CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
ROINN 2
COMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA
AIRTEAGAL III-309
1. Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear
in Airteagal I-41(1), a bhféadfaidh an tAontas earraíocht a
bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha
dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála,
cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a
bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta,
cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta
géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin
a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh
na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in
aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le
tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac
ar a gcríocha.
2. Glacfaidh an Chomhairle cinntí Eorpacha maidir leis na cúraimí dá dtagraítear
i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme
agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, ag gníomhú dó nó di
faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan
leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar
comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin.
AIRTEAGAL III-310
1. Faoi chuimsiú na gcinntí Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir
le hAirteagal III-309, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim
a chur ar ghrúpa de Bhallstáit atá toilteanach agus
a bhfuil an cumas is gá acu le haghaidh cúraim den sórt
sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i
gcomhlachas le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, maidir
le bainistiú an chúraim.
2. Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram
an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn, ar a
dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile.
Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach
más léir go leanfadh móriarmhairtí ón
gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar
an gcuspóir, an raon feidhme agus na coinníollacha arna socrú don
chúram sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír
1. Sna cásanna sin glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha
is gá.
AIRTEAGAL III-311
1. Is é an cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht a bhaineann
le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, soláthar agus armálacha
(Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint), arna bunú le hAirteagal
I-41(3) agus atá faoi réir údarás na Comhairle:
(a) rannchuidiú le cuspóirí na mBallstát i ndáil
le cumais mhíleata a shainaithint agus measúnú a dhéanamh
ar a mhéad a urramaítear na ceangaltais chumais atá tugtha
ag na Ballstáit;
(b) comhchuibhiú ar na riachtanais oibríochtúla a chur
cun cinn agus modhanna soláthair éifeachtúla comhoiriúnacha
a ghlacadh;
(c) tionscadail iltaobhacha a mholadh chun na cuspóirí a chomhall
i dtaca le cumais mhíleata de, comhordú ar na cláir
arna gcur chun bhfeidhme ag na Ballstáit agus bainistiú na
gclár sonrach comhair a áirithiú;
(d) tacú le taighde i dteicneolaíocht na cosanta, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha
taighde agus staidéar ar réitigh theicneolaíocha a fhreagróidh
do riachtanais oibríochtúla todhchaí a chomhordú agus
a phleanáil;
(e) rannchuidiú le gach beart fóinteach a shainaithint agus,
más gá, a chur chun feidhme chun bonn tionsclaíoch agus
teicneolaíoch earnáil na cosanta a neartú agus chun éifeachtúlacht
an chaiteachais mhíleata a fheabhsú.
2. Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint ar oscailt do gach
Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach inti. Glacfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,
cinneadh Eorpach lena saineofar reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla
na Gníomhaireachta. Ba chóir go dtabharfadh an cinneadh sin
aird ar leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír
i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirfear
grúpaí sonracha ar bun laistigh den Ghníomhaireacht
a thabharfaidh le chéile Ballstáit a bhfuil tionscadail chomhpháirteacha á gcur
i gcrích acu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí i
gcrích i gcuibhreann leis an gCoimisiún nuair is gá.
AIRTEAGAL III-312
1. Na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar
struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal I-41(6), a
chomhallann na critéir agus a bhfuil na ceangaltais déanta
acu maidir le cumais mhíleata atá leagtha amach sa Phrótacal
maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh siad a n-intinn
in iúl don Chomhairle agus d'Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais.
2 Faoi cheann trí mhí ón bhfógra dá dtagraítear
i mír 1, glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar
buanchomhar struchtúrtha agus lena gcinnfear liosta na mBallstát
rannpháirteach. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach
cáilithe tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais.
3. Gach Ballstát ar mian leis, tráth níos déanaí,
a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh
sé a intinn in iúl don Chomhairle agus d'Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais.
Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena ndaingneofar rannpháirtíocht
an Bhallstáit i dtrácht a chomhallann na critéir agus
a dhéanann na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail
1 agus 2 den Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha.
Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe
tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach
na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn na Ballstáit
rannpháirteacha.
Saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na
Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha,
a chuimsíonn 65% de dhaonra na mBallstát sin.
Ní mór a bheith san áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
4. Más rud é nach gcomhallann Ballstát rannpháirteach
na critéir a thuilleadh nó nach féidir leis na ceangaltais
dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal
maidir le buanchomhar struchtúrtha a ghabháil ar láimh
a thuilleadh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh
chun rannpháirtíocht an Bhallstáit sin a fhionraí.
Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den
Chomhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha,
amach ón mBallstát i dtrácht.
Saineofar an tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na
Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha,
a chuimsíonn 65% de dhaonra na mBallstát sin.
Ní mór a bheith san áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle
a ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
5. Más mian le Ballstát rannpháirteach tarraingt siar ón
mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl
don Chomhairle a thabharfaidh dá haire go bhfuil deireadh le rannpháirtíocht
an Bhallstáit i dtrácht.
6. Na cinntí Eorpacha agus na moltaí ón gComhairle arna
nglacadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha, seachas
na cinn dá bhforáiltear i míreanna 2 go 5, glacfar d'aon
toil iad. Chun críche na míre seo, is éard is aontoilíocht
ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach
amháin.
ROINN 3
FORÁLACHA AIRGEADAIS
AIRTEAGAL III-313
1. Déanfar an caiteachas riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí mar
thoradh ar chur chun feidhme na Caibidle a mhuirearú ar bhuiséad
an Aontais.
2. Aon chaiteachas oibríochtúil a bheidh ann de bharr an Chaibidil
seo a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad an
Aontais freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a
mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna
ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt.
Nuair nach muirearófar caiteachas ar bhuiséad an Aontais, muirearófar
ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta
náisiúnta, mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. I dtaca
le caiteachas a thig ó oibríochtaí a mbeidh impleachtaí míleata
nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit
a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe
sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal III-300(1) ranníocaíochtaí a
dhéanamh maidir lena maoiniú.
3. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar na nósanna
imeachta speisialta chun rochtain sciobtha a ráthú ar leithreasaí i
mbuiséad an Aontais chun tionscadail faoi chuimsiú an chomhbheartais
eachtraigh agus slándála a mhaoiniú go práinneach,
agus go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin
do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail I-41(1)
agus III-309. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa.
Déanfar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin
do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal I-41(1)
agus III-309 nach muirearófar ar bhuiséad an Aontais a mhaoiniú trí chiste
tosaithe arna chomhdhéanamh de ranníocaíochtaí ó na
Ballstáit.
Glacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, ar thogra ó Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais, cinntí Eorpacha lena
mbunófar:
(a) na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a chur ar bun agus
a mhaoiniú, go háirithe na méideanna arna gcionroinnt
ar an gciste;
(b) na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a riar;
(c) na nósanna imeachta rialaithe airgeadais.
Nuair nach féidir an cúram arna bheartú i gcomhréir
le hAirteagail I-41(1) agus III-309 a mhuirearú ar bhuiséad
an Aontais, údaróidh an Chomhairle d'Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais an ciste sin a úsáid. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais tuarascáil don Chomhairle maidir leis an sainordú a
chur chun feidhme.
CAIBIDIL III
COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA
AIRTEAGAL III-314
Trí aontas custaim a bhunú i gcomhréir le hAirteagal
III-151, rannchuideoidh an tAontas, ar mhaithe leis an leas coiteann, le
forbairt chomhchuí na trádála domhanda, le díothú comhleanúnach
srianta ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíocht
dhíreach choigríche, agus le hísliú bacainní custaim
agus eile.
AIRTEAGAL III-315
1. Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail
chomhionanna, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife,
le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil
in earraí agus seirbhísí a thabhairt i gcrích,
agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla,
le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le comhionannas
a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin
agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar
i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas
tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht
eachtrach an Aontais.
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha na bearta lena saineofar an creat
chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.
