal III-124 den Bhunreacht
curtha ina ionad anois, ar Airteagal 14 de CECD agus ar Airteagal 11 den Choinbhinsiún
um
Chearta an Duine agus a Bhithmhíochaine maidir leis an oidhreacht ghéiniteach.
A mhéid a
fhreagraíonn sí d'Airteagal 14 de CECD, tá sí
infheidhme i gcomhréir leis.
Níl mír 1 agus Airteagal III-124 den Bhunreacht contrártha
lena chéile ná níl siad ar neamhréir le
chéile ná ní hionann an raon feidhme ná an chríoch
atá acu: tugann Airteagal III-124 cumhacht don
Aontas chun gníomhartha reachtacha a ghlacadh, lena n-áirítear
comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar
rialacháin na mBallstát, chun cineálacha áirithe
idirdhealaithe, a bhfuil liosta iomlán díobh san
Airteagal sin, a chomhrac. Féadfaidh reachtaíocht den sórt
sin gníomhaíocht údaráis na mBallstát a
chlúdach (mar aon leis an gcaidreamh idir dhaoine aonair) in aon réimse
faoi theorainn chumhachtaí
an Aontais. Maidir leis an bhforáil i mír 1, áfach, ní
chruthaítear aon chumhacht inti chun dlíthe
frith-idirdhealaithe a achtú sna réimsí sin de ghníomhaíocht
na mBallstát nó den ghníomhaíocht
phríobháideach, ná ní chuireann sí toirmeasc
glan ar an idirdhealú sna réimsí móra forleathana
sin.
Níl ann ach go ndíríonn sí ar an idirdhealú
a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais,
agus
cumhachtaí arna dtabhairt dóibh faoi Airteagail eile i gCuid
I agus i gCuid III den Bhunreacht á
bhfeidhmiú acu, agus ar an idirdhealaú a dhéanann na
Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun
feidhme acu. Dá bhrí sin, ní chuireann mír 1 aon
athrú ar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar
faoi Airteagal III-124 ná ar an léiriú a dhéantar
ar an Airteagal sin.
Freagraíonn mír 2 d'Airteagal I-4(2) den Bhunreacht agus ní
mór í a chur i bhfeidhm i gcomhréir
leis.
AF/Constitution/DC/ga 38
AIRTEAGAL 22 1
Éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga
Déanfaidh an tAontas an éagsúlacht chultúrtha,
reiligiúnach agus teanga a urramú.
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach agus ar
Airteagal 151(1) agus (4) de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal III-280(1) agus
(4) den Bhunreacht,
maidir leis an gcultúr, curtha ina n-ionad anois. Tá an meas
ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga
leagtha síos freisin anois in Airteagal I-3(3) den Bhunreacht. Tá
an tAirteagal seo á spreagadh
freisin ag Dearbhú Uimh. 11 a ghabhann le hIonstraim Chríochnaitheach
Chonradh Amstardam
maidir le stádas eaglaisí agus eagraíochtaí neamhfhaoistiniúla,
atá le fáil anois in Airteagal I-52 den
Bhunreacht.
AIRTEAGAL 23 2
Comhionannas idir mná agus fir
Ní mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú
i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair
agus pá.
Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád
ar bun nó a ghlacadh lena
bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis
thearcionadaithe.
1 Airteagal II-82 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-83 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 39
Míniú
Tá an chéad mhír bunaithe ar Airteagail 2 agus 3(2) de
Conradh CE, a bhfuil Airteagail I-3
agus III-116 den Bhunreacht curtha ina n-ionad anois, ina gcuirtear de cheangal
ar an Aontas cothú
an chomhionannais idir mná agus fir a bheith mar chuspóir aige.
Tá sí bunaithe freisin ar
Airteagal 141(1) de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal III-214(1) den Bhunreacht
curtha ina ionad
anois. Tarraingíonn sí ar Airteagal 20 de Chairt Shóisialta
na hEorpa an 3 Bealtaine 1996 arna
hathbhreithniú agus ar phointe 16 den Chairt Chomhphobail um chearta
le haghaidh oibrithe.
Tá sé bunaithe freisin ar Airteagal 141(3) de Chonradh CE, a
bhfuil Airteagal III-214(3) den
Bhunreacht curtha ina ionad anois, agus ar Airteagal 2(4) de Threoir 76/207/CEE
ón gComhairle
maidir le prionsabal na córa comhionainne idir mná agus fir
a chur chun feidhme maidir le rochtain
ar an bhfostaíocht, ar an ngairmoiliúint agus ar ardú
céime, agus maidir le dálaí oibre (IO L 38,
14.2.1976, lch. 40).
