Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

Cuid III | A | B | C | D | E | F | G | H

CUID II

AN CHAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS

BROLLACH
Tá sé beartaithe ag pobail na hEorpa, trí aontas níos buandlúithe fós a chruthú eatarthu, todhchaí shíochánta arna fothú ar chomhluachanna a roinnt.
Ós feasach dó an oidhreacht spioradálta, mhorálta atá aige, tá an tAontas fothaithe ar luachanna dodhealaithe uilechoiteanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta; tá sé bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta. Cuireann sé an duine i gceartlár a ghníomhaíochtaí trí shaoránacht Aontais a chur ar bun agus trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú.
Rannchuidíonn an tAontas leis na comhluachanna sin a chaomhnú agus a fhorbairt agus urraim á tabhairt aige d’éagsúlacht chultúir agus thraidisiúin phobail na hEorpa, d'fhéiniúlacht náisiúnta na mBallstát agus d'eagrúchán a n-údarás poiblí ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil; féachann sé le forbairt chothromúil inbhuanaithe a chur chun cinn agus áirithíonn sé saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil, agus saoirse bunaíochta.
Chuige sin, is gá cosaint na gceart bunúsach a neartú i bhfianaise an fhoráis sa tsochaí, an dul chun chinn sóisialta agus forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha trí na cearta sin a dhéanamh níos sofheicthe i gCairt.

Athdhaingníonn an Chairt seo, ag féachaint go cuí d'inniúlachtaí agus do chúraimí an Aontais agus do phrionsabal na coimhdeachta, na cearta a leanann ach go háirithe as na traidisiúin bhunreachtúla agus as na hoibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do na Ballstáit, as an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, as na Cairteanna Sóisialta arna nglacadh ag an Aontas agus ag Comhairle na hEorpa, agus as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát an Chairt a léiriú le haird chuí ar na míniúcháin arna n-ullmhú faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt agus arna dtabhairt suas chun dáta faoi fhreagracht Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh.
Tá freagrachtaí agus dualgais i dtaca le daoine eile, leis an bpobal daonna agus leis na glúnta atá le teacht ag gabháil le teachtadh na gceart sin.
Dá dheasca sin, aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach anseo thíos.

TEIDEAL I
DÍNIT

AIRTEAGAL II-61
Dínit an duine
Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint.

AIRTEAGAL II-62
Ceart chun beatha
1. Tá ag gach duine an ceart chun beatha.
2. Ní féidir duine a dhaoradh chun pionós an bháis ná a chur chun báis.

AIRTEAGAL II-63
An ceart chun iomláine an duine
1. Tá ag gach duine an ceart go dtabharfar meas ar a iomláine nó ar a hiomláine choirp agus mheabhrach.
2. I réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta, ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a urramú:
(a) toiliú saor feasach an duine i dtrácht, de réir nósanna imeachta atá leagtha síos le dlí;
(b) toirmeasc ar chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú;
(c) toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp;
(d) toirmeasc ar chlónáil táirgeach daoine.

AIRTEAGAL II-64
Toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach
Ní dhéanfar céastóireacht ar aon duine ná ní chuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine.

AIRTEAGAL II-65
Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe
1. Ní dhéanfar aon duine a choimeád faoi sclábhaíocht nó faoi dhaoirse.
2. Ní dhéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe nó éigeantach a dhéanamh.
3. Toirmisctear an gháinneáil ar dhaoine.

TEIDEAL II
SAOIRSÍ

AIRTEAGAL II-66
An ceart chun saoirse agus slándála
Tá ag gach duine an ceart chun saoirse agus slándála pearsan.

AIRTEAGAL II-67
Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh
Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus saol a theaghlaigh nó a teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.

AIRTEAGAL II-68
Sonraí pearsanta a chosaint
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.
2. Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht no ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.
3. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách.

AIRTEAGAL II-69
An ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú
Déanfar an ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú a ráthú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin.

AIRTEAGAL II-70
Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin
1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin. Tá ar áireamh sa cheart sin saoirse chun reiligiún nó creideamh a athrú agus saoirse, mar dhuine aonair nó i gcomhluadar le daoine eile agus go poiblí nó go príobháideach, reiligiún nó creideamh a léiriú trí adhradh, trí theagasc, trí chleachtas agus trí dheasghnátha.
2. Aithnítear an ceart chun agóid choinsiasach a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú an chirt sin.

AIRTEAGAL II-71
Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil
1. Tá ag gach duine an ceart chun tuairimí a nochtadh. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.
2. Déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú.

AIRTEAGAL II-72
Saoirse comhthionóil agus comhlachais
1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.
2. Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

AIRTEAGAL II-73
Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí
Beidh na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shriantacht. Déanfar an tsaoirse acadúil a urramú.

