CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
A. DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA DEN BHUNREACHT
AIRTEAGAL 49 2
Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta
i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis
1. Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i
ngeall ar aon ghníomh nó
neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí
náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta
tráth a dhéanta.
Mar an gcéanna, ní ghearrfar pionós is troime ná
an pionós ab infheidhme an tráth a rinneadh an
cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil
a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos
éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme.
2. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do thriail agus do phionósú
aon duine i ngeall ar aon
ghníomh nó neamhghníomh a bhí, tráth a
dhéanta, coiriúil de réir na bprionsabal ginearálta
atá
aitheanta ag pobal na náisiún.
3. Ní ceadmhach déine na bpionós a bheith neamhchomhréireach
leis an gcion coiriúil.
1 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
2 Airteagal II-109 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 63
Míniú
Leanann an tAirteagal seo an riail thraidisiúnta maidir le neamh-aisghníomhaíocht
dlíthe agus
smachtbhannaí coiriúla. Cuireadh leis seo an riail maidir le
haisghníomhaíocht dlí choiriúil níba
thrócairí, atá ann i roinnt Ballstát agus atá
le fáil in Airteagal 15 den Chúnant maidir le Cearta
Sibhialta agus Polaitiúla.
Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 7 de CECD:
"1. Ní mheasfar aon duine a bheith ciontach in aon chion coiriúil
i ngeall ar aon ghníomh nó
neamhghníomh nár chion coiriúil faoin dlí náisiúnta
nó idirnáisiúnta an tráth a rinneadh é.
Ná
ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha
an tráth a rinneadh an cion coiriúil.
2. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do thriail agus pionósú
aon duine in aon ghníomh nó
neamhghníomh ba chion coiriúil tráth a dhéanta
do réir na bprionsabal ginearálta dlí a aithníos
náisiúin shibhialta."
I mír 2, scriosadh an tagairt do náisiúin "shibhialta",
ní athraíonn sé seo an bhrí atá leis an
mír, ina
dtagraítear ach go háirithe do chionta in aghaidh na daonnachta.
I gcomhréir le hAirteagal 52(3) 1,
is ionann brí agus raon feidhme atá don cheart a rathaítear
anseo agus don cheart a ráthaítear
in CECD.
I mír 3 luaitear prionsabal ginearálta na comhréire idir
pionóis agus cionta coiriúla, prionsabal atá
cumhdaithe i gcomhthraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát
agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais na
gComhphobal Eorpach.
1 Airteagal II-112(3) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 64
AIRTEAGAL 50 1
An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú
faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil
céanna
Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú
athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar
éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó
í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir
leis an dlí.
Míniú
Mar seo a leanas atá in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann
le CECD:
"1. Ní féidir aon duine a thriail ná a phionósú
athuair in imeachtaí coiriúla faoin dlínse sa Stát
céanna i ngeall ar chion a bhfuil sé éigiontaithe nó
ciontaithe go críochnaitheach i ngeall air
cheana i gcomhréir leis an dlí agus an nós imeachta coirúil
sa Stát sin.
2. Ní choiscfidh na forálacha sa mhír roimhe seo ar an
gcás a athoscailt i gcomhréir leis an dlí
agus an nós imeachta coiriúil sa Stát i dtrácht,
má tá fianaise nua nó fíorais atá fionnta
go nua
nó má tá éalang bunúsach sna himeachtaí
roimhe sin a d'fhéadfadh fearadh ar an mbreithiúnas
a tugadh.
3. Níl aon mhaolú ceadaithe ar an Airteagal seo faoi Airteagal
15 sa Choinbhinsiún."
Tá feidhm ag riail an "non bis in idem" maidir le dlí
an Aontais (féach, i measc na raidhse fasach,
breithiúnas an 5 Bealtaine 1996, Cásanna 18/65 agus 33/65, Gutmann
v. Coimisiún [1966]
ECR 103 agus cás a bhí ann le déanaí, breith ón
gCúirt Chéadchéime an 20 Aibreán 1999, Cásanna
Ceangailte T-305/94 agus eile, Limburgse Vinyl Maatschappij NV v. Coimisiún
[1999]
ECR II-931). Carnadh dhá phionós den chineál céanna
atá i gceist sa riail a thoirmisceann an
carnadh, eadhon pionóis dlí choiriúil.
1 Airteagal II-110 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 65
I gcomhréir le hAirteagal 50 1, ní hé amháin go
bhfuil feidhm ag riail an "non bis in idem" laistigh
de dhlínse aon Stáit amháin ach tá feidhm aici
freisin idir dhlínsí roinnt Ballstát. Freagraíonn
sé seo
don acquis i ndlí an Aontais; féach Airteagail 54 go 58 de Choinbhinsiún
Schengen agus breithiúnas
na Cúirte Breithiúnais an 11 Feabhra 2003, C-187/01 Gözütok
(le foilsiú fós), Airteagal 7 den
Choinbhinsiún maidir le Leasa Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
agus Airteagal 10
den Choinbhinsiún maidir leis an éillitheacht a chomhrac. Na
heisceachtaí fíortheoranta atá sna
Coinbhinsiúin sin a cheadaíonn do na Ballstáit riail
an "non bis in idem" a mhaolú, clúdaítear sa
chlásal cothrománach in Airteagal 52(1) den Chairt 2 maidir
le teorainneacha iad. Maidir leis na
cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal
Uimh. 7, eadhon ina ndéantar an prionsabal a
chur i bhfeidhm laistigh den Bhallstát céanna, is ionann brí
agus raon feidhme don cheart ráthaithe
agus don cheart comhfhreagrach in CECD.