Is leagan giorraithe d'Airteagal III-214(4) den Bhunreacht atá i mír
2 ina bhforáiltear nach
gcoisctear le prionsabal na córa comhionainne bearta a choimeád
ar bun ná bearta a ghlacadh ina
bhforáiltear do bhuntáistí sonracha chun gur fusa don
ghnéas tearcionadaithe slí bheatha ghairmiúil
a shaothrú nó chun míbhuntáistí gairmréime
a chosc nó a chúiteamh. I gcomhréir le
hAirteagal 52(2) 1, ní dhéanann an mhír seo leasú
ar Airteagal III-214(4).
1 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 40
AIRTEAGAL 24 1
Cearta an linbh
1. Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram
is gá ar mhaithe lena ndea-bhail.
Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear
na tuairimí sin san áireamh i dtaca le
hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.
2. I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé
á glacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí
príobháideacha, ní mór tús áite
a thabhairt do leas an linbh.
3. Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil
dhíreach a bheith
aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt
thuismitheoirí mura rud é go bhfuil sé sin
contrártha le leasanna an linbh.
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Choinbhinsiún Nua-Eabhrac um
Chearta an Linbh, a síníodh an
20 Samhain 1989 agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile, agus
go háirithe ar Airteagail 3, 9, 12
agus 13 de.
Cuirtear san áireamh i mír 3 go bhféadfadh sé,
mar chuid de bhunú limistéir shaoirse, shlándála
agus cheartais, go n-áireofaí i reachtaíocht an Aontais
maidir le hábhair shibhialta a bhfuil
impleachtaí trasteorann acu, a dtugann Airteagal III-269 den Chairt
cumhachtaí ina leith, cearta
cuairte lena gcinntítear go bhféadfaidh leanaí teagmháil
phearsanta, dhíreach a bheith acu ar bhonn
rialta lena mbeirt tuismitheoirí.
1 Airteagal II-84 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 41
AIRTEAGAL 25 1
Cearta daoine scothaosta
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta
chun saol faoi dhínit agus
neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol
sóisialta agus cultúrtha.
Míniú
Tarraingíonn an tAirteagal seo ar Airteagal 23 de Chairt Shóisialta
na hEorpa arna hathbhreithniú
agus ar Airteagail 24 agus 25 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta
Bunúsacha le
haghaidh Oibrithe. Ar ndóigh, clúdaíonn rannpháirtíocht
sa saol sóisialta agus sa saol cultúrtha
rannpháirtíocht sa saol polaitiúil freisin.
AIRTEAGAL 26 2
Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas ceart daoine faoi mhíchumas
chun tairbhiú de bhearta atá
ceaptha chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú
sóisialta agus gairmiúil agus a
rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.
Míniú
Tá an prionsabal a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal
15 de Chairt Shóisialta na
hEorpa agus tarraingíonn sé freisin ar phointe 26 den Chairt
Chomhphobail um Chearta Sóisialta
Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.
1 Airteagal II-85 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-86 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 42
TEIDEAL IV
DLÚTHPHÁIRTÍOCHT
AIRTEAGAL 27 1
Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa
ghnóthas
Ní mór a ráthú go dtabharfar faisnéis d'oibrithe
nó dá gcuid ionadaithe agus go ndéanfar
comhairliúchán leo, ar gach leibhéal iomchuí agus
in am trátha, sna cásanna agus faoi na
coinníollacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais
agus i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta.
Míniú
Tá an tAirteagal seo le fáil i gCairt Shóisialta na hEorpa
arna hathbhreithniú (Airteagal 21) agus sa
Chairt Chomhphobail maidir le cearta le haghaidh oibrithe (pointí 17
agus 18). Tá feidhm aige faoi
na coinníollacha a leagtar síos le dlí an Aontais agus
le dlíthe náisiúnta. An tagairt do leibhéil
iomchuí, is tagairt í do na leibhéil a leagtar síos
le dlí an Aontais nó le dlíthe nó le cleachtais
náisiúnta, agus d'fhéadfadh an leibhéal Eorpach
a bheith ar áireamh anseo nuair a fhoráiltear
amhlaidh le reachtaíocht an Aontais. Tá acquis an Aontais sa
réimse seo suntasach:
Airteagail III-211 agus III-212 den Bhunreacht, Treoracha 2002/14/CE (creat
ginearálta maidir le
fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle
leo), 98/59/CE
(iomarcaíochtaí comhchoiteanna), 2001/23/CE (gnóthais
a aistriú) agus 94/45/CE (Comhairlí
oibreacha Eorpacha).
