CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
AIRTEAGAL III-198
1. Ar a laghad uair sa dá bhliain, nó arna iarraidh sin do
Bhallstát go maolú, déanfaidh an Coimisiún agus
an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil don Chomhairle ar dhul chun cinn
na mBallstát go maolú i gcomhall a n-oibleagáidí maidir
le gnóthú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta.
Beidh sna tuarascálacha sin scrúdú an bhfuil reachtaíocht
náisiúnta gach Ballstáit, lena n-áirítear
reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí le hAirteagail
III-188 agus III-189 agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais
agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Scrúdóidh na tuarascálacha
sin freisin ar gnóthaíodh ardleibhéal de chóineasú inbhuanaithe
trí anailís a dhéanamh ar a mhéad atá gach
ceann de na Ballstáit sin tar éis na critéir seo a leanas
a chomhall:
(a) gnóthú ardleibhéil chobhsaíochta praghsanna;
beidh sé sin follasach ó ráta boilscithe atá gar
do ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla
maidir le cobhsaíocht praghsanna;
(b) inbhuaine an riochta airgeadais rialtais; beidh sé sin follasach óir
beidh riocht buiséadach rialtais gnóthaithe aige gan easnamh
is iomarcach mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal
III-184(6);
(c) urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear
le sásra ráta malairte an chórais airgeadaíochta
Eorpaigh ar feadh dhá bhliain ar a laghad, gan díluacháil
in aghaidh an euro;
(d) marthanacht an chóineasaithe a bheidh gnóthaithe ag an
mBallstát go maolú agus a rannpháirtíochta sa
sásra ráta malairte á brath ar leibhéil fhadtéarmacha
rátaí úis.
Déantar na ceithre chritéar atá leagtha síos
sa mhír seo agus na tréimhsí ábhartha ar lena
linn atá siad le hurramú a fhorbairt a thuilleadh sa Phrótacal
maidir leis na critéir um chóineasú. Cuirfear san áireamh
freisin sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ón
mBanc Ceannais Eorpach torthaí imeascadh na margaí, staid agus
forbairt chomhardú na n-íocaíochtaí ar chuntas
reatha, agus scrúdú ar fhorbairt costas aonad saothair agus
ar innéacsanna eile praghsanna.
2. Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis
plé sa Chomhairle Eorpach, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón
gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena mbunófar cé hiad na
Ballstáit go maolú a chomhallann na coinníollacha is
gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos i mír
1 agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.
Gníomhóidh an Chomhairle tar éis moladh a fháil ó thromlach
cáilithe de na comhaltaí dá cuid a ionadaíonn
na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Gníomhóidh
na comhaltaí sin laistigh de thréimhse sé mhí tar éis
an Chomhairle an togra ón gCoimisiún a fháil.
Saineofar an tromlach cáilithe dá dtagraítear sa dara
fomhír mar 55% ar a laghad de chomhaltaí sin na Comhairle,
a ionadaíonn Ballstáit a chuimsíonn 65% ar a laghad
de dhaonra na mBallstát rannpháirteach. Ní mór
a bheith ar áireamh i mionlach blocála an t-íoslíon
ar a laghad de chomhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn níos
mó ná 35% de dhaonra na mBallstát rannpháirteach,
móide comhalta amháin; dá uireasa sin measfar tromlach
cáilithe a bheith ann.
3. Má chinntear, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha
amach i mír 2, maolú a aisghairm, glacfaidh an Chomhairle,
ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na
cinntí Eorpacha lena socrófar go neamh-inchúlghairthe
an ráta ar a gcuirfear an euro in ionad airgeadra an Bhallstáit
i dtrácht agus lena mbunófar na bearta eile is gá chun
an euro a thabhairt isteach mar airgeadra aonair sa Bhallstát sin.
Gníomhóidh an Chomhairle le haontoilíocht na gcomhaltaí a
ionadaíonn na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu
agus an Bhallstáit i dtrácht, tar éis dul i gcomhairle
leis an mBanc Ceannais Eorpach.
AIRTEAGAL III-199
1. Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann,
agus gan dochar d'Airteagal III-187(1), cuirfear ar bun mar thríú comhlacht
cinnteoireachta den Bhanc Ceannais Eorpach an Chomhairle Ghinearálta
den Bhanc Ceannais Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de
Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais
Eorpaigh.
2. Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann,
déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i dtaca leis na Ballstáit
sin:
(a) an comhar idir na bainc cheannais náisiúnta a neartú;
(b) comhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát a
neartú ar mhaithe le cobhsaíocht praghsanna a áirithiú;
(c) faireachán a dhéanamh ar oibriú an tsásra
rátaí malairte;
(d) comhairliúcháin a chur ar siúl maidir le saincheisteanna
a thagann faoi inniúlacht na mbanc ceannais náisiúnta
agus a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúidí agus
margaí airgeadais;
(e) na cúraimí a bhí ar an gCiste Eorpach um Chomhar
Airgeadaíochta tráth, agus a ghabh an Institiúid Airgeadaíochta
Eorpach ar láimh ina dhiaidh sin, a fheidhmiú.
AIRTEAGAL III-200
Déanfaidh gach Ballstát go maolú a bheartas rátaí malairte
a bhreithniú mar ábhar leasa choitinn. Lena linn sin, cuirfidh
sé san áireamh taithí an chomhair faoi chuimsiú an
tsásra ráta malairte.
AIRTEAGAL III-201
1. I gcás Ballstát go maolú a bheith i ndeacrachtaí,
nó deacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air, maidir lena chomhardú íocaíochtaí mar
thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán sa chomhardú sin
nó mar thoradh ar an saghas airgeadra atá ar láimh aige,
agus nuair is dóigh go háirithe do na deacrachtaí sin
oibriú an mhargaidh inmheánaigh nó cur chun feidhme
an chomhbheartais tráchtála a chur i gcontúirt, déanfaidh
an Coimisiún imscrúdú láithreach ar riocht an
Stáit i gceist agus ar an ngníomh atá déanta
ag an Stát sin nó a fhéadfaidh sé a dhéanamh
i gcomhréir leis an mBunreacht, agus úsáid á baint
aige as gach meán atá ar láimh aige. Sonróidh
an Coimisiún na bearta a mholann sé don Stát i dtrácht
lena nglacadh.
Mura leor gníomh an Bhallstáit go maolú agus na bearta
arna moladh ag an gCoimisiún chun na deacrachtaí atá tagtha
chun cinn nó atá ag bagairt a shárú, molfaidh
an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Airgeadais, don Chomhairle cúnamh frithpháirteach a dheonú maille
leis na modhanna iomchuí chuige sin.
Coinneoidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta
ar an staid agus ar a héabhóid.
2. Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha
lena ndeonófar cúnamh frithpháirteach den sórt
sin agus lena leagfar síos na coinníollacha agus na sonraí do
chúnamh den sórt sin a fhéadfaidh a bheith mar a leanas:
(a) triall comhbheartaithe chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta
eile, nó laistigh di, a bhféadfaidh Ballstát go maolú dul
ar a hiontaoibh;
(b) bearta is gá chun sraonadh trádála a sheachaint
nuair a dhéanann an Ballstát go maolú, a bhfuil deacrachtaí aige,
srianta cainníochtúla i leith tríú tíortha
a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach athuair;
(c) Ballstáit eile creidmheasanna teoranta a dheonú, faoi réir
a gcomhaontaithe.
3. Mura ndeonóidh an Chomhairle an cúnamh frithpháirteach
a mholann an Coimisiún nó mura leor an cúnamh frithpháirteach
a dheonaítear agus na bearta a ghlactar, údaróidh an
Coimisiún don Bhallstát go maolú, a bhfuil deacrachtaí aige,
bearta coimirce a ghlacadh agus saineoidh an Coimisiún coinníollacha
agus mionsonraí na mbeart sin.
Féadfaidh an Chomhairle údarú den sórt sin a
chúlghairm agus coinníollacha agus sonraí den sórt
sin a athrú.
AIRTEAGAL III-202
1. Nuair a tharlaíonn géarchéim thobann i gcomhardú na
n-íocaíochtaí agus nach nglactar cinneadh Eorpach dá dtagraítear
in Airteagal III-201(2) láithreach, féadfaidh Ballstát
go maolú na bearta cosanta is gá a ghlacadh mar réamhchúram.
Ní foláir do bhearta den sórt sin an suaitheadh is lú is
féidir a dhéanamh in oibriú an mhargaidh inmheánaigh
agus gan a raon a bheith níos leithne ná mar is fíorghá chun
na deacrachtaí tobanna atá tagtha chun cinn a leigheas.
2. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas
faoi na bearta cosanta dá dtagraítear i mír 1 tráth
a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún
moladh don Chomhairle cúnamh frithpháirteach a dheonú faoi
Airteagal III-201.
3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón
gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Airgeadais, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena bhforáiltear go
ndéanfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta cosanta dá dtagraítear
i mír 1 a leasú, a fhionraí nó a dhíothú.
CAIBIDIL III
BEARTAIS I RÉIMSÍ EILE
ROINN 1
FOSTAÍOCHT
AIRTEAGAL III-203
Saothróidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir
leis an Roinn seo, chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht
a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil
oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá oscailte
don athrú eacnamaíoch a chur chun cinn d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear
in Airteagal I-3 a bhaint amach.