3. Nuair is gá comhaontuithe le tríú tír amháin
nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta
amháin nó níos mó a chaibidil agus a thabhairt
i gcrích, beidh feidhm ag Airteagal III-325, faoi réir fhorálacha
speisialta an Airteagail seo.
Cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle
a údaróidh dó tús a chur leis an gcaibidlíocht
is gá. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go
bhfuil na comhaontuithe arna gcaibidil ag luí le beartais agus rialacha
inmheánacha an Aontais.
Is é an Coimisiún a sheolfaidh an chaibidlíocht sin,
i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle chun a bheith
de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin, agus faoi
chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige.
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta
don choiste speisialta agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn
na caibidlíochta.
4. D'fhonn na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a
chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle
trí thromlach cáilithe.
D'fhonn comhaontuithe a bhaineann le réimsí na trádála
i seirbhísi agus gnéithe tráchtála na maoine
intleachtúla, mar aon le hinfheistíocht dhíreach choigríche,
a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an
Chomhairle d'aon toil nuair atá forálacha sna comhaontuithe
sin ar gá aontoilíocht a bheith leo chun rialacha inmheánacha
a ghlacadh.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil freisin maidir le comhaontuithe
a chaibidil agus a thabhairt i gcrích:
(a) i réimse na trádála i seirbhísí cultúrtha
agus closamhairc nuair is dóigh do na comhaontuithe sin dochar a dhéanamh
d'éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais;
(b) i réimse na trádála i seirbhísí sóisialta,
oideachais agus sláinte, nuair is dóigh dóibh eagrúchán
náisiúnta na seirbhísí sin a shuaitheadh go tromchúiseach
ar leibhéal náisiúnta agus dochar a dhéanamh
do fhreagracht na mBallstát na seirbhísí sin a sholáthar.
5. Beidh caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe
idirnáisiúnta i réimse an iompair faoi réir Roinn
7 de Chaibidil III de Theideal III agus Airteagal III-325.
6. Ní dhéanfaidh feidhmiú na n-inniúlachtaí arna
dtabhairt san Airteagal seo i réimse an chomhbheartais tráchtála
difear do theorannú na n-inniúlachtaí idir an tAontas
agus na Ballstáit ná ní bheidh comhchuibhiú ar
fhorálacha reachtacha ná rialúcháin na mBallstát
mar thoradh air a mhéad a eisiann an Bunreacht comhchuibhiú den
sórt sin.
CAIBIDIL IV
COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA
AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
ROINN 1
COMHAR UM FHORBAIRT
AIRTEAGAL III-316
1. Seolfar beartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt faoi
chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí bheartas eachtrach
an Aontais. Déanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt
agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus
a neartú.
Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais
maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus,
san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Tabharfaidh an
tAontas aird ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais
a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a
dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha.
2. Urramóidh an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais agus
tabharfaidh siad aird ar na cuspóirí a bheidh formheasta acu
faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta
inniúla eile.
AIRTEAGAL III-317
1. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta is gá chun beartas comhair um fhorbairt a chur
chun feidhme, bearta a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir
ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó le
cláir a bhfuil cur chuige téamúil acu.
2. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na
gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail III-292
agus III-316 a thabhairt i gcrích le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát
dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta
agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.
3. Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear
i mír 1.
AIRTEAGAL III-318
1. D'fhonn comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta
a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar
a mbeartais maidir le comhar um fhorbairt agus rachaidh siad i gcomhairle
le chéile maidir lena gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta
agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh
siad gníomhaíocht chomhpháirteach a ghabháil
ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá,
le cur chun feidhme chláir chabhrach an Aontais.
2. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach
a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír
1 a chur chun cinn.
3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh
an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.