1 Airteagal II-87 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 43
AIRTEAGAL 28 1
An ceart chun comhargántaíochta agus chun gníomhaíochta
comhchoitinne
Tá an ceart ag fostóirí agus ag fostaithe, nó
ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí
an
Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul
i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe
comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí
agus, má tá coinbhleacht leasa ann, chun
gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, lena n-áirítear
dul ar stailc, chun a leasanna féin a
chosaint.
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 6 de Chairt Shóisialta
na hEorpa agus ar an gCairt
Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe
(pointí 12 go 14). D'aithin an
Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an ceart chun gníomhaíochta
comhchoitinne mar cheann de na
gnéithe de na cearta ceardchumainn atá leagtha síos le
hAirteagal 11 de CECD. Maidir leis na
leibhéil iomchuí a bhféadfadh an chaibidlíocht
chomhchoiteann tarlú orthu, féach an míniú a thugtar
ar an Airteagal roimhe seo. Is faoi dhlíthe agus faoi chleachtais náisiúnta
a thagann na rialacha
mionsonraithe agus na teorainneacha maidir le gníomhaíocht chomhchoiteann
a fheidhmiú, lena
n-áirítear dul ar stailc, agus lena n-áirítear
an cheist i dtaobh an féidir an ghníomhaíocht sin a
reáchtáil go comhuaineach i roinnt Ballstát.
AIRTEAGAL 29 2
An ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís socrúcháin
Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil saor in aisce
ar sheirbhís socrúcháin.
1 Airteagal II-88 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-89 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 44
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 1(3) de Chairt Shóisialta
na hEorpa agus ar phointe 13
den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh
Oibrithe.
AIRTEAGAL 30 1
Cosaint i gcás ina dtarlaíonn dífhostú neamh-inleithscéil
Tá ag gach oibrí an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú
neamh-inleithscéil, i gcomhréir le dlí an
Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
Míniú
Tarraingíonn an tAirteagal seo ar Airteagal 24 den Chairt Shóisialta
athbhreithnithe. Féach freisin
Treoir 2001/23/CE maidir le cearta fostaithe a choimirciú i gcás
gnóthais a aistriú, agus
Treoir 80/987/CEE maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht
a bhfostóra, arna leasú le
Treoir 2002/74/CE.
AIRTEAGAL 31 2
Dálaí oibre cothroma agus córa
1. Tá ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre
lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a
shábháilteacht nó a sábháilteacht agus
a dhínit nó a dínit.
1 Airteagal II-90 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-91 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 45
2. Tá ag gach oibrí an ceart chun go mbeidh teorainn leis an
líon uasta uaireanta oibre, chun
tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine
agus chun tréimhse saoire le pá in
aghaidh na bliana.
Míniú
1. Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar Threoir 89/391/CEE
maidir le bearta a thabhairt
isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte
oibrithe ag an obair a spreagadh.
Tarraingíonn sé freisin ar Airteagal 3 den Chairt Shóisialta
agus ar phointe 19 den Chairt
Chomhphobail um chearta le haghaidh oibrithe agus, maidir leis an dínit
ag an obair, ar
Airteagal 26 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Ní mór
na téarmaí "dálaí oibre" a thuiscint
de réir bhrí Airteagal III-213 den Bhunreacht.
2. Tá mír 2 bunaithe ar Threoir 93/104/CE maidir le gnéithe
áirithe d'eagrú ama oibre, ar
Airteagal 2 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 8 den Chairt
Chomhphobail um
Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.
AIRTEAGAL 32 1
Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga
ag an obair
Toirmisctear fostaíocht a thabhairt do leanaí. Ní fhéadfaidh
an aois íosta chun dul i mbun
fostaíochta a bheith níos ísle ná an aois chun
an scoil a fhágáil, gan dochar do cibé rialacha atá
níos
fabhrúla do dhaoine óga agus seachas i gcás maoluithe
teoranta amháin.
