CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
ROINN 5
COMHAR PÓILÍNEACHTA
AIRTEAGAL III-275
1. Bunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh baint
ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena
n-áirítear seirbhísí póilíneachta,
seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe
dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus
a imscrúdú.
2. Chun críocha mhír 1, féadfar bearta a bhunú le
dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha maidir
le:
(a) faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil,
a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;
(b) tacaíocht d'oiliúint foirne, agus comhar i leith malartú foirne,
i leith trealaimh agus i leith an taighde ar bhrath na coireachta;
(c) teicníochtaí coiteanna imscrúdaithe i ndáil
le saghsanna tromchúiseacha coireachta eagraithe a bhrath.
3. Féadfar bearta a bhunú le dlí Eorpach nó le
dlí réime Eorpach ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil
idir na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal
seo. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul
i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-276
1. Beidh de chúram ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis
phóilíneachta na mBallstát agus le seirbhísí eile
forfheidhmithe dlí agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn
an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát
nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile
coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar
do bheartas ag an Aontas a chosc agus a chomhrac.
2. Leagfear síos le dlíthe Eorpacha struchtúr, oibriú,
réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol.
Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:
(a) faisnéis, arna cur ar aghaidh ach go háirithe ag údaráis
na mBallstát nó ag tríú tíortha nó ag
tríú comhlachtaí, a bhailiú, a stóráil,
a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;
(b) gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil,
arna cur i gcrích i gcomhpháirt le húdaráis inniúla
na mBallstát nó i gcomhthéacs comhfhoirne imscrúdaitheacha,
a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme, i gcuibhreann
le Eurojust nuair is iomchuí.
Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na nósanna imeachta
um ghrinnbhreathnú ar ghníomhaíochtaí Europol
ag Parlaimint na hEorpa i dteannta leis na Parlaimintí náisiúnta.
3. Ní mór aon ghníomhaíocht oibríochtúil
ag Europol a chur i gcrích i gcuibhreann le húdaráis
na mBallstát arb é a gcríoch atá i dtrácht
agus le comhaontú na n-údarás sin. Is ar na húdaráis
náisiúnta inniúla a bheidh an fhreagracht eisiach as
bearta comhéigneacha a chur i bhfeidhm.
Constitution/ga 213
AIRTEAGAL III-277
Leagfar síos le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach ón gComhairle na coinníollacha agus na teorainneacha
faoina bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát
dá dtagraítear in Airteagail III-270 agus III-275 oibriú ar
chríoch Ballstáit eile i gcuibhreann le húdaráis
an Stáit sin agus le comhaontú na n-údarás sin.
Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le
Parlaimint na hEorpa.
CAIBIDIL V
RÉIMSÍ INA bhFÉADFAIDH AN tAONTAS
GNÍOMHAÍOCHT CHOMHORDAITHE, CHOMHLÁNTACH
NÓ TACAÍOCHTA A DHÉANAMH
ROINN 1
SLÁINTE PHOIBLÍ
AIRTEAGAL III-278
1. Déanfar ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine
a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais
agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.
Díreofar gníomhaíocht an Aontais, a chomhlánóidh
beartais náisiúnta, ar shláinte phoiblí a fheabhsú,
ar thinnis agus ar ghalair dhaonna a chosc agus ar ábhair chontúirte
do shláinte choirp agus do shláinte mheabhrach a sheachaint.
Folóidh ghníomhaíocht den sórt sin:
Constitution/ga 214
(a) an comhrac in aghaidh na móraicídí trí thaighde
a chur chun cinn ar na cúiseanna atá leo agus ar mhodhanna
a seolta agus a gcoiscthe, maille le faisnéis agus oideachas sláinte;
(b) faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann
ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den
sórt sin, agus iad a chomhrac.
Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát
chun damáiste don tsláinte a thig ó dhrugaí a
laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.
2. Cothóidh an tAontas comhar idir na Ballstáit sna réimsí dá dtagraítear
san Airteagal seo agus, más gá, tacóidh sé lena
ngníomhaíocht. Cothóidh sé go háirithe
comhar idir na Ballstáit chun comhlántacht a gcuid seirbhísí sláinte
sna réigiúin thrasteorann a fheabhsú.
Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin,
i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar a mbeartais agus ar a gcláir
sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh
an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon
tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur
chun cinn, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh
treoirlínte agus táscairí a bhunú, malartú dea-chleachtais
a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú d'fhaireachán
tréimhsiúil agus do mheastóireacht thréimhsiúil.
Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.
3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla
i réimse na sláinte poiblí.
Constitution/ga 215
4. De mhaolú ar Airteagail I-12(5) agus I-17(a) agus i gcomhréir
le hAirteagal I-14(2)(k), rannchuideoidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe
réime Eorpacha le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
san Airteagal seo trí na bearta seo a leanas a bhunú chun déileáil
le gnáthcheisteanna sábháilteachta:
(a) bearta ag leagan síos ardchaighdeáin cháilíochta
agus shábháilteachta d'orgáin agus do shubstaintí de
bhunús daonna, d'fhuil agus do dhíorthaigh fola; ní chuirfidh
na bearta sin cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine
a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach;
(b) bearta i réimse na tréidliachta agus na fíteasláintíochta
a bhfuil sé de chuspóir díreach acu an tsláinte
phoiblí a chosaint;
(c) bearta ag leagan síos ardchaighdeáin cháilíochta
agus sábháilteachta do tháirgí sláinte
agus d'fheistí míochaine;
(d) bearta a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann
ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath ar bhagairtí den
sórt sin, agus iad a chomhrac.
Glacfar na dlíthe Eorpacha sin nó na dlíthe réime
Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún
agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
5. Féadfar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha bearta dreasachta a bhunú freisin a bheidh ceaptha chun sláinte
an duine a chosaint agus a fheabhsú agus go háirithe na móraicídí trasteorann
a chomhrac, mar aon le bearta arb é is cuspóir díreach
dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint i dtaca le tabac
agus le mí-úsáid alcóil, amach ó aon chomhchuibhiú ar
dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad
tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis
an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Constitution/ga 216
6. Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh an Chomhairle,
ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin.
7. Déanfaidh gníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt
do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas
sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte
agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Áireofar
ar fhreagrachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte
agus cúram liachta a bhainistiú agus na hacmhainní a
shanntar dóibh a chionroinnt orthu. Ní dhéanfaidh na
bearta dá dtagraítear i mír 4(a) difear d'fhorálacha
náisiúnta maidir le deonú nó úsáid
mhíochaine orgán agus fola.
ROINN 2
TIONSCAL
AIRTEAGAL III-279
1. Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige go mbeidh
na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscal
an Aontais a áirithiú.
Chuige sin, i gcomhréir le córas margaí a bheidh ar
oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm dá ngníomhaíocht:
(a) oiriúnú an tionscail d'athruithe struchtúracha a
bhrostú;
(b) timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus
d'fhorbairt gnóthas ar fud an Aontais, go háirithe gnóthais
bheaga agus meánmhéide;
Constitution/ga 217
(c) timpeallacht a chothú atá fabhrach don chomhar idir ghnóthais;
(d) taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála,
taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos
fearr.
2. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i gcuibhreann
leis an gCoimisiún agus, más gá, déanfaidh siad
a ngníomhaíocht a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún
aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin
a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh
treoirlínte agus táscairí a bhunú, malartú dea-chleachtais
a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don
fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht
thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán
ar an eolas.
3. Rannchuideoidh an tAontas le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
i mír 1 trí bhíthin na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a
shaothraíonn sé faoi fhorálacha eile den Bhunreacht.
Féadfar, le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha, bearta sonracha a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí arna
ndéanamh sna Ballstáit d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear
i mír 1 a ghnóthú, amach ó aon chomhchuibhiú ar
dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad
tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Ní bheidh an Roinn seo mar bhonn ag an Aontas do thabhairt isteach
aon bhirt ar dóigh dó an iomaíocht a shaobhadh nó ina
bhfuil forálacha cánachais nó forálacha a bhaineann
le cearta agus leasanna daoine fostaithe.
Constitution/ga 218
ROINN 3
CULTÚR
AIRTEAGAL III-280
1. Rannchuideoidh an tAontas le borradh chultúir na mBallstát,
ag urramú a n-éagsúlachta náisiúnta agus
réigiúnaí agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha
chun suntais dó.
2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais comhar
idir Bhallstáit a chothú agus, más gá, tacú lena
ngníomhaíocht agus í a chomhlánú sna réimsí seo
a leanas:
(a) feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na
bpobal Eorpach;
(b) caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha
a bhfuil tábhacht Eorpach aici;
(c) malartuithe neamhthráchtála i réimse an chultúir;
(d) cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil
an chlosamhairc.
3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla
i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na
hEorpa.
4. Tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht
faoi fhorálacha eile den Bhunreacht, go háirithe d'fhonn éagsúlacht
a chuid cultúr a urramú agus a chur chun cinn.
Constitution/ga 219
5. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
san Airteagal seo:
(a) bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha bearta dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe
agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis
dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún;
(b) glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.
ROINN 4
TURASÓIREACHT
AIRTEAGAL III-281
1. Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát
in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas
ghnóthais an Aontais inti a chur chun cinn.
Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe
seo a leanas:
(a) cruthú timpeallachta a spreagadh a bheidh fabhrach d'fhorbairt
na ngnóthas san earnáil seo;
(b) comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe
trí mhalartú dea-chleachtais.
Constitution/ga 220
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh
de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear
san Airteagal seo a ghnóthú, amach ó aon chomhchuibhiú ar
dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.
ROINN 5
OIDEACHAS, ÓIGE, SPÓRT
AGUS GAIRMOILIÚINT
AIRTEAGAL III-282
1. Rannchuideoidh an tAontas le hoideachas de cháilíocht ardchaighdeáin
a fhorbairt trí chomhar idir Bhallstáit a chothú agus,
más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht
agus í a chomhlánú. Déanfaidh sé freagracht
na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán
an chórais oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha
agus teanga a urramú go hiomlán.
Rannchuideoidh an tAontas leis an spórt Eorpach a chur chun cinn,
ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir
atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus
d'fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt.
Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:
(a) éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt, go háirithe trí theangacha
na mBallstát a theagasc agus a leathadh;
Constitution/ga 221
(b) taobhú le soghluaisteacht mac léinn agus teagascóirí lena
n-áirítear aitheantas acadúil a thabhairt do dhioplómaí agus
do thréimhsí staidéir;
(c) comhar a chur chun cinn idir bhunaíochtaí oideachais;
(d) malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna
is coiteann do chórais oideachais na mBallstát;
(e) taobhú le malartuithe idir dhaoine óga agus idir theagascóirí sochoideachasúla
a fhorbairt agus rannpháirtíocht na hóige i saol daonlathach
na hEorpa a chothú;
(f) forbairt an chianoideachais a chothú;
(g) an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt, trí chothrom
na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus
comhar idir chomhlachtaí atá freagrach as an spórt a
chur chun cinn agus trí iomláine choirp agus mhorálta
na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe óga,
a chosaint.
2. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla,
agus go háirithe le Comhairle na hEorpa, i réimse an oideachais
and an spóirt.
3. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
san Airteagal seo:
(a) bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha bearta dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe
agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad tar éis
dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta;
Constitution/ga 222
(b) glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-283
1. Cuirfidh an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh
le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a chomhlánfaidh
iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán
na gairmoiliúna á hurramú go hiomlán aige.
Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:
(a) oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú,
go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna agus
na hathoiliúna;
(b) an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun
an t-imeascadh agus an t-athimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair
a éascú;
(c) rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le
soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe
daoine óga;
(d) comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bhunaíochtaí oideachais
nó oiliúna agus gnóthais;
(e) malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna
is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát.
2. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le
tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta
is inniúil maidir le gairmoiliúint.
Constitution/ga 223
3. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear
san Airteagal seo:
(a) bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta is gá, amach ó aon chomhchuibhiú ar
dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Glacfar iad
tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis
an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta;
(b) glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.
ROINN 6
COSAINT SHIBHIALTA
AIRTEAGAL III-284
1. Cothóidh an tAontas comhar idir Bhallstáit d'fhonn cur le
héifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha
nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus
cosaint ina gcoinne.
Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:
(a) gníomhaíocht na mBallstát a chothú agus a
chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ar
an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil
maidir le priacail a chosc, trína bhfoirne cosanta sibhialta a ullmhú agus
maidir le hidirghabháil i gcás tubaistí nádúrtha
nó tubaistí de dhéantús an duine laistigh den
Aontas;
Constitution/ga 224
(b) comhar sciobtha éifeachtúil oibríochtúil
a chur chun cinn laistigh den Aontas idir na seirbhísí náisiúnta
cosanta sibhialta;
(c) an chomhsheasmhacht a chur chun cinn in obair idirnáisiúnta
cosanta sibhialta.
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpach na bearta is gá chun rannchuidiú le gnóthú na
gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, amach ó aon
chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.
ROINN 7
COMHAR RIARACHÁIN
AIRTEAGAL III-285
1. Measfar gur ábhar leasa choitinn atá sár-riachtanach
do dhea-oibriú an Aontais é na Ballstáit dlí an
Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach.
2. Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát
a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a
chur chun feidhme. Féadfaidh a bheith san áireamh leis sin
malartú faisnéise agus státseirbhíseach a éascú agus
tacú le scéimeanna oiliúna. Ní bheidh iachall
ar Bhallstát ar bith tarraingt ar an tacaíocht sin. Bunófar
le dlíthe Eorpacha na bearta is gá chuige sin, amach ó aon
chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.
Constitution/ga 225
3. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'oibleagáid na mBallstát
dlí an Aontais a chur chun feidhme nó do shainchumais agus
do dhualgais an Choimisiúin. Beidh an tAirteagal gan dochar freisin
d'fhorálacha eile an Bhunreachta lena bhforáiltear do chomhar
riaracháin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit
agus an tAontas.
TEIDEAL IV
TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ
AIRTEAGAL III-286
1. Déanfar na tíortha agus na críocha neamh-Eorpacha
a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis
an Ísiltír agus leis an Ríocht Aontaithe a chomhlachú leis
an Aontas. Tá na tíortha agus na críocha sin (dá ngairtear "na
tíortha agus na críocha" anseo feasta) liostaithe in Iarscríbhinn
II.
Beidh feidhm ag an teideal seo maidir leis an nGraonlainn, faoi réir
fhorálacha sonracha an Phrótacail ar shocruithe speisialta
don Ghraonlainn.
2. Is é is cuspóir don chomhlachas forbairt eacnamaíoch
agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun
cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad
agus an tAontas.
Fónfaidh an comhlachas go príomha chun leasanna agus rathúnas áitritheoirí na
dtíortha agus na gcríoch sin a chur ar aghaidh, d'fhonn iad
a sheoladh i dtreo na forbartha, idir eacnamaíoch, shóisialta
agus chultúrtha, a bhfuil a ndóchas léi.
Constitution/ga 226
AIRTEAGAL III-287
Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gcomhlachas:
(a) cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar a dtrádáil leis
na tíortha agus leis na críocha an chóir chéanna
a chuireann siad ar a chéile de bhun an Bhunreachta;
(b) cuirfidh gach tír nó críoch i bhfeidhm ar a trádáil
leis na Ballstáit agus leis na tíortha agus leis na críocha
eile an chóir chéanna a chuireann sí ar an Stát
Eorpach a bhfuil caidreamh speisialta aici leis;
(c) rannchuideoidh na Ballstáit leis na hinfheistíochtaí is
gá chun na tíortha agus na críocha sin a fhorbairt go
comhleanúnach;
(d) i dtaca leis na hinfheistíochtaí arna maoiniú ag
an Aontas, beidh rannpháirtíocht sna tairiscintí agus
sna soláthairtí ar oscailt, ar choinníollacha comhionanna,
do gach duine, idir nádúrtha agus dlítheanach, is náisiúnach
de Bhallstát nó de cheann de na tíortha agus na críocha;
(e) sa chaidreamh idir Ballstáit agus na tíortha agus na críocha,
déanfar an ceart bunaíochta do náisiúnaigh agus
do chuideachtaí nó do ghnólachtaí a rialú de
réir fhorálacha Fhoroinn 2 de Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal
III a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta agus de bhun na nósanna
imeachta atá leagtha síos san Fhoroinn sin agus ar bhonn neamhidirdhealaitheach,
faoi réir aon ghníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal
III-291.
Constitution/ga 227
AIRTEAGAL III-288
1. Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na
dtíortha agus na gcríoch a allmhaireofar isteach sna Ballstáit
a thoirmeasc i gcomhréir leis an toirmeasc ar dhleachtanna custaim
idir Bhallstáit dá bhforáiltear sa Bhunreacht.
2. Déanfar dleachtanna custaim ar allmhairí isteach i ngach
tír nó críoch ó Bhallstáit nó ó na
tíortha nó na críocha eile a thoirmeasc i gcomhréir
le hAirteagal III-151(4).
3. Féadfaidh na tíortha agus na críocha, áfach,
dleachtanna custaim a thobhach a fhreagraíonn do riachtanais a bhforbartha
agus a dtionsclaíochta nó a ghnóthaíonn ioncam
dá mbuiséid.
Ní fhéadfaidh na dleachtanna dá dtagraítear sa
chéad fhomhír dul thar leibhéal na ndleachtanna a fhorchuirtear
ar tháirgí a allmhairítear ón mBallstát
a bhfuil caidreamh speisialta ag gach tír nó gach críoch
ar leith leis.
4. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na tíortha
ná leis na críocha a dhéanann, mar gheall ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta áirithe
atá de cheangal orthu, taraif chustaim neamhidirdhealaitheach a chur
i bhfeidhm cheana féin.
5. Má thugtar isteach dleachtanna custaim nó má athraítear
ar dhóigh ar bith dleachtanna custaim ar earraí a allmhairítear
isteach sna tíortha agus sna críocha, ní bheidh sin
ina chúis, ó dhlí ná ó fhíoras,
le haon idirdhealú, díreach ná indíreach, a dhéanamh
idir allmhairí ó na Ballstáit éagsúla.
Constitution/ga 228
AIRTEAGAL III-289
I gcás na ndleachtanna is inchurtha ar earraí ó thríú tír,
ar a dteacht isteach i dtír nó i gcríoch, a bheith ar
leibhéal ar cosúil dó, nuair a chuirtear Airteagal III-288(1)
i bhfeidhm, an trádáil a shraonadh chun dochair d'aon Bhallstát,
féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an gCoimisiún a
mholadh do na Ballstáit eile na bearta is gá a ghlacadh chun
an staid sin a leigheas.
AIRTEAGAL III-290
Faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an tsláinte
phoiblí, an tslándáil phoiblí nó beartas
poiblí, déanfar an tsaoirse gluaiseachta laistigh de Bhallstáit
le haghaidh oibrithe ó na tíortha agus ó na críocha,
agus laistigh de na tíortha agus críocha le haghaidh oibrithe ó na
Ballstáit, a rialú le gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir
le Airteagal III-291.
AIRTEAGAL III-291
Glacfaidh an Chomhairle d’aon toil, ar thogra ón gCoimisiún,
ar bhonn na taithí atá faighte faoi chuimsiú chomhlachas
na dtíortha agus na gcríoch leis an Aontas, dlíthe Eorpacha,
dlíthe réime Eorpacha, rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha
maidir leis na rialacha mionsonraithe agus leis an nós imeachta chun
na tíortha agus na críocha a chomhlachú leis an Aontas.
Glacfar na dlíthe agus na dlíthe réime sin tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
TEIDEAL V
GNÍOMHAÍOCHT EACHTRACH AN AONTAIS
CAIBIDIL I
FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU
AIRTEAGAL III-292
1. Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta á stiúradh
ag na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an meádú air,
prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan
mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht
chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an
duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta,
agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus
ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.
Féachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a
thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta,
réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na
prionsabail chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Curifidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun
cinn, go háirithe faoi chreat na Náisiún Aontaithe.
2. Déanfaidh an tAontas comhbheartais agus gníomhaíochtaí a
shainiú agus a shaothrú agus cuirfidh sé roimhe an comhar
a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta,
d'fhonn:
(a) a luachanna, a bhunleasanna, a shlándáil, a neamhspleáchas
agus a iomláine a choimirciú;
Constitution/ga 230
(b) an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an
dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus
tacú leo;
(c) an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a
chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú,
i gcomhréir le cuspóirí agus le prionsabail Chairt na
Náisiún Aontaithe, le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach
Heilsincí agus le cuspóirí Chairt Pháras, lena
n-áirítear na prionsabail sin a bhaineann le teorainneacha
seachtracha;
(d) tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta
agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar
phríomhaidhm deireadh a chur leis an mbochtaineacht;
(e) lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar
domhanda a chothú, lena n-áirítear trí shrianta
ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de
réir a chéile;
(f) cuidiú le forbairt beart idirnáisiúnta chun mianach
an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha
an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú, chun an fhorbairt inbhuanaithe
a áirithiú;
(g) cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin
atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha
nó ar thubaistí de dhéantús an duine;
(h) córas idirnáisiúnta a chur chun cinn arna bhunú ar
chomhar iltaobhach níos láidre agus ar an dea-rialachas domhanda.
3. Urramóidh an tAontas na prionsabail atá leagtha amach i
mír 1 agus mír 2 agus saothróidh sé na cuspóirí atá leagtha
amach iontu, nuair atá na réimsí éagsúla
de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a thagann faoi réim
an Teidil seo agus gnéithe eachtracha a bheartas eile á bhforbairt
agus á gcur chun feidhme.
