CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
ROINN 6
COSAINT TOMHALTÓIRÍ
AIRTEAGAL III-235
1. Chun leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus chun ardleibhéal
cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, rannchuideoidh
an tAontas le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha
tomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart chun faisnéise
agus oideachais a chur chun cinn agus chun iad féin a eagrú ar
mhaithe lena leasanna a choimirciú.
2. Rannchuideoidh an tAontas leis na cuspóirí dá dtagraítear
i mír 1 a ghnóthú:
(a) trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal III-172 faoi chuimsiú bhunú agus
oibriú an mhargaidh inmheánaigh;
(b) trí bhearta lena dtacaítear leis an mbeartas arna shaothrú ag
na Ballstáit, lena bhforlíontar é agus lena ndéanfar
faireachán air.
3. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta dá dtagraítear i mír 2(b). Glacfar
na dlíthe sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
4. Ní choiscfidh gníomhartha arna nglacadh de bhun mhír
3 ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád
ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór d'fhorálacha
den sórt sin a bheith ag luí leis an mBunreacht. Cuirfear in
iúl don Choimisiún iad.
ROINN 7
IOMPAR
AIRTEAGAL III-236
1. Déanfar cuspóirí an Bhunreachta, in ábhair
atá faoi rialú ag an Teideal seo, a shaothrú faoi chuimsiú comhbheartais
iompair.
2. Déanfar mír 1 a chur chun feidhme le dlíthe Eorpacha
nó le dlíthe réime Eorpacha, ag cur sainghnéithe
an iompair san áireamh. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle
le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
Bunófar leis na dlíthe Eorpacha sin nó leis na dlíthe
réime Eorpacha sin:
(a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta
go críoch Ballstáit nó uaithi nó ag gabháil
trí chríoch Ballstáit amháin nó níos
mó;
(b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach
gcónaíonn ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh
de Bhallstát;
(c) na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht
an iompair;
(d) aon bheart eile iomchuí.
3. Agus na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime
Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 á nglacadh, cuirfear
san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht
thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála
agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe,
agus ar oibriú saoráidí iompair.
AIRTEAGAL III-237
Go dtí go nglacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe
réime Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal III-236(2),
ní fhéadfaidh aon Bhallstát, mura mbeidh cinneadh Eorpach
lena ndeonófar maolú glactha d'aon toil ag an gComhairle, cuid
is lú fabhar, ina n-éifeacht dhíreach nó indíreach
ar charraeirí Ballstát eile i gcomparáid le carraeirí is
náisiúnaigh dá chuid féin, a thabhairt sna forálacha éagsúla
a bhfuil an t-ábhar faoina rialú an 1 Eanáir 1958 nó,
i gcás Stát aontach, ar dháta a n-aontachais.
AIRTEAGAL III-238
Luífidh cabhracha leis an mBunreacht má fhreastalaíonn
siad ar na riachtanais atá ann maidir le comhordú an iompair
nó más é atá iontu aisíocaíocht
as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh ar gné dhílis
de choincheap na seirbhíse poiblí iad.
AIRTEAGAL III-239
Aon bhearta arna nglacadh faoi chuimsiú an Bhunreachta maidir le rátaí agus
coinníollacha iompair, cuirfear imthosca eacnamaíocha na gcarraeirí san áireamh
iontu.
AIRTEAGAL III-240
1. Toirmiscfear, i gcás iompair san Aontas, aon idirdhealú trína
ndéanann carraeirí rátaí difriúla a bhaint
amach agus coinníollacha difriúla a fhorchur as na hearraí céanna
a iompar ar na hidirbhealaí céanna iompair mar gheall ar Bhallstát
thionscnamh nó cheann scríbe na n-earraí i dtrácht.
2. Ní choiscfear le mír 1 dlíthe Eorpacha ná dlíthe
réime Eorpacha eile a ghlacadh de bhun Airteagal III-236(2).
3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha chun mír 1 a chur chun feidhme.
Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint
na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, na rialacháin
Eorpacha agus na cinntí Eorpacha is gá a ghlacadh chun a chumasú do
na hinstitiúidí a thabhairt go gcomhlíonfar an riail
atá leagtha síos i mír 1 agus a áirithiú go
mbeidh a tairbhe iomlán ag úsáidirí.
4. Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát,
scrúdú ar aon chásanna idirdhealaithe a thig faoi mhír
1 agus, tar éis dul i gcomhairle le haon Bhallstát lena mbaineann,
glacfaidh sé cibé cinntí is gá faoi chuimsiú na
rialachán Eorpach agus na gcinntí Eorpacha dá dtagraítear
i mír 3.
AIRTEAGAL III-241
1. Toirmiscfear ar Bhallstát rátaí agus coinníollacha,
a bhfuil tacaíocht nó cosaint ar bith ag roinnt leo ar mhaithe
le gnóthas nó tionscal áirithe amháin nó níos
mó, a fhorchur i leith gníomhaíochtaí iompair
san Aontas, mura n-údarófar amhlaidh le cinneadh Eorpach ón
gCoimisiún.
2. Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát,
scrúdú ar na rátaí agus ar na coinníollacha
dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh
go háirithe, ar thaobh amháin, a bhfuil riachtanach do bheartas
eacnamaíoch réigiúnach iomchuí, riachtanais limistéar
tearcfhorbartha agus fadhbanna limistéar a bhfuil imthosca polaitiúla
ag cur as dóibh go mór agus, ar an taobh eile, éifeachtaí na
rátaí agus na gcoinníollacha sin ar an iomaíocht
idir na modhanna éagsúla iompair.
Tar éis dul i gcomhairle le gach Ballstát lena mbaineann, glacfaidh
an Coimisiún na cinntí Eorpacha is gá.
3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá bhforáiltear
i mír 1 maidir leis na taraifí a socraíodh faoi chomhair
iomaíochta.
AIRTEAGAL III-242
Na muirir nó na dleachtanna a éileoidh carraeir as teorainneacha
a thrasnú, i dteannta na rátaí iompair, ní ghabhfaidh
siad thar leibhéal réasúnta, ar na costais a tabhaíodh
iarbhír sa trasnú sin a chur san áireamh.
Féachfaidh na Ballstáit leis na costais sin a laghdú.
Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid
na mBallstát maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL III-243
Ní bheidh forálacha na Roinne seo ina gconstaic ar chur i bhfeidhm
beart arna nglacadh i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, sa
mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha
a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe
de Phoblacht na Cónaidhme ar chuir an deighilt sin as dóibh.
Cúig bliana tar éis Chonradh ag bunú Bunreachta don
Eoraip a theacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di
ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena ndéanfar
an tAirteagal seo a aisghairm.
AIRTEAGAL III-244
Cuirfear coiste comhairleach de shaineolaithe arna n-ainmniú ag rialtais
na mBallstát ag gabháil leis an gCoimisiún. Rachaidh
an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste, aon uair is fóinteach
leis é, i dtaobh cúrsaí iompair.
AIRTEAGAL III-245
1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hiompar d'iarnród, de bhóthar
agus d'uiscebhealach intíre.
2. Féadfar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta is iomchuí a bhunú do mhuiriompar agus d'aeriompar.
Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún
agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
ROINN 8
GRÉASÁIN THRASEORPACHA
AIRTEAGAL III-246
1. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
in Airteagail III-130 agus III-220 agus d'fhonn a chumasú do shaoránaigh
an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha
agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a
chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a
chur ar bun, rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thraseorpacha
a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair,
na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.
2. Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus
a bheidh iomaíoch, beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht
an Aontais taobhú le hidirnascadh agus le hidir-inoibritheacht na
ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin
sin. Tabharfaidh sé aird go háirithe ar an ngá atá ann
na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha
a nascadh le réigiúin láir an Aontais.
AIRTEAGAL III-247
1. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal
III-246 a ghnóthú:
(a) bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholóidh
cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na
ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse
na ngréasán traseorpach; sonróidh na treoirlínte
sin tionscadail chomhleasa;
(b) cuirfidh an tAontas chun feidhme gach gníomhaíocht a mheasfar
is gá chun idir-inoibritheacht na ngréasán a áirithiú,
go háirithe i réimse chomchuibhiú na gcaighdeán
teicniúl;
(c) féadfaidh an tAontas tacú le tionscadail chomhleasa lena
dtacóidh na Ballstáit agus a shonrófar faoi chuimsiú na
dtreoirlínte dá dtagraítear i bpointe (a), go háirithe
trí bhíthin staidéar féidearthachta, ráthaíochtaí iasachta
nó fóirdheontais úis; féadfaidh an tAontas rannchuidiú freisin
tríd an gCiste Comhtháthaithe le maoiniú tionscadal
sonrach sna Ballstáit i réimse bhonneagar an iompair.
