CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
CUID I
AIRTEAGAL I-28
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais
1. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach
cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin,
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a cheapadh. Féadfaidh
an Chomhairle Eorpach a théarma nó a téarma oifige a
chríochnú de réir an nós imeachta chéanna.
2. Seolfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais comhbheartas
eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé nó sí trína
thograí nó trína tograí leis an mbeartas sin
a chumadh agus feidhmeoidh sé nó sí é faoi mar
a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé nó sí amhlaidh
maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.
3. Beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais i gceannas ar an
gComhairle Gnóthaí Eachtracha.
4. Beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar dhuine de Leas-Uachtaráin
an Choimisiúin. Áiritheoidh sé nó sí comhchuibheas
ghníomhaíocht eachtrach an Aontais. Beidh sé nó sí freagrach
laistigh den Choimisiún as na freagrachtaí a thiteann ar an
gCoimisiún sa chaidreamh eachtrach agus as gnéithe eile de
ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a chomhordú. Agus
na freagrachtaí sin á bhfeidhmiú aige nó aici
laistigh den Choimisiún, agus i dtaca leis na freagrachtaí sin
amháin, beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais faoi
réir nósanna imeachta an Choimisiúin, a mhéad
atá sé sin comhchuí le míreanna 2 agus 3.
AIRTEAGAL I-29
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
1. Cuimseoidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Chúirt
Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus cúirteanna
speisialaithe. Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i
léiriú an Bhunreachta agus ina chur i bhfeidhm.
Cuirfidh na Ballstáit leighis ar fáil atá leordhóthanach
chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí atá folaithe
le dlí an Aontais.
2. Beidh an Chuirt Bhreithiúnais comhdhéanta de bhreitheamh
amháin as gach Ballstát. Beidh Abhcóidí Ginearálta
de chúnamh aici.
Beidh ar an gCúirt Ghinearálta breitheamh amháin ar
a laghad as gach Ballstát.
Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta
na Cúirte Breithiúnais agus Breithiúna na Cúirte
Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha
in amhras agus a chomhallann na coinníollacha atá leagtha síos
in Airteagail III-355 agus III-356. Ceapfaidh rialtais na mBallstát
iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana. Féadfar
Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta atá ag éirí as
oifig a athcheapadh.
3. Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
i gcomhréir le Cuid III:
(a) rialú a thabhairt ar chaingne arna dtabhairt ag Ballstát,
institiúid nó duine nádúrtha nó dlítheanach;
(b) réamhrialuithe a thabhairt, arna n-iarraidh sin do chúirteanna
nó binsí de chuid na mBallstát, maidir le léiriú dhlí an
Aontais nó le bailíocht gníomhartha arna nglacadh ag
na hinstitiúidí;
(c) rialú a thabhairt i gcásanna eile dá bhforáiltear
sa Bhunreacht.
CAIBIDIL II
INSTITIÚIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA EILE AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-30
An Banc Ceannais Eorpach
1. Comhdhéanfar an Córas Eorpach Bhanc Ceannais den Bhanc Ceannais
Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Déanfaidh
an Banc Ceannais Eorpach i dteannta le bainc cheannais náisiúnta
na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chomhdhéanann
an tEurochóras, beartas airgeadaíochta an Aontais a sheoladh.
2. Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh
a rialóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais. Beidh de chuspóir
príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais cobhsaíocht
praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin,
tacóidh sé leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta
san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an
Aontais. Seolfaidh sé cúraimí eile Bainc Cheannais i
gcomhréir le Cuid III agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc
Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
3. Is institiúid é an Banc Ceannais Eorpach. Beidh pearsantacht
dhlítheanach aige. Eisean amháin a fhéadfaidh eisiúint
an euro a údarú. Beidh sé neamhspleách i bhfeidhmiú a
chumhachtaí agus i mbainistiú a chúrsaí airgeadais.
Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus
gníomhaireachtaí an Aontais agus rialtais na mBallstát
an neamhspleáchas sin a urramú.
4. Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach pé bearta is gá chun
a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagail
III-185 go III-191 agus le hAirteagal III-196, agus leis na coinníollacha
atá socraithe i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus
an Bhainc Cheannais Eorpaigh. I gcomhréir leis na hAirteagail chéanna
sin, coinneoidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu,
agus a gcuid Banc Ceannais, a gcumhachtaí in ábhair airgeadaíochta.
5. Rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, sna réimsí a
thig faoina fhreagrachtaí, maidir le gach gníomh Aontais arna
bheartú, agus le gach togra rialacháin ar leibhéal náisiúnta,
agus féadfaidh sé tuairimí a thabhairt.