Constitution/ga 231
Á
iritheoidh an tAontas comhchuibheas idir na réimsí éagsúla
dá ghníomhaíocht eachtrach agus idir na réimsí sin
agus a chuid beartas eile. Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún,
le cúnamh ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais,
an comhchuibheas sin agus comhoibreoidh siad chuige sin.
AIRTEAGAL III-293
1. Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí atá leagtha
amach in Airteagal III-292, déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna
agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais a shainaithint.
Beidh cinntí Eorpacha ón gComhairle Eorpach maidir le leasanna
agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais bainteach leis
an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le réimsí eile
de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais. Féadfaidh na
cinntí sin a bheith bainteach le caidreamh an Aontais le tír
shonrach nó réigiún sonrach nó féadfaidh
cur chuige téamúil a bheith acu. Saineoidh siad a ré agus
na meáin a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.
Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar thogra ón
gComhairle arna glacadh ag an gComhairle de réir na socruithe arna
leagan síos do gach réimse. Cuirfear cinntí Eorpacha ón
gComhairle Eorpach chun feidhme de réir na nósanna imeachta
dá bhforáiltear sa Bhunreacht.
2. Féadfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, i réimse
an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus an Coimisiún,
i réimsí eile den bheartas eachtrach, tograí comhpháirteacha
a thíolacadh don Chomhairle.
CAIBIDIL II
AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
ROINN I
FORÁLACHA COITEANNA
AIRTEAGAL III-294
1. Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta
eachtraí, saineoidh an tAontas agus cuirfidh sé chun feidhme
comhbheartas eachtrach agus slándála a fholóidh gach
réimse den bheartas eachtrach agus slándála.
2. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar
le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon
dílseachta agus dlúthpháirtíochta i leith a chéile.
Oibreoidh na Ballstáit le chéile chun a ndlúthpháirtíocht
pholaitiúil fhrithpháirteach a fheabhsú agus a fhorbairt.
Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh contrártha
le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht
mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta
a dhochrú.
Á
iritheoidh an Chomhairle agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais
go gcomhlíonfar na prionsabail sin.
3. Seolfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála:
(a) trí na treoirlínte ginearálta a shainiú;
Constitution/ga 233
(b) trí chinntí Eorpacha a ghlacadh lena saineofar:
(i) gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích
ag an Aontas;
(ii) seasaimh atá le glacadh ag an Aontas;
(iii) socruithe maidir leis na cinntí Eorpacha dá dtagraítear
i bpointí (i) agus (ii) a chur chun feidhme;
(c) trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach
idir na Ballstáit agus a mbeartas á seoladh acu.
AIRTEAGAL III-295
1. Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte ginearálta
don chomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear ábhair
a bhfuil impleachtaí cosanta acu.
Má éilíonn forbairt idirnáisiúnta é,
déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí cruinniú urghnách
den Chomhairle Eorpach a chomóradh d'fhonn línte straitéiseacha
bheartas an Aontais a shainiú i bhfianaise na bhforbairtí sin.
2. Glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha is gá chun an
comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus
a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta agus
na línte straitéiseacha arna sainiú ag an gComhairle
Eorpach.
Constitution/ga 234
AIRTEAGAL III-296
1. Rannchuideoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a rachaidh
i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas
eachtrach agus slándála a ullmhú trína thograí nó a
tograí agus áiritheoidh sé nó sí cur chun
feidhme na gcinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach
agus ag an gComhairle.
2. Feidhmeoidh an tAire Gnóthaí Eachtracha ar son an Aontais
maidir le hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus
slándála. Seolfaidh sé nó sí agallamh
polaitiúil le tríú páirtithe thar ceann an Aontais
agus léireoidh sé nó sí seasamh an Aontais in
eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha
idirnáisiúnta.
3. Agus a shainordú nó a sainordú á chomhall
aige nó aici, beidh de chúnamh ag Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí.
Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta
na mBallstát agus comhdhéanfar í d'oifigigh ó na
rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle
agus den Choimisiún mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta
náisiúnta na mBallstát. Socrófar eagrúchán
agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta
Eachtraí le cinneadh Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh
an Chomhairle ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an
Aontais tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus toiliú a
fháil ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-297
1. Nuair a éilíonn an staid idirnáisiúnta gníomhaíocht
oibríochtúil ag an Aontas, glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha
is gá. Leagfar síos leis na cinntí sin na cuspóirí,
an raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas,
ré na gníomhaíochta más gá, agus na coinníollacha
maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta.
