CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
AIRTEAGAL III-165
1. Gan dochar d'Airteagal III-164, áiritheoidh an Coimisiún
go gcuirfear i bhfeidhm na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail
III-161 agus III-162. Ar iarratas a fháil ó Bhallstát,
nó ar a thionscnamh féin, agus i gcomhar le húdaráis
inniúla na mBallstát, a thabharfaidh a gcúnamh dó,
scrúdóidh an Coimisiún cásanna ina bhfuil amhras
gur sáraíodh na prionsabail thuasluaite. Má fhaigheann
sé gur tharla sárú, molfaidh sé bearta iomchuí chun
deireadh a chur leis.
2. Mura gcuirfear deireadh leis an sárú dá dtagraítear
i mír 1, glacfaidh an Coimisiún cinneadh Eorpach réasúnaithe
lena dtaifeadfar an sárú ar na prionsabail. Féadfaidh
an Coimisiún a chinneadh a fhoilsiú agus a údarú do
Bhallstáit na bearta is gá a ghlacadh chun an staid a leigheas,
agus saineoidh sé coinníollacha agus sonraí na mbeart
sin.
3. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha a ghlacadh
a bhaineann leis na haicmí comhaontuithe a bhfuil an Chomhairle tar éis
rialachán Eorpach a ghlacadh ina leith i gcomhréir le pointe
(b) den dara mír d'Airteagal III-163.
AIRTEAGAL III-166
1. I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas
dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta
eisiacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choinneoidh
siad i bhfeidhm, aon bheart atá contrártha leis an mBunreacht,
go háirithe le hAirteagal I-4(2), agus le hAirteagail III-161 go III-169.
2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a
oibriú ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta
i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta
fioscaí, beidh siad faoi réir fhorálacha an Bhunreachta,
go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh
de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó fhíoras,
na gcúram áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur
as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do
leasanna an Aontais.
3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear forálacha an
Airteagail seo i bhfeidhm agus, nuair is gá sin, glacfaidh sé rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha iomchuí.
Foroinn 2
Cabhracha arna ndeonú ag na Ballstáit
AIRTEAGAL III-167
1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht,
aon chabhair a thabharfaidh Ballstáit nó a thabharfar trí bhíthin
acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh
nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le
gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe,
ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid
a ndéanann sí difear don trádáil idir Bhallstáit.
2. Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis
an margadh inmheánach:
(a) cabhair de chineál sóisialta do thomhaltóirí aonair,
ar chuntar go dtabharfar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le
tionscnamh na dtáirgí i dtrácht;
(b) cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca
tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta
eile;
(c) cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme
na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh,
sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha
a tháinig den deighilt sin. Cúig bliana tar éis an Conradh
ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm, féadfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún,
cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-aisghairfear an pointe seo.
3. Féadfar a mheas go bhfuil cabhair dá leithéid seo
a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:
(a) cabhair chun forbairt eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir
ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal
nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta, agus ar na
réigiúin dá dtagraítear in Airteagal III-424,
ag féachaint dá staid struchtúrach, eacnamaíoch
agus shóisialta;
(b) cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach chun leas
na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn nó chun suaitheadh tromchúiseach
i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;
(c) cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe
nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú,
nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála
go feadh méid atá contrártha leis an leas coiteann;
(d) cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur
chun cinn nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála
agus iomaíochta san Aontas go feadh méid atá contrártha
leis an leas coiteann;
(e) cabhair de cibé aicmí eile a shonrófar le rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle
ar thogra ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-168
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit,
na córais chabhrach go léir sna Stáit sin a choimeád
faoi shíorbhreithniú. Molfaidh sé do na Ballstáit
sin aon bhearta iomchuí is gá chun an margadh inmheánach
a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a oibrithe.
2. Más rud é, tar éis fógra a thabhairt do na
páirtithe lena mbaineann a mbarúlacha a thíolacadh,
go bhfaighidh an Coimisiún go bhfuil cabhair a thug Ballstát
nó a tugadh trí bhíthin acmhainní Stáit
gan bheith ag luí leis an margadh inmheánach ag féachaint
d'Airteagal III-167, nó go bhfuil an chabhair sin á mí-úsáid,
glacfaidh sé cinneadh Eorpach lena gcuirfear de cheangal ar an mBallstát
i dtrácht an chabhair sin a dhíothú nó a athrú laistigh
de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.
Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát i dtrácht an cinneadh
sin laistigh den tréimhse ordaithe, féadfaidh an Coimisiún
nó aon Bhallstát leasmhar eile, de mhaolú ar Airteagail
III-360 agus III-361, an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go díreach.
Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas ó Bhallstát, cinneadh
Eorpach a ghlacadh d'aon toil, á rá go measfar cabhair atá á tabhairt
nó le tabhairt ag an Stát sin a bheith ag luí leis an
margadh inmheánach, de mhaolú ar Airteagal III-167 nó ar
na rialacháin Eorpacha dá bhforáiltear in Airteagal
III-169, má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh
cóir é sin. Más rud é, maidir leis an gcabhair
sin, go bhfuil an Coimisiún tar éis an nós imeachta
dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír
seo a thionscnamh cheana féin, beidh d'éifeacht ag an iarratas
chun na Comhairle ón mBallstát atá i gceist go bhfionrófar
an nós imeachta sin go dtí go mbeidh an Chomhairle tar éis
a dearcadh a chur in iúl.
Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl
ag an gComhairle laistigh de thrí mhí ó rinneadh an
t-iarratas sin, gníomhóidh an Coimisiún.
3. Cuirfidh na Ballstáit i bhfios don Choimisiún aon phleananna
chun cabhair a thabhairt nó a athrú, in am trátha ionas
go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt fúthu.
Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan
bheith ag luí leis an margadh inmheánach, ag féachaint
d'Airteagal III-167, tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós
imeachta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.
Ní chuirfidh an Ballstát na bearta atá ceaptha aige
in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach
de thoradh an nós imeachta sin.
4. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha a ghlacadh
a bhainfidh leis na haicmí cabhrach Stáit a bhfuil cinneadh
glactha ag an gComhairle ina leith, de bhun Airteagal III-169, go bhfuil
siad díolmhaithe ón nós imeachta dá bhforáiltear
i mír 3 den Airteagal seo.
AIRTEAGAL III-169
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha a ghlacadh chun Airteagail III-167 agus III-168 a chur i bhfeidhm,
agus chun na coinníollacha faoina mbeidh feidhm ag Airteagal III-168(3)
a chinneadh mar aon leis na haicmí cabhrach atá díolmhaithe ón
nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 168(3). Gníomhóidh
sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
ROINN 6
FORÁLACHA FIOSCACHA
AIRTEAGAL III-170
1. Ní fhorchuirfidh aon Bhallstát, go díreach ná go
hindíreach, ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas
inmheánach de shaghas ar bith de bhreis ar a bhforchuirtear go díreach
nó go hindíreach ar a samhail de tháirgí náisiúnta.
Fairis sin, ní fhorchuirfidh aon Bhallstát ar tháirgí Ballstát
eile aon chánachas inmheánach de shaghas a thabharfaidh cosaint
indíreach do tháirgí eile.
2. I gcás earraí arna n-onnmhairiú ag Ballstát
go críoch Bhallstáit eile, ní bheidh aon aisíocaíocht
ar chánachas inmheánach níos mó ná an
cánachas inmheánach a forchuireadh orthu, go díreach
nó go hindíreach.
3. I gcás muirear seachas cánacha láimhdeachais, dleachtanna
máil agus cineálacha eile cánachais indírigh,
ní fhéadfar maithiúnais ná aisíocaíochtaí i
leith onnmhairí go Ballstáit eile a dheonú ná ní fhéadfar
muirir frithchúitimh i leith allmhairí ó Bhallstáit
a fhorchur mura mbeidh na forálacha a mheabhraítear formheasta
roimh ré go ceann tréimhse teoranta le cinneadh Eorpach arna
ghlacadh ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-171
Déanfar bearta a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta
a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil
agus cineálacha eile cánachais indírigh ar chuntar gur
gá an comhchuibhiú sin chun bunú agus oibriú an
mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun saobhadh
ar an iomaíocht a sheachaint. Gníomhóidh an Chomhairle
d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis
an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
ROINN 7
FORÁLACHA COITEANNA
AIRTEAGAL III-172
1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht,
beidh feidhm ag an Airteagal seo d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear
in Airteagal III-130 a bhaint amach. Bunófar le dlíthe Eorpacha
nó dlíthe réime Eorpacha bearta maidir le comhfhogasú na
bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin
nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun
an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú. Glacfar
na dlíthe sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le forálacha fioscacha,
le forálacha maidir le saorghluaiseacht daoine ná le forálacha
maidir le cearta agus leasanna fostaithe.
3. Déanfaidh an Coimisiún na tograí arna dtíolacadh
aige ag faoi mhír 1 maidir le sláinte, sábháilteacht,
cosaint an chomhshaoil agus cosaint an tomhaltóra a bhunú ar
ardleibhéal cosanta, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar
fhíorais eolaíocha á cur san áireamh ach go háirithe.
Faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, féachfaidh Parlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle freisin leis an gcuspóir sin a bhaint
amach.
