CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
CUID I
TEIDEAL I
SAINMHÍNIÚ AR AN AONTAS AGUS CUSPÓIRÍ AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-1
Bunú an Aontais
1. Ag freagairt do thoil shaoránaigh agus Stáit na hEorpa todhchaí choiteann
a thógáil, bunaítear leis an mBunreacht seo an tAontas
Eorpach dá dtugann na Ballstáit inniúlachtaí chun
na cuspóirí is coiteann dóibh a bhaint amach. Déanfaidh
an tAontas beartais na mBallstát a chomhordú chun na cuspóirí sin
a bhaint amach, agus déanfaidh sé na hinniúlachtaí a
thugann na Ballstáit dó a fheidhmiú ar bhonn Comhphobail.
2. Beidh an tAontas ar oscailt do gach Stát Eorpach a urramaíonn
a chuid luachanna agus atá tiomanta iad a chur chun cinn i gcomhpháirt
le chéile.
AIRTEAGAL I-2
Luachanna an Aontais
Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit
an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta
agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta
atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna
ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna
inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas,
an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus
fir.
AIRTEAGAL I-3
Cuspóirí an Aontais
1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna
agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.
2. Deánfaidh an tAontas limistéar saoirse, slándála
agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha, agus margadh inmheánach
ina bhfuil an iomaíocht saor agus neamhshaofa a chur ar fáil
dá shaoránaigh.
3. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna
fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus
ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh
ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht
agus dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don
chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht.
Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch
a chur chun cinn.
Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a
chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta,
an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht
idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn.
Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch,
sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht
idir na Ballstáit.
Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha
agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht
chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.
4. Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas
a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn. Rannchuideoidh
sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil,
le forbairt inbhuanaithe an Domhain, leis an dlúthpháirtíocht
agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil
chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine
agus cearta an linbh ach go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta
a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear
prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.
5. Saothróidh an tAontas a chuspóirí trí mheáin
iomchuí atá comhchuimseach leis na hinniúlachtaí atá tugtha
dó sa Bhunreacht.
AIRTEAGAL I-4
Saoirsí bunúsacha agus neamhidirdhealú
1. Ráthóidh an tAontas saorghluaiseacht daoine, seirbhísí,
earraí agus caipitil, agus saoirse bunaíochta agus ráthóidh
sé laistigh den Aontas iad, i gcomhréir leis an mBunreacht.
2. Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, agus gan dochar d'aon cheann
dá fhorálacha sonracha, toirmiscfear gach idirdhealú ar
fhoras náisiúntachta.
AIRTEAGAL I-5
Caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit
1. Urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise
an Bhunreachta, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta
atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha
idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear
an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach.
Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit,
lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit
a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil
náisiúnta a choimirciú.
2. De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na
Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim
fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i
dtaca le cúraimí a chineann ón mBunreacht a chur i gcrích.
Glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach
is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na
hoibleagáidí a thig ón mBunreacht nó de dhroim
gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais.
É
ascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an
Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an
Aontais a chur i gcontúirt.
AIRTEAGAL I-6
Dlí an Aontais
Beidh príomhaíocht ar dhlí na mBallstát ag an
mBunreacht agus ag an dlí arna ghlacadh ag institiúidí an
Aontais i bhfeidhmiú na n-inniúlachtaí atá tugtha
don Aontas.
AIRTEAGAL I-7
Pearsantacht dhlítheanach
Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas.
AIRTEAGAL I-8
Siombailí an Aontais
Is éard é bratach an Aontais ciorcal ina bhfuil dháréag
réalta órga ar chúlra gorm.
Beidh roscamhrán an Aontais fothaithe ar an Óid don Aoibhneas ón
Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven.
Is éard é mana an Aontais: "Aontaithe san éagsúlacht".
Is éard é airgeadra an Aontais an euro.
Déanfar an 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar
lá na hEorpa.
TEIDEAL II
CEARTA BUNÚSACHA AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-9
Cearta bunúsacha
1. Aithneoidh an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail
atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha arb éard é Cuid
II.
2. Aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta
an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh
an t-aontachas sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad
sainithe sa Bhunreacht.
3. Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna
cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún
Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint
agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann
do na Ballstáit.
AIRTEAGAL I-10
Saoránacht an Aontais
1. Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach
de Bhallstát. Comhlánóidh saoránacht an Aontais
an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a
hionad.