AIRTEAGAL II-74
An ceart chun oideachais
1. Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.
2. Folaíonn an ceart sin an chaoi chun saoroideachas éigeantach a fháil.
3. Déanfar an tsaoirse chun forais oideachasúla a chur ar bun le hurraim chuí do phrionsabail dhaonlathacha agus do cheart tuismitheoirí a áirithiú go ndéanfar a leanaí a oiliúint agus a theagasc i gcomhréir lena n-áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha agus oideolaíocha, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na saoirse agus na gceart sin.

AIRTEAGAL II-75
Saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh
1. Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus gabháil do shlí bheatha atá roghnaithe nó glactha go saorálach aige nó aici.
2. Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar nó a fháil in aon Bhallstát a fheidhmiú.
3. Tá náisiúnaigh tríú tíortha atá údaraithe chun obair a dhéanamh ar chríoch na mBallstát i dteideal dálaí oibre a bheith acu atá coibhéiseach leis na dálaí oibre atá ag saoránaigh an Aontais.

AIRTEAGAL II-76
Saoirse chun gnó a sheoladh
Aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

AIRTEAGAL II-77
An ceart chun maoine
1. Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.
2. Déanfar an mhaoin intleachtúil a chosaint.

AIRTEAGAL II-78
An ceart chun tearmainn
Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an mBunreacht.

AIRTEAGAL II-79
Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh
1. Toirmiscfear díbirtí comhchoiteanna.
2. Ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi.

TEIDEAL III
COMHIONANNAS

AIRTEAGAL II-80
Comhionannas os comhair an dlí
Is comhionann gach duine os comhair an dlí.

AIRTEAGAL II-81
Neamhidirdhealú
1. Toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.
2. Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, agus gan dochar d'aon cheann dá fhorálacha sonracha, toirmiscfear aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta.

AIRTEAGAL II-82
É agsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga
Déanfaidh an tAontas an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú.

AIRTEAGAL II-83
Comhionannas idir mná agus fir
Ní mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.
Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

AIRTEAGAL II-84
Cearta an linbh
1. Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.
2. I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á glacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh.
3. Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.

AIRTEAGAL II-85
Cearta daoine scothaosta
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha.

AIRTEAGAL II-86
Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta atá ceaptha chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.

TEIDEAL IV
DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

AIRTEAGAL II-87
Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa ghnóthas
Ní mór a ráthú go dtabharfar faisnéis d'oibrithe nó dá gcuid ionadaithe agus go ndéanfar comhairliúchán leo, ar gach leibhéal iomchuí agus in am trátha, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta.

AIRTEAGAL II-88
An ceart chun comhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne
Tá an ceart ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí agus, má tá coinbhleacht leasa ann, chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, lena n-áirítear dul ar stailc, chun a leasanna féin a chosaint.

AIRTEAGAL II-89
An ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís socrúcháin
Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil saor in aisce ar sheirbhís socrúcháin.


AIRTEAGAL II-90
Cosaint i gcás ina dtarlaíonn dífhostú neamh-inleithscéil
Tá ag gach oibrí an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú neamh-inleithscéil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

AIRTEAGAL II-91
Dálaí oibre cothroma agus córa
1. Tá ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit.
2. Tá ag gach oibrí an ceart chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana.

AIRTEAGAL II-92
Toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair
Toirmisctear fostaíocht a thabhairt do leanaí. Ní fhéadfaidh an aois íosta chun dul i mbun fostaíochta a bheith níos ísle ná an aois chun an scoil a fhágáil, gan dochar do cibé rialacha atá níos fabhrúla do dhaoine óga agus seachas i gcás maoluithe teoranta amháin.
Daoine óga a gceadaítear dóibh dul i mbun fostaíochta, ní mór dálaí oibre a bheith acu a oireann dá n-aois agus ní mór iad a chosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar aon obair ar dóigh di a sábháilteacht, a sláinte, a bhforbairt choirp, mheabhrach, mhorálta nó shóisialta a dhochrú nó cur isteach ar a n-oideachas.

AIRTEAGAL II-93
Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil
1. Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus shóisialta.
2. Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire máithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh.

AIRTEAGAL II-94
Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta
1. Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an teideal chuig liúntais slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta lena soláthraítear cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tíonóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcásanna ina gcailltear fostaíocht, ach sin i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
2. Tá gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach laistigh den Aontas Eorpach i dteideal liúntais slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
3. D'fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní leordhóthanacha, de réir na rialacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

AIRTEAGAL II-95
Cúram sláinte
Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus chun tairbhiú den chóireáil leighis faoi na coinníollacha atá bunaithe le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Déanfar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

AIRTEAGAL II-96
Rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta, i gcomhréir leis an mBunreacht, d'fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn.

AIRTEAGAL II-97
Cosaint an chomhshaoil
Ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais, agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

AIRTEAGAL II-98
Cosaint tomhaltóirí
Déanfar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i mbeartais an Aontais.