4. Más rud é, tar éis beart comhchuibhithe a ghlacadh
le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach, nó le
rialachán Eorpach ón gCoimisiún, go measfaidh Ballstát
gur gá forálacha náisiúnta a choimeád
ar bun de bharr riachtanas tábhachtach dá dtagraítear
in Airteagal III-154 nó a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó na
timpeallachta oibre, déanfaidh sé na forálacha sin,
maille leis na forais lena gcoimeád ar bun, a chur in iúl don
Choimisiún.
5. Thairis sin, gan dochar do mhír 4, más rud é, tar éis
beart comhchuibhithe a ghlacadh le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach, nó le rialachán Eorpach ón gCoimisiún,
go measfaidh Ballstát gur gá forálacha náisiúnta
a thabhairt isteach atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua
maidir le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre de bharr
fadhb a bhaineann go leithleach leis an mBallstát sin agus a thagann
chun cinn tar éis don bheart comhchuibhithe a bheith glactha, déanfaidh
sé na forálacha arna mbeartú, maille leis na cúiseanna
atá leo, a chur in iúl don Choimisiún.
6. Laistigh de shé mhí ó na fógraí dá dtagraítear
i míreanna 4 agus 5 a fháil, glacfaidh an Coimisiún
cinneadh Eorpach lena ndéanfar na forálacha náisiúnta
i gceist a fhormheas nó a dhiúltú tar éis dó a
fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil áis á baint
astu le haghaidh idirdhealú treallach nó chun srianadh faoi
cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Bhallstáit
agus an bhfuil nó nach bhfuil siad ina gconstaic d'oibriú an
mhargaidh inmheánaigh.
Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse
sin, measfar go bhfuil na forálacha náisiúnta dá dtagraítear
i míreanna 4 agus 5 formheasta.
Nuair atá call leis sin mar gheall ar chastacht an ábhair agus
in éagmais contúirte do shláinte an duine, féadfaidh
an Coimisiún a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht
go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír
seo a fhadú go ceann tréimhse eile suas go sé mhí.
7. Nuair a údaraítear do Bhallstát, de bhun mhír
6, forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a
thabhairt isteach de mhaolú ar bheart comhchuibhithe, scrúdóidh
an Coimisiún láithreach an cóir oiriúnú ar
an mbeart sin a mholadh.
8. Nuair a dhéanfaidh Ballstát fadhb shonrach sláinte
poiblí a tharraingt anuas i réimse a bhí ina ábhar
roimhe sin do bhearta comhchuibhithe, tabharfaidh sé ar aird don Choimisiún í agus
scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir
bearta iomchuí a mholadh.
9. De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos
in Airteagail III-360 agus III-361, féadfaidh an Coimisiún
agus Ballstát ar bith an t-ábhar a thabhairt díreach
os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má mheasann
siad go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáide
as na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.
10. Beidh sna bearta comhchuibhithe dá dtagraítear san Airteagal
seo, i ngach cás is iomchuí, clásal cosanta lena n-údarófar
do na Ballstáit, ar cheann amháin nó níos mó de
na cúiseanna neamheacnamaíocha dá dtagraítear
in Airteagal III-154, bearta sealadacha a ghlacadh faoi réir nós
imeachta rialaithe de chuid an Aontais.
AIRTEAGAL III-173
Gan dochar d'Airteagal III-172, bunófar le dlí réime
Eorpach ón gComhairle bearta le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha
reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin
sin de chuid na mBallstát a dhéanann difear go díreach
do bhunú nó d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
AIRTEAGAL III-174
Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil difríocht idir
na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin
nó riaracháin i mBallstáit atá ag saobhadh na
gcoinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus
gur gá an saobhadh dá dheasca sin a dhíchur, rachaidh
sé i gcomhairle leis na Ballstáit i dtrácht.
Mura dtiocfaidh comhaontú as an gcomhairliúchán sin,
bunófar le dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá chun
an saobhadh i gceist a dhíchur. Féadfar gach beart iomchuí eile
dá bhforáiltear sa Bhunreacht a ghlacadh.
AIRTEAGAL III-175
1. Má bhíonn cúis ann chun a cheapadh gur baolach saobhadh
de réir bhrí Airteagal III-174 teacht as foráil reachtaíochta
nó rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstáit
a ghlacadh nó a leasú, rachaidh Ballstát a dteastaíonn
uaidh sin a dhéanamh i gcomhairle leis an gCoimisiún. Tar éis
dul i gcomhairle leis na Ballstáit, díreoidh an Coimisiún
moladh chuig na Ballstáit lena mbaineann maidir leis na bearta is
iomchuí chun an saobhadh sin a sheachaint.
2. Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát a dteastaíonn uaidh
forálacha dá chuid féin a thabhairt isteach nó a
leasú an moladh a thug an Coimisiún dó, ní iarrfar,
de bhun Airteagal III-174, ar na Ballstáit eile a bhforálacha
féin a leasú chun an saobhadh sin a dhíchur. Má bhíonn
an Ballstát a thug neamhaird ar mholadh an Choimisiúin ina
chúis le saobhadh a rachaidh chun dochair dó féin amháin,
ní bheidh feidhm ag Airteagal III-174.
AIRTEAGAL III-176
Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a
oibriú, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe
réime Eorpacha bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla
a chruthú chun cosaint chomhionann ar chearta maoine intleachtúla
a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe
um údarú, comhordú agus maoirsiú a chur ar bun
ar leibhéal an Aontais.
Bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle na socruithe teanga
do na cearta Eorpacha maoine intleachtúla. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa.
CAIBIDIL II
BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
AIRTEAGAL III-177
Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal I-3, cuimseoidh gníomhaíochtaí na
mBallstát agus an Aontais, mar a bhforáiltear sa Bhunreacht,
beartas eacnamaíoch a ghlacadh atá bunaithe ar chomhordú dlúth
idir bheartais eacnamaíocha na mBallstát, ar an margadh inmheánach
agus ar shainiú comhchuspóirí agus a sheoltar i gcomhréir
le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.
Go comhthreomhar leis sin, agus faoi na coinníollacha agus de réir
na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhunreacht, cuimseoidh
na gníomhaíochtaí sin airgeadra aonair, an euro, mar
aon le beartas aonair airgeadaíochta agus beartas aonair ráta
malairte a shainiú agus a sheoladh arb é is cuspóir
príomhúil leo araon cobhsaíocht praghsanna a choimeád
ar bun agus, gan dochar don chuspóir sin, tacú le beartais
eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, i gcomhréir le
prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.
Béarfaidh gníomhaíochtaí sin na mBallstát
agus an Aontais go ndéanfar na treoirphrionsabail seo a leanas a chomhlíonadh:
praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta, dálaí airgeadaíochta
fónta agus comhardú cobhsaí íocaíochtaí.
ROINN 1
BEARTAS EACNAMAÍOCH
AIRTEAGAL III-178
Seolfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha d'fhonn rannchuidiú le
cuspóirí an Aontais a ghnóthú, mar atá siad
sainithe in Airteagal I-3, agus faoi chuimsiú na mór-threoirlínte
dá dtagraítear in Airteagal III-179(2). Gníomhóidh
na Ballstáit agus an tAontas i gcomhréir le prionsabal geilleagair
mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach
acmhainní agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha
amach in Airteagal III-177.
AIRTEAGAL III-179
1. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais
eacnamaíocha agus déanfaidh siad comhordú orthu i dtionól
na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal III-178.
2. Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún,
dréacht a fhoirmiú de mhór-threoirlínte bheartais
eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais agus déanfaidh
sí tuarascáil ar an méid sin don Chomhairle Eorpach.
Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ar bhonn na tuarascála ón
gComhairle, conclúid a phlé ar mhór-threoirlínte
bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais. Ar bhonn
na conclúide sin, glacfaidh an Chomhairle moladh a shocróidh
na mór-threoirlínte sin. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa
ar an eolas faoina moladh.
3. D'fhonn comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha
agus cóineasú marthanach ar fheidhmiú eacnamaíoch
na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle,
ar bhonn tuarascálacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún,
faireachán ar fhorbairtí eacnamaíocha i ngach ceann
de na Ballstáit agus san Aontas agus ar chomhchuibheas na mbeartas
eacnamaíoch leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear
i mír 2 agus déanfaidh sí measúnú foriomlán
go tráthrialta.
Chun críocha an fhaireacháin iltaobhaigh sin, cuirfidh na Ballstáit
faisnéis chuig an gCoimisiún ar bhearta tábhachtacha
arna nglacadh acu i réimse a mbeartais eacnamaíoch agus pé faisnéis
eile a mheasfaidh siad is gá.
4. Má shuitear, faoi chuimsiú an nós imeachta dá dtagraítear
i mír 3, nach bhfuil beartais eacnamaíocha Ballstáit
comhchuí leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear
i mír 2 nó gur dóigh dóibh oibriú rianúil
an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt,
féadfaidh an Coimisiún foláireamh a dhíriú chuig
an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle, ar
mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a dhíriú chuig
an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh,
ar thogra ón gCoimisiún, a moltaí a phoibliú.
Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle
gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn an Ballstát
i dtrácht a chur san áireamh.
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí eile
na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65%
de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de na comhaltaí eile sin den
Chomhairle a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra
na mBallstát rannpháirteach, móide comhalta amháin;
dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
5. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún
tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar thorthaí an fhaireacháin
iltaobhaigh. Féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle láithriú os
comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa má bhíonn
a moltaí poiblithe ag an gComhairle.