AIRTEAGAL III-204
1. Rannchuideoidh na Ballstáit, trína mbeartais fostaíochta,
leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal
III-203 a ghnóthú ar dhóigh is comhchuí le mórthreoirlínte
bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais arna nglacadh
de bhun Airteagal III-179(2).
2. Measfaidh na Ballstáit, ag féachaint do chleachtais náisiúnta
a bhaineann le freagrachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta,
gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun
cinn agus déanfaidh sé comhordú ar a ngníomhaíocht
ina leith i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal
III-206.
AIRTEAGAL III-205
1. Rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal fostaíochta tríd
an gcomhar idir Bhallstáit a chothú agus trí thacú lena
ngníomhaíocht agus, más gá, tríd an ngníomhaíocht
sin a chomhlánú. Lena linn sin, déanfar inniúlachtaí na
mBallstát a urramú.
2. Tabharfar aird ar chuspóir an ardleibhéil fostaíochta
i bhfoirmiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an
Aontais.
AIRTEAGAL III-206
1. Breithneoidh an Chomhairle Eorpach gach bliain staid na fostaíochta
san Aontas agus glacfaidh sí conclúidí ar an ábhar
sin ar bhonn tuarascála bliantúla comhpháirtí ón
gComhairle agus ón gCoimisiún.
2. Ar bhonn chonclúidí na Comhairle Eorpaí, déanfaidh
an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, treoirlínte
a ghlacadh gach bliain a chuirfidh na Ballstáit san áireamh
ina mbeartais fostaíochta. Gníomhóidh sí tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún,
leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus leis an gCoiste
Fostaíochta.
Beidh na treoirlínte sin comhchuí leis na mórthreoirlínte
arna nglacadh de bhun Airteagal III-179(2).
3. Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fáil
don Chomhairle agus don Choimisiún maidir leis na príomhbhearta
arna nglacadh chun a bheartas fostaíochta a chur chun feidhme i bhfianaise
na dtreoirlínte don fhostaíocht dá dtagraítear
i mír 2.
4. Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn na dtuarascálacha
dá dtagraítear i mír 3 agus tar éis dearcadh
an Choiste Fostaíochta a fháil, scrúdú ar chur
chun feidhme bheartais fostaíochta na mBallstát i bhfianaise
na dtreoirlínte don fhostaíocht. Féadfaidh an Chomhairle,
ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh a dhíreoidh
sí chuig na Ballstáit.
5. Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, déanfaidh an
Chomhairle agus an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach
bhliantúil a chuir faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir
le staid na fostaíochta san Aontas agus cur chun feidhme na dtreoirlínte
don fhostaíocht.
AIRTEAGAL III-207
Féadfar bearta dreasachta a bhunú le dlíthe Eorpacha
nó le dlíthe réime Eorpacha atá ceaptha chun
comhar a chothú idir Bhallstáit agus tacú lena ngníomhaíocht
i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is
aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais
a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle
a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur chun
cinn agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a
bhaint as treoirthionscadail. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle
le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
Ní chuimseoidh dlíthe Eorpacha ná dlíthe réime
Eorpacha comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin
na mBallstát.
AIRTEAGAL III-208
Glacfaidh an Chomhairle, trí thromlach simplí, cinneadh Eorpach
lena mbunófar Coiste Fostaíochta a mbeidh stádas comhairleach
aige chun comhordú idir na Ballstáit maidir le beartais fostaíochta
agus mhargadh an tsaothair a chur chun cinn. Gníomhóidh sí tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Is iad na cúraimí a bheidh ar an gCoiste:
(a) faireachán a dhéanamh ar staid na fostaíochta agus
ar na beartais fostaíochta san Aontas agus sna Ballstáit;
(b) gan dochar d'Airteagal III-344, tuairimí a fhoirmiú, arna
iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar
a thionscnamh féin, agus rannchuidiú le hullmhú imeachtaí na
Comhairle dá dtagraítear in Airteagal III-206.
Agus a shainordú á chomhall, rachaidh an Coiste i gcomhairle
leis na comhpháirtithe sóisialta.
Ceapfaidh gach Ballstát beirt chomhaltaí den Choiste agus ceapfaidh
an Coimisiún beirt chomhaltaí den Choiste.