ROINN 2
COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS
TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA
AIRTEAGAL III-319
1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, agus go háirithe
d'Airteagail III-316 go III-318, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta
comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear
cúnamh, agus cúnamh airgeadais ach go háirithe, le tríú tíortha
seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin
comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích
iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a bheartais
eachtraigh. Déanfaidh gníomhaíochtaí an Aontais
agus gníomhaíochtaí na mBallstát a chéile
a chomhlánú agus a neartú.
2. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.
3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh
an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.
Féadfaidh na socruithe do chomhar Aontais a bheith ina n-ábhair
do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe
i dtrácht.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát
dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta
agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.
AIRTEAGAL III-320
Nuair a éilíonn an staid i dtríú tír cúnamh
airgeadais práinneach ón Aontas, glacfaidh an Chomhairle, ar
thogra ón gCoimisiún, na cinntí Eorpacha is gá.
ROINN 3
CABHAIR DHAONNÚIL
AIRTEAGAL III-321
1. Seolfar oibríochtaí an Aontais i réimse na cabhrach
daonnúla faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí bheartas
eachtrach an Aontais. Beidh na hoibríochtaí sin ceaptha chun
cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine
i dtríú tíortha is íospartaigh i dtubaistí nádúrtha
nó i dtubaistí de dhéantús an duine d'fhonn freastal
ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna éagsúla
sin. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na
mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.
2. Seolfar oibríochtaí i gcomhréir le prionsabail an
dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na neamhchlaontachta,
na neodrachta agus an neamhidirdhealaithe.
3. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta lena saineofar an creat ina ndéanfar gníomhaíochtaí cabhrach
daonnúla an Aontais a chur chun feidhme.
4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na
gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus
in Airteagal III-292 a thabhairt i gcrích le tríú tíortha
agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát
dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta
agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.
5. D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga
rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí cabhrach
daonnúla an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach
um Chabhair Dhaonnúil. Socrófar le dlíthe Eorpacha na
rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir.
6. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach
a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an
Aontais agus na mBallstát a chur chun cinn d'fhonn éifeachtúlacht
agus comhlántacht bhearta cabhrach daonnúla an Aontais agus
beart cabhrach daonnúla náisiúnta a fheabhsú.
7. Áiritheoidh an tAontas go mbeidh a oibríochtaí cabhrach
daonnúla comhordaithe agus comhchuí le hoibríochtaí eagraíochtaí agus
comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe leo sin
atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.
CAIBIDIL V
BEARTA SRIANTACHA
AIRTEAGAL III-322
1. Nuair a fhoráiltear le cinneadh Eorpach, arna ghlacadh i gcomhréir
le Caibidil II, go ndéanfar an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais
le tríú tír amháin nó níos mó a
bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach,
glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha
is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe
ar thogra comhpháirteach ó Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais agus ón gCoimisiún. Cuirfidh sí Parlaimint
na hEorpa ar an eolas.
2. Nuair a fhoráiltear amhlaidh le cinneadh Eorpach arna ghlacadh
i gcomhréir le Caibidil II, féadfaidh an Chomhairle bearta
sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta dá dtagraítear
i mír 1 in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha,
in aghaidh grúpaí nó in aghaidh eintiteas neamhstáit.
3. Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal
seo na forálacha is gá maidir le coimircí dlíthiúla.
CAIBIDIL VI
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
AIRTEAGAL III-323
1. Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích
le tríú tír amháin nó níos mó nó le
heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos
mó má fhoráiltear amhlaidh sa Bhunreacht nó nuair
is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de
na cuspóirí dá dtagraítear sa Bhunreacht a ghnóthú faoi
chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear
dó i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh
dlí nó más dóigh dó difear a dhéanamh
do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.
2. Beidh na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina
gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit.
AIRTEAGAL III-324
Féadfaidh an tAontas comhaontú comhlachais a thabhairt i gcrích
le tríú tír amháin nó níos mó nó le
heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos
mó chun comhlachas a bhunú lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí frithpháirteacha,
comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.
AIRTEAGAL III-325
1. Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos
in Airteagail III-315, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus
tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta
a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós
imeachta seo a leanas.
2. Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú,
glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh
sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na
comhaontuithe i gcrích.
3. Déanfaidh an Coimisiún, nó Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais nuair a bhaineann an comhaontú arna bheartú go heisiach
nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála,
moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle
cinneadh Eorpach lena n-údarófar an chaibidlíocht a
thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe
arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann
caibidlíochta an Aontais.
4. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig
an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú a ndéanfar
an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.
5. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh
Eorpach lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus,
más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht
i bhfeidhm.
6. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh
Eorpach lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.
Ach amháin nuair a bhaineann an comhaontú go heisiach leis
an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle
an cinneadh Eorpach lena dtabharfar an comhaontú i gcrích:
(a) tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa
sna cásanna seo a leanas:
(i) comhaontuithe comhlachais;
(ii) aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta
an Duine agus Saoirsí
Bunúsacha a Chosaint;
(iii) comhaontuithe lena mbunófar creat institiúideach sonrach
trí nósanna imeachta comhair a eagrú;
(iv) comhaontuithe a mbeidh impleachtaí buiséadacha suntasacha
acu don Aontas;
(v) comhaontuithe a fholaíonn réimsí a mbeidh feidhm
ina leith ag an ngnáthnós imeachta reachtach nó, nuair
is gá toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, an nós
imeachta reachtach speisialta.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcás práinne,
teorainn ama don toiliú a chomhaontú.
(b) tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i ngach cás
eile. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh den teorainn ama
a fhéadfaidh an Chomhairle a shocrú i bhfianaise na práinne.
Cheal tuairime laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Chomhairle
gníomhú.
7. Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh
an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 9, a údarú don
idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe
ar an gcomhaontú nuair a fhoráiltear ann go nglacfar iad trí nós
imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis
an gcomhaontú. Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha
sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin.
8. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe
i gcaitheamh an nós imeachta.
Gníomhóidh sí d'aon toil, áfach, nuair a bhaineann
an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun
gníomh Aontais a ghlacadh, i gcás comhaontuithe comhlachais
agus i gcás na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal
III-319 leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas.
9. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais, cinneadh Eorpach lena bhfionrófar
cur i bhfeidhm comhaontaithe agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar
thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair
a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla
leo, seachas gníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn
creat institiúideach an chomhaontaithe.
10. Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach
ag gach céim den nós imeachta.
11. Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle
nó an Coimisiún tuairim na Cúirte Breithiúnais
a fháil i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an
comhaontú arna bheartú ag luí leis an mBunreacht. Má bhíonn
tuairim na Cúirte Breithiúnais codarsnach, ní fhéadfaidh
an comhaontú arna bheartú teacht i bhfeidhm mura ndéanfar é a
leasú nó an Bunreacht a athbhreithniú.
AIRTEAGAL III-326
1. De mhaolú ar Airteagal III-325, féadfaidh an Chomhairle,
ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón
gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais
Eorpach d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir
cobhsaíochta praghsanna, comhaontuithe foirmiúla a thabhairt
i gcrích ar chóras rátaí malairte don euro i
ndáil le hairgeadraí de chuid tríú Stát.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis an nós imeachta
dá bhforáiltear i mír 3.
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón
mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón gCoimisiún agus
tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht
ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta
praghsanna, rátaí lárnacha an euro laistigh den chóras
ráta malairte a ghlacadh, a choigeartú nó a thréigean.
Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir
le glacadh, coigeartú nó tréigean rátaí lárnacha
an euro.
2. In éagmais córais rátaí malairte i ndáil
le hairgeadra nó le hairgeadraí de chuid tríú tíortha
dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Chomhairle,
ag gníomhú di ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar
mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle
leis an mBanc Ceannais Eorpach, treoshuímh ghinearálta le haghaidh
beartais rátaí malairte a fhoirmiú i ndáil leis
na hairgeadraí sin. Beidh na treoshuímh ghinearálta
sin gan dochar do chuspóir príomhúil an Chórais
Eorpaigh Banc Ceannais, .i. cobhsaíocht praghsanna a choimeád
ar bun.
