CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
BEARTAIS AGUS OIBRIÚ AN AONTAIS
TEIDEAL I
FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU
AIRTEAGAL III-115
Déanfaidh an tAontas comhchuibheas idir na beartais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear
sa Chuid seo a áirithiú, ag cur a chuspóirí uile
san áireamh agus i gcomhréir leis an bprionsabal tabhartha
cumhachtaí.
AIRTEAGAL III-116
Sna gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear
sa Chuid seo, is é is aidhm don Aontas neamhionannais idir mná agus
fir a dhíchur agus an comhionnanas eatarthu a chur ar aghaidh.
AIRTEAGAL III-117
Agus na beartais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear
sa Chuid seo á sainiú agus á gcur chun feidhme aige,
tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal
fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith
a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le
hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte
an duine.
AIRTEAGAL III-118
Agus na beartais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear
sa Chuid seo á sainiú agus á gcur chun feidhme aige,
is é is aidhm don Aontas gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe
ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún
nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.
AIRTEAGAL III-119
Ní foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i
sainiú agus i gcur chun feidhme na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear
sa Chuid seo, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun
cinn.
AIRTEAGAL III-120
Tabharfar aird ar cheanglais maidir le cosaint an tomhaltóra i sainiú agus
i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí eile
an Aontais.
AIRTEAGAL III-121
Agus beartais an Aontais maidir leis an talmhaíocht, leis an iascach,
leis an iompar, leis an margadh inmheánach, leis an taighde agus leis
an bhforbairt theicneolaíoch agus leis an spás á bhfoirmiú agus á gcur
chun feidhme acu, tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit lánaird,
toisc gur neacha mothaitheacha na hainmhithe, ar na ceanglais maidir le leas
ainmhithe agus forálacha reachtacha nó riaracháin agus
nósanna na mBallstát, go háirithe maidir le deasghnátha
reiligiúnacha, traidisiúin chultúrtha agus oidhreacht
réigiúnach, á n-urramú acu.
AIRTEAGAL III-122
Gan dochar d'Airteagail I-5, III-166, III-167 agus III-238, agus ag féachaint
do thábhacht na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch
ginearálta mar sheirbhísí dá dtugann cách
san Aontas luach maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta
agus críochach an Aontais a chur chun cinn, féachfaidh an tAontas
agus na Ballstáit chuige, gach ceann díobh laistigh dá n-inniúlachtaí faoi
seach agus laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, go n-oibreoidh seirbhísí den
sórt sin ar bhonn prionsabal agus coinníollacha, ach go háirithe
coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais, a chumasaíonn
dóibh a gcúraimí a chomhall. Bunófar le dlíthe
Eorpacha na prionsabail sin agus socrófar leo na coinníollacha
sin gan dochar d'inniúlacht na mBallstát, ar cothrom leis an
mBunreacht, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a choimisiúnú agus
a chistiú.
TEIDEAL II
NEAMHIDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT
AIRTEAGAL III-123
Féadfar rialacha a leagan síos le dlíthe Eorpacha nó le
dlíthe réime Eorpacha chun idirdhealú ar fhoras náisiúntachta
a thoirmeasc dá dtagraítear in Airteagal I-4(2).
AIRTEAGAL III-124
1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta agus laistigh de theorainneacha
na gcumhachtaí atá tugtha leis don Aontas, féadfar na
bearta is gá a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach ón gComhairle chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe
ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún
nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a
fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar bunphrionsabail a bhunú le
dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha faoi
chomhair beart dreasachta Aontais agus na bearta sin a shainiú chun
tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit
d'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
i mír 1, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe
agus ar rialacháin na mBallstát.
AIRTEAGAL III-125
1. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón
Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal
I-10(2)(a), atá ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus
cónaí faoi shaoirse, a éascú agus nach bhfuil
na cumhachtaí is gá tugtha leis an mBunreacht, féadfar
bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime
Eorpacha chun na críche sin.
2. Chun na gcríoch céanna agus na críocha dá dtagraítear
i mír 1 agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha
leis an mBunreacht, féadfar bearta a bhunú le dlí Eorpach
nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle i dtaca
le pasanna, cártaí aitheantais, ceadanna cónaithe nó le
haon doiciméad dá samhail agus i dtaca le slándáil
shóisialta nó le cosaint shóisialta. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa.