6. Féadfar le dlíthe Eorpacha rialacha mionsonraithe a leagan
síos don nós imeachta faireacháin iltaobhaigh dá dtagraítear
i míreanna 3 agus 4.
AIRTEAGAL III-180
1. Gan dochar d'aon nósanna imeachta eile dá bhforáiltear
sa Bhunreacht, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
cinneadh Eorpach a ghlacadh lena mbunófar na bearta is iomchuí don
staid eacnamaíoch, go háirithe má tharlaíonn
géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe.
2. I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a
bheith ag dianbhagairt air de dheasca tubaistí nádúrtha
nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh
an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a
ghlacadh lena ndeonófar, faoi choinníollacha áirithe,
cúnamh airgeadais Aontais don Bhallstát i dtrácht. Cuirfidh
Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh
a glacadh.
AIRTEAGAL III-181
1. Toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais na
mBallstát (dá ngairtear "bainc cheannais náisiúnta" anseo
feasta) saoráidí rótharraingtí nó aon
saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar
institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais,
rialtas láir, údarás réigiúnach nó áitiúil
nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile
arna rialú ag an dlí poiblí nó ghnóthas
poiblí na mBallstát, agus toirmiscfear freisin ar an mBanc
Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais
a cheannach go díreach uathu.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinstitiúidí creidmheasa
ar úinéireacht phoiblí ar a gcuireann bainc cheannais
náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs
soláthair chúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir
chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.
AIRTEAGAL III-182
Toirmiscfear aon bheart nó foráil, nach bhfuil bunaithe ar
dhálaí stuamachta, a thugann rochtain phribhléideach
ar institiúidí airgeadais d'institiúidí, do chomhlachtaí,
d'oifigí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais,
do rialtais láir, d'údaráis réigiúnacha
nó áitiúla nó d'údaráis phoiblí eile,
do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do
ghnóthais phoiblí na mBallstát.
AIRTEAGAL III-183
1. Ceangaltais rialtas láir, údarás réigiúnach
nó áitiúil nó údarás poiblí eile,
comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas
poiblí de chuid aon Bhallstáit, ní bheidh an tAontas
faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin
iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha
ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh. Ceangaltais
rialtas láir, údarás réigiúnach nó áitiúil
nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile
arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas
poiblí de chuid Ballstáit eile, ní bheidh Ballstát
faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin
iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha
ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh.
2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena
sonrófar na sainmhínithe maidir le cur i bhfeidhm na dtoirmeasc
dá dtagraítear in Airteagail III-181 agus III-182 agus san
Airteagal seo. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-184
1. Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt na
staide buiséadaí agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit
d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh
sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh
ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:
(a) an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte
nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar
luach tagartha,
(i) mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go
suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal
a shroicheadh atá gar don luach tagartha;
(ii) nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil san fharasbarr thar
an luach tagartha ach farasbarr eisceachtúil agus sealadach amháin
agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;
(b) an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an
olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas
ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil
leis an luach tagartha.
Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an
nós imeachta um easnamh iomarcach.
3. Mura ndéanfaidh Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin
de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh
an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin
i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh
rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha
eile lena n-áirítear riocht eacnamaíoch agus buiséadach
meántéarmach an Bhallstáit.
Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin
má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas
faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.
4. Foirmeoidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, arna chur ar
bun faoi Airteagal III-192, tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.
5. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol
easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát, déanfaidh sé tuairim
a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht agus cuirfidh
sé an Chomhairle ar an eolas.
6. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis
an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh
tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach
ann. Sa chás sin, glacfaidh sí, gan mhoill, ar mholadh ón
gCoimisiún, na moltaí arna ndíriú chuig an mBallstát
i dtrácht chun deireadh a chur leis an staid sin laistigh de thréimhse
a thugtar. Faoi réir mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin
a phoibliú.
Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle
gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn an Ballstát
i dtrácht a chur san áireamh.
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí eile
na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65%
ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.
7. Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na cinntí Eorpacha
agus na moltaí dá dtagraítear i míreanna 8 go
11.
Gníomhóidh sí gan vóta chomhalta na Comhairle
a ionadaíonn an Ballstát i dtrácht a chur san áireamh.
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí eile
na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65%
ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.
8. Má ghlacann an Chomhairle cinneadh Eorpach lena suífear
nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta
mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse arna leagan
síos, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.
9. Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ón
gComhairle a chur i ngníomh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh
Eorpach a ghlacadh lena dtabharfar foláireamh don Bhallstát
i dtrácht bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe
chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Chomhairle a
bheith riachtanach chun an staid a leigheas.
Féadfaidh an Chomhairle, i gcás den sórt sin, a iarraidh
ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a thíolacadh
de réir tráthchláir shonraigh chun iarrachtaí coigeartaithe
an Bhallstáit sin a scrúdú.
10. Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh Eorpach arna ghlacadh
i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh
beart amháin nó bearta de na cinn seo a leanas a chur i bhfeidhm
nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:
(a) a chur de cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh
faisnéise, a shonróidh an Chomhairle, a fhoilsiú sula
n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;
(b) a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir
le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;
(c) a chur de cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar
de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an Aontas go dtí go
measfaidh an Chomhairle go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;
(d) fíneálacha de mhéid iomchuí a ghearradh.
Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi
na bearta a glacadh.
11. Aisghairfidh an Chomhairle cuid de na bearta nó na bearta uile
dá dtagraítear i mír 6 agus i míreanna 8, 9 agus
10 má mheasann sí go bhfuil an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát
i dtrácht ceartaithe. Má tá moltaí poiblí déanta
ag an gComhairle roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear
an cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 8, ráiteas
poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát
i dtrácht.
12. Ní fheidhmeofar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear
in Airteagail III-360 agus III-361, faoi chuimsiú mhíreanna
1 go 6, ná faoi chuimsiú mhíreanna 8 ná 9.
13. Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an
nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo leagtha
amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach.
Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle na bearta
is iomchuí chun ionad an Phrótacail sin a ghlacadh. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, déanfaidh
an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha
nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena leagfar síos rialacha
mionsonraithe agus sainmhínithe chun an Prótacal sin a chur
i bhfeidhm. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa.
ROINN 2
BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
AIRTEAGAL III-185
1. Beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach
Banc Ceannais cobhsaíocht praghsanna a choiméad ar bun. Gan
dochar don chuspóir sin, tacóidh an Córas Eorpach Banc
Ceannais leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas
d'fhonn rannchuidiú le gnóthú a chuspóirí mar
atá siad leagtha síos in Airteagal I-3. Gníomhóidh
an Córas Eorpach Banc Ceannais i gcomhréir le prionsabal geilleagair
mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach
acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal
III-177 á gcomhlíonadh.
2. Is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích tríd
an gCóras Eorpach Banc Ceannais:
(a) beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur
chun feidhme;
(b) oibríochtaí malairte eachtraí is comhchuí le
hAirteagal III-326 a sheoladh,
(c) cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát
a shealbhú agus a bhainistiú;
(d) dea-oibriúchán na gcóras íocaíochtaí a
chur chun cinn.
3. Beidh mír 2(c) gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna
oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainistiú.
4. I dtaca leis an mBanc Ceannais Eorpach:
(a) rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Aontais arna
bheartú i réimsí laistigh dá chumhachtaí;
(b) rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis
maidir le haon dréachtfhoráil reachtach i réimsí laistigh
dá chumhachtaí, ach faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha
atá leagtha síos ag an gComhairle i gcomhréir leis an
nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-187(6).
Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair
laistigh dá chumhachtaí a chur faoi bhráid institiúidí,
chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an
Aontais nó faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.
5. Rannchuideoidh an Córas Eorpach Banc Ceannais le seoladh rianúil
beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a
bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa
agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.
6. Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle cúraimí sonracha
a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht
stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais
eile seachas gnóthais árachais. Gníomhóidh an
Chomhairle d’aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint
na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.
AIRTEAGAL III-186
1. Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach an ceart eisiach chun eisiúint
nótaí bainc euro san Aontas a údarú. Féadfaidh
an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta
nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na
nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach
agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc
den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana
laistigh den Aontas.
2. Féadfaidh na Ballstáit monaí euro a eisiúint
faoi réir formheasa ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid
na heisiúna.
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha a ghlacadh lena mbunófar bearta chun ainmníochtaí agus
sonraíochtaí teicniúla na monaí le haghaidh cúrsaíochta
a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht
réidh laistigh den Aontas a cheadú. Gníomhóidh
an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus
leis an mBanc Ceannais Eorpach.
AIRTEAGAL III-187
1. Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh,
arb iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin,
a rialóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais.