ROINN 2
BEARTAS SÓISIALTA
AIRTEAGAL III-209
Beidh de chuspóirí ag an Aontas agus ag na Ballstáit,
agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha
amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa
arna síniú in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus
i gCairt Chomhphobail 1989 um Chearta Sóisialta Bunúsacha le
haghaidh Oibrithe, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe
maireachtála agus oibre, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus
an feabhsú á choimeád ar bun, le cosaint chuí shóisialta,
leis an agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, le hacmhainní daonna
a fhorbairt ar mhaithe le hardleibhéal marthanach fostaíochta
agus leis an eisiamh a chomhrac.
Chun na críche sin, gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit
agus aird á tabhairt acu ar éagsúlacht na gcleachtas
náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh
chonarthaigh, agus an riachtanas cumas iomaíochta gheilleagar an Aontais
a choimeád ar bun.
Creideann siad go leanfaidh forbraíocht den sórt sin ní hamháin
as oibirú an mhargaidh inmheánaigh a chuirfidh ar aghaidh comhchuibhiú na
gcóras sóisialta, ach freisin as na nósanna imeachta
dá bhforáiltear sa Bhunreacht agus as comhfhogasú fhorálacha
reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na
mBallstát.
AIRTEAGAL III-210
1. D'fhonn cuspóirí Airteagal III-103 a ghnóthú,
tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát
agus comhlánóidh sé sna réimsí seo a leanas
iad:
(a) an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte
agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;
(b) dálaí oibre;
(c) slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta
oibrithe;
(d) cosaint oibrithe i gcás fhoirceannadh a gconarthaí oibre;
(e) oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;
(f) ionadú agus cosaint chomhchoiteann leasanna oibrithe agus fostóirí,
lena n-áirítear comhchinneadh, faoi réir mhír
6;
(g) dálaí fostaíochta do náisiúnaigh tríú tíortha
a chónaíonn go dlíthiúil ar chríoch an
Aontais;
(h) lánpháirtiú daoine atá eisiata ó mhargadh
an tsaothair, gan dochar d'Airteagal III-283;
(i) comhionannas idir mná agus fir maidir le deiseanna ar mhargadh
an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;
(j) an t-eisiamh sóisialta a chomhrac;
(k) córais chosanta sóisialta a nuachóiriú, gan
dochar do phointe (c).
2. Chun críocha mhír 1:
(a) féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le
dlíthe réime Eorpacha atá ceaptha chun comhar idir na
Ballstáit a chothú trí thionscnaimh arb é is
aidhm dóibh an t-eolas a fheabhsú, malairtí faisnéise
agus dea-chleachtais a fhorbairt, cur chuige nuálaíoch a chur
chun cinn agus an taithí a mheas, amach ó aon chomhchuibhiú ar
dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát;
(b) sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(a)
go (i), féadfar ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de
réir a chéile a bhunú le dlíthe réime
Eorpacha, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha
teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna dlíthe
réime Eorpacha sin ó shrianta riaracháin airgeadais
agus dlítheanacha a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar
fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.
I ngach cás, glacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe
réime Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún
agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
3. De mhaolú ar mhír 2, sna réimsí dá dtagraítear
i mír 1(c), (d), (f) agus (g), glacfaidh an Chomhairle dlíthe
Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha, ag gníomhú di
d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste
na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh
Eorpach a ghlacadh a dhéanfaidh an gnáthnós imeachta
reachtach infheidhme maidir le mír 1(d), (f) agus (g). Gníomhóidh
sí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
4. Féadfaidh Ballstát cur chun feidhme na ndlíthe réime
Eorpacha arna nglacadh de bhun mhíreanna 2 agus 3, nó, nuair
is iomchuí, cur chun feidhme rialachán Eorpach nó cinntí Eorpacha
arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal III-212 a chur ar iontaoibh
na gcomhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin dóibh
i gcomhpháirt le chéile.
Sa chás sin, áiritheoidh sé go bhfuil, ar dháta
nach déanaí ná an dáta nach mór dlí réime
Eorpach a thrasuí, nó an dáta nach mór rialachán
Eorpach nó cinneadh Eorpach a chur chun feidhme, na bearta is gá tugtha
isteach trí chomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta,
agus an Ballstát i dtrácht faoi cheangal gach beart is gá a
ghlacadh chun a chumasú dó tráth ar bith a bheith in
ann na torthaí arna bhforchur leis an dlí réime sin,
leis an rialachán sin nó leis an gcinneadh sin a ráthú.
5. Na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe réime Eorpacha
arna nglacadh de bhun an Airteagail seo:
(a) ní dhéanfaidh siad difear do cheart na mBalllstát
prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta
a shainiú agus caithfidh siad gan mórdhifear a dhéanamh
do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin;
(b) ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta cosanta níos
déine atá ag luí leis an mBunreacht a choimeád
ar bun ná a thabhairt isteach.
6. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le pá, maidir
leis an gceart comhlachais, leis an gceart chun dul ar stailc ná leis
an gceart frithdhúnadh a fhorchur.
AIRTEAGAL III-211
1. Cuirfidh an Coimisiún chun cinn an comhairliúchán
idir na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais
agus glacfaidh sé aon bheart ábhartha chun an t-agallamh eatarthu
a éascú trína áirithiú go dtabharfar tacaíocht
chothromúil do na páirtithe.
2. Chun críocha mhír 1, sula dtíolacfaidh sé tograí i
réimse an bheartais shóisialta, rachaidh an Coimisiún
i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar threo ionchasach
gníomhaíochta Aontais.
3. Má mheasann an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin
sin dá dtagraítear i mír 2, go bhfuil gníomhaíocht
Aontais inmhianaithe, rachaidh sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe
sóisialta ar inneachar an togra arna bheartú. Cuirfidh na comhpháirtithe
sóisialta tuairim, nó moladh más iomchuí, ar
aghaidh chuig an gCoimisiún.
4. Tráth an chomhairliúcháin dá dtagraítear
i míreanna 2 agus 3, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta
a chur i bhfios don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear
in Airteagal III-212(1) a thionscnamh. Ní mhairfidh ré an phróisis
seo níos mó ná naoi mí mura gcinnfidh na comhpháirtithe
sóisialta i dtrácht agus an Coimisiún i gcomhpháirt í a
fhadú.
AIRTEAGAL III-212
1. Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta,
féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe,
a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais.
2. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais
is sonrach do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit
nó, in ábhair a thig faoi Airteagal III-210, arna iarraidh
sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, trí rialacháin
Eorpacha nó trí chinntí Eorpacha arna nglacadh ag an
gComhairle ar thogra ón gCoimisiún a chuirfear chun feidhme
na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais.
Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá foráil
amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht
a bhaineann le ceann de na réimsí ar gá aontoilíocht
dóibh de bhun Airteagal III-210(3).
AIRTEAGAL III-213
Chun cuspóirí Airteagal III-209 a ghnóthú agus
gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, cothóidh an Coimisiún
comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a
ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile
an bheartais shóisialta faoin Roinn seo, go háirithe i gcúrsaí a
bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) fostaíocht;
(b) dlí an tsaothair agus dálaí oibre;
(c) gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime;
(d) slándáil shóisialta;
(e) tionóiscí ceirde agus galair cheirde a chosc;
(f) sláinteachas ceirde;
(g) an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus
oibrithe.
Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i
ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir
a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin
a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal
náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta,
go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh
treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais
a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don
fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht
thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
go hiomlán ar an eolas.
Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear
san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
AIRTEAGAL III-214
1. Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail
go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann
a luach ag dul d'oibrithe baineanna agus d'oibrithe fireanna.
2. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn "pá" an
gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta
maille le haon chomaoin eile, in airgead tirim nó ina chomhchineál,
a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna
fhostóir as ucht a fhostaíochta.
Ciallaíonn pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar
ghnéas:
(a) go ndéantar an pá ar an obair chéanna ar thascrátaí a
ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna;
(b) i gcás obair de réir amrátaí gurb é an
pá céanna a íoctar as an jab céanna.
3. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpach na bearta d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm
prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir
mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha,
lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair
chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Glacfar iad tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
4. D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir mná agus
fir a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal
na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád
ar bun nó a ghlacadh lena ndéanfar foráil maidir le
buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe
gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i
slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.
AIRTEAGAL III-215
Féachfaidh na Ballstáit leis an gcoibhéis atá ann
idir scéimeanna saoire le pá a choimeád ar bun.
AIRTEAGAL III-216
Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil gach bliain ar an
dul chun cinn atá déanta i gnóthú chuspóirí Airteagal
III-209, lena n-áirítear staid dhéimeagrafach an Aontais.
Cuirfidh sé an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na
hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta.
AIRTEAGAL III-217
Déanfaidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, cinneadh
Eorpach a ghlacadh lena mbunófar Coiste um Chosaint Shóisialta
a mbeidh stádas comhairleach aige chun comhar maidir le beartais cosanta
sóisialta a chur chun cinn idir Bhallstáit agus leis an gCoimisiún.
Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le
Parlaimint na hEorpa.
Is iad na cúraimí an Choiste:
(a) faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus
ar fhorbairt na mbeartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus
san Aontas;
(b) malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais
a chur chun cinn idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;
(c) gan dochar d'Airteagal III-344, tuarascálacha a ullmhú,
tuairimí a fhoirmiú nó obair eile a ghabháil
ar láimh laistigh de réimsí a chumhachtaí, arna
iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar
a thionscnamh féin.
Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste
tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.
Ceapfaidh gach Ballstát beirt chomhaltaí den Choiste agus ceapfaidh
an Coimisiún beirt chomhaltaí den Choiste.
AIRTEAGAL III-218
Cuirfidh an Coimisiún isteach ina thuarascáil bhliantúil
do Pharlaimint na hEorpa caibidil ar leith ar fhorbairtí sóisialta
san Aontas.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha
a tharraingt suas i dtaobh aon fhadhbanna áirithe a bhaineann le dálaí sóisialta.
AIRTEAGAL III-219
1. Chun go bhfeabhsófar na deiseanna ar fhostaíocht d'oibrithe
sa mhargadh inmheánach agus chun go rannchuideofar amhlaidh leis an
gcaighdeán maireachtála a ardú, cuirtear Ciste Sóisialta
na hEorpa ar bun, arb é is aidhm dó fostú d'oibrithe
a éascú agus méadú a thabhairt ar a soghluaiseacht
gheografach agus ghairmiúil laistigh den Aontas agus oiriúnú d'athruithe
tionsclaíocha agus d'athruithe sna córais táirgeachta
a éascú, go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna
agus na hathghairmoiliúna.
2. Is é an Coimisiún a riarfaidh an Ciste. Sa chúram
sin beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste a mbeidh comhalta
den Choimisiún i gceannas air agus a bheidh comhdhéanta d'ionadaithe ó Bhallstáit
agus ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí.
3. Bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta cur chun feidhme a
bhaineann leis an gCiste. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le
Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta.
ROINN 3
COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH
AIRTEAGAL III-220
D'fhonn forbairt chomhchuí i gcoitinne a chur chun cinn, déanfaidh
an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a
shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch,
sóisialta agus críochach a neartú.
Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir
leibhéil forbartha na réigiún éagsúl agus
cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla
a laghdú.
As na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar
limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch
ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra
buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós
na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal
daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach,
na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.
AIRTEAGAL III-221
Déanfaidh na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a sheoladh
agus a chomhordú d'fhonn na cuspóirí atá leagtha
amach in Airteagal III-220 a bhaint amach freisin. Saineofar agus cuirfear
beartais agus gníomhaíochtaí an Chomhphobail chun feidhme
agus cuirfear an margadh inmheánach chun feidhme le haird ar na cuspóirí sin
agus rannpháirteoidh siad i ngnóthú na gcuspóirí sin.
Tacóidh an tAontas leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag
gníomhú trí bhíthin na gcistí struchtúracha
(Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus
Ráthaíocht Talmhaíochta, Ciste Sóisialta na hEorpa,
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa), tríd
an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí na hionstraimí airgeadais
eile atá ann cheana.
Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na
hEorpa, don Chomhairle, do Choiste na Réigiún agus don Choiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana ar an dul
chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch,
sóisialta agus críochach a ghnóthú agus ar an
tslí inar rannchuidigh na meáin éagsúla dá bhforáiltear
san Airteagal seo leis. Beidh tograí iomchuí in éineacht
leis an tuarascáil sin más gá.
Féadfar gach beart sonrach lasmuigh de na Cistí a bhunú le
dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha gan
dochar do na bearta arna nglacadh faoi chuimsiú bheartais eile an
Aontais. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún
agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
AIRTEAGAL III-222
Tá ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha
san Aontas a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbairt
agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil
a bhforbairt tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún
tionsclaíoch atá ag meath.
AIRTEAGAL III-223
1. Gan dochar d'Airteagal III-224, saineofar le dlíthe Eorpacha cúraimí,
cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na
gCistí Struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil
na gcistí a chuimsiú, na rialacha ginearálta is infheidhme
ina leith mar aon leis na forálacha is gá chun éifeachtúlacht
na gcistí agus comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais
eile atá ann cheana a áirithiú.
Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun le dlí Eorpach
ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail
i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach
i gcúrsaí bonneagair iompair.
I ngach cás, glacfar na dlíthe Eorpacha sin tar éis
dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta.
2. Bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha
tosaigh a bhaineann leis na cistí struchtúracha agus leis an
gCiste Comhtháthaithe arna nglacadh ina ndiaidh sin atá i bhfeidhm
ar dháta an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a shíniú.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a
fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-224
Bunófar le dlíthe Eorpacha bearta cur chun feidhme a bhaineann
le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Glacfar
iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus
leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Beidh feidhm ag Airteagail III-231 agus III-219(3) faoi seach maidir le Roinn
Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht
Talmhaíochta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa.