1 Airteagal II-92 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 46
Daoine óga a gceadaítear dóibh dul i mbun fostaíochta,
ní mór dálaí oibre a bheith acu a oireann dá
n-aois agus ní mór iad a chosaint ar dhúshaothrú
eacnamaíoch agus ar aon obair ar dóigh di a
sábháilteacht, a sláinte, a bhforbairt choirp, mheabhrach,
mhorálta nó shóisialta a dhochrú nó cur
isteach ar a n-oideachas.
Míniú
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Threoir 94/33/CE maidir le cosaint
daoine óga ag an obair, ar
Airteagal 7 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointí 20
go 23 den Chairt Chomhphobail um
Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.
AIRTEAGAL 33 1
Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil
1. Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus
shóisialta.
2. Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an
teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag
gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú
ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an
ceart chun saoire máithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir
tar éis breithe nó uchtála
linbh.
1 Airteagal II-93 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 47
Míniú
Tá Airteagal 33(1) 1 bunaithe ar Airteagal 16 de Chairt Shóisialta
na hEorpa. Tarraingíonn mír 2 ar
Threoir 92/85/CEE ón gComhairle maidir le bearta a thabhairt isteach
arb é is aidhm dóibh
feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht
agus sláinte oibrithe
toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú
nó atá i mbun beathú cíche agus ar
Threoir 96/34/CE maidir leis an gcomhaontú réime um shaoire
do thuismitheoirí arna thabhairt i
gcrích ag UNICE, CEEP agus CEC. Tá sé bunaithe freisin
ar Airteagal 8 (an máithreachas a
chosaint) de Chairt Shóisialta na hEorpa agus tarraingíonn sé
ar Airteagal 27 (cearta oibrithe a
bhfuil freagrachtaí teaghlaigh orthu chun deiseanna comhionanna agus
cóir chomhionann a fháil)
den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Folaíonn "máithreachas"
an tréimhse uile ón gcoimpeart go
dtí an bhaint den chíoch.
AIRTEAGAL 34 2
Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta
1. Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an teideal chuig liúntais
slándála sóisialta agus
seirbhísí sóisialta lena soláthraítear
cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tíonóiscí
tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcásanna
ina gcailltear fostaíocht, ach sin i gcomhréir
leis na rialacha arna mbunú le dlí an Aontais agus le dlíthe
agus cleachtais náisiúnta.
2. Tá gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach
laistigh den Aontas Eorpach i
dteideal liúntais slándála sóisialta agus buntáistí
sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais
agus
le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
1 Airteagal II-93 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-94 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 48
3. D'fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn
agus urramaíonn an
tAontas an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta
a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán
maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní
leordhóthanacha, de réir na rialacha
atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe
agus cleachtais náisiúnta.
Míniú
Tá an prionsabal a leagtar amach in Airteagal 34(1) 1 bunaithe ar Airteagail
137 agus 140 de
Chonradh CE, a bhfuil Airteagail III-210 agus III-213 den Bhunreacht curtha
ina n-ionad anois,
agus ar Airteagal 12 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe
10 den Chairt Chomhphobail
um chearta le haghaidh oibrithe. Ní mór don Aontas é
a urramú agus na cumhachtaí a thugtar dó le
hAirteagal III-210 agus III-213 den Bhunreacht á bhfeidhmiú
aige. An tagairt do sheirbhísí
sóisialta, is tagairt í do chásanna inar tugadh isteach
seirbhísí den sórt sin chun buntáistí áirithe
a
sholáthar, ach ní thugann sí le tuiscint go bhfuil seirbhísí
den sórt sin le cruthú san áit nach ann
dóibh. Ní foláir an bhrí chéanna a bhaint
as 'máithreachas' agus atá le baint as san Airteagal roimhe
seo.
Tá mír 2 bunaithe ar Airteagail 12(4) agus 13(4) de Chairt Shóisialta
na hEorpa agus ar phointe 2
den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh
Oibrithe agus meabhraíonn
sí na rialacha a eascraíonn as Rialachán Uimh. 1408/71
agus Rialachán Uimh. 1612/68.
Tarraingíonn mír 3 ar Airteagal 13 de Chairt Shóisialta
na hEorpa agus ar Airteagail 30 agus 31 den
Chairt Shóisialta athbhreithnithe agus ar phointe 10 den Chairt Chomhphobail.
Ní mór don Aontas
í a urramú i gcomhthéacs na mbeartas arna mbunú
ar Airteagal III-210 den Bhunreacht.