Cuirfear inmharthanacht eacnamaíoch phoitéinsiúil na
dtionscadal san áireamh i ngníomhaíocht an Aontais.
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear
i mír 1. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle le Coiste na
Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Treoirlínte agus tionscadail chomhleasa a bhaineann le críoch
Ballstáit, ní mór comhaontú ón mBallstát
sin a bheith ann dóibh.
3. Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin,
i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar
ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht
shuntasach a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
in Airteagal III-246. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar
leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh
chun an comhordú sin a chur chun cinn.
4. Féadfaidh an tAontas comhoibriú le tríú tíortha
chun tionscadail leasa fhrithpháirtigh a chur chun cinn agus idir-inoibritheacht
na ngréasán a áirithiú.
ROINN 9
TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH AGUS SPÁS
AIRTEAGAL III-248
1. Beidh sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí eolaíocha
agus teicneolaíocha a neartú trí limistéar Eorpach
taighde a ghnóthú ina mbeidh taighdeoirí, fios eolaíoch
agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse, agus trí bhreis
iomaíochais a spreagadh, lena n-áirítear an t-iomaíochas
i gcúrsaí tionsclaíochta, agus gach gníomhaíocht
taighde a chur chun chinn a mheasfar is gá de bhua chaibidlí eile
an Bhunreachta.
2. Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, cothóidh
an tAontas gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear
gnóthais bheaga agus meánmhéide, lárionaid taighde
agus ollscoileanna, ina n-iarrachtaí maidir le taighde agus forbairt
theicneolaíoch d'ardchaighdeán. Tacóidh sé lena
n-iarrachtaí comhoibriú le chéile, go háirithe
d'fhonn a chumasú do lucht taighde comhoibriú faoi shaoirse
trasna teorainneacha agus do ghnóthais leas iomlán a bhaint
as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe trí bhíthin
conarthaí náisiúnta poiblí a oscailt, comhchaighdeáin
a shainiú agus constaicí dlíthiúla agus fioscacha
ar chomhar den sórt sin a dhíchur.
3. Déanfar gach gníomhaíocht Aontais i réimse
an taighde agus na forbartha teicneolaíche, lena n-áirítear
tionscadail taisealbhaidh, a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir
leis an Roinn seo.
AIRTEAGAL III-249
Agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal
III-248 á saothrú aige, déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo
a leanas a chur i gcrích chun na gníomhaíochtaí atá ar
siúl sna Ballstáit a chomhlánú:
(a) cláir a chur chun feidhme maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch
agus taisealbhadh trí chomhar le gnóthais, lárionaid
taighde agus ollscoileanna agus eatarthu a chur chun cinn;
(b) comhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh
Aontais a chur chun cinn le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) torthaí gníomhaíochtaí maidir le taighde,
forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Aontais a leathadh agus
earraíocht iomlán a bhaint astu;
(d) oiliúint agus soghluaisteacht lucht taighde san Aontas a spreagadh.
AIRTEAGAL III-250
1. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a
chomhordú maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch chun
a áirithiú go mbeidh comhchuibheas frithpháirteach idir
na beartais náisiúnta agus beartas an Aontais.
2. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit,
gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear
i mír 1 a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh arb é is
aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú,
malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is
gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil
agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint
na hEorpa go hiomlán ar an eolas.
AIRTEAGAL III-251
1. Bunófar le dlíthe Eorpacha clár réime ilbhliantúil
ina leagfar amach na gníomhaíochtaí uile arna maoiniú ag
an Aontas. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
Déanfaidh an clár réime:
(a) na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha
atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear
in Airteagal III-249 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil
leo a shocrú;
(b) imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i
bhfios;
(c) an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe
a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa
chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht
arna beartú.
2. Déanfar an clár réime ilbhliantúil a oiriúnú nó a
fhorlíonadh de réir mar a athraíonn an staid.
3. Bunófar cláir shonracha le dlí Eorpach ón
gComhairle chun an clár réime ilbhliantúil a chur chun
feidhme laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach
clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shainiú,
a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a
fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar
is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos
mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don
chlár réime agus do gach gníomhaíocht. Glacfar
an dlí sin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa
agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
4. Mar chomhlánú ar na gníomhaíochtaí a
bheartófar leis an gclár réime ilbhliantúil,
bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta is gá chun an limistéar
Eorpach taighde a chur chun feidhme. Glacfar na dlíthe sin tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
AIRTEAGAL III-252
1. Ar mhaithe le cur chun feidhme an chláir réime ilbhliantúil,
bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha:
(a) na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht ghnóthas,
lárionad taighde agus ollscoileanna;
(b) na rialacha is infheidhme maidir le torthaí an taighde a leathadh.
Glacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime
Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
2. Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun
feidhme, féadfar cláir fhorlíontacha a bhunú le
dlíthe Eorpacha nach mbeidh rannpháirteach iontu ach Ballstáit áirithe
a dhéanfaidh iad a mhaoiniú faoi réir rannpháirtíocht
ionchasach an Aontais.
Socrófar leis na dlíthe Eorpacha sin na rialacha is infheidhme
maidir leis na cláir fhorlíontacha, go háirithe maidir
le leathadh eolais agus rochtain ag Ballstáit eile. Glacfar iad tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta
agus le comhaontú ó na Ballstáit i dtrácht.
3. Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun
feidhme, féadfar foráil a dhéanamh le dlíthe
Eorpacha, le comhaontú na mBallstát i dtrácht, do rannpháirtíocht
i gcláir thaighde agus forbartha a bheidh gafa ar láimh ag
Ballstáit éagsúla, lena n-áirítear rannpháirtíocht
sna struchtúir arna gcur ar bun chun na cláir sin a chur i
gcrích.
Glacfar na dlíthe Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle leis
an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
4. Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun
feidhme, féadfaidh an tAontas foráil do chomhar maidir le taighde,
forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh an Aontais le tríú tíortha
nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Féadfaidh rialacha mionsonraithe an chomhair sin a bheith ina n-ábhar
do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe
i dtrácht.
AIRTEAGAL III-253
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh lena gcuirfear ar bun
comhghnóthais nó aon struchtúr eile is gá do
dhea-chur i gcrích chláir an Aontais maidir le taighde, forbairt
theicneolaíoch agus taisealbhadh. Gníomhóidh sí tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta.
AIRTEAGAL III-254
1. Ullmhóidh an tAontas beartas spáis d'fhonn an forás
eolaíoch agus teicniúil, an t-iomaíochas tionsclaíoch
agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh
sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis
an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a
dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun
an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.
2. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
i mír 1, bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe
réime Eorpacha na bearta is gá a fhéadfaidh a bheith
i bhfoirm cláir Eorpaigh spáis.
3. Bunóidh an tAontas gach caidreamh is iomchuí leis an nGníomhaireacht
Eorpach Spáis.
AIRTEAGAL III-255
Ag tús gach bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Folóidh an tuarascáil
sin faisnéis faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann
le taighde, forbairt theicneolaíoch agus leathadh torthaí i
gcaitheamh na bliana roimhe sin agus an clár oibre don bhliain reatha.
ROINN 10
FUINNEAMH
AIRTEAGAL III-256
1. I gcomhthéacs bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh
agus ag féachaint don ghá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus
a fheabhsú, beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais maidir le
fuinneamh:
(a) oibriú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú,
(b) slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú,
agus
(c) an tíosacht agus an bharainn ar an bhfuinneamh a chur chun cinn
mar aon le forbairt foirmeacha nua, inathnuaite fuinnimh.
2. Gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha eile an Bhunreachta, déanfar
na cuspóirí i mír 1 a bhaint amach le bearta arna n-achtú le
dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha.
Glacfar na dlíthe sin nó na dlíthe réime sin
tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis
an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Ní dhéanfaidh na dlíthe Eorpacha sin ná na dlíthe
réime Eorpacha sin difear don cheart atá ag Ballstát
na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh
a shaothrú, dá rogha idir fhoinsí éagsúla
fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh,
gan dochar d'Airteagal III-234(2)(c).
3. De mhaolú ar mhír 2, bunófar le dlí Eorpach
nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle na bearta
dá dtagraítear nuair is bearta de chineál fioscach go
príomha iad. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
CAIBIDIL IV
LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
ROINN 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL III-257
1. Is éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála
agus ceartais ina n-urramófar cearta bunúsacha agus córais
agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát.
2. Áiritheoidh sé nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann
do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le tearmann, inimirce
agus rialú ag teorainneacha seachtracha, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht
idir Bhallstáit a thugann cothrom na féinne do náisiúnaigh
tríú tíortha. Chun críche na Caibidle seo, déileálfar
le daoine gan stát mar náisiúnaigh tríú tíre.