2. Tá Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais leagtha síos
sa Phrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus
an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
3. Féadfar Airteagal 5(1), (2) agus (3), Airteagail 17 agus 18, Airteagal
19(1), Airteagail 22, 23, 24 agus 26, Airteagal 32(2), (3), (4) agus (6),
Airteagal 33(1)(a) agus Airteagal 36 de Reacht an Chórais Eorpaigh
Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a leasú le dlíthe
Eorpacha:
(a) ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle
leis an mBanc Ceannais Eorpach;
(b) nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
4. Glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha
lena leagfar síos na bearta dá dtagraítear in Airteagal
4, Airteagal 5(4), Airteagal 19(2), Airteagal 20, Airteagal 28(1), Airteagal
29(2), Airteagal 30(4) agus Airteagal 34(3) de Reacht an Chórais Eorpaigh
Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Gníomhóidh
sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa:
(a) ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle
leis an mBanc Ceannais Eorpach;
(b) nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-188
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus
na ndualgas atá curtha orthu leis an mBunreacht agus le Reacht an
Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ní fhéadfaidh
an Banc Ceannais Eorpach, banc ceannais náisiúnta ná aon
chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh
ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an
Aontais, ar aon Rialtas Ballstáit nó ar aon chomhlacht eile
ná a ghlacadh uathu. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí,
oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais maille
le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus
gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhlachtaí cinnteoireachta
an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó na mbanc ceannais náisiúnta
i gcomhlíonadh a gcúraimí.
AIRTEAGAL III-189
Á
iritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta,
lena n-áirítear reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta,
ag luí leis an mBunreacht agus le Reacht an Chórais Eorpaigh
Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-190
1. D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar an gCóras
Eorpach Banc Ceannais a chomhlíonadh, glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach,
i gcomhréir leis an mBunreacht agus faoi na coinníollacha atá leagtha
síos i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc
Cheannais Eorpaigh:
(a) rialacháin Eorpacha a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe
in Airteagal 3(1)(a), in Airteagal 19(1), Airteagal 22 agus Airteagal 25(2)
de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais
Eorpaigh a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos
sna rialacháin Eorpacha agus sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear
in Airteagal III-187(4);
(b) na cinntí Eorpacha is gá chun na cúraimí a
chuirtear de chúram ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais faoin
mBunreacht agus faoi Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus
an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chomhlíonadh;
(c) moltaí agus tuairimí.
2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí Eorpacha,
a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.
3. Glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta
dá bhforáiltear in Airteagal III-187(4), na rialacháin
Eorpacha lena socrófar na teorainneacha agus na coinníollacha
faoina mbeidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha
nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina
rialacháin Eorpacha agus faoina chinntí Eorpacha.
AIRTEAGAL III-191
Gan dochar d'inniúlachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, bunófar
le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha
na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair.
Glacfar na dlíthe nó na dlíthe réime sin tar éis
dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
ROINN 3
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL III-192
1. Chun comhordú bheartais na mBallstát a chur ar aghaidh a
mhéad is gá ar mhaithe le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh,
bunaítear leis seo Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.
2. Beidh de chúram ar an gCoiste:
(a) tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don
Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid
na n-institiúidí sin;
(b) staid eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát agus an
Aontais a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a
dhéanamh go tráthrialta uirthi don Chomhairle agus don Choimisiún,
go háirithe i dtaobh an chaidrimh airgeadais le tríú tíortha
agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;
(c) gan dochar d'Airteagal III-344, rannchuidiú le hullmhúchán
d'obair na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal III-159, Airteagal
III-179(2), (3), (4) and (6), Airteagail III-180, III-183 agus III-184, Airteagal
III-185(6), Airteagal III-186(2), Airteagal III-187(3) agus (4), Airteagail
III-191, III-196, Airteagal III-198(2) agus (3), Airteagal III-201, Airteagal
III-202(2) agus (3), agus Airteagail III-322 agus III-326, agus na cúraimí eile
comhairleacha agus ullmhúcháin arna sannadh dó ag an
gComhairle a chur i gcrích;
(d) an staid a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir
le gluaiseacht caipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar
a leanann siad ó chur i bhfeidhm an Bhunreachta agus ghníomhartha
an Aontais; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann
le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí;
déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus don
Chomhairle ar thoradh an scrúdaithe sin.
Ceapfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Banc Ceannais
Eorpach faoi seach beirt chomhaltaí ar a mhéad den Choiste.
3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh
Eorpach lena leagfar síos a rialacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh
an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. Gníomhóidh sí tar éis
dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoiste. Cuirfidh
Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh
sin.
4. De bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear i mír
2, má tá agus fad atá Ballstáit go maolú dá dtagraítear
in Airteagal III-197 ann, coimeádfaidh an Coiste staid airgeadaíochta
agus airgeadais maille le córas ginearálta íocaíochtaí na
mBallstát sin faoi léirmheas agus déanfaidh sé tuarascáil
go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún ar an ábhar
sin.
AIRTEAGAL III-193
Féadfaidh an Chomhairle nó Ballstát, i gcúrsaí faoi
raon feidhme Airteagal III-179(4), Airteagal III-184 seachas mír 13,
Airteagail III-191, III-196, Airteagal III-198(3) agus Airteagal III-326,
a iarraidh ar an gCoimisiún moladh nó togra a dhéanamh,
mar is iomchuí. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh
sin agus cuirfidh sé a chonclúidí faoi bhráid
na Comhairle gan mhoill.