3. De mhaolú ar Airteagal III-325, nuair a bhíonn comhaontuithe
ar ábhair a bhaineann leis an gcóras airgeadaíochta
nó leis an gcóras rátaí malairte ina n-ábhair
do chaibidlíocht idir an tAontas agus tríú Stát
amháin nó níos mó nó eagraíocht
idirnáisiúnta amháin nó níos mó,
déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón
gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais
Eorpach, na socruithe a chinneadh do chaibidlíocht agus do thabhairt
i gcrích na gcomhaontuithe sin. Áiritheoidh na socruithe sin
go ndéanfaidh an tAontas seasamh aonair a chur in iúl. Beidh
an Coimisiún bainteach go hiomlán leis an gcaibidlíocht.
4. Gan dochar d'inniúlachtaí Aontais agus do chomhaontuithe
Aontais maidir leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,
féadfaidh na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta
agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.
CAIBIDIL VII
CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA
AGUS
LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS
AIRTEAGAL III-327
1. Bunóidh an tAontas gach comhar is iomchuí le comhlachtaí na
Náisiún Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí,
le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Shlándáil
agus Comhar san Eoraip agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt
Eacnamaíochta.
Déanfaidh an tAontas freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád
ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
2. Cuirfear de chúram ar Aire Gnóthaí Eachtracha an
Aontais agus ar an gCoimisiún an tAirteagal seo a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL III-328
1. Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais ar son an Aontais i dtríú tíortha
agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.
2. Cuirfear toscaireachtaí an Aontais faoi údarás Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Gníomhóidh siad
i ndlúthchomhar le misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát.
CAIBIDIL VIII
AN CLÁSAL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
AIRTEAGAL III-329
1. Má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta
nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús
an duine, beidh na Ballstáit eile de chúnamh aige arna iarraidh
sin dá údaráis pholaitiúla. Chuige sin, comhordóidh
na Ballstáit le chéile i dtionól na Comhairle.
2. Saineofar na socruithe maidir leis an Aontas an clásal dlúthpháirtíochta
dá dtagraítear in Airteagal I-43 a chur chun feidhme le cinneadh
Eorpach arna ghlacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di ar thogra
comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Aire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais. Nuair a bhíonn impleachtaí cosanta ag an gcinneadh
sin, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal
III-300(1). Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.
Chun críocha na míre seo agus gan dochar d'Airteagal III-344,
beidh de chúnamh ag an gComhairle an Coiste Polaitiúil agus
Slándála, le tacaíocht ó na struchtúir
arna bhforbairt faoi chuimsiú an chomhbheartais slándála
agus cosanta, agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal III-261;
tabharfaidh an dá choiste tuairimí comhpháirteacha,
más gá.
3. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú go tráthrialta
ar na bagairtí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas chun
a chumasú don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú go
héifeachtúil.
TEIDEAL VI
OIBRIÚ AN AONTAIS
CAIBIDIL I
FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
ROINN 1
NA hINSTITIÚIDÍ
Foroinn I
Parlaimint na hEorpa
AIRTEAGAL III-330
1. Bunófar le dlí Eorpach nó le dlí réime
Eorpach ón gComhairle na bearta is gá do thoghadh chomhaltaí Pharlaimint
na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach
i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit
go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail
iad ag na Ballstáit go léir.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thionscnamh ó Pharlaimint
na hEorpa agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint
na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach na gcomhaltaí a
chomhdhéanann í. Tiocfaidh an dlí nó an dlí réime
sin i bhfeidhm tar éis a fhormheasta ag na Ballstáit i gcomhréir
lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Leagfar síos le dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa
na rialacha agus na coinníollacha ginearálta a rialaíonn
comhlíonadh a gcuid dualgas ag comhaltaí Pharlaimint na hEorpa.
Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féin
tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus tar éis
toiliú a fháil ón gComhairle. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil maidir le gach riail nó coinníoll
a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.