3. Déanfaidh an tAontas a dhícheall ardleibhéal slándála
a áirithiú trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas
agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta
um chomordú agus um chomhar idir na húdaráis phóilíneachta
agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile,
chomh maith le breithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair
choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe
coiriúla a chomhfhogasú.
4. Éascóidh an tAontas an rochtain ar an gceartas, go háirithe
trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha
agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta.
AIRTEAGAL III-258
Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte straitéiseacha
don phleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh de
limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.
AIRTEAGAL III-259
Á
iritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go gcomhlíonfaidh
na tograí agus na tionscnaimh reachtacha arna dtíolacadh faoi
Ranna 4 agus 5 den Chaibidil seo prionsabal na coimhdeachta, i gcomhréir
leis na socruithe arna leagan síos leis an bPrótacal maidir
le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL III-260
Gan dochar d'Airteagail III-360 go III-362, féadfaidh an Chomhairle,
ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha
a ghlacadh lena mbunófar na socruithe ar dá réir a dhéanann
na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht
oibiachtúil neamhchlaonta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais
dá dtagraítear sa Chaibidil seo ag údaráis inniúla
na mBallstát, go háirithe chun lánchur i bhfeidhm phrionsabal
an aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Cuirfear Parlaimint
na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas
faoina bhfuil sa mheastóireacht agus faoina torthaí.
AIRTEAGAL III-261
Cuirfear buanchoiste ar bun laistigh den Chomhairle chun a áirithiú go
ndéanfar an comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil
inmheánach a chur chun cinn agus a neartú san Aontas. Gan dochar
d'Airteagal III-344, éascóidh sé an comhordú ar
ghníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát.
Féadfaidh ionadaithe do na comhlachtaí, oifigí agus
gníomhaireachtaí Aontais lena mbaineann a bheith rannpháirteach
in imeachtaí an choiste sin. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus
na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi na himeachtaí.
AIRTEAGAL III-262
Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'feidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar
na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus
an tslándáil inmheánach a choimirciú.
AIRTEAGAL III-263
Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha chun comhar riaracháin
a áirithiú idir ranna ábhartha na mBallstát sna
réimsí a thig faoin gCaibidil seo, agus idir na ranna sin agus
an Coimisiún. Gníomhóidh sé ar thogra ón
gCoimisiún, faoi réir Airteagal III-264, agus tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-264
Na gníomhartha dá dtagraítear i Ranna 4 agus 5 den Chaibidil
seo, mar aon leis na rialacháin Eorpacha dá dtagraítear
in Airteagal III-263 a áirithíonn comhar riaracháin
sna réimsí atá luaite sna Ranna sin, déanfar
iad a ghlacadh:
(a) ar thogra ón gCoimisiún, nó
(b) ar thionscnamh ón gceathrú cuid de na Ballstáit.
ROINN 2
BEARTAIS MAIDIR LE SEICEÁLACHA TEORANN,
LE TEARMANN AGUS LE hINIMIRCE
AIRTEAGAL III-265
1. Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:
(a) a áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is
cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag dul
trasna teorainneacha inmheánacha;
(b) seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach
a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;
(c) córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha
seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile.
2. Chun críocha mhír 1, bunófar le dlíthe Eorpacha
nó le dlíthe réime Eorpacha bearta maidir leis na nithe
seo a leanas:
(a) an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna
cónaithe gearrfhanachta eile;
(b) na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag
dul trasna teorainneacha seachtracha;
(c) na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh
tríú tíortha taisteal ar feadh gearrthréimhse
laistigh den Aontas;
(d) aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta
do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile;
(e) nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht
atá acu, agus iad ag dul trasna teorainneacha inmheánacha.
3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d'inniúlacht
na mBallstát maidir le críochú geografach a dteorainneacha,
i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL III-266
1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann,
cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach d'fhonn stádas iomchuí a
thairiscint do náisiúnach aon tríú tír
a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uaidh agus chun
comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú.
Caithfidh an beartas sin a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún
na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus le Prótacal an 31 Eanáir
1967 maidir le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir le
conarthaí ábhartha eile.