1 Airteagal II-110 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-112(1) den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 66
TEIDEAL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA A bhFUIL LÉIRIÚ
AGUS CUR I bhFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ
AIRTEAGAL 51 1
Raon feidhme
1. Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar institiúidí,
comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an
Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na
Ballstáit an tráth a gcuireann
siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin.
Dá dheasca sin, tabharfaidh siad aird ar
na cearta, déanfaidh siad na prionsabail a urramú agus cuirfidh
a gcur i bhfeidhm chun cinn i
gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach agus na teorainneacha
atá ar chumhachtaí an Aontais mar
atá siad tugtha dó i gCodanna eile den Bhunreacht á n-urramú
acu.
2. Ní dhéanann an Chairt seo raon feidhme dhlí an Aontais
a fhorleathnú thar chumhachtaí an
Aontais ná aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú
don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá
sainithe i gCodanna eile den Bhunreacht a mhodhnú.
1 Airteagal II-111 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 67
Míniú
Is é is aidhm d'Airteagal 51 1 raon feidhme na Cairte a chinneadh.
Féachtar ann lena shuíomh go
soiléir gur maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí
an Aontais is mó atá feidhm ag an gCairt, de réir
phrionsabal na coimhdeachta. Dréachtaíodh an fhoráil
seo i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den
Chonradh ar an Aontas Eorpach, lenar cuireadh de cheangal ar an Aontas cearta
bunúsacha a
urramú, agus i gcomhréir leis an sainordú arna eisiúint
ag Comhairle Eorpach Köln. Tá an téarma
"institiúidí" cumhdaithe i gCuid I den Bhunreacht.
Is minic, sa Bhunreacht, a úsáidtear an abairt
"comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí"
chun tagairt a dhéanamh do na heagrais uile arna
mbunú leis an mBunreacht nó le reachtaíocht thánaisteach
(féach, mar shampla, Airteagal I-50 nó
Airteagal I-51 den Bhunreacht).
Maidir leis na Ballstáit, eascraíonn sé go glan soiléir
as cásdlí na Cúirte Breithiúnais nach bhfuil an
ceanglas maidir le cearta bunúsacha a urramú, a shainítear
i gcomhthéacs an Aontais, ceangailteach
ar na Ballstáit ach amháin nuair a ghníomhaíonn
siad laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais
(breithiúnas an 13 Iúil 1989, Cás 5/88 Wachauf [1989]
ECR 2609; breithiúnas an
18 Meitheamh 1991, ERT [1991] ECR I-2925; breithiúnas an 18 Nollaig
1997 (C-309/96 Annibaldi
[1997] ECR I-7493). Dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais an cásdlí
seo sna téarmaí seo a leanas:
"Fairis sin, ba chóir a mheabhrú go bhfuil na ceanglais
a eascraíonn ó chosaint ceart bunúsach
i ndlíchóras an Chomhphobail ceangailteach freisin ar na Ballstáit
nuair a chuireann siad rialacha
Comhphobail chun feidhme ..." (breithiúnas an 13 Aibreán
2000, Cás C-292/97, [2000] ECR 2737,
mír 37 de na forais). Ar ndóigh, tá feidhm ag an riail
seo, mar atá sí cumhdaithe sa Bhunreacht,
maidir le húdaráis láir agus maidir le comhlachtaí
réigiúnacha nó áitiúla, agus maidir le
heagraíochtaí poiblí, nuair a chuireann siad chun feidhme
dlí an Aontais.
1 Airteagal II-111 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 68
Daingníonn mír 2, i dteannta an dara habairt de mhír
1, nach bhféadfaidh sé a bheith de thoradh ar
an gCairt go leathnaítear na cumhachtaí agus na cúraimí
a thugtar don Aontas le Codanna eile den
Bhunreacht. Luaitear go sonrach anseo iarmhairtí loighciúla
phrionsabal na coimhdeachta agus
nach bhfuil de chumhachtaí ag an Aontas ach a bhfuil tugtha dó.
Níl éifeacht ar bith leis na cearta
bunúsacha mar a rathaítear san Aontais iad seachas i gcomhthéacs
na gcumhachtaí a chinntear le
Cuid I agus le Cuid III den Bhunreacht. Dá bhrí sin, is laistigh
de theorainneacha na gcumhachtaí
céanna sin amháin a eascróidh aon oibleagáid a
bheidh ar institiúidí an Aontais, de bhun an dara
habairt de mhír 1, prionsabail a leagtar síos sa Chairt a chur
chun cinn.