Constitution/ga 235
Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht
shuntasach aige ar cheist atá faoi réir cinnidh Eorpaigh den
sórt sin, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí an
chinnidh sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí Eorpacha
is gá.
2. Beidh na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír
1 ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus
i seoladh a ngníomhaíochta.
3. Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh
nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh
de bhun cinnidh Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh
an Ballstát i dtrácht faisnéis ar fáil in am
ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh
ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid
eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh
iontu ach trasuí náisiúnta ar chinneadh den sórt
sin.
4. I gcás géar-riachtanas a bhaineann le hathruithe ar an staid
agus mura mbeidh athbhreithniú déanta ar an gcinneadh Eorpach
dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, féadfaidh
na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne,
ag féachaint do chuspóirí ginearálta an chinnidh
sin. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas
láithreach faoi aon bheart den sórt sin.
5. I gcás mórdheacrachtaí maidir le cinneadh Eorpach
dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme, cuirfidh
Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh
iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní bheidh
na réitigh sin contrártha le cuspóirí na gníomhaíochta
ná ní dhéanfaidh siad a héifeachtúlacht
a dhochrú.
AIRTEAGAL III-298
Glacfaidh an Chomhairle cinntí Eorpacha lena saineofar cur chuige
an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach
nó téamúil. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfuil a mbeartais náisiúnta ar cothrom le seasaimh an Aontais.
Constitution/ga 236
AIRTEAGAL III-299
1. Féadfaidh aon Bhallstát, Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais, nó an tAire sin le tacaíocht ón gCoimisiún,
aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála
a chur os comhair na Comhairle agus tionscnaimh nó tograí mar
is iomchuí a thíolacadh di.
2. I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, uaidh féin nó arna
iarraidh sin do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle
laistigh d'ocht n-uaire daichead nó, má tá éigeandáil
ann, laistigh de thréimhse níos giorra.
AIRTEAGAL III-300
1. Glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha dá dtagraítear
sa Chaibidil seo ag gníomhú di d'aon toil.
Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh
comhalta den Chomhairle a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil
a dhéanamh. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid
air an cinneadh Eorpach a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go
bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát
i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta i leith
a chéile, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh
di a bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais
a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht
sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh.
Má ionadaíonn líon na gcomhaltaí den Chomhairle
a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh
trian ar a laghad de na Ballstáit a chuimsíonn trian ar a laghad
de dhaonra an Aontais, ní ghlacfar an cinneadh.
2. De mhaolú ar mhír 1, gníomhóidh an Chomhairle
trí thromlach cáilithe:
Constitution/ga 237
(a) nuair a ghlacfaidh sí cinntí Eorpacha lena saineofar gníomhaíocht
nó seasamh Aontais ar bhonn cinnidh Eorpaigh ón gComhairle
Eorpach a bhaineann le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha
an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal III-293(1);
(b) nuair a ghlacfaidh sí cinneadh Eorpach lena saineofar gníomh
nó seasamh Aontais, ar thogra arna thíolacadh ag Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais mar thoradh ar iarraidh shonrach chuig an Aire ón gComhairle
Eorpach ar a tionscnamh féin nó ar thionscnamh an Aire;
(c) nuair a ghlacfaidh sí cinneadh Eorpach ag cur cinneadh Eorpach
chun feidhme lena sainítear gníomh nó seasamh Aontais;
(d) nuair a ghlacfaidh sí cinneadh Eorpach maidir le hionadaí speisialta
a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal III-302.
Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar
intinn aige, ar chúiseanna bunúsacha sonraithe beartais náisiúnta,
cur i gcoinne cinneadh Eorpach a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach
cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Déanfaidh
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, i ndlúthchomhairle
leis an mBallstát i dtrácht, réiteach is inghlactha
ag an mBallstát a lorg. Má theipeann ar an iarracht, féadfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,
a iarraidh go ndéanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach
chun cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil.
3. I gcomhréir le hAirteagal I-40(7), féadfaidh an Chomhairle
Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena bhforálfar go
ngníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe
i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i mír
2 den Airteagal seo.
Constitution/ga 238
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí a
bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.
AIRTEAGAL III-301
1. Nuair a bheidh cur chuige coiteann de chuid an Aontais de réir
bhrí Airteagal I-40(5) sainithe ag an gComhairle Eorpach nó ag
an gComhairle, déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an
Aontais agus Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát
a ngníomhaíochtaí a chomhordú i dtionól
na Comhairle.