AIRTEAGAL III-331
Leagfar síos le dlíthe Eorpacha na rialacháin a mbeidh
páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach dá dtagraítear
in Airteagal I-45(4) faoina rialú, agus go háirithe na rialacha
maidir lena gcistiú.
AIRTEAGAL III-332
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a
chomhdhéanann í, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra
iomchuí a chur faoina bráid ar na hábhair ar gá,
dar léi, gníomh Aontais ina leith chun an Bunreacht a chur
chun feidhme. Mura gcuirfidh an Coimisiún togra faoina bráid,
cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna.
AIRTEAGAL III-333
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, agus a cúraimí á gcomhall
aici, arna iarraidh sin don cheathrú cuid de na comhaltaí a
chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin sealadach
a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh, gan dochar do na cumhachtaí atá tugtha
d'institiúidí nó do chomhlachtaí eile sa Bhunreacht,
ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán
i gcur chun feidhme dhlí an Aontais, ach amháin má tá na
fíorais a líomhnaítear faoi scrúdú os
comhair cúirte agus fad nach mbeidh na himeachtaí dlíthiúla
críochnaithe.
Beidh deireadh leis an gcoiste fiosrúcháin sealadach ar thaisceadh
a thuarascála dó.
Leagfar síos le dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa
na rialacha mionsonraithe maidir leis an gceart chun fiosrúcháin
a fheidhmiú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh
féin tar éis toiliú a fháil ón gComhairle
agus ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-334
I gcomhréir le hAirteagal I-10(2)(d), beidh ag gach saoránach
den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach
a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige
i mBallstát, go leithleach nó i gcomhlachas le saoránaigh
nó daoine eile, an ceart achainí a chur os comhair Pharlaimint
na hEorpa ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta
an Aontais agus a bhaineann go díreach leis nó léi.
AIRTEAGAL III-335
1. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman Eorpach. I gcomhréir le
hAirteagail I-10(2)(d) agus I-49, cumhachtófar an tOmbudsman chun
gearáin a ghlacadh ó gach saoránach den Aontas nó ó aon
duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn
nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir
le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí,
chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an
Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i
bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha di.
I gcomhréir lena dhualgais nó lena dualgais, cuirfidh an tOmbudsman
na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil call leo dar leis nó léi,
ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar bhonn gearán
arna gcur faoina bhráid nó faoina bráid go díreach
nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin
má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear
ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás
go suífidh an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist,
cuirfidh sé nó sí an cás faoi bhráid na
hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta
i dtrácht ag a mbeidh trí mhí chun a thuairim nó a
tuairim a thabhairt dó nó di. Ansin cuirfidh an tOmbudsman
tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid,
an gcomhlacht, an oifig nó an ngníomhaireacht i dtrácht.
Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán
sin.
Tíolacfaidh an tOmbudsman tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa
gach bliain ar thorthaí a chuid nó a cuid fiosrúchán.
2. Toghfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint
na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar
téarma oifige an Ombudsman a athnuachan.
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh
arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé nó sí a
thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna nó a
feidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé nó sí ciontach
i mí-iompar tromchúiseach.
3. Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna
nó a feidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas
dó nó di, ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh
sé nó sí teagaisc ó aon institiúid, comhlacht,
oifig nó gníomhaireacht eile. Ní ghabhfaidh sé nó sí,
le linn a théarma nó a téarma oifige, le haon slí bheatha
eile, sochrach ná neamhshochrach.
4. Leagfar síos le dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa
na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna
an Ombudsman. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh
féin tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus
tar éis toiliú a fháil ón gComhairle.
AIRTEAGAL III-336
Beidh seisiún in aghaidh na bliana ag Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh
sí le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh,
an dara Máirt de Mhárta.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa teacht le chéile i seisiún
urghnách arna iarraidh sin do thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í nó arna
iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún.
AIRTEAGAL III-337
1. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht don Chomhairle Eorpach
agus don Chomhairle de réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha
síos i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí agus
i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.