6. Tá comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
a gcomhdhéanamh agus a mhodhanna oibriúcháin leagtha
amach in Airteagail III-382 agus III-383, agus freisin i Reacht an Chórais
Eorpaigh Bhanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
AIRTEAGAL I-31
An Chúirt Iniúchóirí
1. Is institiúid í an Chúirt Iniúchóirí.
Déanfaidh sí iniúchóireacht ar chuntais an Aontais.
2. Scrúdóidh sí na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas
uile an Aontais, agus áiritheoidh sí an dea-bhainistíocht
airgeadais.
3. Beidh sí comhdhéanta de náisiúnach amháin
as gach Ballstát. Beidh a comhaltaí, chun leas ginearálta
an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.
AIRTEAGAL I-32
Comhlachtaí comhairleacha an Aontais
1. Beidh Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairleacha de chúnamh
ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.
2. Beidh Coiste na Réigiún comhdhéanta d'ionadaithe
do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla
a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach
nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil
do thionól tofa.
3. Beidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhdhéanta
d'ionadaithe d'eagraíochtaí fostóirí, fostaithe
agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta,
go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta,
gairmiúla agus cultúrtha.
4. Ní bheidh comhaltaí Choiste na Réigiún agus
an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta faoi cheangal ag aon
teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais,
neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.
5. Tá na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh na gCoistí sin,
lena gcuid comhaltaí a ainmniú, lena gcumhachtaí agus
lena n-oibriúcháin leagtha amach in Airteagail III-386 go III-392.
Déanfaidh an Chomhairle na rialacha dá dtagraítear i
míreanna 2 agus 3 a bhaineann le cineál a gcomhdhéanaimh
a athbhreithniú go tráthrialta chun forbairtí eacnamaíocha,
sóisialta agus déimeagrafacha san Aontas a chur san áireamh.
Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinntí Eorpacha
chuige sin.
TEIDEAL V
INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS A FHEIDHMIÚ
CAIBIDIL I
FORÁLACHA COITEANNA
AIRTEAGAL I-33
Gníomhartha dlí an Aontais
1. D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, úsáidfidh
na hinstitiúidí mar ionstraimí dlítheanacha,
i gcomhréir le Cuid III, dlíthe Eorpacha, dlíthe réime
Eorpacha, rialacháin Eorpacha, cinntí Eorpacha, moltaí agus
tuairimí.
Is gníomh reachtach é an dlí Eorpach a mbeidh feidhm
ghinearálta aige. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán
agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Is gníomh reachtach é an dlí réime Eorpach a
bheidh ina cheangal ar gach Ballstát chuig a ndíreofar é maidir
leis an toradh atá le gnóthú, ach fágfar faoi
na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.
Is gníomh neamhreachtach é an rialachán Eorpach a mbeidh
feidhm ghinearálta aige maidir le gníomhartha reachtacha agus
forálacha áirithe den Bhunreacht a chur chun feidhme. Féadfaidh
sé a bheith ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme
go díreach i ngach Ballstát, nó ina cheangal ar gach
Ballstát chuig a ndíreofar é maidir leis an toradh atá le
gnóthú, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta
foirm agus modhanna a roghnú.
Is gníomh neamhreachtach é an cinneadh Eorpach a bheidh ina
cheangal go huile agus go hiomlán. Nuair a shonróidh cinneadh
iad siúd chuig ndíreofar é is orthu sin amháin
a bheidh sé ina cheangal.
Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le
tuairimí.
2. Agus dréachtghníomhartha á bplé acu, staonfaidh
Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle ó ghníomhartha a ghlacadh nach bhforáiltear
dóibh sa nós imeachta reachtach is ábhartha sa réimse
i dtrácht.
AIRTEAGAL I-34
Gníomhartha reachtacha
1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thogra ón
gCoimisiún, dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime
Eorpacha a ghlacadh go compháirteach i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach mar atá leagtha amach in Airteagal III-396. Mura
n-éireoidh leis an dá institiúid teacht ar chomhaontú,
ní ghlacfar an gníomh i gceist.
2. Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht,
déanfaidh Parlaimint na hEorpa dlíthe agus dlíthe réime
Eorpacha a ghlacadh le rannpháirtíocht ón gComhairle,
nó déanfaidh an Chomhairle iad a ghlacadh le rannpháirtíocht ó Pharlaimint
na hEorpa, i gcomhréir le nósanna imeachta reachtacha speisialta.
3. Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht,
féadfar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha
a ghlacadh ar thionscnamh ó ghrúpa de Bhallstáit nó ó Pharlaimint
na hEorpa, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó arna iarraidh
sin don Chúirt Bhreithiúnais nó don Bhanc Eorpach Infheistíochta.