Daingníonn mír 2 freisin nach bhféadfaidh sé a
bheith de thoradh ar an gCairt raon feidhme dhlí an
Aontais a leathnú níos faide ná cumhachtaí an
Aontais mar atá arna mbunú i gCodanna eile den
Bhunreacht. Tá an riail seo bunaithe cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais
i dtaca leis na cearta
bunúsacha a aithnítear mar chuid de dhlí an Aontais (breithiúnas
an 17 Feabhra 1998, C-249/96
Grant, 1998 ECR I-621, pointe 45 de na forais). I gcomhréir leis an
riail seo, ní gá a rá nach féidir
lánpháirtiú na Cairte sa Bhunreacht a thuiscint mar ní
a leathnaíonn as féin raon gníomhaíochta na
mBallstát a mheasfar mar "chur chun feidhme dhlí an Aontais"
(de réir bhrí mhír 1 agus an chásdlí
thuasluaite).
AIRTEAGAL 52 1
Raon feidhme agus léiriú na gceart agus na bprionsabal
1. Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú
ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa
Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart
agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir
phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha
a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus
má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí
leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don
riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
1 Airteagal II-112 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 69
2. Déanfar cearta arna n-aithint sa Chairt seo agus dá bhforáiltear
i gCodanna eile den
Bhunreacht a fheidhmiú faoi na coinníollacha agus laistigh de
na teorainneacha atá sainithe sna
Codanna ábhartha sin.
3. A mhéad a chuimsíonn an Chairt seo cearta a fhreagraíonn
do chearta arna ráthú leis an
gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha
a Chosaint, is ionann an bhrí agus an
raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme
atá leagtha síos leis an
gCoinbhinsiún sin. Ní choiscfidh an fhoráil seo dlí
an Aontais ar chosaint níos forleithne a
sholáthar.
4. A mhéad a aithníonn an Chairt seo saoirsí bunúsacha
mar a leanann siad ó na traidisiúin
bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, déanfar na
cearta sin a léiriú ar aon dul leis na traidisiúin
sin.
5. Forálacha den Chairt seo ina bhfuil prionsabail, féadfar
iad a chur chun feidhme le
gníomhartha reachtacha agus feidhmiúcháin arna nglacadh
ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus
gníomhaireachtaí an Aontais, agus le gníomhartha ó
na Ballstáit nuair a bhíonn dlí an Aontais á
chur chun feidhme acu, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi seach.
Ní fhéadfar iad a agairt os comhair
cúirte ach amháin i dtaca le léiriú na ngníomhartha
sin agus le rialú ar a ndlíthiúlacht.
6. Tabharfar aird iomlán, faoi mar atá sonraithe sa Chairt seo,
ar dhlíthe agus ar chleachtais
náisiúnta.
7. Tabharfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát aird
chuí ar na mínithe arna dtarraingt
suas mar threoir ar mhaithe leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a léiriú.
AF/Constitution/DC/ga 70
Míniú
Is é is críoch d'Airteagal 52 1 raon feidhme cheart agus phrionsabail
na Cairte a shocrú, agus
rialacha a leagan síos maidir lena léiriú. Déileálann
mír 1 leis na socruithe maidir le cearta a
theorannú. Is bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais
atá an fhoclaíocht : "tá sé seanbhunaithe
i
gcásdlí na Cúirte gur féidir srianta a fhorchur
ar cheart bunúsach a fheidhmiú, go háirithe i
gcomhthéacs comheagraíochta margaidh, ar chuntar go bhfreagraíonn
na srianta sin do chuspóirí
leasa choitinn arna saothrú ag an gComhphobal agus nach ionann iad,
maidir leis an aidhm atá á
saothrú, agus cur isteach neamhréireach, míréasúnta
a bhainfeadh an bonn de shubstaint na gceart
sin" (breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás C-292/97,
mír 45 de na forais). Folaíonn an tagairt do na
leasanna ginearálta atá aitheanta ag an Aontas na cuspóirí
atá luaite in Airteagal I-2 den Bhunreacht
agus leasanna eile a chosnaítear le forálacha sonracha den Bhunreacht
ar nós Airteagal I-5(1),
Airteagal III-133(3) agus Airteagail III-154 agus III-436.
Tagraíonn mír 2 do chearta a rathaíodh go sainráite
roimhe seo sa Chonradh ag bunú an
Chomhphobail Eorpaigh agus a aithníodh sa Chairt agus atá le
fáil anois i gCodanna eile den
Bhunreacht (go háirithe na cearta a chineann ó shaoránacht
den Aontas). Soiléiríonn sé go
leanfaidh na cearta sin de bheith faoi réir na gcoinníollacha
agus na dteorainneacha is infheidhme
maidir leis an dlí sin de chuid an Aontais ar a bhfuil siad bunaithe
agus dá bhforáiltear anois i
gCuid I agus i gCuid III den Bhunreacht. Ní athraíonn an Chairt
córas na gceart a thugtar le
Conradh CE agus atá le fáil anois i gCuid I agus i gCuid III
den Bhunreacht.