ROINN 4
TALMHAÍOCHT AGUS IASCACH
AIRTEAGAL III-225
Déanfaidh an tAontas comhbheartas talmhaíochta agus iascaigh
a shainiú agus a chur chun feidhme.
Ciallaíonn "táirgí talmhaíochta" torthaí na
talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus
táirgí próiseála céadchéime a bhaineann
go díreach leis na torthaí sin. Tuigfear, i gcás tagairtí don
chomhbheartas talmhaíochta nó don talmhaíocht agus i
gcás úsáid an téarma "talmhaíocht" go
bhfuiltear ag tagairt freisin don iascach, ag féachaint do shainairíonna
sonracha na hearnála sin.
AIRTEAGAL III-226
1. Sroichfidh an margadh inmheánach chun na talmhaíochta agus
chun na trádála i dtáirgí talmhaíochta.
2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in Airteagail III-227
go III-232, beidh feidhm maidir le táirgí talmhaíochta
ag na rialacha atá leagtha síos do bhunú agus d'oibriú an
mhargaidh inmheánaigh.
3. Na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I,
beidh siad faoi réir Airteagail III-227 go III-232.
4. I dteannta an margadh inmheánach do tháirgí talmhaíochta
a oibriú agus a fhorbairt, ní foláir comhbheartas talmhaíochta
a bhunú.
AIRTEAGAL III-227
1. Is iad cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta:
(a) táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí dhul
chun cinn teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go
ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na
talmhaíochta agus go n-úsáidfear mar is fearr is féidir
na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe;
(b) mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don
lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach
duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a
mhéadú;
(c) margaí a chobhsú;
(d) a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;
(e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á bhfáil
ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí.
2. Ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun
a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, cuirfear na nithe
seo a leanas san áireamh:
(a) nádúr sainghnéitheach ghníomhaíocht
na talmhaíochta, mar gheall ar struchtúr sóisialta na
talmhaíochta agus mar gheall ar dhifríochtaí struchtúracha
agus ar dhifríochtaí nádúrtha idir na réigiúin éagsúla
talmhaíochta;
(b) an gá atá ann na coigeartuithe is cuí a dhéanamh
céim ar chéim;
(c) an talmhaíocht sna Ballstáit a bheith ina hearnáil
atá dlúth-tháite leis an ngeilleagar ina iomláine.
AIRTEAGAL III-228
1. Chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-227
a ghnóthú, bunófar comheagraíocht mhargaí talmhaíochta.
Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge i dtrácht,
a bheidh an eagraíocht sin:
(a) comhrialacha iomaíochta;
(b) comhordú éigeantach ar na heagraíochtaí náisiúnta éagsúla
margaíochta;
(c) eagraíocht Eorpach margaíochta.
2. An chomheagraíocht a bhunófar de réir mhír
1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun
na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal
III-227, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla
a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a
stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun
allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.
Beidh ar an gcomheagraíocht cloí le gnóthú na
n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal III-227 agus gan idirdhealú ar
bith a dhéanamh idir tháirgeoirí nó idir thomhaltóirí san
Aontas.
Bunófar aon chomhbheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus
ar chómhodhanna ríomha.
3. Chun a chumasú don chomheagraíocht dá dtagraítear
i mír 1 a haidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste
nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht
talmhaíochta a bhunú.
AIRTEAGAL III-229
Chun go bhféadfar na cuspóirí atá leagtha amach
in Airteagal III-227 a ghnóthú, féadfar socrú a
dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta
do bhearta mar iad seo:
(a) comhordú éifeachtach ar iarrachtaí i réimse
na gairmoiliúna, an taighde, agus leathadh eolais ar an talmhaíocht;
chuige sin, is féidir tionscadail nó institiúidí a
mhaoiniú i gcomhar;
(b) comhbhearta chun tomhaltas táirgí áirithe a chur
chun cinn.
AIRTEAGAL III-230
1. Ní bheidh feidhm ag an Roinn a bhaineann le rialacha iomaíochta
maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta
ach amháin a mhéad a chinnfear le dlíthe Eorpacha nó le
dlíthe réime Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal III-231(2),
ag féachaint do na cuspóirí atá socraithe in
Airteagal III-227.
2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
rialachán Eorpach nó cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar
cabhair a dheonú:
(a) chun fiontair a chosaint atá faoi chis mar gheall ar dhálaí struchtúracha
nó nádúrtha;
(b) faoi chuimsiú clár forbartha eacnamaíoch.
AIRTEAGAL III-231
1. Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh
chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur chun
feidhme, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta
dá bhforáiltear in Airteagal III-228(1) a chur in ionad na
n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta
dá dtagraítear sa Roinn seo a chur chun feidhme.
Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht
na gcúrsaí talmhaíochta dá dtagraítear
sa Roinn seo.