1 Airteagal II-94 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 49
AIRTEAGAL 35 1
Cúram sláinte
Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar chúram
sláinte coisctheach agus chun tairbhiú den
chóireáil leighis faoi na coinníollacha atá bunaithe
le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Déanfar
ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú
i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus
ghníomhaíochtaí uile an Aontais.
Míniú
Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal
152 de Chonradh CE, a
bhfuil Airteagal III-278 den Bhunreacht curtha ina ionad anois, agus ar Airteagail
11 agus 13 de
Chairt Shóisialta na hEorpa. Cuimsíonn an dara habairt den Airteagal
a bhfuil in
Airteagal III-278(1).
AIRTEAGAL 36 2
Rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch
ginearálta
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas rochtain ar sheirbhísí
ar mhaithe le leas eacnamaíoch
ginearálta dá bhforáiltear i ndlíthe agus i gcleachtais
náisiúnta, i gcomhréir leis an mBunreacht,
d'fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach an
Aontais a chur chun cinn.
1 Airteagal II-95 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-96 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 50
Míniú
Tá an tAirteagal seo ag teacht go hiomlán le hAirteagal III-122
den Bhunreacht agus ní chruthaítear
aon cheart nua leis. Níl ann ach go leagtar amach ann an prionsabal
go n-urramóidh an tAontas an
rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch
ginearálta dá bhforáiltear sna forálacha
náisiúnta, nuair a bheidh na forálacha sin ag luí
le dlí an Aontais.
AIRTEAGAL 37 1
Cosaint an chomhshaoil
Ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú
cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú
i
mbeartais an Aontais, agus a áirithiú i gcomhréir le
prionsabal na forbartha inbhuanaithe.
Míniú
Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagail
2, 6 agus 174 de
Chonradh CE, a bhfuil Airteagal I-3(3), Airteagail III-119 agus Airteagal
III-233 den Bhunreacht
curtha ina n-ionad anois.
Tarraingíonn sé freisin ar fhorálacha roinnt bunreachtanna
náisiúnta.
1 Airteagal II-97 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 51
AIRTEAGAL 38 1
Cosaint tomhaltóirí
Déanfar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a
áirithiú i mbeartais an Aontais.
Míniú
Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal
153 de Chonradh CE, a
bhfuil Airteagal III-235 den Bhunreacht curtha ina ionad anois.
TEIDEAL V
CEARTA NA SAORÁNACH
AIRTEAGAL 39 2
An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir
i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa
1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil
agus chun seasamh mar iarrthóir i
dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn
sé nó sí, faoi na coinníollacha
céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.
2. Toghfar comhaltaí do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil
chomhchoiteann dhíreach, trí
shaorbhallóid rúnda.
1 Airteagal II-98 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-99 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 52
Míniú
Tá feidhm ag Airteagal 39 1 faoi na coinníollacha dá
bhforáiltear i gCuid I agus i gCuid III den
Bhunreacht, i gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt 2. Freagraíonn
Airteagal 39(1) 1 don cheart
a ráthaítear in Airteagal I-10(2) den Bhunreacht (féach
freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal III-126
chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gceart sin a fheidhmiú),
agus freagraíonn
Airteagal 39(2) d'Airteagal I-20(2) den Bhunreacht. Is éard atá
in Airteagal 39(2) 1 bunphrionsabail
chóras toghchánach an Stáit dhaonlathaigh.
AIRTEAGAL 40 3
An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir
i dtoghcháin bhardasacha
Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil
agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin
bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó
sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh
an Stáit
sin.
Míniú
Freagraíonn an tAirteagal seo don cheart a ráthaítear
in Airteagal I-10(2) den Bhunreacht
(féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal III-126
chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir
leis an gceart sin a fheidhmiú). I gcomhréir le hAirteagal 52(2)
den Chairt 2, tá feidhm aige faoi na
coinníollacha a leagtar amach i gCuid I agus i gCuid III den Bhunreacht.
1 Airteagal II-99 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
3 Airteagal II-100 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 53
AIRTEAGAL 41 1
An ceart chun dea-riaracháin
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí,
comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí
an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil
go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse
réasúnta.
2. Folaíonn an ceart sin:
(a) ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon
bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar
beart é a dhéanfadh dochar dó nó di;
(b) ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad,
agus leasanna dlisteanacha
rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó
á n-urramú ag an am céanna;
(c) an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna
a thabhairt lena chinntí.
3. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do
dhlíthe na mBallstát, tá ag gach
duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú
a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina
siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.
4. Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí
an Aontais i gceann de theangacha an
Bhunreachta agus caithfidh sé no sí freagra a fháil sa
teanga chéanna.
1 Airteagal II-101 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 54
Míniú
Tá Airteagal 41 1 bunaithe ar an Aontas a bheith faoi réir smacht
reachta a ndearnadh a shaintréithe
a fhorbairt sa chásdlí inar cumhdaíodh an dea-riarachán
inter alia mar phrionsabal ginearálta dlí
(féach inter alia breithiúnas na Cúirte Breithiúnais
an 31 Márta 1992, i gCás C-255/90 P, Burban
[1992] ECR I-2253, agus breithiúnais na Cúirte Céadchéime
an 18 Meán Fómhair 1995 i gCás
T-167/94 Nölle [1995] ECR II-2589, an 9 Iúil 1999 i gCás
T-231/97, New Europe Consulting e.a.,
[1999] ECR II-2403). Is ón gcásdlí a eascraíonn
an fhoclaíocht atá ar an gceart sin sa chéad dá
mhír
(breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair
1987, i gCás 222/86 Heylens [1987]
ECR 4097, mír 15 de na forais, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair
1989 i gCás 374/87 Orkem
[1989] ECR 3283, breithiúnas an 21 Samhain 1991 i gCás C-269/90,
TU München [1991]
ECR I-5469, agus breithiúnais na Cúirte Céadchéime
an 6 Nollaig 1994 i gCás T-450/93, Lisrestal
[1994] ECR, II-1177 an 18 Meán Fómhair 1995 i gCás T-167/94
Nölle [1995] ECR II-258) agus is
as Airteagal 253 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal I-38(2) den Bhunreacht
curtha ina ionad anois,
a thagann an fhoclaíocht maidir leis an oibleagáid réasúin
a lua (féach freisin an bonn dlíthiúil in
Airteagal III-398 den Bhunreacht chun reachtaíocht a ghlacadh ar mhaithe
le riarachán Eorpach atá
oscailte, éifeachtach, neamhspleách).
Atáirgeann mír 3 an ceart a ráthaítear anois le
hAirteagal III-431 den Bhunreacht. Atáirgeann mír 4
an ceart a ráthaítear anois le hAirteagail I-10(2)(d) agus III-129
den Bhunreacht. I gcomhréir le
hAirteagal 52(2) den Chairt 2, tá na cearta sin le feidhmiú
faoi na coinníollacha agus faoi na
teorainneacha a shainítear i gCuid III den Bhunreacht.
Is gné thábhachtach den cheist seo é an ceart chun leigheas
éifeachtach agus rathaítear in
Airteagal 47 den Chairt seo 3 é .
1 Airteagal II-101 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
3 Airteagal II-107 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 55
AIRTEAGAL 42 1
An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha
nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil
a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun rochtain a
fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí,
chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an
Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad.
Míniú
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is as Airteagal 255
de Chonradh CE, a ndearnadh
Rialachán 1049/2001 a ghlacadh ar a bhonn ina dhiaidh sin, a eascraíonn
sé. Tá an Coinbhinsiún
Eorpach tar éis an ceart seo a leathnú ionas go mbainfidh sé
le doiciméid de chuid institiúidí,
comhlachtaí agus gníomhaireachtaí i gcoitinne, beag beann
ar a bhfoirm (féach Airteagal I-50(3)
den Bhunreacht). I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt 2, feidhmítear
an ceart chun rochtain
a fháil ar dhoiciméid faoi na coinníollacha agus laistigh
de na teorainneacha dá bhforáiltear in
Airteagail I-50(3) agus III-399.
AIRTEAGAL 43 3
Ombudsman Eorpach
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha
nó dlítheanach a chónaíonn nó a
bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna
drochriaracháin i ngníomhaíochtaí
institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí
an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach,
a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.
1 Airteagal II-102 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
3 Airteagal II-103 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 56
Míniú
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart
a ráthaítear le hAirteagail I-10 agus III-335 den
Bhunreacht é. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt 1,
tá feidhm aige faoi na coinníollacha a
shainítear leis an dá Airteagal sin.
AIRTEAGAL 44 2
An ceart chun achainí a dhéanamh
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha
nó dlítheanach a chónaíonn nó a
bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun achainí
a dhéanamh chuig Parlaimint na
hEorpa.