1 Airteagal II-112 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 71
Tá mír 3 ceaptha an chomhchuibheas is gá a áirithiú
idir an Chairt agus CECD trína rialú, a mhéad a
fhreagraíonn na cearta sa Chairt seo do na cearta a ráthaítear
in CECD, gur ionann brí agus raon
feidhme dóibh, lena n-áirítear teorainneacha údaraithe,
agus dóibh siúd a leagtar síos in CECD.
Ciallaíonn sé sin, ach go háirithe, nach mór don
reachtóir, agus teorainneacha á leagan síos aige
maidir leis na cearta sin, na caighdeáin chéanna a chomhlíonadh
a shocraítear leis na socruithe
mionsonraithe um theorannú dá bhforáiltear in CECD agus
atá infheidhme dá bhrí sin maidir leis na
cearta a chlúdaítear sa mhír seo, gan dochar a dhéanamh
dá chionn sin do neamhspleáchas dhlí an
Aontais ná do neamhspleáchas Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh.
Folaíonn an tagairt do CECD an Coinbhinsiún agus na Prótacail
a ghabhann leis. Cinntear brí agus
raon feidhme na gceart arna ráthú, ní hamháin
le téacs na n-ionstraimí sin ach freisin le cásdlí
na
Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh. Tá sé i gceist
leis an abairt dheiridh den mhír a chur ar chumas an Aontais cosaint
níos forleithne a áirithiú. Ar
aon chaoi, ní fhéadfaidh an leibhéal cosanta a thugtar
leis an gCairt a bheith níos ísle choíche ná an
leibhéal a ráthaítear le CECD.
Ní chuireann an Chairt de chosc ar na Ballstáit leas a bhaint
as Airteagal 15 de CECD,
lena n-údaraítear maoluithe ar na cearta in CECD i gcás
cogaidh nó i gcás aon chontúirtí poiblí
eile
a bheith ag bagairt ar shaol an náisiúin, agus iad i mbun gníomhaíochta
i réimse cosanta náisiúnta i
gcás cogaidh agus i réimse choimeád an oird phoiblí,
i gcomhréir leis na freagrachtaí atá orthu mar
a aithnítear in Airteagal I-5(1) agus in Airteagail III-131 agus III-262
den Bhunreacht iad.
Tugtar liosta ina dhiaidh seo de na cearta is féidir a mheas faoi láthair,
gan forbairtí a chosc ar an
dlí, ar an reachtaíocht ná ar na Conarthaí, mar
chearta a fhreagraíonn do na cearta in CECD de réir
bhrí na míre seo. Níl aon chearta sa bhreis orthu sin
in CECD ar áireamh ann.
AF/Constitution/DC/ga 72
1. Airteagail sa Chairt ar ionann brí agus raon feidhme dóibh
agus do na hAirteagail
chomhfhreagracha de CECD:
– Freagraíonn Airteagal 2 1 d'Airteagal 2 de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 4 2 d'Airteagal 3 de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 5 (1) agus (2) 3 d'Airteagal 4 de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 6 4 d'Airteagal 5 de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 7 5 d'Airteagal 8 de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 10(1) 6 d'Airteagal 9 de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 11 7 d'Airteagal 10 de CECD gan dochar
d'aon srianta a
fhéadfaidh dlí an Aontais a fhorchur ar cheart na mBallstát
na socruithe ceadúnais dá
bhforáiltear sa tríú habairt d'Airteagal 10(1) de CECD
a thabhairt isteach;
– Freagraíonn Airteagal 17 8 d'Airteagal 1 den Phrótacal
a ghabhann le CECD;
1 Airteagal II-62 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-64 den Bhunreacht.
3 Airteagal II-65 den Bhunreacht.
4 Airteagal II-66 den Bhunreacht.
5 Airteagal II-67 den Bhunreacht.
6 Airteagal II-70 den Bhunreacht.
7 Airteagal II-71 den Bhunreacht.
8 Airteagal II-77 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 73
– Freagraíonn Airteagal 19(1) 1 d'Airteagal 4 de Phrótacal
Uimh. 4;
– Freagraíonn Airteagal 19(2) 1 d'Airteagal 3 de CECD mar atá
arna léiriú ag an gCúirt
Eorpach um Chearta an Duine;
– Freagraíonn Airteagal 48 2 d'Airteagal 6(2) agus (3) de CECD;
– Freagraíonn Airteagal 49(1) (seachas an abairt dheiridh) agus
Airteagal 49(2) 3
d'Airteagal 7 de CECD.
2. Airteagail arb ionann brí dóibh agus do na hAirteagail chomhfhreagracha
in CECD, ach ar
forleithne a raon feidhme:
– Clúdaíonn Airteagal 9 4 an réimse céanna
agus a chlúdaíonn Airteagal 12 de CECD, ach
féadfar a raon feidhme a leathnú ionas go mbainfidh sé
le cineálacha eile pósta má
bhunaítear le reachtaíocht náisiúnta iad;
– Freagraíonn Airteagal 12(1) 5 d'Airteagal 11 de CECD ach leathnaítear
go dtí leibhéal
an Aontais Eorpaigh a raon feidhme;