TEIDEAL V
CEARTA NA SAORÁNACH

AIRTEAGAL II-99
An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin
do Pharlaimint na hEorpa
1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.
2. Toghfar comhaltaí do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, trí shaorbhallóid rúnda.

AIRTEAGAL II-100
An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha
Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

AIRTEAGAL II-101
An ceart chun dea-riaracháin
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta.
2. Folaíonn an ceart sin:
(a) ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar beart é a dhéanfadh dochar dó nó di;
(b) ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna;
(c) an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna a thabhairt lena chinntí.
3. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.
4. Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí an Aontais i gceann de theangacha an Bhunreachta agus caithfidh sé no sí freagra a fháil sa teanga chéanna.

AIRTEAGAL II-102
An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad.

AIRTEAGAL II-103
Ombudsman Eorpach
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.


AIRTEAGAL II-104
An ceart chun achainí a dhéanamh
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.

AIRTEAGAL II-105
Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe
1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát.
2. Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú, i gcomhréir leis an mBunreacht, do náisiúnaigh tríú tíortha chónaíonn go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit.

AIRTEAGAL II-106
Cosaint taidhleoireachta agus chonsalach
Beidh gach saoránach den Aontas, ar chríoch tríú tíre nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é nó í, i dteideal cosaint a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin.

TEIDEAL VI
CEARTAS

AIRTEAGAL II-107
An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil
Tá ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
Tá gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí. Beidh an chaoi ag gach duine go ndéanfar é nó í a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú.
Déanfar cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéad is gá an cúnamh sin chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú.

AIRTEAGAL II-108
Toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil
1. Toimhdeofar gach duine atá cúisithe a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir dlí.
2. Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe a ráthú.

AIRTEAGAL II-109
Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis
1. Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Mar an gcéanna, ní ghearrfar pionós is troime ná an pionós ab infheidhme an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme.
2. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do thriail agus do phionósú aon duine i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh a bhí, tráth a dhéanta, coiriúil de réir na bprionsabal ginearálta atá aitheanta ag pobal na náisiún.
3. Ní ceadmhach déine na bpionós a bheith neamhchomhréireach leis an gcion coiriúil.

AIRTEAGAL II-110
An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú
faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna
Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí.

TEIDEAL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA A bhFUIL LÉIRIÚ
AGUS CUR I bhFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ

AIRTEAGAL II-111
Raon feidhme
1. Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit an tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin. Dá dheasca sin, tabharfaidh siad aird ar na cearta, déanfaidh siad na prionsabail a urramú agus cuirfidh a gcur i bhfeidhm chun cinn i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach agus na teorainneacha atá ar chumhachtaí an Aontais mar atá siad tugtha dó i gCodanna eile den Bhunreacht á n-urramú acu.
2. Ní dhéanann an Chairt seo raon feidhme dhlí an Aontais a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe i gCodanna eile den Bhunreacht a mhodhnú.

AIRTEAGAL II-112
Raon feidhme agus léiriú na gceart agus na bprionsabal
1. Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
2. Déanfar cearta arna n-aithint sa Chairt seo agus dá bhforáiltear i gCodanna eile den Bhunreacht a fheidhmiú faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá sainithe sna Codanna ábhartha sin.
3. A mhéad a chuimsíonn an Chairt seo cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, is ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá leagtha síos leis an gCoinbhinsiún sin. Ní choiscfidh an fhoráil seo dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar.
4. A mhéad a aithníonn an Chairt seo saoirsí bunúsacha mar a leanann siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, déanfar na cearta sin a léiriú ar aon dul leis na traidisiúin sin.
5. Forálacha den Chairt seo ina bhfuil prionsabail, féadfar iad a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha agus feidhmiúcháin arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus le gníomhartha ó na Ballstáit nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi seach. Ní fhéadfar iad a agairt os comhair cúirte ach amháin i dtaca le léiriú na ngníomhartha sin agus le rialú ar a ndlíthiúlacht.
6. Tabharfar aird iomlán, faoi mar atá sonraithe sa Chairt seo, ar dhlíthe agus ar cleachtais náisiúnta.
7. Tabharfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát aird chuí ar na mínithe arna dtarraingt suas mar threoir ar mhaithe leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a léiriú.

AIRTEAGAL II-113
Leibhéal na cosanta
Ní léireofar aon fhoráil sa Chairt seo sa chaoi go ndéanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a shrianadh nó a dhochrú mar atá siad arna n-aithint, ina raonta feidhme faoi seach, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus le bunreachtanna na mBallstát.

AIRTEAGAL II-114
Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid
Ní léireofar aon ní sa Chairt seo ar dhóigh a thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon cheart ann chun gabháil le haon ghníomhaíocht nó aon ghníomh a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó na saoirsí átá aitheanta sa Chairt seo a mhilleadh nó iad a theorannú níos mó ná mar a fhoráiltear sa Chairt.


 

 

Valid XHTML 1.0!