Míniú
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart
a ráthaítear le hAirteagail I-10 agus III-334 den
Bhunreacht é. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt 1,
tá feidhm aige faoi na coinníollacha a
shainítear sa dá Airteagal sin.
AIRTEAGAL 45 3
Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe
1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht
agus cónaí faoi shaoirse ar
chríoch na mBallstát.
1 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-104 den Bhunreacht.
3 Airteagal II-105 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 57
2. Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú,
i gcomhréir leis an mBunreacht, do
náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí
orthu go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit.
Míniú
An ceart a ráthaítear le mír 1, is é an ceart
a ráthaítear le hAirteagal I-10(2)(a) den Bhunreacht é
(féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal III-125
agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an
17 Meán Fómhair 2002, C-413/99 Baumbast [2002] ECR 709). I gcomhréir
le hAirteagal 52(2) den
Chairt 1, tá feidhm aige faoi na coinníollacha dá bhforáiltear
i gCuid III den Bhunreacht.
Tagraítear i mír 2 don chumhacht a thugtar don Aontas le hAirteagail
III-265 go III-267 den
Bhunreacht. Dá bhrí sin, braitheann deonú an chirt seo
ar fheidhmiú na cumhachta sin ag na
hinstitiúidí.
AIRTEAGAL 46 2
Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach
Beidh gach saoránach den Aontas, ar chríoch tríú
tíre nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát
ar náisiúnach de é nó í, i dteideal cosaint
a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha
aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh
de chuid an Bhallstáit sin.
1 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-106 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 58
Míniú
An ceart a ráthaítear leis an Airteagal seo, is é an
ceart a ráthaítear in Airteagail I-10 den
Bhunreacht é; féach freisin an bonn dlíthiúil
in Airteagal III-127. I gcomhréir le hAirteagal 52(2)
den Chairt 1, tá feidhm aige faoi na coinníollacha dá
bhforáiltear sna hAirteagail sin.
TEIDEAL VI
CEARTAS
AIRTEAGAL 47 2
An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil
Tá ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus
a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le
dlí an
Aontais, a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach
a fháil os comhair binse i gcomhréir leis na
coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
Tá gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí
a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó
bhinse
neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí.
Beidh an chaoi ag gach duine go ndéanfar é
nó í a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú.
Déanfar cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil
dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha
acu a
mhéad is gá an cúnamh sin chun rochtain éifeachtach
ar an gceartas a áirithiú.
1 Airteagal II-112(2) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-107 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 59
Míniú
Tá an chéad mhír bunaithe ar Airteagal 13 de CECD:
"Gach uile dhuine a sárófar a chearta agus a shaoirsí
mar atáid leagtha amach sa Choinbhinsiún seo,
beidh leigheas éifeachtach aige os comhair údaráis náisiúnta,
d'ainneoin gur daoine a bhí ag
gníomhú i gcáil oifigiúil a rinne an sárú."
Is forleithne, áfach, an chosaint atá i ndlí an Aontais
toisc go ráthaíonn sé an ceart chun leigheas
éifeachtach a fháil os comhair cúirte. Chumhdaigh an
Chúirt Bhreithiúnais an ceart sin ina
breithiúnas an 15 Bealtaine 1986, mar phrionsabal ginearálta
de dhlí an Aontais (Cás 222/84,
Johnston [1986]) ECR 1651; féach freisin breithiúnas an 15 Deireadh
Fómhair 1987, Cás 222/86,
Heylens, [1987] ECR 4097 agus breithiúnas an 3 Nollaig 1992, Cás
C-97/91 Borelli [1992] ECR ,
I-6313). De réir na Cúirte, tá feidhm freisin ag an bprionsabal
ginearálta sin de chuid dhlí an
Aontais maidir leis na Ballstáit nuair atá dlí an Aontais
á chur chun feidhme acu. Ní raibh sé i
gceist nuair a cuireadh an fasach seo isteach sa Chairt athrú a dhéanamh
ar an gcóras
athbhreithnithe breithiúnaigh a leagtar síos sna Conarthaí,
go háirithe na rialacha a bhaineann le
hinghlacthacht caingne díreacha os comhair Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh. Scrúdaigh
an Coinbhinsiún Eorpach córas athbhreithnithe breithiúnaigh
an Aontais, lena n-áirítear na rialacha
maidir le hinghlacthacht, agus dhaingnigh sé iad cé go ndearna
sé gnéithe áirithe díobh a leasú, mar
atá le sonrú ar Airteagail III-353 go III-381 den Bhunreacht,
agus go háirithe ar
Airteagal III-365(4). Tá feidhm ag Airteagal 47 1 maidir le hinstitiúidí
an Aontais agus maidir le
hinstitiúidí na mBallstát nuair atá dlí
an Aontais á chur chun feidhme acu, agus sin maidir leis na
cearta uile a ráthaítear le dlí an Aontais.