AIRTEAGAL I-35
Gníomhartha neamhreachtacha
1. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach cinntí Eorpacha sna cásanna
dá bhforáiltear sa Bhunreacht.
2. Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún, go háirithe
sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagail I-36 agus
I-37, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna sonracha dá bhforáiltear
sa Bhunreacht, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh.
3. Glacfaidh an Chomhairle moltaí. Gníomhóidh sí ar
thogra ón gCoimisiún sna cásanna uile ina bhforáiltear
sa Bhunreacht go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón
gCoimisiún. Gníomhóidh sí d'aon toil sna réimsí sin
inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh.
Déanfaidh an Coimisiún, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna
sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht, moltaí a ghlacadh.
AIRTEAGAL I-36
Rialacháin Eorpacha arna dtarmligean
1. Féadfaidh dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime
Eorpacha an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún rialacháin
Eorpacha arna dtarmligean a ghlacadh chun eilimintí áirithe
nach bhfuil sár-riachtanach den dlí Eorpach nó den dlí réime
Eorpach a fhorlíonadh nó a leasú.
Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean
na cumhachta a shainiú go sainráite sna dlíthe Eorpacha
agus sna dlíthe réime Eorpacha. Déanfar na heilimintí sár-riachtanacha
d'aon réimse a fhorchoimeád don dlí Eorpach nó don
dlí réime Eorpach agus ní bheidh na heilimintí sin
dá réir sin ina n-ábhar do tharmligean cumhachta.
2. Leagfar síos go sainráite le dlíthe Eorpacha agus
le dlíthe réime Eorpacha na coinníollacha a mbeidh an
tarmligean faoina réir; féadfaidh na coinníollacha sin
a bheith mar a leanas:
(a) féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a chinneadh
an tarmligean a chúlghairm;
(b) ní fhéadfaidh an rialachán Eorpach arna tharmligean
teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in
iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de
thréimhse arna socrú le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach.
Chun críocha (a) agus (b), gníomhóidh Parlaimint na
hEorpa trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í,
agus gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
AIRTEAGAL I-37
Gníomhartha cur chun feidhme
1. Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta
is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh
dlí a chur chun feidhme.
2. Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha
Aontais a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur
chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha
cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear
in Airteagal I-40, don Chomhairle.
3. Chun críocha mhír 2, bunófar roimh ré le dlíthe
Eorpacha na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis
na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar
fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.
4. Is i bhfoirm rialacháin Eorpacha cur chun feidhme nó cinntí Eorpacha
cur chun feidhme a bheidh gníomhartha cur chun feidhme Aontais.
AIRTEAGAL I-38
Prionsabail is coiteann do ghníomhartha dlí an Aontais
1. Nuair nach sonraítear leis an mBunreacht an saghas gnímh
atá le glacadh, roghnóidh na hinstitiúidí é de
réir an cháis, agus na nósanna imeachta is infheidhme
agus prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in
Airteagal I-11 á gcomhlíonadh.
2. Sonrófar sna gníomhartha dlí na réasúin
is bun leo agus tagróidh siad do na tograí, na tionscnaimh,
na moltaí, na hiarrataí nó na tuairimí is gá de
bhun an Bhunreachta.
AIRTEAGAL I-39
Foilsiú agus teacht i bhfeidhm
1. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán
na Comhairle a shíneoidh na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe
réime Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach.
I gcásanna eile is é Uachtarán na hinstitiúide
a ghlac iad a shíneoidh iad. Foilseofar dlíthe Eorpacha agus
dlíthe réime Eorpacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar iontu
nó, mura sonrófar dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis
a bhfoilsithe.
2. Rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha nach sonraíonn
cé chuige a bhfuil siad dírithe, is é Uachtarán
na hinstitiúide a ghlac iad a shíneoidh iad.
Rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha, i gcás nach
sonraíonn na cinntí sin cé chuige a bhfuil siad dírithe,
foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh
siad i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar iontu nó, mura
sonrófar dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis
a bhfoilsithe.
3. Cuirfear cinntí Eorpacha seachas na cinn dá dtagraítear
i mír 2 in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar
iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA SONRACHA
AIRTEAGAL I-40
Forálacha sonracha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus
slándála
1. Seolfaidh an tAontas Eorpach comhbheartas eachtrach agus slándála,
arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht pholaitiúil
fhrithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit, ar cheisteanna
leasa ghinearálta a shainaithint agus ar chéim chóineasaithe
a bheidh ag síormhéadú idir ghníomhaíochtaí na
mBallstát a ghnóthú.
2. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna straitéiseacha
an Aontais a shainaithint agus cuspóirí a chomhbheartais eachtraigh
agus slándála a chinneadh. Cumfaidh an Chomhairle an beartas
sin faoi chuimsiú na dtreoirlínte straitéiseacha arna
mbunú ag an gComhairle Eorpach agus i gcomhréir le Cuid III.
3. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle na cinntí Eorpacha
is gá.
4. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus
na Ballstáit an comhbheartas eachtrach agus slándála
a chur in éifeacht, agus leas á bhaint as acmhainní naísiúnta
agus acmhainní an Aontais.
5. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i dtionól
na Comhairle Eorpaí agus i dtionól na Comhairle maidir le haon
saincheist leasa ghinearálta a bhaineann le beartas eachtrach agus
slándála chun cur chuige coiteann a shainiú. Sula nglacfaidh
sé ar láimh aon ghníomhaíocht ar an ardán
idirnáisiúnta nó aon cheangaltas a d'fhéadfadh
difear a dhéanamh do leasanna an Aontais, rachaidh gach Ballstát
i gcomhairle leis na Ballstáit eile i dtionól na Comhairle
Eorpaí nó i dtionól na Comhairle. Áiritheoidh
na Ballstáit, trína gcuid gníomhaíochtaí a
chóineasú, go mbeidh an tAontas in ann a leasanna agus a luachanna
a chur i gcion ar an ardán idirnáisiúnta. Beidh na Ballstáit
dlúthpháirteach le chéile.
6. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle cinntí Eorpacha
a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a
ghlacadh d'aon toil, seachas sna cásanna dá dtagraítear
i gCuid III. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
ar thionscnamh ó Bhallstát, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais, nó ar thogra ón Aire sin le tacaíocht ón
gCoimisiún. Eisiafar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime
Eorpacha.
7. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon
toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach
cáilithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear
i gCuid III.
8. Rachfar i gcomhairle go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa maidir
le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh
agus slándála. Coinneofar ar an eolas í faoina éabhlóid.
AIRTEAGAL I-41
Forálacha sonracha a bhaineann leis an gcomhbheartas slándála
agus cosanta
1. Beidh an comhbheartas slándála agus cosanta ina chuid dhílis
den chomhbheartas eachtrach agus slándála. Cuirfidh sé cumas
oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt
ar shócmhainní sibhialta agus míleata. Féadfaidh
an tAontas iad a úsáid maidir le misin lasmuigh den Aontas
a bhaineann leis an tsíochánaíocht, coinbhleachtaí a
chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i
gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.
Cuirfear na cúraimí sin i gcrích ag baint úsáide
as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.
2. Beidh ar áireamh sa chomhbheartas slándála agus cosanta
comhbheartas cosanta an Aontais a chumadh go comhleanúnach. Tiocfaidh
comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach amhlaidh, ag
gníomhú di d'aon toil. Sa chás sin, molfaidh sí do
na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir
lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an
Airteagal seo dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála
agus cosanta Ballstát áirithe, urramóidh sé na
hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint
bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, agus
beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála
agus cosanta arna bhunú sa chreat sin.
3. Déanfaidh na Ballstáit, d'fhonn an comhbheartas slándála
agus cosanta a chur chun feidhme, cumais shibhialta agus mhíleata
a chur ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis na cuspóirí arna
sainiú ag an gComhairle. Na Ballstáit sin a bhunaíonn
fórsaí ilnáisiúnta le chéile, féadfaidh
siad freisin na fórsaí sin a chur ar fáil don chomhbheartas
slándála agus cosanta.
Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcumais mhíleata a
fheabhsú go comhleanúnach. Déanfar Gníomhaireacht
a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar
agus le harmálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint) a bhunú chun
riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a chur ar aghaidh
chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is
gá do neartú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch
earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a
chur chun feidhme, bheith rannpháirteach i mbeartas Eorpach chumas
agus armálacha a shainiú, agus cuidiú leis an gComhairle
chun feabhsú ar a gcumas míleata a mheas.
4. Cinntí Eorpacha a bhaineann leis an mbeartas slándála
agus cosanta, lena n-áirítear na cinntí sin a chuireann
tús le misean dá dtagraítear san Airteagal seo, glacfaidh
an Chomhairle iad ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó ar thionscnamh ó Bhallstát.
Féadfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a mholadh
go rachfar ar iontaoibh acmhainní náisiúnta agus ionstraimí an
Aontais araon, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún nuair is iomchuí.
5. Féadfaidh an Chomhairle a chur de chúram, i gcreat an Aontais,
ar ghrúpa de Bhallstáit cúram a chur i gcrích
d'fhonn luachanna an Aontais a chosaint agus fónamh dá leasanna.