2. Comhoibreoidh misin taidhleoireachta na mBallstát agus toscaireachtaí an
Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta
agus rannchuideoidh siad leis an gcur chuige coiteann dá dtagraítear
i mír 1 a fhoirmiú agus a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL III-302
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais, ionadaí speisialta a cheapadh a mbeidh sainordú aige
nó aici i ndáil le saincheisteanna áirithe beartais.
Cuirfidh an t-ionadaí speisialta a shainordú nó a sainordú i
gcrích faoi údarás an Aire.
AIRTEAGAL III-303
Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le
Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht
idirnáisiúnta amháin nó níos mó sna
réimsí a thig faoin gCaibidil seo.
Constitution/ga 239
AIRTEAGAL III-304
1. Rachaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa agus cuirfidh sé nó sí ar an
eolas í i gcomhréir le hAirteagail I-40(8) agus I-41(8). Áiritheoidh
sé nó sí go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh
Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh na hionadaithe speisialta a bheith
rannpháirteach maidir le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a chur ar an gComhairle
agus ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó moltaí a
dhéanamh leo. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl
dhá uair sa bhliain maidir leis an dul chun cinn atá déanta
i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála,
lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus
cosanta.
AIRTEAGAL III-305
1. Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in
eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha
idirnáisiúnta. Déanfaidh siad seasaimh an Aontais a
chosaint sna fóraim sin. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais an comhordú sin a eagrú.
In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha
idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit uile rannpháirteach
iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach
iontu seasaimh an Aontais a chosaint.
2. I gcomhréir le hAirteagal I-16(2), déanfaidh na Ballstáit
a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta
nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil
na Ballstáit uile rannpháirteach iontu na Ballstáit
eile sin agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a chur ar
an eolas faoi aon ábhar leasa choitinn.
Constitution/ga 240
Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle
Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh
siad comhbheartú agus coinneoidh siad na Ballstáit eile agus
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar an eolas go hiomlán.
Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Chomhairle Slándála,
déanfaidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, seasaimh agus
leasanna an Aontais a chosaint, gan dochar dá bhfreagrachtaí faoi
Chairt na Náisiún Aontaithe.
Nuair a bheidh seasamh sainithe ag an Aontas ar ábhar atá ar
chlár oibre Chomhairle Slándála na Náisiún
Aontaithe, iarrfaidh na Ballstáit a shuíonn ar an gComhairle
Slándála go n-iarrfar ar Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais seasamh an Aontais a chur i láthair.
AIRTEAGAL III-306
Déanfaidh misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát
agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha
agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a n-ionadaíochtaí chuig
eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhoibriú chun
a áirithiú go ndéanfar na cinntí Eorpacha lena
sainítear seasaimh agus gníomhartha Aontais arna nglacadh de
bhun na Caibidle seo a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme. Cuirfidh
siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú agus
trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.
Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh
Eorpacha chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha
dá dtagraítear in Airteagail I-10(2)(c) agus leis na bearta
arna nglacadh de bhun Airteagal III-127 a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL III-307
1. Gan dochar d'Airteagal III-344, déanfaidh Coiste Polaitiúil
agus Slándála faireachán ar an staid idirnáisiúnta
sna réimsí a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála,
agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a
thabhairt don Chomhairle arna iarraidh sin di, nó arna iarraidh sin
d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, nó ar a thionscnamh
féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur
chun feidhme beartas comhaontaithe, gan dochar do chumhachtaí Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais.
2. Faoi chuimsiú na Caibidle seo, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil
agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais, rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach
na n-oibríochtaí bainistíochta géarchéime
dá dtagraítear in Airteagal III-309.
Féadfaidh an Chomhairle an Coiste a údarú, ar mhaithe
le hoibríocht bainistíochta géarchéime agus ar
feadh a ré, mar atá sainithe ag an gComhairle, na bearta ábhartha
a ghlacadh maidir le rialú polaitiúil agus stiúradh
straitéiseach na hoibríochta.
AIRTEAGAL III-308
Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh
agus slándála difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta
agus raon chumachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear
sa Bhunreacht chun na hinniúlachtaí Aontais dá dtagraítear
in Airteagail I-13 go I-15 agus I-17 a fheidhmiú.
Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh cur chun feidhme na mbeartas
atá liostaithe sna hAirteagail sin difear do chur i bhfeidhm na nósanna
imeachta agus raon chumhachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear
sa Bhunreacht chun na hinniúlachtaí Aontais faoin gCaibidil
seo a fheidhmiú.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H