AIRTEAGAL III-126
Bunófar le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach ón gComhairle na rialacha mionsonraithe chun an ceart a fheidhmiú,
dá dtagraítear in Airteagal I-10(2)(b), atá ag gach
saoránach den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar
iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin
do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn
sé nó sí gan bheith ina náisúnach den
Bhallstát sin. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe
sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach
do Bhallstát é.
Feidhmeofar an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir
i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa gan dochar d'Airteagal III-330(1)
agus do na bearta arna nglacadh lena chur chun feidhme.
AIRTEAGAL III-127
Glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun an chosaint
taidhleoireachta agus chonsalach dá dtagraítear in Airteagal
I-10(2)(c) a áirithiú do shaoránaigh na mBallstát
i dtriú tíortha.
Rachaidh na Ballstáit i mbun na caibidlíochta idirnáisiúnta
is gá chun an chosaint sin a áirithiú.
Féadfar na bearta is gá a bhunú le dlí Eorpach ón
gComhairle chun an chosaint sin a éascú. Gníomhóidh
an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-128
Is iad na teangacha atá liostaithe in Airteagal 448(1) na teangacha
ina bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas dul i dteagmháil
leis na hinstitiúidí nó na comhlachtaí de bhua
Airteagal I-10(2)(d), agus freagra a fháil. Is iad na hinstitiúidí agus
na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal I-10(2)(d)
iad siúd atá liostaithe sa dara fomhír d'Airteagal I-19(1),
in Airteagail I-30, I-31 agus I-32, mar aon leis an Ombudsman Eorpach.
AIRTEAGAL III-129
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na
hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta
gach trí bliana ar chur i bhfeidhm Airteagal I-10 agus an Teidil seo.
Cuirfidh an tuarascáil sin forbairt an Aontais san áireamh.
Ar bhonn na tuarascála sin agus gan dochar d'fhorálacha eile
an Bhunreachta, féadfar na cearta dá bhforáiltear in
Airteagal I-10 a chomhlánú le dlí Eorpach nó le
dlí réime Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint
na hEorpa. Ní thiocfaidh an dlí nó an dlí réime
i dtrácht i bhfeidhm go dtí go mbeidh a bhformheas tugtha ag
na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla
faoi seach.
TEIDEAL III
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA
CAIBIDIL I
MARGADH INMHEÁNACH
ROINN 1
BUNÚ AGUS OIBRIÚ AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH
AIRTEAGAL III-130
1. Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun margadh inmheánach
a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú,
i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Bhunreacht.
2. Is éard é an margadh inmheánach limistéar
gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht
daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil i gcomhréir
leis an mBunreacht.
3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin
Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena saineofar na treoirlínte
agus na coinníollacha is gá chun dul chun cinn cothromúil
a áirithiú i ngach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.
4. Nuair a bheidh a thograí á n-ullmhú aige d'fhonn
na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna
1 agus 2 a bhaint amach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar a mbeidh
le déanamh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim
maidir lena bhforbairt chun an margadh inmheánach a bhunú agus
féadfaidh sé bearta iomchuí a mholadh.
Más maoluithe iad na bearta sin, ní foláir dóibh
a bheith sealadach agus gan oibriú an mhargaidh inmheánaigh
a shuaitheadh ach a laghad is féidir.
AIRTEAGAL III-131
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile d'fhonn na nithe
is gá a dhéanamh i gcomhar le chéile chun nach gcoiscfí oibriú an
mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar bhearta a bheadh le glacadh ag
Ballstát i gcás suaitheadh tromchúiseach inmheánach
a dhul i gcion ar an ord poiblí, i gcás cogaidh nó i
gcás mórtheannais idirnáisiúnta a mbeadh bagairt
chogaidh ann, nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh
a bhí glactha aige d'fhonn an tsíocháin agus an tslándáil
idirnáisiúnta a chaomhnú.
AIRTEAGAL III-132
Más rud é go dtiocfaidh de na bearta a ghlacfar sna himthosca
dá dtagraítear in Airteagail III-131 agus III-436 saobhadh
ar na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach,
scrúdóidh an Coimisiún an scéal, i gcomhar leis
an mBallstát i dtrácht, féachaint conas is féidir
na bearta sin a oiriúnú do na rialacha atá leagtha síos
sa Bhunreacht.