Beidh cur i gcrích an chúraim sin faoi réir Airteagal
III-310.
6. Na Ballstáit sin a chomhallann a gcumais mhíleata critéir
níos airde agus a bhfuil ceangaltais níos ceangailtí déanta
acu i leith a chéile sa réimse sin ar mhaithe leis na cúraimí is
déine, bunóidh siad buanchomhar struchtúrtha laistigh
de chreat an Aontais. Beidh an comhar sin faoi réir Airteagal III-312.
Ní dhéanfaidh sé difear d'fhorálacha Airteagal
III-309.
7. Má dhéantar ionsaí armtha ar a chríoch ar
Bhallstát, caithfidh na Ballstáit rannpháirteacha eile
cúnamh agus cabhair a thabhairt dó le gach meán is féidir
leo, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún
Aontaithe. Ní dhéanfaidh sé sin difear do cháilíocht
shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.
Beidh na ceangaltais agus an comhar sa réimse sin comhchuí leis
na ceangaltais arna ngabháil ar láimh laistigh d'Eagraíocht
Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith dá gcosaint
chomhchoiteann i gcás na Stát atá ina gcomhaltaí de
agus mar eagras dá cur chun feidhme.
8. Rachfar i gcomhairle go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa maidir
le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais slándála
agus cosanta. Coinneofar ar an eolas í faoina éabhlóid.
AIRTEAGAL I-42
Forálacha sonracha a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála
agus ceartais
1. Is limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bheidh
san Aontas:
(a) trí dhlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha
a ghlacadh arb é is aidhm dóibh, más gá, dlíthe
agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú sna réimsí dá dtagraítear
i gCuid III;
(b) trí mhuinín fhrithpháirteach a chur chun cinn idir údaráis
inniúla na mBallstát, go háirithe ar bhonn cinntí breithiúnacha
agus seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach;
(c) trí chomhar oibríochtúil idir údaráis
inniúla na mBallstát, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta,
seirbhísí custaim agus seirbhísí eile a dhéanann
speisialtóireacht ar chionta coiriúla a chosc agus a bhrath.
2. Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta, faoi chuimsiú limistéar
saoirse, slándála agus ceartais, a bheith rannpháirteach
sna sásraí meastóireachta dá bhforáiltear
in Airteagal III-260. Beidh siad bainteach leis an bhfaireachán polaitiúil
ar Europol agus leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust,
i gcomhréir le hAirteagail III-276 agus III-273.
3. Beidh ceart tionscnaimh ag na Ballstáit i réimse an chomhair
phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla,
i gcomhréir le hAirteagal III-264.
AIRTEAGAL I-43
Clásal na dlúthpháirtíochta
1. Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhpháirt
le chéile de mheon dlúthpháirtíochta má fhulaingíonn
Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha
nó de dhéantús an duine. Slógfaidh an tAontas
na hionstraimí uile dá bhfuil ar láimh aige, lena n-áirítear
na hacmhainní míleata arna gcur ar fáil ag na Ballstáit,
chun:
(a) – bagairt na sceimhlitheoireachta ar chríoch na mBallstát
a chosc;
–
institiúidí daonlathacha agus an pobal sibhialta a chosaint
ar aon ionsaí
sceimhlitheoireachta;
–
bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh
sin dá údaráis pholaitiúla i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta;
(b) – bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch
arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla i gcás
tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine.
2. Tá na rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun
feidhme leagtha amach in Airteagal III-329.
CAIBIDIL III
COMHAR FEABHSAITHE
AIRTEAGAL I-44
Comhar feabhsaithe
1. Na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu
féin faoi chuimsiú inniúlachtaí neamheisiacha
an Aontais, féadfaidh siad leas a bhaint as institiúidí an
Aontais agus na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú trí fhorálacha
iomchuí an Bhunreachta a chur i bhfeidhm, faoi réir na dteorainneacha
agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha
síos san Airteagal seo agus in Airteagail III-416 go III-423.
Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe dlús a chur le cuspóirí an
Aontais, a leasanna a chosaint agus a phróiseas lánpháirtíochta
a neartú. Beidh an comhar sin ar oscailt do gach Ballstát tráth
ar bith, i gcomhréir le hAirteagal III-418.
2. Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena n-údarófar
an comhar feabhsaithe a ghlacadh mar rogha dheireanach nuair a bheidh sé suite
aici nach bhféadfaidh an tAontas ina iomláine cuspóirí an
chomhair sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta,
agus ar chuntar go mbeidh trian ar a laghad de na Ballstáit rannpháirteach
ann. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós
imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-419.