1 Airteagal II-79 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-108 den Bhunreacht.
3 Airteagal II-109 den Bhunreacht.
4 Airteagal II-69 den Bhunreacht.
5 Airteagal II-72 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 74
– Freagraíonn Airteagal 14(1) 1 d'Airteagal 2 den Phrótacal
a ghabhann le CECD ach
déantar a raon feidhme a leathnú ionas go gclúdóidh
sé an rochtain ar an ngairmoiliúint
agus ar an oiliúint leanúnach;
– Freagraíonn Airteagal 14(3) 1 d'Airteagal 2 den Phrótacal
a ghabhann le CECD maidir
le cearta tuismitheoirí;
– Freagraíonn Airteagal 47(2) agus (3) 2 d'Airteagal 6(1) de
CECD ach níl feidhm maidir
le dlí an Aontais ná maidir lena chur chun feidhme ag an teorannú
ar chinneadh ceart
sibhialta agus oibleagáidí sibhialta nó cúiseamh
cóiriúl;
– Freagraíonn Airteagal 50 3 d'Airteagal 4 de Phrótacal
Uimh. 7 a ghabhann le CECD ach
déantar a raon feidhme a leathnú go dtí leibhéal
an Aontais Eorpaigh idir Chúirteanna
na mBallstát.
– Ar deireadh, ní fhéadfar saoránaigh den Aontas
Eorpach a mheas mar eachtrannaigh,
faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar gheall ar an toirmeasc ar aon
idirdhealú ar fhoras
náisiúntachta. Na teorainneacha dá bhforáiltear
in Airteagal 16 in CECD maidir le
cearta eachtrannach, níl feidhm acu, dá bhrí sin, maidir
leo sa chomhthéacs seo.
1 Airteagal II-74 den Bhunreacht.
2 Airteagal II-107 den Bhunreacht.
3 Airteagal II-110 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 75
An riail léirithe atá i mír 4, tá sí bunaithe
ar fhoclaíocht Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas
Eorpach (arb í foclaíocht Airteagal I-9(3) den Bhunreacht anois
í) agus tugann sí aird chuí ar chur
chuige na Cúirte Breithiúnais i leith na gcomhthraidisiún
bunreachtúil (m.sh. breithiúnas an
13 Nollaig 1979, Cás 44/79 Hauer [1979]) ECR 3727; breithiúnas
an 18 Bealtaine 1982,
Cás 155/79, AM & S, [1982] ECR 1575). De réir na rialach
sin, seachas cur chuige docht a
leanúint, bunaithe ar "an gcomhainmneoir is ísle",
ba chóir na cearta Cairte lena mbaineann a léiriú
ar shlí a thabharfadh ardleibhéal cosanta, a shásaíonn
dlí an Aontais agus a luíonn leis na
comhthraidisiúin bhunreachtúla.
AF/Constitution/DC/ga 76
Soiléirítear i mír 5 an t-idirdhealú a dhéantar
idir na "cearta" agus na "prionsabail" a leagtar amach
sa Chairt. De réir an idirdhealaithe sin, déanfar cearta suibiachtúla
a urramú, san áit a ndéanfar
prionsabail a chomhlíonadh (Airteagal 51(1) 1). Féadfar prionsabail
a chur chun feidhme le
gníomhartha reachtacha nó le gníomhartha feidhmiúcháin
(arna nglacadh ag an Aontas i gcomhréir
lena chumhachtaí, agus ag na Ballstáit nuair a chuireann siad
dlí an Aontais chun feidhme agus
ansin amháin); dá réir sin, ní bhíonn tábhacht
ag baint leo do na Cúirteanna seachas nuair a bhíonn
gníomhartha den sórt sin le léiriú nó le
léirmheas. Ní eascraíonn éilimh dhíreacha
astu, áfach, ar
ghníomhaíocht dhearfach ag institiúidí an Aontais
ná ag údaráis na mBallstát. Tagann sé seo
le
cásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach go
háirithe an cásdlí maidir le "prionsabal an réamhchúraim"
in
Airteagal 174(2) CCE (a bhfuil Airteagal III-223 den Bhunreacht curtha ina
ionad): breithiúnas na
Cúirte Céadchéime an 11 Mean Fómhair 2002, T-13/99,
Pfizer v. An Chomhairle, le tagairtí
iomadúla don chásdlí roimhe sin; agus sraith breithiúnas
ar Airteagal 33 (sean-Airteagal 39) maidir
le prionsabail dhlí na talmhaíochta, m.sh. breithiúnas
na Cúirte Breithiúnais C-265/85, Van den
Berg [1987] ECR 1155: mionscrúdú ar phrionsabal chobhsú
an mhargaidh agus ar an ionchas
réasúnach) agus le cur chuige chórais bhunreachtúla
na mBallstát i leith na "bprionsabal", go
háirithe i réimse an dlí shóisialta. Mar léiriú,
áirítear Airteagail 25, 26 agus 37 2 ar na samplaí de
phrionsabail a aithnítear sa Chairt. I gcásanna áirithe,
féadfaidh gnéithe de cheart agus gnéithe de
phrionsabal a bheith san aon Airteagal amháin den Chairt, m.sh. Airteagail
23, 33 agus 34 3.