2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear
sa Bhunreacht, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear
ann. Beidh acu:
(a) an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch
na mBallstát;
(b) an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i
dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha
sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha
céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;
(c) an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíre
nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnaigh
de iad ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon
Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh
an Stáit sin;
(d) an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa,
dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul in dteagmháil le
hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais
in aon cheann de theangacha an Bhunreachta agus freagra a fháil sa
teanga chéanna.
Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha
atá sainithe leis an mBunreacht agus leis na bearta arna nglacadh
dá bhun.
TEIDEAL III
INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-11
Prionsabail bhunúsacha
1. Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag
prionsabal na tabhartha. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi
rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
2. Faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi
theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag
na Ballstáit sa Bhunreacht d'fhonn na cuspóirí atá leagtha
amach sa Bhunreacht a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil
tugtha don Aontas sa Bhunreacht, fanann siad ag na Ballstáit.
3. Faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh
an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach,
ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir
leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta
arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh
sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal
réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir,
de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta
arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos
fearr ar leibhéal an Aontais.
Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta
i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail
na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh
na Parlaimintí náisiúnta go ndéanfar an prionsabal
sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta
atá leagtha amach sa Phrótacal sin.
4. Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar
agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach
chun cuspóirí an Bhunreachta a bhaint amach.
Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na comhréireachta
i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail
na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL-I-12
Catagóirí inniúlachta
1. Nuair a dhéantar inniúlacht eisiach i réimse sonrach
a thabhairt don Aontas leis an mBunreacht, is é an tAontas amháin
a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh atá ceangailteach ó thaobh
dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh
ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad
nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme.
2. Nuair a dhéantar inniúlacht eisiach i réimse sonrach
a thabhairt don Aontas leis an mBunreacht, féadfaidh an tAontas agus
na Ballstáit reachtú agus agus gníomhartha a ghlacadh
atá ceangailteach ó thaobh dlí. Feidhmeoidh na Ballstáit
a n-inniúlacht a mhéad nach bhfuil inniúlacht an Aontais
feidhmithe aige, nó gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú.
3. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha
agus fostaíochta laistigh de shocraithe dá bhforáiltear
i gCuid III agus a bhfuil inniúlacht ag an Aontas maidir lena sainiú.
4. Beidh inniúlacht ag an Aontas comhbheartas eachtrach agus slándála
a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear
comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.
5. I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha
atá leagtha síos sa Bhunreacht, beidh inniúlacht ag
an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun
tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad
a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht
féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin
dá thoradh sin.
Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin
na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh
dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha i gCuid III a bhaineann
leis na réimsí sin.
6. Cinnfear an raon feidhme agus socruithe chun inniúlachtaí an
Aontais a fheidhmiú leis na forálacha i gCuid III a bhaineann
le gach réimse acu.
AIRTEAGAL I-13
Réimsí inniúlachta eisiaiche
1. Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo
a leanas:
(a) aontas custaim;
(b) na rialacha iomaíochta is gá a bhunú d'oibriú an
mhargaidh inmheánaigh;
(c) beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro
mar airgeadra acu;
(d) acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin
gcomhbheartas iascaigh;
(e) comhbheartas tráchtála.
2. Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta
a thabhairt i gcrích nuair a fhoráiltear dá thabhairt
i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair
atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht
inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéad ar dóigh
dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha
nó a raon feidhme a athrú.
AIRTEAGAL I-14
Réimsí inniúlachta arna roinnt
1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit
nuair a thugann an Bunreacht inniúlacht dó nach mbaineann leis
na réimsí dá dtagraítear in Airteagail I-13 agus
I-17.
2. Cuirfear i bhfeidhm na hinniúlachtaí atá arna roinnt
idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo
a leanas:
(a) margadh inmheánach;
(b) beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe
i gCuid III;
(c) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;
(d) talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha
na mara a chaomhnú;
(e) comhshaol;
(f) cosaint tomhaltóirí;
(g) iompar;
(h) gréasáin thraseorpacha;
(i) fuinneamh;
(j) limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais;
(k) gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte
poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe i gCuid
III.
3. I réimsí an taighde, na forbartha theicneolaíche
agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a
chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus
a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht
sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht
siúd a fheidhmiú.
4. I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla,
beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a
chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh
mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit
a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.
AIRTEAGAL I-15
Beartais eacnamaíocha agus fostaíochta a chomhordú
1. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha
laistigh den Aontas. Chuige sin, glacfaidh Comhairle na nAirí bearta,
go háirithe na mórthreoirlínte do na beartais sin.