3. Féadfaidh gach comhalta den Chomhairle a bheith rannpháirteach
ina pléití, ach ní ghlacfaidh páirt sa vótáil
ach na comhaltaí sin amháin den Chomhairle a ionadaíonn
na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe.
Is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe
na mBallstát rannpháirteach amháin.
Saineofar an tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na
Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha
a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát sin.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí den Chomhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
De mhaolú ar an tríú fomhír agus ar an gceathrú fomhír,
nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an
Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe is gá mar 72% ar
a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit
rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na
mBallstát sin.
4. Ní bheidh gníomhartha arna nglacadh faoi chuimsiú an
chomhair fheabhsaithe ina gceangal ach ar na Ballstáit rannpháirteacha
amháin. Ní mheasfar iad mar chuid den acquis a gcaithfidh Stáit
is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas glacadh leis.
TEIDEAL VI
SAOL DAONLATHACH AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-45
Prionsabal an chomhionannais dhaonlathaigh
Ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas
prionsabal chomhionannas a shaoránach a gheobhaidh cóir chomhionann óna
chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.
AIRTEAGAL I-46
Prionsabal an daonlathais ionadaíoch
1. Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch.
2. Tá na saoránaigh ionadaithe go díreach ar leibhéal
an Aontais i bParlaimint na hEorpa.
Tá na Ballstáit ionadaithe sa Chomhairle Eorpach ag a gCeannairí Stáit
nó Rialtais agus sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach
iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta
nó os comhair a gcuid saoránach.
3. Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach
i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus
is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir
don saoránach.
4. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal
Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le
thoil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.
AIRTEAGAL I-47
Prionsabal an daonlathais rannpháirtíoch
1. Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do
chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí,
an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a nochtadh
go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an
Aontais.
2. Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach,
tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus
leis an tsochaí shibhialta.
3. D'fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an
Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán
leathan le páirtithe lena mbaineann.
4. Féadfaidh saoránaigh den Aontas, nach lú a líon
ná aon mhilliún amháin ar a laghad as líon suntasach
de Bhallstáit, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún,
faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh
maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le
gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun an Bunreacht
a chur chun feidhme. Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na forálacha
do na nósanna imeachta agus do na coinníollacha is gá do
thionscnamh mar sin ó na saoránaigh, lena n-áirítear
an t-íoslíon Ballstát as a gcaithfidh na saoránaigh
sin teacht.
AIRTEAGAL I-48
Na comhpháirtithe sóisialta agus an t-agallamh sóisialta
uathrialach
Déanann an tAontas ról na gcomhpháirtithe sóisialta
ar leibhéal an Aontais a aithint agus a chur chun cinn, agus éagsúlacht
na gcóras náisiúnta á cur san áireamh
aige. Éascóidh sé an t-agallamh idir na comhpháirtithe
sóisialta, agus a neamhspleáchas á hurramú aige.
An Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach ar mhaithe
leis an bhFás agus leis an bhFostaíocht, rannchuideoidh sé leis
an agallamh sóisialta.
AIRTEAGAL I-49
An tOmbudsman Eorpach
Glacfaidh Ombudsman Eorpach arna thoghadh ag Parlaimint na hEorpa gearáin
maidir le drochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí,
chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an
Aontais faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht,
scrúdóidh sé nó sí na gearáin sin
agus déanfaidh sé nó sí tuarascáil orthu.
Beidh an tOmbudsman Eorpach neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a
fheidhmeanna nó a feidhmeanna.
AIRTEAGAL I-50
Trédhearcacht imeachtaí institiúidí, chomhlachtaí,
oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais
1. D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht
na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí,
comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an
Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.
2. Suífidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí, agus
suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanann
sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair
a dhéanann sí vótáil ina leith.
3. Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha
nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil
a oifig chláraithe aige i mBallstát, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear i gCuid III, ceart rochtain a fháil
ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí,
oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén
meán ina bhfuil siad.
Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na prionsabail ghinearálta
agus na teorainneacha a mbeidh an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid
den sórt sin faoina rialú ar mhaithe leis an leas poiblí nó príobháideach.
4. Cinnfidh gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht
ina rialacha nós imeachta féin forálacha sonracha i
dtaca le rochtain ar a chuid doiciméad, i gcomhréir leis na
dlíthe Eorpacha dá dtagraítear i mír 3.
AIRTEAGAL I-51
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéantar na sonraí pearsanta
a bhaineann leis nó léi a chosaint.
2. Leagfar síos le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe
réime Eorpacha na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha
a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil
ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an
Aontais, agus ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur
i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus
na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh
na rialacha sin faoi réir rialú údarás neamhspleách.