2. Féadfaidh an Coimisiún a bheith i láthair ag gach
cruinniú de Pharlaimint na hEorpa agus, arna iarraidh sin dó,
tabharfar éisteacht dó. Freagróidh sé ó bhéal
nó i scríbhinn ceisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa
nó comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuige.
3. Pléifidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí an
tuarascáil ghinearálta bhliantúil a bheidh curtha faoina
bráid ag an gCoimisiún.
AIRTEAGAL III-338
Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, gníomhóidh
Parlaimint na hEorpa trí thromlach de na vótaí arna
gcaitheamh. Socrófar an córam ina Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL III-339
Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a Rialacha Nós Imeachta trí thromlach
de na comhaltaí a chomhdhéanann í.
Foilseofar imeachtaí Pharlaimint na hEorpa ar an modh arna leagan
síos sa Bhunreacht agus i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint
na hEorpa.
AIRTEAGAL III-340
Má leagtar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tairiscint ag
cáineadh ghníomhaíochtaí an Choimisiúin,
ní vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an tairiscint
sin go ceann trí lá ar a laghad tar éis an tairiscint
a leagan faoina bráid, agus is trí vótáil phoiblí a
dhéanfar sin.
Má ritear an tairiscint cháinte trí thromlach dhá thrian
de na vótaí arna gcaitheamh, agus gurb ionann sin agus tromlach
de na comhaltaí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa, éireoidh
comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon agus éireoidh
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais as na dualgais a fheidhmíonn
sé nó sí sa Choimisiún. Fanfaidh siad i mbun
oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha
go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad i gcomhréir le hAirteagail
I-26 agus I-27. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an
Choimisiúin a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil in éag
ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin
ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.
Foroinn 2
An Chomhairle Eorpach
AIRTEAGAL III-341
1. Nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta
ar bith den Chomhairle Eorpach gníomhú freisin thar ceann comhalta
amháin eile ar a mhéad.
Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i
láthair go pearsanta nó atá ionadaithe an Chomhairle
Eorpach ar chinntí a ghlacadh ar gá aontoilíocht dóibh.
2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cuireadh chun éisteacht
a thabhairt d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.
3. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach simplí maidir
le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós
Imeachta.
4. Beidh Ardrúnaíocht na Comhairle de chúnamh ag an
gComhairle Eorpach.
Foroinn 3
Comhairle na nAirí
AIRTEAGAL III-342
1. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile arna comóradh ag a hUachtarán
ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó arna iarraidh
sin do chomhalta den Chomhairle nó don Choimisiún.
AIRTEAGAL III-343
1. Nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta
ar bith den Chomhairle gníomhú freisin thar ceann comhalta
amháin eile ar a mhéad.
2. Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach
simplí, gníomhóidh sí trí thromlach de
na comhaltaí a chomhdhéanann í.
3. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i
láthair go pearsanta nó atá ionadaithe an Chomhairle
ar chinntí a ghlacadh ar gá aontoilíocht dóibh.
AIRTEAGAL III-344
1. Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát
freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a
chuireann an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste
cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna
dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.
2. Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gComhairle, faoi
fhreagracht Ardrúnaí arna cheapadh ag an gComhairle.
Cinnfidh an Chomhairle trí thromlach simplí eagrúchán
na hArdrúnaíochta.
3. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach simplí maidir
le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós
Imeachta.
AIRTEAGAL III-345
Féadfaidh an Chomhairle, trí thromlach simplí, a iarraidh
ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle
a bheith fóinteach chun na comhchuspóirí a ghnóthú,
agus aon tograí iomchuí a thíolacadh di. Mura dtíolacfaidh
an Coimisiún togra, cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi
na cúiseanna.
AIRTEAGAL III-346
Glacfaidh an Chomhairle cinntí Eorpacha lena leagfar síos na
rialacha a rialóidh na coistí dá bhforáiltear
sa Bhunreacht. Gníomhóidh sí trí thromlach simplí,
tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H