2. Chun críocha mhír 1, leagfar síos le dlíthe
Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha bearta faoi chomhair
comhchórais Eorpaigh tearmainn a chuimseoidh na nithe seo a leanas:
(a) stádas comhionann tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha,
a bheidh bailí ar fud an Aontais;
(b) stádas comhionann um chosaint choimhdeach do náisiúnaigh
tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a
dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;
(c) comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe
má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír
isteach;
(d) comhnósanna imeachta um thearmann comhionann nó stádas
cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;
(e) critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu
Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar
chosaint chomhdeach a scrúdú;
(f) caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le
glacadh lucht iarrtha tearmainn nó cosanta coimhdí;
(g) comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha
chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír
isteach atá ag déanamh iarratais ar thearmann nó ar
chosaint choimhdeach.
3. I gcás Ballstát amháin nó níos mó a
bheith i láthair staid éigeandála arb é a príomhthréith
rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha,
féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin
Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh a chuimseoidh bearta
sealadacha ar mhaithe leis an mBallstát ná leis na Ballstáit
lena mbaineann. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-267
1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas inimirce a fhorbairt arb é is
aidhm dó a áirithiú ag gach céim go ndéanfar
bainistiú éifeachtach ar rabhartaí inimirce, go gcuirfear
cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tíre
a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstáit,
go ndéanfar an inimirce neamhdhlíthiúil agus an gháinneáil
ar dhaoine a chosc agus bearta feabhsaithe a ghlacadh chun iad sin a chomhrac.
2. Chun críocha mhír 1, bunófar le dlíthe Eorpacha
nó le dlíthe réime Eorpacha bearta sna réimsí seo
a leanas:
(a) coinníollacha iontrála agus cónaithe agus caighdeáin
maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha
agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear iad sin a eisítear
chun críche athaontú teaghlach;
(b) cearta náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn
go dlíthiúil i mBallstát a shainiú, lena n-áirítear
na coinníollacha lena rialaítear an tsaoirse gluaiseachta agus
cónaithe i mBallstáit eile;
(c) inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe,
lena n-áirítear daoine a chónaíonn gan údarú a
aistriú agus a aisdúichiú.
(d) an gháinneáil ar dhaoine, go háirithe an gháinneáil
ar mhná agus ar leanaí, a chomhrac.
3. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích
le tríú tíortha maidir le náisiúnaigh
tríú tíortha a ligean ar ais ina dtír bhunaidh
nó thionscnaimh mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh
siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil ar chríoch
ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir
le fanacht ann.
4. Féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le
dlíthe réime Eorpacha chun dreasachtaí agus tacaíocht
a thabhairt do ghníomhaíocht Ballstát d'fhonn lánpháirtiú náisiúnaigh
tríú tíre a chónaíonn go dlíthiúil
ar a gcríocha a chur chun cinn amach ó aon chomhchuibhiú ar
dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.
5. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do cheart na mBallstát
líon na náisiúnach tríú tíre a
shocrú a thig as tríú tíortha isteach ar a gcríocha
ar thóir oibre, bíodh siad fostaithe nó féinfhostaithe.
AIRTEAGAL III-268
Beidh beartais an Aontais a leagtar amach sa Roinn seo, agus a gcur chun
feidhme, faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta
agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n-áirítear
a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit. Nuair is gá sin,
beidh bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal
sin i ngníomhartha Aontais arna nglacadh de bhun na Roinne seo.
ROINN 3
COMHAR BREITHÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA
AIRTEAGAL III-269
1. Déanfaidh an tAontas forbairt ar an gcomhar breithiúnach
sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu,
arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do
bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha.
Féadfar a áireamh sa chomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe
agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.
2. Chun críocha mhír 1, bunófar bearta le dlíthe
Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpach, go háirithe
nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh,
arb é is aidhm dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú:
(a) breithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha
a aithint go frithpháirteach agus a fhorfheidhmiú;
(b) doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha
a sheirbheáil trasna teorainneacha;
(c) na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlíthe
agus dlínse a bheidh ag luí le chéile;
(d) comhar le linn fianaise a ghlacadh;
(e) rochtain éifeachtach ar an gceartas;
(f) constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur,
más gá, trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an
nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun
cinn;
(g) malairt modhanna a fhorbairt chun díospóidí a shocrú;
(h) tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne
breithiúnaí.
3. D'ainneoin mhír 2, bunófar le dlí Eorpach ón
gComhairle nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle
bearta maidir le dlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann
acu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul
i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh
Eorpach a ghlacadh lena gcinnfear na gnéithe sin de dhlí an
teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu a d'fhéadfadh
a bheith ina n-ábhar do ghníomhartha arna nglacadh de réir
an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa.