1 Airteagal II-111 den Bhunreacht.
2 Airteagail II-85, II-86 agus II-97 den Bhunreacht.
3 Airteagail II-83, II-93 agus II-94 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 77
Tagraítear i mír 6 do na hAirteagail éagsúla sa
Chairt ina ndéantar tagairt, de mheon na
coimhdeachta, do dhlíthe agus do chleachtais náisiúnta.
AIRTEAGAL 53 1
Leibhéal na cosanta
Ní léireofar aon fhoráil sa Chairt seo sa chaoi go ndéanfar
cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a
shrianadh nó a dhochrú mar atá siad arna n-aithint, ina
raonta feidhme faoi seach, le dlí an Aontais
agus leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe
idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit
uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún
Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí
Bunúsacha a Chosaint, agus le bunreachtanna na mBallstát.
Míniú
Tá an fhoráil seo ceaptha chun an leibhéal cosanta a
choimeád ar bun a thugann dlí an Aontais, an
dlí náisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta
laistigh dá raon feidhme féin faoi seach. Mar gheall ar an
tábhacht atá leis, luaitear an CECD.
1 Airteagal II-113 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 78
AIRTEAGAL 54 1
Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid
Ní léireofar aon ní sa Chairt seo ar dhóigh a
thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon cheart ann chun
gabháil le haon ghníomhaíocht nó aon ghníomh
a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó na
saoirsí átá aitheanta sa Chairt seo a mhilleadh nó
iad a theorannú níos mó ná mar a fhoráiltear
sa
Chairt.
Míniú
Freagraíonn an tAirteagal seo d'Airteagal 17 de CECD:
"Ní cead aon ní sa Choinbhinsiún seo a léiriú
mar ní a bheir d'aon Stát, grúpa, nó duine ceart
ar bith
chun páirt a ghlacadh in aon ghníomh d'fhonn aon chearta nó
saoirse dá luaitear anseo a dhíthiú, nó
a theorannú thar mar fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo".
1 Airteagal II-114 den Bhunreacht.
AF/Constitution/DC/ga 79
13. Dearbhú maidir le hAirteagal III-116
Comhaontaíonn an Chomhdháil gurb é is aidhm don Aontas
ina bheartais éagsúla, faoi chuimsiú a
chuid iarrachtaí ginearálta na neamhionannais idir mná
agus fir a dhíchur, gach saghas foréigin
bhaile a chomhrac. Is cóir do na Ballstáit gach beart is gá
a ghlacadh chun na gníomhartha coiriúla
sin a chosc agus a phionósú agus chun tacú leis na híospartaigh
agus iad a chosaint.
14. Dearbhú maidir le hAirteagal III-136 agus III-267
Measann an Chomhdháil más rud é go ndéanfadh dréacht-dlí
Eorpach nó dréacht-dlí réime Eorpach
arna bhunú ar Airteagal III-267(2) difear do ghnéithe bunúsacha
de chóras slándála sóisialta
Ballstáit, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas
nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé
difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin mar atá
leagtha amach in Airteagal III-136(2), go
dtabharfar aird chuí ar leasanna an Bhallstáit sin.
15. Dearbhú maidir le hAirteagail III-160 agus III-322
Meabhraíonn an Chomhdháil go leanann sé go háirithe
ó chearta agus saoirsí bunúsacha a urramú
go dtabharfar aire chuí do chearta próisis chuí na ndaoine
aonair agus na n-eintiteas i dtrácht a
chosaint agus a urramú. Chuige sin agus chun athbhreithniú breithiúnach
críochnúil a ráthú ar
chinntí Eorpacha a chuireann duine aonair nó eintiteas faoi
réir beart sriantach, ní mór na cinntí sin
a fhothú ar chritéir shoiléire leithleacha. Is cóir
do na critéir sin a chur in oiriúint do na saintréithe
atá ag gach beart sriantach.
AF/Constitution/DC/ga 80
16. Dearbhú maidir le hAirteagal III-167(2)(c)
Tugann an Chomhdháil dá haire go léireofar Airteagal
III-167(2)(c) i gcomhréir leis an gcásdlí atá
ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus
de chuid na Cúirte Céadchéime i
ndáil le hinfheidhmeacht na bhforálacha sin maidir le cabhair
arna deonú do limistéir áirithe de
Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir seandeighilt na Gearmáine
as dóibh.
17. Dearbhú maidir le hAirteagal III-184
I dtaca le hAirteagal III-184, daingníonn an Chomhdháil gurb
iad an dá philéar atá le beartas
eacnamaíoch agus fioscach an Aontais agus na mBallstát cumas
fáis a ardú agus riochtaí
buiséadacha cobhsaí a ráthú. Is uirlis thábhachtach
é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun
na spriocanna sin a ghnóthú.
Athdhaingníonn an Chomhdháil a tiomantas do na forálacha
maidir leis an gComhshocrú
Cobhsaíochta agus Fáis mar chreat chun beartais bhuiséadacha
sna Ballstáit a chomhordú.
Daingníonn an Chomhdháil gur córas atá bunaithe
ar rialacha an dóigh is fearr chun a ráthú go
ndéanfar na gealltanais a fhorfheidhmiú agus go gcuirfear cóir
chomhionann ar na Ballstáit uile.