Beidh feidhm ag forálacha sonracha maidir leis na Ballstáit
sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
2. Glacfaidh an tAontas bearta chun comhordú bheartas fostaíochta
na mBallstát a áirithiú, go háirithe trí threoirlínte
do na beartais sin a shainiú.
3. Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun comhordú bheartais
shóisialta na mBallstát a áirithiú.
AIRTEAGAL I-16
An comhbheartas eachtrach agus slándála
1. In ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála,
folóidh inniúlacht an Aontais gach réimse den bheartas
eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais,
lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach,
as a bhféadfadh comhchosaint teacht.
2. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar
le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon
dílseachta agus dlúthpháirtíochta i leith a chéile
agus urramóidh siad gníomhaíocht an Aontais sa réimse
sin. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh contrártha
le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht
a dhochrú.
AIRTEAGAL I-17
Réimsí a bhaineann le gníomhaíocht tacaíochta,
chomhordaitheach nó chomhlántach
Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíocht tacaíochta,
chomhordaitheach nó chomhlántach a ghlacadh. Is iad réimsí na
gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:
(a) sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú;
(b) tionscal;
(c) cultúr;
(d) turasóireacht;
(e) oideachas, óige, spórt agus gairmoiliúint;
(f) cosaint shibhialta;
(g) comhar riaracháin.
AIRTEAGAL I-18
Clásal na solúbthachta
1. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ag an
Aontas, faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe i gCuid III,
chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sa Bhunreacht
a bhaint amach agus nach dtugtar sa Bhunreacht na cumhachtaí is gá,
déanfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon
toil ar thogra ón gCoimisiún Eorpach agus tar éis toiliú a
fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na bearta iomchuí a ghlacadh.
2. Faoi chuimsiú an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh
ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal
I-11(3), tarraingeoidh an Coimisiún Eorpach aird na bParlaimintí náisiúnta
ar na tograí arna mbunú ar an Airteagal seo.
3. Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal
seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát
sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin
leis an mBunreacht.
TEIDEAL IV
INSTITIÚIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL I
AN CREAT INSTITIÚIDEACH
AIRTEAGAL I-19
Institiúidí an Aontais
1. Beidh ag an Aontas creat institiúideach arb é is aidhm dó:
–
a chuspóirí a shaothrú,
–
a luachanna a chur ar aghaidh,
–
fónamh dá leasanna, agus do leasanna a shaoránach agus
a Bhallstát,
–
comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid
beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú.
Cuimsíonn an creat institiúideach:
–
Parlaimint na hEorpa,
–
An Chomhairle Eorpach,
–
Comhairle na nAirí (dá ngairtear "an Chomhairle" anseo
feasta),
–
An Coimisiún Eorpach (dá ngairtear "an Coimisiún" anseo
feasta),
–
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
2. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha
na gcumhachtaí atá tugtha di sa Bhunreacht, i gcomhréir
leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha aá leagtha
amach ann. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis
i leith a chéile.
AIRTEAGAL I-20
Parlaimint na hEorpa
1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle,
feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú. Feidhmeoidh
sí feidhmeanna um rialú polaitiúil agus feidhmeanna
comhairleacha faoi mar atá leagtha síos sa Bhunreacht. Toghfaidh
sí Uachtarán an Choimisiúin.
2. Beidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe do shaoránaigh
an Aontais. Ní rachaidh a líon thar seacht gcéad caoga.
Beidh ionadaíocht na saoránach comhréireach go céimlaghdaitheach
agus beidh íosmhéid seisear comhaltaí ann do gach Ballstát.
Ní bheidh níos mó ná sé shuíochán
is nócha ag aon Bhallstát.
Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thionscnamh ó Pharlaimint
na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh Eorpach lena socrófar
comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail
dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
3. Toghfar comhaltaí Pharlaimint na hEorpa go ceann téarma
oifige cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann
dhíreach i saorbhallóid rúnda.
4. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a cuid oifigeach
as líon a cuid comhaltaí.
AIRTEAGAL I-21
An Chomhairle Eorpach
1. Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt
agus saineoidh sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla
ginearálta. Ní fheidhmeoidh sí feidhmeanna reachtacha.
2. Beidh Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Cheannairí Stáit
nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus
Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais páirt ina cuid oibre.
3. Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile in aghaidh na ráithe
arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éilíonn
an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle
Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine
acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh
comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Má éilíonn
an staid a leithéid, déanfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách
den Chomhairle Eorpach a chomóradh.
4. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht,
glacfar cinntí na Comhairle Eorpaí trí chomhthoil.
AIRTEAGAL I-22
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
1. Toghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán, trí thromlach
cáilithe, go ceann téarma dhá bhliain go leith, a bheidh
inathnuaite uair amháin. Mura féidir dó nó di
feidhmiú nó i gcás mí-iompair thromchúisigh,
féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma oifige nó a
téarma oifige a chríochnú i gcomhréir leis an
nós imeachta céanna.
2. I dtaca le hUachtarán na Comhairle Eorpaí:
(a) beidh sé nó sí i gceannas ar an gComhairle Eorpach
agus stiúrfaidh sé nó sí a himeachtaí;
(b) i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn imeachtaí na
Comhairle Gnóthaí Ginearálta, áiritheoidh sé nó sí ullmhúchán
agus leanúnachas imeachtaí na Comhairle Eorpaí;
(c) feáchfaidh sé nó sí le comhchuibheas agus
comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach;
(d) tíolacfaidh sé nó sí tuarascáil do
Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle
Eorpaí.
Á
iritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal
féin agus sa cháil sin ionadaíocht eachtrach an Aontais
maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála,
ach sin gan dochar do chumhachtaí Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais.
3. Ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí oifig
náisiúnta a fheidhmiú.
AIRTEAGAL I-23
Comhairle na nAirí
1. Feidhmeoidh an Chomhairle, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa,
feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Feidhmeoidh sí feidhmeanna
sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a fhoráiltear
sa Bhunreacht.
2. Beidh an Chomhairle comhdhéanta d'ionadaí do gach Ballstát
ar leibhéal aireachta a fhéadfaidh ceangaltas a thabhairt thar
ceann rialtas an Bhallstáit í dtrácht agus vóta
a chaitheamh.
3. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe
ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht.
AIRTEAGAL I-24
Foirmíochtaí Chomhairle na nAirí
1. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla.
2. Áiritheoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
comhchuibheas imeachtaí na bhfoirmíochtaí eagsúla
den Chomhairle.
Ullmhóidh sí cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus áiritheoidh
sí go gcuirtear na cinntí i gcrích i gcuibhreann le
hUachtarán na Comhairle agus leis an gCoimisiún.
3. Cumfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht
eachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha
arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh
sí comhchuibheas ghníomhaíochtaí an Aontais.
4. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach cáilithe cinneadh
Eorpach lena mbunófar liosta na bhfoirmíochtaí eile
den Chomhairle.
5. Beidh coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát freagrach
as imeachtaí na Comhairle a ullmhú.
6. Suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanann
sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair
a dhéanann sí vótáil ina leith. Chuige sin, roinnfear
gach seisiún den Chomhairle ina dhá chuid, ceann a bhaineann
le pléití maidir le gníomhartha reachtacha an Aontais
agus ceann a bhaineann le gníomhartha neamhreachtacha.
7. Amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha,
déanfaidh ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Uachtaránacht
na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a shealbhú ar bhonn
uainíochta comhionainne, i gcomhréir leis na coinníollacha
a bhunófar le cinneadh Eorpach ón gComhairle Eorpach. Gníomhóidh
an Chomhairle Eorpach trí thromlach cáilithe.
AIRTEAGAL I-25
Sainiú ar an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa
Chomhairle
1. Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na
Comhairle, a chuimsíonn cúig chomhalta déag ar a laghad
agus a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65% ar a laghad
de dhaonra an Aontais.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
ceithre chomhalta ar a laghad den Chomhairle; dá uireasa sin measfar
an tromlach cáilithe a bheith ann.
2. De mhaolú ar mhír 1, nuair nach ar thogra ón gCoimisiún
ná ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh
an Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe mar 72% ar a laghad
de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a
chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra an Aontais.
3. Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir leis an gComhairle
Eorpach nuair a ghníomhóidh sí trí thromlach
cáilithe.
4. Sa Chomhairle Eorpach, ní ghlacfaidh a hUachtarán ná Uachtarán
an Choimisiúin páirt sa vótáil.
AIRTEAGAL I-26
An Coimisiún Eorpach
1. Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais
a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige
sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm an Bunreacht agus
na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun an Bhunreachta.
Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad
a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú.
Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin
agus bainistíochta mar atá leagtha síos sa Bhunreacht.
Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus
amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht, áiritheoidh
sé ionadaíocht eachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh
a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil
an Aontais d'fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha.
2. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, ní fhéadfar
gníomhartha reachtacha Aontais a ghlacadh ach amháin ar thogra ón
gCoimisiún. Glacfar gníomhartha eile ar bhonn togra ón
gCoimisiún nuair a fhoráiltear dó sin sa Bhunreacht.
3. Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCoimisiún.
4. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin mar gheall ar
a n-inniúlacht i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach as measc daoine
nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras.
5. Beidh an chéad Choimisiún a ainmneofar faoi fhorálacha
an Bhunreachta comhdhéanta de náisiúnach amháin
as gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán
agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a bheidh ar dhuine
dá Leasuachtaráin.
6. Amhail ó dheireadh théarma oifige an Choimisiúin,
dá dtagraítear i mír 5, beidh an Coimisiún comhdhéanta
de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán
agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a fhreagróidh
do dhá thrian de líon na mBallstát, ach amháin
má chinneann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon
toil, an líon sin a athrú.
Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin as measc náisiúnaigh
na mBallstát ar bhonn córais uainíochta comhionainne
idir na Ballstáit. Bunófar an córas sin le cinneadh
Eorpach arna ghlacadh d'aon toil ag an gComhairle Eorpach agus arna bhunú ar
na prionsabail seo a leanas:
(a) cuirfear an chóir chomhionann cheannann chéanna ar na Ballstáit
i dtaca leis an ord san am agus an ré ina mbeidh a náisiúnaigh
mar chomhaltaí den Choimisiún a chinneadh; dá bhrí sin,
ní fhéadfaidh an difríocht idir líon iomlán
na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh
aon dá Bhallstát ar leith bheith níos mó ná téarma
amháin;
(b) faoi réir phointe (a), beidh gach Coimisiún leanúnach
comhdhéanta ar dhóigh a léireoidh go sásúil
raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile.
7. I bhfeidhmiú a fheidhmeanna, beidh an Coimisiún neamhspleách
ar fad. Gan dochar d'Airteagal I-28(2), ní iarrfaidh comhaltaí an
Choimisiúin teagaisc ar aon rialtas ná aon institiúid,
comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile ná ní ghlacfaidh
siad teagasc uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn
lena bhfeidhmeanna nó le comhlíonadh a gcúraimí.
8. Beidh an Coimisiún mar chomhlacht freagrach do Pharlaimint na hEorpa.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa vótáil ar thairiscint
cáinte i leith an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal
III-340. Má ritear tairiscint den sórt sin, caithfidh comhaltaí uile
an Choimisiúin scor dá n-oifig d'aon bhuíon agus caithfidh
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais éirí as na
feidhmeanna a fheidhmíonn sé nó sí sa Choimisiún.
AIRTEAGAL I-27
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
1. Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus
tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí,
déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach
cáilithe, an t-iarrthóir atá beartaithe aici d'Uachtaránacht
an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint
na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach de na comhaltaí a
chomhdhéanann í. Mura sroichfidh sé nó sí an
tromlach is gá, molfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di
trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua do Pharlaimint
na hEorpa faoi cheann míosa agus toghfaidh Parlaimint na hEorpa é nó í de
réir an nós imeachta chéanna.
2. Glacfaidh an Chomhairle, i gcomhaontú de thoil a chéile
leis an Uachtarán toghaí, an liosta de na daoine eile a bheartóidh
sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún. Déanfar
an rogha sin ar bhonn moltaí arna ndéanamh ag na Ballstáit,
i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach i mír
4 agus sa dara fomhír de mhír 6 d'Airteagal I-26.
Déanfar an tUachtarán, Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais agus comhaltaí eile an Choimisiúin a chur mar chomhlacht
faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa. Ceapfaidh
an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,
an Coimisiún ar bhonn an toilithe sin.
3. Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin:
(a) na treoirlínte a leagan síos a bhfeidhmeoidh an Coimisiún
laistigh díobh;
(b) eagrúchán inmheánach an Choimisiúin a chinneadh
chun comhchuibheas, éifeachtúlacht agus coláisteachas
a ghníomhaíochta a áirithiú;
(c) Leasuachtaráin, seachas Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais, a cheapadh as líon chomhaltaí an Choimisiúin.
É
ireoidh comhalta den Choimisiún as oifig arna iarraidh sin don Uachtarán. Éireoidh
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais as oifig, i gcomhréir
leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal I-28(1),
arna iarraidh sin don Uachtarán.