De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos
in Airteagail III-360 agus III-361, féadfaidh an Coimisiún
nó aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt os comhair na
Cúirte Breithiúnais go díreach má mheasann an
Coimisiún nó an Ballstát go bhfuil Ballstát eile
ag baint mí-úsáide as na cumhachtaí dá bhforáiltear
in Airteagail III-131 agus III-436. Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais
a rialú i gcúirt iata.
ROINN 2
SAORGHLUAISEACHT DAOINE AGUS SEIRBHÍSÍ
Foroinn 1
Oibrithe
AIRTEAGAL III-133
1. Beidh ag oibrithe an ceart chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den
Aontas.
2. Toirmiscfear aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta
idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair
agus le coinníollacha eile oibre agus fostaíochta.
3. Faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas
poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis
an tsláinte phoiblí, beidh ag oibrithe an ceart:
(a) chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír;
(b) chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát
chuige sin;
(c) chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht
ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin
nó riaracháin a bhfuil fostaíocht náisiúnaigh
an Stáit sin faoina rialú;
(d) chun fuireach i gcríoch Ballstáit tar éis bheith
ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha
a chorprófar i rialacháin Eorpacha a ghlacfaidh an Coimisiún.
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le fostaíocht
sa tseirbhís phoiblí.
AIRTEAGAL III-134
Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta is gá chun saorghluaiseacht oibrithe a ghnóthú,
mar atá sainithe in Airteagal III-133. Glacfar iad tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Is é is aidhm do na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe
réime Eorpacha sin ach go háirithe:
(a) dlúthchomhar a áirithiú idir na seibhísí náisiúnta
fostaíochta;
(b) na gnásanna agus na cleachtais riaracháin sin agus na tréimhsí cáiliúcháin
sin maidir le bheith i dteideal fostaíochta a dhíothú atá ar
fáil, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta
nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit
a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar ghluaiseacht
oibrithe a léirscaoileadh;
(c) na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta
eile sin go léir a dhíothú dá bhforáiltear
faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe
a bhí déanta idir na Ballstáit, a fhorchuireann ar oibrithe ó Bhallstáit
eile coinníollacha maidir le saor-rogha fostaíochta nach bhforchuirtear
ar oibrithe an Stáit atá i gceist;
(d) sásra iomchuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta
agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt i dteagmháil le chéile
agus chun go n-éascófar cothromaíocht idir soláthar
agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta d'fhonn go seachnófar
aon bhagairt thromchúiseach don chaighdeán maireachtála
agus don leibhéal fostaíochta sna réigiúin agus
sna tionscail éagsúla.
AIRTEAGAL III-135
Taobhóidh na Ballstáit, faoi chuimsiú cláir chomhpháirtigh,
le hoibrithe óga a mhalartú le chéile.
AIRTEAGAL III-136
1. I réimse na slándála sóisialta, bunófar
le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha
na bearta is gá chun saorghluaiseacht oibrithe a ghnóthú trí shocruithe
a dhéanamh chun a áirithiú do na hoibrithe imirceacha
fostaithe agus féinfhostaithe agus dá gcleithiúnaithe:
(a) go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus
a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile
a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla;
(b) go n-íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha
na mBallstát.
2. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-dlí Eorpach
nó dréacht-dlí réime Eorpach dá dtagraítear
i mír 1 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras
slándála sóisialta, lena n-áirítear a
raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go
ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an
chórais sin, féadfaidh sé a iarraidh an t-ábhar
a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Sa chás sin,
déanfar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal
III-396 a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé agus faoi
cheann ceithre mhí amhail ón bhfionraí sin, déanfaidh
an Chomhairle Eorpach:
(a) an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, cinneadh a chuirfidh
deireadh le fionraí an nós imeachta dá dtagraítear
in Airteagal III-396, nó
(b) a iarraidh ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh; sa
chás sin, measfar nach bhfuil an gníomh a moladh an chéad
uair glactha.
Foroinn 2
Saoirse bunaíochta
AIRTEAGAL III-137
Faoi chuimsiú na Foroinne seo, toirmiscfear srianta ar shaoirse bunaíochta
náisiúnach de chuid Ballstáit i gcríoch Ballstáit
eile. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le srianta ar ghníomhaireachtaí,
brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh
d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit.