ROINN 4
FORÁLACHA IS SONRACH DO BHALLSTÁIT A bhFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA
ACU
AIRTEAGAL III-194
1. D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta
mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha
an Bhunreachta, glacfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós
imeachta ábhartha as a measc siúd dá dtagraítear
in Airteagail III-179 agus III-184, seachas an nós imeachta dá bhforáiltear
in Airteagal III-184(13), bearta a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit
sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d’fhonn:
(a) an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht
air a neartú;
(b) treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach dóibh,
agus é á áirithiú go bhfuil siad ag luí leis
na treoirlínte arna nglacadh don Aontas i gcoitinne agus go bhfuil
maoirseacht á déanamh orthu.
2. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis
na bearta atá luaite i mír 1 ach comhaltaí sin na Comhairle
a ionadaíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí sin
na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65%
ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.
AIRTEAGAL III-195
Leagtar amach leis an bPrótacal maidir leis an nGrúpa Euro
na socruithe do chruinnithe idir airí na mBallstát sin a bhfuil
an euro mar airgeadra acu.
AIRTEAGAL III-196
1. D'fhonn ionad an euro sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta
a áirithiú, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
cinneadh Eorpach lena mbunófar na comhsheasaimh ar ábhair ina
bhfuil leas ar leith don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta
laistigh de na hinstitiúidí agus de na comhdhálacha
idirnáisiúnta airgeadais inniúla. Gníomhóidh
an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
bearta iomchuí a ghlacadh chun ionadaíocht aontaithe laistigh
de na hinstitiúidí agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta
airgeadais inniúla a áirithiú. Gníomhóidh
an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
3. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis
na bearta atá luaite i míreanna 1 agus 2 ach comhaltaí sin
na Comhairle a ionadaíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra
acu.
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí sin
na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65%
ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin meastar tromlach cáilithe a bheith ann.
ROINN 5
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA
AIRTEAGAL III-197
1. "Ballstáit go maolú" a ghairfear anseo feasta
ar na Ballstáit nach bhfuil cinnte ag an gComhairle ina leith go gcomhallann
siad na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.2. Ní bheidh na forálacha seo a leanas sa Bhunreacht infheidhme
maidir le Ballstáit go maolú:
(a) glacadh na gcodanna sin de na mórthreoirlínte beartais
eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne
(Airteagal III-179(2));
(b) meáin chomhéigneacha chun easnaimh iomarcacha a leigheas
(Airteagal III-184(9) agus (10));
(c) cuspóirí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus
na cúraimí atá air (Airteagal III-185(1), (2), (3) agus
(5));
(d) eisiúint an euro (Airteagal III-186);
(e) gníomhartha ón mBanc Ceannais Eorpach (Airteagal III-190);
(f) bearta a rialaíonn úsáid an euro (Airteagal III-191);
(g) comhaontuithe airgeadaíochta agus bearta eile a bhaineann leis
an mbeartas ráta malairte (Airteagal III-326);
(h) ceapachán chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin
an Bhainc Cheannais Eorpaigh (Airteagal III-382(2));
(i) cinntí Eorpacha lena mbunaítear comhsheasaimh ar cheisteanna
atá fíor-ábhartha don aontas eacnamaíoch agus
airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí agus de na
comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla
(Airteagal III-196(1));
(j) bearta chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí agus
de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais a áirithiú (Airteagal
III-196(2)).
Dá dheasca sin, sna hAirteagail dá dtagraítear i bpointí (a)
go (j), ciallaíonn "Ballstáit" na Ballstáit
a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
3. Faoi Chaibidil IX de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus
an Bhainc Cheannais Eorpaigh, tá Ballstáit go maolú agus
a mbainc cheannais náisiúnta eisiata ó na cearta agus ó na
hoibleagáidí faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh
Banc Ceannais.
4. Déanfar cearta vótála chomhaltaí na Comhairle
a ionadaíonn Ballstáit go maolú a fhionraí nuair
atá na bearta dá dtagraítear sna hAirteagail atá luaite
i mír 2 á nglacadh ag an gComhairle, agus sna cásanna
seo a leanas:
(a) moltaí arna gcur faoi bhráid na mBallstát sin a
bhfuil an euro mar airgeadra acu faoi chuimsiú an fhaireacháin
iltaobhaigh, lena n-áirítear moltaí ar chláir
chobhsaíochta agus foláirimh (Airteagal III-179(4));
(b) bearta i dtaca le heasnaimh iomarcacha a bhaineann leis na Ballstáit
sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu (Airteagal III-184(6), (7), (8) agus
(11)).
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí eile
na Comhairle, a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65%
ar a laghad de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí eile sin na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar tromlach cáilithe a bheith ann.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H