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha comheagraíocht na margaí dá bhforáiltear
in Airteagal III-228(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an
chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.
Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin
Eorpacha nó na cinntí Eorpacha a bhaineann le praghsanna, tobhaigh,
cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú agus maidir
le háraigh iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.
4. I gcomhréir le mír 2, féadfar an chomheagraíocht
dá bhforáiltear in Airteagal III-228(1) a chur in ionad na
n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta,
más rud é:
(a) go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina
choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin
acu don táirgeadh i dtrácht, a chomhionann sin de ráthú um
fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a
bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta
agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;
(b) go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála
san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.
5. Má bhíonn comheagraíocht d'amhábhair áirithe
bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte
a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear
do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go
tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den
Aontas.
AIRTEAGAL III-232
Nuair a dhéantar i mBallstát táirge a thabhairt faoi
eagraíocht náisiúnta margaíochta nó faoi
rialacha inmheánacha comhéifeachta a imríonn ar staid
iomaíochta a shamhail de tháirgeadh i mBallstát eile,
cuirfidh na Ballstáit muirear frithchúitimh ar an táirge
sin, arna allmhairiú ón mBallstát ina bhfuil an eagraíocht
nó na rialacha sin, mura rud é go gcuireann an Stát
sin muirear cúiteach chun feidhme ar onnmhairí.
Glacfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha
lena socrófar méid na muirear sin ar an leibhéal is
gá chun an chothromaíocht a shlánú. Féadfaidh
sé freisin bearta eile a údarú a gcinnfidh sé a
gcoinníollacha agus a sonraí.
ROINN 5
COMHSHAOL
AIRTEAGAL III-233
1. Rannchuideoidh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil leis
na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:
(a) mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;
(b) sláinte an duine a chosaint;
(c) acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama
réasúnach;
(d) bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta
chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda
an chomhshaoil.
2. Beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil
ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag cur san áireamh éagsúlacht
na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais.
Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus
ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar
tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag
an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh
as.
Sa chomhthéacs sin, beidh sna bearta comhchuibhithe a fhreagraíonn
do cheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcásanna iomchuí,
clásal coimirce a údaróidh do na Ballstáit bearta
sealadacha, a bheidh faoi réir nós imeachta rialaithe ag an
Aontas, a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.
3. Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige,
cuirfidh an tAontas san áireamh:
(a) a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla;
(b) dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla
an Aontais;
(c) na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht
as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta;
(d) forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine
agus forbairt chothromúil a chuid réigiún.
4. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh
an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.
Féadfaidh na socruithe do chomhar an Aontais a bheith ina n-ábhar
do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe
i dtrácht.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát
dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta
agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.
AIRTEAGAL III-234
1. Cinnfear le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha an ghníomhaíocht atá le gabháil ar láimh
chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal
III-233 a ghnóthú. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle
le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
2. De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar d'Airteagal III-172
glacfaidh an Chomhairle d'aon toil dlíthe Eorpacha nó dlíthe
réime Eorpacha lena mbunófar:
(a) forálacha atá de chineál fioscach go príomha;
(b) bearta a dhéanann difear:
(i) do phleanáil baile agus tuaithe;
(ii) do bhainistíocht chainníochtúil ar acmhainní uisce
nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach
do na hacmhainní sin a bheith ar fáil;
(iii) d'úsáid talún seachas bainistíocht dramhaíola;
(c) bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit
idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr
ginearálta a sholáthair fuinnimh.
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh
Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena ndéanfar infheidhme an gnáthnós
imeachta reachtach maidir leis na hábhair dá dtagraítear
sa chéad fhomhír.
I ngach cás, gníomhóidh an Chomhairle tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún
agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
3. Bunófar le dlíthe Eorpacha cláir ghníomhaíochta
ghinearálta lena socrófar na cuspóirí tosaíochta
a bheidh le gnóthú. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle
le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
Glacfar na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme,
faoi théarmaí mhír 1 nó mhír 2, de réir
mar a bheidh.
4. Gan dochar do bhearta áirithe arna nglacadh ag an Aontas, déanfaidh
na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur chun
feidhme.
5. Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh
as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar mhír
1 costais a mheastar is díréireach d'údaráis
phoiblí Ballstáit, forálfar i bhfoirm iomchuí leis
an mbeart sin:
(a) do mhaoluithe sealadacha agus/nó
(b) do thacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe.
6. Ní choiscfidh na bearta cosanta arna nglacadh de bhun an Airteagail
seo ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád
ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den
sórt sin a bheith ag luí leis an mBunreacht. Cuirfear in iúl
don Choimisiún iad.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H