Beidh ag náisiúnaigh de chuid Ballstáit an ceart, i
gcríoch Ballstáit eile, chun gabháil le gníomhaíochtaí agus
iad a shaothrú mar oibrithe féinfhostaithe agus chun gnóthais
a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de
réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-142, faoi na coinníollacha
atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin
le dlí an Bhallstáit ina bhfuil suíomh na bunaíochta
sin, faoi réir Roinn 4 a bhaineann le caipiteal agus le híocaíochtaí.
AIRTEAGAL III-138
1. Bunófar le dlíthe réime Eorpacha bearta chun an tsaoirse
bunaíochta a bhaint amach i gcás gníomhaíochta áirithe.
Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún
na dualgais a thitfidh orthu faoi mhír 1 a fheidhmiú, go háirithe:
(a) trí thosaíocht a thabhairt, de ghnáth, do ghníomhaíochtaí ina
ndéanann an tsaoirse bunaíochta fóntas ar leith d'fhorbairt
na táirgeachta agus na trádála;
(b) trí dhlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta
inniúla a áirithiú ionas go gcinnteofar an staid áirithe
san Aontas atá ar na gníomhaíochtaí éagsúla
atá i gceist;
(c) trí dhíothú na ngnásanna agus na gcleachtas
riaracháin sin, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta
nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit
a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaoirse
bunaíochta;
(d) trína áirithiú go bhféadfaidh oibrithe ó Bhallstát
amháin atá ar fostú i gcríoch Ballstáit
eile fuireach sa chríoch sin chun gabháil le gníomhaíochtaí ann
mar oibrithe féinfhostaithe, má chomhlíonann siad na
coinníollacha ba ghá dóibh a shásamh dá mba
ag an am a bhí siad ar intinn gabháil leis na gníomhaíochtaí sin
a thiocfaidís isteach sa Stát sin;
(e) trína chumasú do náisiúnach Ballstáit
amháin talamh agus foirgnimh a fháil agus a úsáid
a bhfuil a suíomh i gcríoch Ballstáit eile, a mhéad
nach bhfuil sin contrártha leis na prionsabail atá leagtha
síos in Airteagal III-227(2);
(f) trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh
ar shrianta ar shaoirse bunaíochta i ngach brainse gníomhaíochta
a bheidh faoi bhreithniú, i gcás na gcoinníollacha maidir
le gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a
chur ar bun i gcríoch Ballstáit agus i gcás na gcoinníollacha
lena rialaítear pearsanra de chuid na príomhbhunaíochta
a dhul isteach i bpoist bhainistíochta nó maoirseachta sna
gníomhaireachtaí, sna brainsí nó sna fochuideachtaí sin;
(g) trí chomhordú a dhéanamh, a mhéad is gá sin
ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí nó gnólachtaí de
réir bhrí an dara mír d’Airteagal III-142, ionas
go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, d'fhonn na
coimircí sin a chomhionannú ar fud an Aontais;
(h) trína dheimhniú dóibh féin nach saobhfar
na coinníollacha bunaíochta trí chabhracha arna ndeonú ag
na Bhallstáit.
AIRTEAGAL III-139
Ní bheidh feidhm ag an bhForoinn seo, i gcás aon Bhallstáit áirithe,
maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu sa Stát
sin, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis
oifigiúil.
Féadfaidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime
Eorpacha gníomhaíochtaí áirithe a eisiamh ó chur
i bhfeidhm na Foroinne seo.
AIRTEAGAL III-140
1. Ní rachaidh an Fhoroinn seo, agus na bearta arna nglacadh dá bun,
chun dochair d'infheidhmeacht forálacha reachtaíochta nó rialúcháin
nó riaracháin lena bhforáiltear cóir speisialta
do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas
poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis
an tsláinte phoiblí.
2. Déanfar na forálacha náisiúnta dá dtagraítear
i mír 1 a chomhordú le dlíthe réime Eorpacha.
AIRTEAGAL III-141
1. Éascófar le dlíthe réime Eorpacha do dhaoine
gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar
dhaoine féinfhostaithe. Folóidh siad:
(a) dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla
a aithint go frithpháirteach;
(b) comhordú a thabhairt ar na forálacha reachtaíochta
nó rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit
i dtaobh gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a
shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe.