Laistigh den chreat sin, athdhaingníonn an Chomhdháil freisin
a tiomantas do spriocanna straitéis
Liospóin: cruthú fostaíochta, athchóiriú
struchtúrach agus comhtháthú sóisialta.
AF/Constitution/DC/ga 81
Is é is aidhm don Aontas fás eacnamaíoch cothromaithe
agus cobhsaíocht praghsanna a bhaint
amach. Dá dheasca sin, caithfidh na beartais eacnamaíocha agus
bhuiséadacha na tosaíochtaí
leormhaithe a shocrú maidir le leasúcháin eacnamaíocha,
nuáil, iomaíochas, agus leis an
infheistíocht phríobháideach agus an tomhaltas príobháideach
a neartú le linn tréimhsí lag-fháis
eacnamaíoch. Is cóir é sin a léiriú i dtreoirlínte
na gcinntí buiséadacha ar leibhéal náisiúnta
agus ar
leibhéal an Aontais, go háirithe tríd an ioncam agus
an caiteachas poiblí a athstruchtúrú agus an
smacht buiséadach á urramú i gcomhréir leis an
mBunreacht agus leis an gComhshocrú
Cobhsaíochta agus Fáis.
Na dúshláin bhuiséadacha agus eacnamaíocha atá
le tabhairt ag na Ballstáit, cuireann siad i dtreis an
tábhacht atá le beartas buiséadach cobhsaí i gcaitheamh
an timthrialla eacnamaíoch.
Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir do na Ballstáit
leas gníomhach a bhaint as tréimhsí
téarnaimh eacnamaíoch chun an t-airgeadas poiblí a chomhdhlúthú
agus a riocht buiséadach a
fheabhsú. Is é an cuspóir atá aige seo barrachas
buiséadach a bhaint amach de réir a chéile aimsir
an dea-shaoil ionas go mbeifear in ann déileáil le cora chun
donais eacnamaíocha agus rannchuidiú
mar sin le hinbhuaine fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.
Tá na Ballstáit ag tnúth le haon tograí a d'fhéadfadh
an Coimisiún a dhéanamh mar aon le
haighneachtaí breise ó na Ballstáit maidir le cur chun
feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta
agus Fáis a neartú agus a shoiléiriú. Glacfaidh
na Ballstáit gach beart is gá chun cumas fáis a
ngeilleagar a ardú. D'fhéadfadh comhordú feabhsaithe
ar an mbeartas eacnamaíoch tacú leis an
gcuspóir seo. Tá an Dearbhú seo gan dochar don díospóireacht
sa todhchaí maidir leis an
gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
AF/Constitution/DC/ga 82
18. Dearbhú maidir le hAirteagal III-213
Daingníonn an Chomhdháil go dtagann na beartais atá tuairiscithe
in Airteagal III-213 faoi
inniúlacht na mBallstát don mhórchuid. Is bearta de chineál
comhlántach na bearta atá le glacadh ar
leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo chun dreasacht
a chur ar fáil agus an comhordú
a chur chun cinn. Fónfaidh siad chun comhar idir na Ballstáit
a neartú agus ní chun córais náisiúnta
a chomhchuibhiú. Ní dhéanfar difear do na ráthaíochtaí
agus na cleachtais atá ann i ngach Ballstát
maidir le freagracht na gcomhpháirtithe sóisialta.
Tá an Dearbhú seo gan dochar do na forálacha den Bhunreacht
a thugann inniúlacht don Aontas, go
fiú i gcúrsaí sóisialta.
19. Dearbhú maidir le hAirteagal III-220
Measann an Chomhdháil go bhféadfar Stáit oileánacha
ina n-iomláine a bheith ar áireamh sa tagairt
in Airteagal III-220 do limistéir oileánacha, faoi réir
na critéir is gá a chomhall.
20. Dearbhú maidir le hAirteagal III-243
Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuirfear forálacha
Airteagal III-243 i bhfeidhm i gcomhréir leis
an gcleachtas reatha. Forléireofar an abairt "sa mhéid
gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna
míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine
ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de
Phoblacht na Cónaidhme ar chuir an deighilt sin as dóibh"
i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de
chuid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus de chuid
na Cúirte Céadchéime.
AF/Constitution/DC/ga 83
21. Dearbhú maidir le hAirteagal III-248
Comhaontaíonn an Chomhdháil go dtabharfaidh gníomhaíocht
an Aontais i réimse an taighde agus
na forbartha teicneolaíche aird chuí ar threoirlínte
agus roghanna bunúsacha bheartais taighde na
mBallstát.
22. Dearbhú maidir le hAirteagal III-256
Creideann an Chomhdháil nach ndéanann Airteagal III-256 difear
do cheart na mBallstát na bearta
is gá a ghlacadh chun a soláthar fuinnimh a áirithiú
faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in
Airteagal III-131.