AIRTEAGAL I-52
Stádas eaglaisí agus eagraíochtaí neamhfhaoistiniúla
1. Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta
atá ag eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha
sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don
stádas sin.
2. Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin
dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha
agus neamhfhaoistiniúla.
3. Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus
dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas agallamh
oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl
leis na heaglaisí agus na heagraíochtaí sin.
TEIDEAL VII
CÚRSAÍ AIRGEADAIS AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-53
Prionsabail bhuiséadacha agus airgeadais
1. Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh
i meastacháin arna dtarraingt suas do gach bliain airgeadais agus
taispeánfar iad i mbuiséad an Aontais, i gcomhréir le
Cuid III.
2. Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas arna dtaispeáint
sa bhuiséad a bheith ar comhardú.
3. Údarófar an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad
don tréimhse bhuiséadach bhliantúil i gcomhréir
leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412.
4. Chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun
feidhme beidh gá le gníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh
dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar
dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachas
chomhfhreaigh i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear
in Airteagal III-412, ach amháin sna cásanna da bhforáiltear
sa dlí sin.
5. D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní ghlacfaidh
an tAontas aon ghníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha
a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar
an caiteachas a eascraíonn ón ngníomh sin a mhaoiniú laistigh
de theorainneacha acmhainní dílse an Aontais agus i gcomhréir
leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear
in Airteagal I-55.
6. Déanfar an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir
le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh
na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear
na leithreasaí sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal
sin.
7. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir
le hAirteagal III-415, calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla
eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais
a chomhrac.
AIRTEAGAL I-54
Acmhainní dílse an Aontais
1. Cuirfidh an tAontas ar fáil dó féin na meáin
is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais
a chur i gcrích.
2. Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar buiséad an Aontais go hiomlán
as a acmhainní dílse.
3. Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha
a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais. Sa
chomhthéacs sin, féadfar catagóirí nua acmhainní dílse
a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa. Ní thiocfaidh an dlí sin i bhfeidhm
go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir
lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
4. Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle cur chun
feidhme chóras acmhainní dílse an Aontais a mhéad
a fhoráiltear sa dlí Eorpach arna ghlacadh ar bhonn mhír
3. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis toiliú a
fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL I-55
An creat airgeadais ilbhliantúil
1. Áiritheoidh an creat airgeadais ilbhliantúil go dtiocfaidh
forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh
de theorainneacha a acmhainní dílse. Socróidh sé méideanna
na n-uasteorainneacha bliantúla do leithreasaí faoi chomhair
oibleagáidí de réir catagóirí caiteachais
i gcomhréir le hAirteagal III-402.
2. Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle an creat
airgeadais ilbhliantúil. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon
toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na
hEorpa arna thabhairt ag tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.
3. Comhlíonfaidh buiséad bliantúil an Aontais an creat
airgeadais ilbhliantúil.
4. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil
lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach
cáilithe nuair a bheidh an dlí Eorpach ón gComhairle
dá dtagraítear i mír 2 á ghlacadh.
AIRTEAGAL I-56
Buiséad an Aontais
Bunófar buiséad bliantúil an Aontais le dlí Eorpach,
i gcomhréir hAirteagal III-404.
TEIDEAL VIII
AN tAONTAS AGUS A CHOMHARSANA
AIRTEAGAL I-57
An tAontas agus a chomharsana
1. Déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha
comharsanacha d'fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta
a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is
sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaíthe
ar an gcomhar.
2. Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tAontas comhaontuithe
sonracha a thabhairt i gcrích leis na tíortha i dtrácht.
Féadfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha
a bheith ar áireamh sna comhaontuithe sin mar aon leis an gcaoi gníomhaíochtaí a
ghabháil ar láimh go comhpháirteach. Beidh a gcur chun
feidhme ina ábhar do chomhairliúchán tréimhsiúil.
TEIDEAL IX
BALLRAÍOCHT AN AONTAIS
AIRTEAGAL I-58
Coinníollacha inghlacthachta agus nós imeachta maidir le haontachas
leis an Aontas
1. Beidh an tAontas ar oscailt do gach Stát Eorpach a urramaíonn
na luachanna dá dtagraítear in Airteagal I-2 agus atá tiomanta
iad a chur chun cinn go comhpháirteach.
2. Féadfaidh aon Stát Eorpach ar mian leis teacht chun bheith
ina chomhalta den Aontas a iarratas a dhíriú chuig an gComhairle.
Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta
ar an eolas faoin iarratas sin. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon
toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis
toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh
trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.