2. I gcás ghairm na míochaine agus gairmeacha gaolmhara agus
ghairm na cógaisíochta, beidh an díothú comhleanúnach
ar shrianta ag brath ar chomhordú choinníollacha a gcleachta
sin sna Ballstáit éagsúla.
AIRTEAGAL III-142
Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh
i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig
chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit
ghnó acu san Aontas, déileálfar leo, chun críocha
na Foroinne seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha
is náisiúnaigh de Bhallstáit.
Ciallaíonn "cuideachtaí nó gnólachtaí" cuideachtaí nó gnólachtaí a
bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála,
lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha
eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach,
cé is moite díobh siúd atá seachbhrabúsach.
AIRTEAGAL III-143
Tabharfaidh Ballstáit do náisiúnaigh na mBallstát
eile an chóir chéanna a thugann siad dá náisiúnaigh
féin maidir le rannpháirtíocht i gcaipiteal cuideachtaí nó gnólachtaí,
de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-142, gan dochar
do chur i bhfeidhm na bhforálacha eile den Bhunreacht.
Foroinn 3
Saoirse chun seirbhísí a sholáthar
AIRTEAGAL III-144
Faoi chuimsiú na Foroinne seo, déanfar srianta ar an tsaoirse
chun seirbhísí a sholáthar san Aontas a thoirmeasc i
gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe
i mBallstát seachas Ballstát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha.
Féadfaidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime
Eorpacha an Fhoroinn seo a chur chun sochair do sholáthróirí seirbhísí is
náisiúnaigh de thríú Stát agus atá bunaithe
san Aontas.
AIRTEAGAL III-145
Measfar gur "seirbhísí" chun críocha an Bhunreachta
seirbhísí a sholáthraítear de ghnáth ar
luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha
a bhaineann le saorghluaiseacht daoine, earraí agus caipitil.
Á
ireofar go háirithe gur "seirbhísí":
(a) gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;
(b) gníomhaíochtaí de chineál tráchtála;
(c) gníomhaíochtaí aos ceirde;
(d) gníomhaíochtaí aos gairme.
Gan dochar d'Fhoroinn 2 a bhaineann le saoirse bunaíochta, féadfaidh
soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé nó sí an
tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht nó a
gníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Bhallstát
ina soláthraítear an tseirbhís, faoi na coinníollacha
céanna a fhorchuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh
féin.
AIRTEAGAL III-146
1. Beidh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réim
an iompair faoi rialú Roinn 7 de Chaibidil III a bhaineann le hiompar.
2. Déanfar an léirscaoileadh ar sheirbhísí baincéireachta
agus árachais a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil i gcomhréim
leis an léirscaoileadh ar ghluaiseacht caipitil.
AIRTEAGAL III-147
1. Bunóidh dlíthe réime Eorpacha bearta chun léirscaoileadh
seirbhíse áirithe a ghnóthú. Glacfar iad tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
2. Tabharfaidh na dlíthe réime Eorpacha dá dtagraítear
i mír 1 tosaíocht de ghnáth do na seirbhísí sin
a bhfuil éifeacht acu go díreach ar chostais táirgthe
nó a gcuidíonn a léirscaoileadh le trádáil
in earraí a chur chun cinn.
AIRTEAGAL III-148
Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun seirbhísí a
léirscaoileadh thar mar is gá faoi na dlíthe réime
Eorpacha arna nglacadh de bhun Airteagal III-147(1), má dhéanann
a staid eacnamaíoch i gcoitinne agus bail na hearnála áirithe
dá ngeilleagar sin a cheadú.
Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí chuig na Ballstáit
i gceist.
AIRTEAGAL III-149
Fad a bheidh srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar
gan díothú, cuirfidh na Ballstáit na srianta sin i bhfeidhm
gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta ná áite
cónaithe ar gach duine a sholáthraíonn seirbhísí de
réir bhrí na chéad mhíre d'Airteagal III-144.
AIRTEAGAL III-150
Beidh feidhm ag Airteagail III-139 go III-142 maidir leis na hábhair
a rialaítear leis an bhForoinn seo.