23. Dearbhú maidir leis an dara fomhír d'Airteagal III-273(1)
Measann an Chomhdháil gur cóir do na dlíthe Eorpacha
dá dtagraítear sa dara fomhír
d'Airteagal III-273(1) aird a thabhairt ar rialacha agus cleachtais náisiúnta
a bhaineann le
himscrúduithe coiriúla a thionscnamh.
24. Dearbhú maidir le hAirteagal III-296
Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir d'Ardrúnaí
na Comhairle, Ardionadaí don chomhbheartas
eachtrach agus slándála, don Choimisiún agus do na Ballstáit,
a luaithe atá an Conradh ag bunú
Bunreachta don Eoraip sínithe, obair ullmhúcháin a thosú
ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta
Eachtraí.
AF/Constitution/DC/ga 84
25. Dearbhú maidir le hAirteagal III-325 maidir leis na Ballstáit
comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích
a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus
ceartais
Daingníonn an Chomhdháil go bhféadfaidh na Ballstáit
comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i
gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí
idirnáisiúnta sna réimsí atá folaithe i
Ranna 3, 4 agus 5 de
Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Chonradh ag bunú Bunreachta
don Eoraip a mhéad a
chomhlíonann na comhaontuithe sin dlí an Aontais.
26. Dearbhú maidir le hAirteagal III-402(4)
Foráiltear in Airteagal III-402(4) den Bhunreacht, más rud é
nach mbeidh aon dlí Eorpach ón
gComhairle lena mbunófar creat nua airgeadais glactha faoi dheireadh
an chreata airgeadais roimhe
sin, go bhfadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile
a fhreagraíonn do bhliain dheireanach
an chreata sin go dtí go nglacfar an dlí sin.
Dearbhaíonn an Chomhdháil, más rud é nach mbeidh
aon dlí Eorpach ón gComhairle lena
mbunófar creat nua airgeadais glactha faoi dheireadh 2006 agus sna
cásanna ina bhforáiltear i
gConradh Aontachais an 16 Aibreán 2003 do thréimhse um chéimniú
insteach a mbeidh deireadh
léi i 2006 do na leithreasaí a chionroinnt ar na Ballstáit
nua, go mbunófar cionroinnt na gcistí
amhail ó 2007 ar bhonn na gcritéar céanna a chuirtear
i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit uile.
AF/Constitution/DC/ga 85
27. Dearbhú maidir le hAirteagal III-419
Dearbhaíonn an Chomhdháil go bhféadfaidh na Ballstáit
a chur i bhfios, nuair a dhéanann siad
iarraidh comhar feabhsaithe a chur ar bun, an bhfuil sé ar intinn acu
cheana ag an bpointe sin leas a
bhaint as Airteagal III-422 lena bhforáiltear don vótáil
trí thromlach cáilithe a fhorleathnú nó dul ar
iontaoibh an ghnáthnós imeachta reachtaigh.
28. Dearbhú maidir le hAirteagal IV-440(7)
Comhaontaíonn na hArdpháirtithe Conarthacha go nglacfaidh an
Chomhairle Eorpach, de bhun
Airteagal III-440(7), cinneadh Eorpach as a dtiocfaidh modhnú ar stádas
Mayotte i leith an Aontais
chun réigiun forimeallach a dhéanamh den chríoch sin
de réir bhrí Airteagail IV-440(2) agus III-424
nuair a chuirfidh údaráis na Fraince in iúl don Chomhairle
Eorpach agus don Choimisiún go
gceadaítear sin leis an éabhlóid atá ar siúl
maidir le stádas inmheánach an oileáin.
29. Dearbhú maidir le hAirteagal IV-448(2)
Measann an Chomhdháil go rannchuidíonn an chaoi chun aistriúcháin
a dhéanamh den Chonradh ag
bunú Bunreachta don Eoraip sna teangacha atá luaite in Airteagal
IV-448(2) leis an gcuspóir a
ghnóthú maidir le saibhreas éagsúlachta cultúrtha
agus teanga an Aontais a urramú mar atá leagtha
amach sa cheathrú fomhír d'Airteagal I-3(3) den Chonradh sin.
Sa chomhthéacs sin, daingníonn an
Chomhdháil cion an Aontais le héagsúlacht chultúrtha
na hEorpa agus an aire ar leith a leanfaidh sé
de bheith á tabhairt do na teangacha sin agus do theangacha eile.
AF/Constitution/DC/ga 86
Molann an Chomhdháil do na Ballstáit sin ar mian leo an chaoi
atá aitheanta in Airteagal IV-448(2)
a thapú a chur i bhfios don Chomhairle, laistigh de shé mhí
ó dháta an Conradh sin a shíniú, an
teanga nó na teangacha chun a ndéanfar an Conradh a aistriú.
30. Dearbhú maidir le daingniú an Chonartha
ag bunú Bunreachta don Eoraip
Tugann an Chomhdháil dá haire, más rud é, dhá
bhliain tar éis an Conradh ag bunú Bunreachta don
Eoraip a shíniú, go bhfuil sé daingnithe ag ceithre chúigiú
de na Ballstáit agus go bhfuil deacrachtaí
maidir leis an daingniú ag Ballstát amháin nó
níos mó, go gcuirfear an cheist faoi bhráid na
Comhairle Eorpaí.