1 Airteagal II-107 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 60
Freagraíonn an dara mír d'Airteagal 6(1) in CECD, ar mar seo
a leanas atá:
"Chun a chearta agus a dhualgais sibhialta nó aon chúiseamh
coiriúil ina choinne a chinneadh, tá ag
gach uile dhuine teideal chun éisteacht chóir phoiblí
d'fháil laistigh d'am réasúnach ó bhinse
neamhspleách neamhchlaon a bheas bunaithe le dlí. Craolfar an
breithiúnas go poiblí ach féadfar an
preas agus an pobal d'eisiamh ón triail go léir nó ó
aon chuid di, ar mhaithe leis an moráltacht, leis
an ord poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta
i ndaonlathas má bhíonn sin riachtanach i gcomhair leasa
ógánach nó chun saol príobháideach na bpáirtithe
a chosaint, nó sa mhéid gur dianghá é dar leis
an
gcúirt in imthosca speisialta ina rachadh an phoiblíocht chun
dochair don cheartais."
Níl an ceart chun éisteacht chóir teoranta i ndlí
an Aontais do dhíospóidí a bhaineann le cearta dlí
shibhialta agus le hoibleagáidí dlí shibhialta. Is amhlaidh
atá toisc gur comhphobal é an tAontas atá
bunaithe ar an smacht reachta, mar a luaigh an Chúirt i gCás
294/83, "Les Verts" v. Parlaimint na
hEorpa (breithiúnas an 23 Aibreán 1986 [1988] ECR 1339). Mar
sin féin, tá feidhm ag na
ráthaíochtaí a thugtar le CECD ar gach slí seachas
a mhéid a bhaineann lena raon feidhme, ar
dhóigh chomhchosúil maidir leis an Aontas.
Maidir leis an tríú mír, tugtar faoi deara gur chóir,
i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais
um Chearta an Duine, foráil a dhéanamh do chúnamh dlíthiúil
i gcás nach bhféadfaí
leigheas éifeachtach a áirithiú dá uireasa (Breithiúnas
an CECD an 9.10.1979, Airey, Sraith A,
Imleabhar 32, 11). Tá córas cúnaimh dhlíthiúil
ann freisin do chásanna atá os comhair Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL 48 1
Toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil
1. Toimhdeofar gach duine atá cúisithe a bheith neamhchiontach
go dtí go gcruthófar é nó í a
bheith ciontach de réir dlí.
2. Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá
cúisithe a ráthú.
Míniú
Is ionann Airteagal 48 1 agus Airteagal 6(2) agus (3) de CECD, ar mar seo
a leanas atá:
"2. Gach uile dhuine a chúiseofar i gcion coiriúil, is
tuigthe é a bheith neamchiontach go dtí go
gcruthófar ciontach é de réir dlí.
3. Gach uile dhuine a chúiseofar i gcion coiriúil beidh na bunchearta
seo a leanas aige:
(a) go n-inseofar gan mhoill dó, i dteanga a thuigfeas sé agus
go mionchruinn, gné agus fáth an
chúisimh ina choinne;
(b) a leordhóthain ama agus saoráidí a bheith aige chun
a chosaint d'ullmhú;
(c) é féin a chosaint i bpearsain nó trí chabhair
dhlíthiúil dá roghain féin nó, mura bhfuil
sé
acmhainneach ar íoc as cabhair dlíthiúil, sin d'fháil
in aisce nuair is gá sin ar mhaithe leis an
gceartas;
1 Airteagal II-108 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 62
(d) finnéithe ina choinne a cheistiú nó a chur dá
gceistiú agus finnéithe thar a cheann a thabhairt i
láthair agus a cheistiú de réir na gcoinníollacha
céanna a bhainfeas le finnéithe ina choinne;
(e) cabhair teangaire d'fháil in aisce mura féidir leis an teanga
a úsáidtear sa chúirt a thuiscint nó
a labhairt."
I gcomhréir le hAirteagal 52(3) 1, is ionann brí agus raon feidhme
don cheart seo agus don cheart a
ráthaítear le CECD.