ROINN 3
SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ
Foroinn 1
Aontas custaim
AIRTEAGAL III-151
1. Cuimseoidh an tAontas aontas custaim a fholóidh an trádáil
go léir in earraí, agus a bhéarfaidh go dtoirmiscfear
idir na Ballstáit dleachtanna custaim ar allmhairí agus ar
onnmhairí agus gach muirear comhéifeachta, agus go nglacfar
le comhtharaif chustaim ina gcaidreamh le tríú tíortha.
2. Beidh feidhm ag mír 4 agus Foroinn 3 a bhaineann le srianta cainníochtúla
a thoirmeasc maidir le táirgí de thionscnamh na mBallstát
agus le táirgí ó thríú tíortha
atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit.
3. Measfar táirgí ó thríú tír a
bheith ar saorchúrsaíocht i mBallstát má comhlíonadh
foirmiúlachtaí an allmhairithe agus gur toibhíodh sa
Bhallstát sin aon dleachtanna custaim nó muirir chomhéifeachta
is iníoctha agus murar thairbhigh siad d'aisíoc iomlán
nó páirteach ar na dleachtanna nó na muirir sin.
4. Toirmiscfear dleachtanna custaim ar allmhairí agus ar onnmhairí agus
muirir chomhéifeachta idir na Ballstáit. Beidh feidhm ag an
toirmeasc sin freisin maidir le dleachtanna custaim de chineál fioscach.
5. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin
Eorpacha agus na cinntí Eorpacha lena socrófar dleachtanna
na Comhtharaife Custaim.
6. Chun na cúraimí a chuirtear air faoin Airteagal seo a chomhlíonadh,
beidh mar stiúir ag an gCoimisiún:
(a) an gá atá ann an trádáil idir na Ballstáit
agus tríú tíortha a chur ar aghaidh;
(b) forbairtí i gcoinníollacha iomaíochta laistigh den
Aontas sa mhéid go dtugann siad feabhsú ar chumas iomaíochta
gnóthas;
(c) riachtanais an Aontais maidir le soláthar amhábhar agus
earraí leathchríochnaithe; i ndáil leis sin de féachfaidh
an Coimisiún chuige nach saobhfar coinníollacha iomaíochta
idir na Ballstáit i gcás earraí críochnaithe;
(d) an gá atá ann suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair
na mBallstát a sheachaint agus a áirithiú go dtiocfaidh
forbairt réasúnach faoin táirgeadh agus forleathnú ar
thomhaltas earraí san Aontas.
Foroinn 2
Comhar custaim
AIRTEAGAL III-152
Laistigh de raon feidhme an Bhunreachta, bunófar le dlíthe
Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta chun comhar
custaim idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún
a neartú.
Foroinn 3
Srianta cainníochtúla a thoirmeasc
AIRTEAGAL III-153
Toirmiscfear idir na Ballstáit srianta cainníochtúla
ar allmhairí agus ar onnmhairí agus gach beart comhéifeachta.
AIRTEAGAL III-154
Ní fhágann Airteagal III-153 go mbeidh bac ar thoirmisc nó ar
shrianta ar allmhairí, onnmhairí nó earraí faoi
bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht
phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil
phoiblí; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe
nó plandaí a chosaint; chun seoda náisúnta atá luachmhar ó thaobh
na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a
chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint.
Ach ní cead áis a bhaint as na toirmisc ná na srianta
sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi
cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Bhallstáit.
AIRTEAGAL III-155
1. Déanfaidh na Ballstáit coigeartú ar aon státmhonaplachtaí de
chineál tráchtála chun a áirithiú nach
mbeidh aon idirdhealú ann idir náisiúnaigh de na Ballstáit
maidir leis na coinníollacha faoina bhfaightear earraí agus
faoina gcuirtear ar an margadh iad.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon chomhlacht trína ndéanann
Ballstát, ó dhlí nó ó fhíoras,
maoirsiú nó cinneadh nó tionchar suntasach a oibriú,
go díreach nó go hindíreach, ar allmhairí nó onnmhairí idir
na Ballstáit. Beidh feidhm aige mar an gcéanna maidir le monaplachtaí arna
dtarmligean ag an Stát.
2. Staonfaidh na Ballstáit ó aon bheart nua a thabhairt isteach
atá contrártha leis na prionsabail atá leagtha síos
i mír 1 nó a chuireann srian ar raon feidhme na nAirteagal
a bhaineann le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla
a thoirmeasc idir na Ballstáit.