ROINN 4
COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA
AIRTEAGAL III-270
1. Déanfar an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
san Aontas a bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh
do bhreithiúnais agus do chinntí agus cuimseoidh an comhar
breithiúnach comhfhogasú dhlíthe agus rialacháin
na mBallstát sna réimsí dá dtagraítear
i mír 2 agus in Airteagal III-271.
Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha bearta d'fhonn:
(a) rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun a áirithiú go
dtabharfar aitheantas ar fud an Aontais do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha
de gach cinéal;
(b) easaontais dlínse idir Bhallstáit a chosc agus a shocrú;
(c) tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne
breithiúnaí;
(d) comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha
nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát
i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus
le breitheanna a fhorfheidhmiú.
2. A mhéad is gá chun aitheantas frithpháirteach do
bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha a éascú,
chomh maith leis an an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach
in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint
leo, féadfar rialacha íosta a bhunú le dlíthe
réime Eorpacha. Cuirfidh na rialacha íosta sin san áireamh
na difríochtaí idir thraidisiúin dlí agus idir
chórais dlí na mBallstát.
Bainfidh siad leis na nithe seo a leanas:
(a) inghlacthacht fhrithpháirteach fianaise idir Bhallstáit;
(b) cearta daoine aonair sa nós imeachta coiriúil;
(c) cearta íospartaigh na coireachta;
(d) aon sainghnéithe eile den nós imeachta coiriúil
a bheidh sainaitheanta roimh ré ag an gComhairle le cinneadh Eorpach;
do ghlacadh an chinnidh sin, gníomhóidh an Chomhairle d'aon
toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na
hEorpa.
Ní choiscfidh glacadh na rialacha íosta sin dá dtagraítear
sa mhír seo ar na Ballstáit leibhéal níos airde
cosanta do dhaoine aonair a choimeád ar bun ná a thabhairt
isteach.
3. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-dlí réime
Eorpach dá dtagraítear i mír 2 difear do ghnéithe
bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh
sé a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig
an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta
dá dtagraítear in Airteagal III-302 a chur ar fionraí.
Tar éis an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ó bhfionraí sin,
déanfaidh an Chomhairle Eorpach:
(a) an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh
deireadh le fionraí an nós imeachta dá dtagraítear
in Airteagal III-396, nó
(b) a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an ngrúpa Ballstát
a thionscain an dréacht dréacht nua a thíolacadh; sa
chás sin, measfar nár glacadh an gníomh a beartaíodh
an chéad uair.
4. Mura mbeidh an Chomhairle Eorpach tar éis gníomhú,
faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír
3 nó más rud é, laistigh de dhá mhí dhéag ón
data a ndearnadh dréacht nua a thíolacadh faoi mhír
3(b), nach mbeidh an dlí réime Eorpach glactha agus gur mian
le haon trian de na Ballstáit ar a laghad comhar feabhsaithe a chur
ar bun ar bhonn an dréacht-dlí réime i dtrácht,
cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún
ar an eolas.
Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul
ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagail
I-44(2) agus III-419(1) agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis
an gcomhar feabhsaithe.
AIRTEAGAL III-271
1. Féadfar rialacha íosta a bhunú le dlíthe réime
Eorpacha maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i
réimsí na coireachta fíorthromchúisí a
bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr
na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc
go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn coiteann.
Is iad seo a leanas na réimsí coireachta sin: an sceimlitheoireacht,
an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach
ar mhná agus ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach
ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh
airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta,
coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe.
De réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, féadfaidh
an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile
coireachta a chomhallann na critéir a shonraítear sa mhír
seo. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis toiliú a
fháil ó Parlaimint na hEorpa.
2. Más léir go bhfuil sé sár-riachtanach dlíthe
cóiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát
a chomhfhogasú chun beartas an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil
i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú, féadfar
rialacha íosta a bhunú le dlíthe réime Eorpacha
maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa
réimse lena mbaineann. Glacfar iad de réir an nós imeachta
chéanna a leanadh agus na bearta um comhchuibhiú i dtrácht á nglacadh,
gan dochar d'Airteagal III-264.
3. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-dlí réime
Eorpach dá dtagraítear i mír 2 difear do ghnéithe
bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh
sé a iarraidh go ndéanfar an dréacht-dlí réime
a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, nuair a bheidh
an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-396
infheidhme, déanfar é a chur ar fionraí. Tar éis
an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin,
déanfaidh an Chomhairle Eorpach:
(a) an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh
deireadh le fionraí an nós imeachta dá dtagraítear
in Airteagal III-396, nuair atá sé infheidhme nó
(b) a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an ngrúpa Ballstát
a thionscain an dréacht dréacht nua a thíolacadh; sa
chás sin, measfar nár glacadh an gníomh a beartaíodh
an chéad uair.
4. Mura mbeidh an Chomhairle Eorpach tar éis gníomhú,
faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír
3 nó más rud é, laistigh de dhá mhí dhéag ón
data a ndearnadh dréacht nua a thíolacadh faoi mhír
3(b), nach mbeidh an dlí réime Eorpach glactha agus gur mian
le haon trian de na Ballstáit ar a laghad comhar feabhsaithe a chur
ar bun ar bhonn an dréacht-dlí réime i dtrácht,
cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún
ar an eolas.
Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul
ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagail
I-44(2) agus III-419(1) agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis
an gcomhar feabhsaithe.
AIRTEAGAL III-272
Féadfar bearta a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le
dlíthe réime Eorpacha chun gníomhaíocht na mBallstát
maidir le cosc na coireachta a chur chun cinn agus tacú léi,
amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin
na mBallstát.
AIRTEAGAL III-273
1. Beidh de chúram ar Eurojust tacú agus treisiú leis
an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta
imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil
le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát
nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh
ar bhoinn choiteanna, ar bhonn na n-oibríochtaí arna seoladh
agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis
na mBallstát agus ag Europol.
Sa chomhthéacs sin, cinnfear le dlíthe Eorpacha struchtúr,
oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust.
Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:
(a) imscrúduithe coiriúla a thosú agus a bheartú go
dtosófaí ar ionchúisimh arna seoladh ag údaráis
náisiúnta inniúla, go háirithe na ionchúisimh
a bhaineann le cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais;
(b) na himscrúduithe coiriúla agus na hionchúisimh choiriúla
dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhordú;
(c) an comhar breithiúnach a neartú, lena n-áirítear
trí choinbhleachtaí dlínse a shocrú agus trí dhlúthchomhar
leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach.
Cinnfear le dlíthe Eorpacha freisin na socruithe maidir le baint a
bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na Parlaimintí náisiúnta
leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust.
2. Faoi chuimsiú na n-ionchúiseamh dá dtagraítear
i mír 1, agus gan dochar d'Airteagal III-274, is iad na hoifigigh
náisiúnta inniúla a dhéanfaidh gníomhartha
foirmiúla nós imeachta bhreithiúnaigh a chur i gcrích.
AIRTEAGAL III-274
1. D'fhonn coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais
a chomhrac, féadfar, le dlí Eorpach ón gComhairle, Oifig
an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a
fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
2. Beidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freagrach,
i gcuibhreann le Europol nuair is iomchuí, as lucht déanta
cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar atá siad
sainithe leis an dlí Eorpach dá bhforáiltear i mír
1, agus as a gcomhchoirithe, a imscrúdú, a ionchúiseamh
agus a thabhairt chun breithiúnais. Feidhmeoidh sí feidhmeanna
ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát
i ndáil leis na cionta sin.
3. Cinnfear leis an dlí Eorpach dá dtagraítear i mír
1 na rialacha ginearálta a bheidh infheidhme maidir le hOifig an Ionchúisitheora
Phoiblí Eorpaigh, na coinníollacha lena rialófar comhlíonadh
a feidhmeanna, na rialacha nós imeachta a bheidh infheidhme maidir
lena gníomhaíochtaí chomh maith leis na rialacha lena
rialófar inghlacthacht fianaise agus na rialacha a bheidh infheidhme
maidir le athbhreithiú breithiúnach ar bhearta nós imeachta
arna nglacadh aici i gcomhlíonadh a feidhmeanna.
4. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, san am céanna nó dá éis
sin, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leasófar mír 1 d'fhonn
cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
a leathnú chun go n-áireofar iontu an choireacht thromchúiseach
a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi, agus lena leasófar
dá réir sin mír 2 maidir le lucht déanta coireanna
tromchúiseacha a dhéanann difear do Bhallstát amháin
nó níos mó agus maidir lena gcomhchoirithe. Gníomhóidh
an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint
na hEorpa agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H