Beidh na coinníollacha agus na socruithe maidir leis an aontachas
ina ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus an Stát
is iarrthóir. Beidh an comhaontú sin faoi réir a dhaingnithe
ag gach Stát Conarthach, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla
faoi seach.
AIRTEAGAL I-59
Cearta áirithe a leanann ó bhallraíocht san Aontas a
fhionraí
1. Ar thionscnamh réasúnaithe ó thrian de na Ballstáit
nó ar thionscnamh réasúnaithe ó Pharlaimint na
hEorpa nó ar thogra ón gCoimisiún, féadfaidh
an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh lena suífear go bhfuil baol
soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach
ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal I-2. Gníomhóidh
an Chomhairle trí thromlach ceithre chúigiú dá comhaltaí tar éis
toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
Sula suífidh sí amhlaidh, éistfidh an Chomhairle an
Ballstát i dtrácht agus, ag gníomhú di i gcomhréir
leis an nós imeachta céanna, féadfaidh sí moltaí a
dhíriú chuig an Stát sin.
Athbhreithneoidh an Chomhairle go tráthrialta an bhfuil feidhm i gcónaí ag
na forais a bhí lena suíomh amhlaidh.
2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ó thrian
de na Ballstáit nó ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh
Eorpach a ghlacadh lena suífear go bhfuil sárú tromchúiseach
leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar na luachanna
atá luaite in Airteagal I-2, tar éis iarraidh ar an mBallstát
i gceist a bharúlacha a thíolacadh. Gníomhóidh
an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint
na hEorpa.
3. Nuair a shuífear amhlaidh faoi mhír 2, féadfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,
cinneadh Eorpach a ghlacadh lena bhfionrófar cearta áirithe
a chineann ón mBunreacht a chur i bhfeidhm ar an mBallstát
i dtrácht, lena n-áirítear cearta vótála
an chomhalta den Chomhairle a ionadaíonn an Stát sin. Cuirfidh
an Chomhairle san áireamh na hiarmhairtí a fhéadfadh
teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus le hoibleagáidí daoine
nádúrtha agus dlítheanacha.
Ar aon chuma, leanfaidh an Stát sin de bheith faoi cheangal ag a chuid
oibleagáidí faoin mBunreacht.
4. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach
cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena modhnófar nó lena
gcúlghairfear bearta atá glactha aici faoi mhír 3 mar
fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.
5. Chun críocha an Airteagail seo, ní ghlacfaidh an comhalta
den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn an Ballstát
i dtrácht páirt sa vótáil agus ní chuirfear
an Ballstát i dtrácht san áireamh nuair a bheidh trian
nó ceithre chúigiú de na Ballstáit, dá dtagraítear
i míreanna 1 agus 2, á ríomh. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil
ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó atá ionadaithe
ar na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 2
a ghlacadh.
D'fhonn na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i míreanna
3 agus 4 a ghlacadh, saineofar tromlach cáilithe mar 72% ar a laghad
de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit
rannpháirteacha a chuimsíonn 65% de dhaonra na mBallstát
sin.
Nuair a dhéanann an Chomhairle, tar éis cinneadh a ghlacadh
cearta vótála a fhionraí i gcomhréir le mír
3, gníomhú trí thromlach cáilithe ar bhonn ceann
d'fhorálacha an Bhunreachta, saineofar an tromlach cáilithe
sin mar atá sé sainithe sa dara fomhír nó, nuair
a ghníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún
nó ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, mar
thromlach 55% ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a ionadaíonn
na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad
de dhaonra na Stát sin. Sa chás deireanach sin, ní mór
a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon
ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn níos
mó ná 35% de dhaonra na mBallstát rannpháirteach,
móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar an tromlach
cáilithe a bheith ann.
6. Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh Parlaimint
na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna
gcaitheamh, atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í.
AIRTEAGAL I-60
Tarraingt siar dheonach ón Aontas
1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir
lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas.
2. Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra
faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón
gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus
tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát
sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint
don chreat dá ghaolmhaireacht thodhchaí leis an Aontas. Déanfar
an comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal III-325(3).
Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach
cáilithe tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint
na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích.
3. Scoirfidh an Bunreacht d'fheidhm a bheith aige maidir leis an mBallstát
i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt
siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain
tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír
2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil,
i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse
sin a fhadú.
4. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ní bheidh an comhalta
den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn an Ballstát
atá ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na
Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí Eorpacha
a bhaineann leis an mBallstát sin.
Saineofar tromlach cáilithe mar 72% ar a laghad de chomhaltaí na
Comhairle, a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha
a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát sin.
5. Má iarrann Stát a tharraing siar ón Aontas aontú athuair,
beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear
in Airteagal I-58.