3. Má bhíonn ag státmhonaplacht de chineál tráchtála
rialacha a ceapadh chun gur fusa táirgí talmhaíochta
a dhiúscairt nó an fáltas is fearr a ghnóthú astu,
ní mór féachaint chuige, agus an tAirteagal seo á chur
i bhfeidhm, go mbeidh a chomhionann sin de choimirce á áirithiú d'fhostaíocht
na dtáirgeoirí lena mbaineann agus dá gcaighdeán
maireachtála.
ROINN 4
CAIPITEAL AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ
AIRTEAGAL III-156
Faoi chuimsiú na Foroinne seo, toirmiscfear srianta ar ghluaiseacht
caipitil agus ar íocaíochtaí araon idir na Ballstáit
agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha.
AIRTEAGAL III-157
1. Beidh Airteagal III-156 gan dochar do chur i bhfeidhm i leith tríú tíortha
na srianta atá ann an 31 Nollaig 1993 faoin dlí náisiúnta
nó Aontais i ndáil le gluaiseacht caipitil chuig tríú tíortha
nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena
n-áirítear infheistíocht in eastát réadach,
le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais
nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.
Maidir le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta
san Eastóin agus san Ungáir, is é an 31 Nollaig 1999
an dáta i dtrácht.
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha bearta i ndáil le gluaiseacht caipitil chuig tríú tíortha
nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena
n-áirítear infheistíocht in eastát réadach,
le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais
nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a ndícheall
chun cuspóir na saorghluaiseachta caipitil a bhaint amach idir na
Ballstáit agus tríú tíortha a mhéad is
féidir agus gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta.
3. De mhaolú ar mhír 2, is le dlí Eorpach nó le
dlí réime Eorpach ón gComhairle, agus leis sin amháin,
a fhéadfar bearta a bhunú atá in ionannas le céim
siar i ndlí an Aontais i dtaca le léirscaoileadh gluaiseachta
caipitil chuig tríú tíortha nó uathu. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa.
AIRTEAGAL III-158
1. Beidh Airteagal III-156 gan dochar do cheart na mBallstát:
(a) forálacha ábhartha a ndlí cánach a chur i
bhfeidhm a idirdhealaíonn idir cáiníocóirí nach
bhfuil sa staid chéanna maidir lena n-áit chónaithe
nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe;
(b) gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun sáruithe ar
fhorálacha reachtaíochta nó rialúcháin
náisiúnta a chosc, go háirithe i réimse an chánachais
agus na maoirseachta stuamachta ar institiúidí airgeadais,
nó nósanna imeachta a leagan síos maidir le dearbhuithe
um ghluaiseachtaí caipitil chun críocha faisnéise riaracháin
nó staidrimh, nó bearta a ghlacadh a dhlitear ar fhorais an
bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.
2. Beidh an Roinn seo gan dochar d'infheidhmeacht na srianta ar an gceart
bunaíochta atá ag luí leis an mBunreacht.
3. Ní fhéadfar áis a bhaint as na bearta ná na
nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1
agus 2 le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi
cheilt a dhéanamh ar shaorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí mar
atá sí sainithe in Airteagal III-156.
4. Nuair nach bhfuil dlí Eorpach nó dlí réime
Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal III-157(3) ann, féadfaidh
an Coimisiún, nó, nuair nach bhfuil cinneadh Eorpach ón
gCoimisiún ann laistigh de thrí mhí ón mBallstát
i dtrácht iarraidh a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle
cinneadh Eorpach a ghlacadh á rá go meastar go bhfuil na bearta
cánachais sriantacha arna nglacadh ag Ballstát i leith tríú tíre
amháin nó níos mó ag luí leis an mBunreacht
má tá call leo ar mhaithe le ceann de chuspóirí an
Aontais agus go bhfuil siad ag luí le dea-oibriú an mhargaidh
inmheánaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar
iarratas ó Bhallstát.
AIRTEAGAL III-159
Má bhíonn, in imthosca eisceachtúla, gluaiseachtaí caipitil
chuig tríú tíortha nó uathu ina gcúis,
nó ag bagairt bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha
d'oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta,
féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena dtabharfar isteach
bearta coimirce i leith tríú tíortha go feadh tréimhse
nach mó ná sé mhí, má tá fíorghá le
bearta den sórt sin. Gníomhóidh sí tar éis
dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
AIRTEAGAL III-160
Nuair is gá, chun na cuspóirí dá dtagraítear
in Airteagal III-257 a ghnóthú, a mhéad a bhaineann
leis an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara
a chosc agus a chomhrac, saineofar le dlíthe Eorpacha creat do bhearta
riaracháin maidir le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí amhail
cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain
eacnamaíocha a reo ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha,
le grúpaí nó le heintitis neamhstáit iad nó atá ina
seilbh nó ar teachtadh acu.
Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha chun na dlíthe Eorpacha
dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme.
Á
ireofar sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal
seo na forálacha is gá i dtaca le coimircí dlíthiúla.
ROINN 5
RIALACHA IOMAÍOCHTA
Foroinn 1
Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais
AIRTEAGAL III-161
1. Toirmiscfear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn
leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir ghnóthais,
gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe
a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Bhallstáit
agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht
sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh,
agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:
(a) praghsanna ceannaigh nó díola nó aon choinníollacha
eile trádála a shocrú, go díreach nó go
hindíreach;
(b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a
theorannú nó a rialú;
(c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;
(d) coinníollacha neamhionanna a chur i bhfeidhm ar idirbhearta coibhéiseacha
le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear
faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;
(e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de
choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha
nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás
na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.
2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an
Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.
3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbeidh mír
1 infheidhme maidir leis na nithe seo a leanas:
–
aon chomhaontú nó aon chineál comhaontuithe idir ghnóthais,
–
aon chinneadh nó aon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas,
–
aon chleachtas comhbheartaithe nó aon chineál cleachtas comhbheartaithe,
a rannchuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh
earraí a fheabhsú nó leis an dul chun cinn teicniúil
nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe
uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:
(a) nach bhforchuireann ar na gnóthais i dtrácht srianta nach
bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú;
(b) nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur
i gcás cuid mhór de na táirgí i gceist.
AIRTEAGAL III-162
Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais
ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór
de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach
sa mhéid go bhféadfaidh sí difear a dhéanamh
do thrádáil idir Bhallstáit.
D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é atá sa
mhí-úsáid sin:
(a) praghsanna míchóra ceannaigh nó díola nó coinníollacha
míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach
nó go hindíreach;
(b) an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil
a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;
(c) coinníollacha neamhionanna a chur i bhfeidhm ar idirbhearta coibhéiseacha
le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear
faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;
(d) chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur
de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha
nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás
na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.
AIRTEAGAL III-163
Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin
Eorpacha chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha
amach in Airteagail III-161 agus III-162. Gníomhóidh sí tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Ceapfar na rialacháin sin go háirithe:
(a) chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc atá leagtha
síos in Airteagail III-161(1) agus III-162, trí fhíneálacha
agus tráthíocaíochtaí pionósacha a fhoráil
ina leith;
(b) chun rialacha mionsonraithe a leagan síos i dtaobh Airteagal III-161(3)
a chur i bhfeidhm, á chur san áireamh an gá atá ann,
ar thaobh amháin, maoirsiú éifeachtach a áirithiú agus,
ar an taobh eile, an riarachán a shimpliú chomh fada riamh
agus is féidir;
(c) chun sainiú a dhéanamh, más gá, i gcás
bhrainsí éagsúla an gheilleagair ar raon feidhme Airteagail
III-161 agus III-162;
(d) chun feidhmeanna an Choimisiúin agus Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh, faoi seach, a shainiú maidir leis na forálacha
atá leagtha síos sa mhír seo a chur i bhfeidhm;
(e) chun an gaol a chinneadh idir dlíthe na mBallstát agus
an Fhoroinn seo maille leis na rialacháin Eorpacha arna nglacadh de
bhun an Airteagail seo.
AIRTEAGAL III-164
Go dtí go dtiocfaidh na rialacháin Eorpacha arna nglacadh de
bhun Airteagal III-163 i bhfeidhm, bhéarfaidh údaráis
na mBallstát rialú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta
agus le hAirteagal III-161, go háirithe mír 3, agus le hAirteagal
III-162, ar inghlacthacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe
agus ar mhí-úsáid ceannasachta sa mhargadh inmheánach.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H