CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
Foroinn 4
An Coimisiún Eorpach
AIRTEAGAL III-347
Staonfaidh comhaltaí an Choimisiúin ó aon ghníomh
nach luíonn lena bhfeidhmeanna. Urramóidh na Ballstáit
a neamhspleáchas agus ní fhéachfaidh siad le tionchar
a oibriú orthu i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.
Ní ghabhfaidh comhaltaí an Choimisiúin le haon slí bheatha
eile, sochrach ná neamhshochrach, le linn a dtéarma oifige.
Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta
go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh,
na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe
a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe
a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh. Má dhéantar
aon sárú ar na hoibleagáidí sin, féadfaidh
an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle,
ag gníomhú di trí thromlach simplí, nó ón
gCoimisiún, a rialú, de réir na n-imthosca, go bhfuil
an comhalta i dtrácht le scor go héigeantach i gcomhréir
le hAirteagal III-349 nó go bhfuil a cheart nó a ceart chun
pinsin nó chun sochar eile in ionad pinsin le baint de nó di.
AIRTEAGAL III-348
1. Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí nó i
gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh
feidhmeanna chomhaltaí an Choimisiúin ar é nó í d'éirí as
oifig nó ar é nó í a scor go héigeantach.
2. Déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as
oifig nó scor go héigeantach nó de bharr báis
a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige
an chomhalta le comhalta nua den náisiúntacht chéanna
arna cheapadh ag an gComhairle, de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin
tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir
leis na critéir atá leagtha amach in Airteagal I-26(4).
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar
thogra ó Uachtarán an Choimisiúin, a chinneadh nach
gá an folúntas a líonadh, go háirithe nuair nach
bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an chomhalta.
3. I gcás an tUachtarán d'éirí as oifig, do scor
go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar
duine a cheapadh ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha
dá théarma nó dá téarma oifige, i gcomhréir
le hAirteagal I-27(1).
4. I gcás Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais d'éirí as
oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis,
déanfar duine a cheapadh ina ionad nó ina hionad ar feadh a
bhfuil fágtha dá théarma nó dá téarma
oifige, i gcomhréir le hAirteagal I-28(1).
5. I gcás na gcomhaltaí uile den Choimisiún do scor,
fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil
le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad, ar feadh
a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige, i gcomhréir
le hAirteagail I-26 agus I-27.
AIRTEAGAL III-349
Aon chomhalta den Choimisiún nach bhfuil na coinníollacha is
gá chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú á gcomhall
aige nó aici a thuilleadh nó a bhí ciontach i mí-iompar
tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais,
ar iarratas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach
simplí, nó ón gCoimisiún, é nó í a
scor go héigeantach.
AIRTEAGAL III-350
Gan dochar d'Airteagal I-28(4), déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin
na freagrachtaí is dlite don Choimisiún a struchtúrú agus
a dháileadh idir a chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagail
I-27(3). Féadfaidh an tUachtarán na freagrachtaí sin
a athdháileadh i rith théarma oifige an Choimisiúin.
Feidhmeoidh comhaltaí an Choimisiúin na feidhmeanna a thugann
an tUachtarán dóibh faoina údarás nó faoina
húdarás siúd.
AIRTEAGAL III-351
Gníomhóidh an Coimisiún trí thromlach dá chomhaltaí.
Socrófar an córam ina Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL III-352
1. Glacfaidh an Coimisiún a Rialacha Nós Imeachta chun a oibriú féin
agus oibriú a chuid rann a áirithiú. Áiritheoidh
sé go bhfoilseofar na Rialacha sin.
2. Foilseoidh an Coimisiún go bliantúil, tráth nach
déanaí ná mí roimh oscailt sheisiún Pharlaimint
na hEorpa, tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an
Aontais.
Foroinn 5
Cúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh
AIRTEAGAL III-353
Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais i ndlísheomraí,
ina Mór-Dhlísheomra nó mar Chúirt iomlán,
i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-354
Beidh ochtar Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag
an gCúirt Bhreithiúnais. Má iarrann an Chúirt
Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di
d'aon toil, cinneadh Eorpach a ghlacadh chun líon na nAbhcóidí Ginearálta
a mhéadú.
Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó nó di
le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe
a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear
a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-355
Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta
na Cúirte Breithiúnais as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas
inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is
gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde
ina dtíortha faoi seach nó is dlí-eolaithe a n-aithnítear
a n-inniúlacht; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil
a chéile tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear
in Airteagal III-357.
Athrófar cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta
gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha amach
i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Breithiúnais
as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar é nó í a
atoghadh.
Glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a Rialacha Nós Imeachta.
Is gá toiliú a fháil ón gComhairle do na Rialacha
sin.
AIRTEAGAL III-356
Socrófar líon Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta
le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfar
a fhoráil sa Reacht go mbeidh abhcóidí ginearálta
de chúnamh ag an gCúirt Ghinearálta.
Roghnófar comhaltaí na Cúirte Ginearálta as measc
daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil
acu an ábaltacht is gá chun a gceaptha d'ardoifig bhreithiúnach.
Ceapfaidh rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile tar éis
dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in
Airteagal III-357.
Athrófar cuid de Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta
gach trí bliana.
Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Ginearálta
as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é nó í a
atoghadh.
Glacfaidh an Chúirt Ghinearálta a Rialacha Nós Imeachta
le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá toiliú a
fháil ón gComhairle do na rialacha sin.
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht, beidh feidhm maidir leis an
gCúirt Ghinearálta ag forálacha an Bhunreachta a bhaineann
leis an gCúirt Bhreithiúnais.
AIRTEAGAL III-357
Cuirfear painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht
na n-iarrthóirí chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide
Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt
Ghinearálta a fheidhmiú sula ndéanfaidh rialtais na
mBallstát na ceapacháin dá dtagraítear in Airteagail
III-355 agus III-356.
Beidh ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na
Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta,
comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta
agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht,
agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh.
Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena mbunófar rialacha oibriúcháin
an phainéil agus cinneadh Eorpach lena gceapfar a chomhaltaí.
Gníomhóidh sí ar thionscnamh Uachtarán na Cúirte
Breithiúnais.
AIRTEAGAL III-358
1. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí dá dtagraítear
in Airteagail III-365, III-367, III-370, III-372 agus III-374 a éisteacht
agus a chinneadh ag céadchéim, cé is moite díobh
siúd a shanntar do chúirt speisialaithe arna cur ar bun faoi
Airteagal III-359, agus díobh siúd a fhorchoimeádtar
chuig an gCúirt Bhreithiúnais i Reacht Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh
dlínse ag an gCúirt Ghinearálta maidir le haicmí eile
caingne nó imeachtaí.
Beidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta de
bhun na míre seo go heisceachtúil faoi réir ceart achomhairc
a bheith ann chun na Cúirte Breithiúnais ar phoncanna dlí amháin,
faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha
síos leis an Reacht.
2. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne nó imeachtaí arna
dtionscnamh i gcoinne breitheanna ó na cúirteanna speisialaithe
a éisteacht agus a chinneadh.
Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta
de bhun na míre seo a bheith go heisceachtúil faoi réir
athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais faoi na coinníollacha
agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos le Reacht
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nuair atá baol
tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do
chomhchuibheas dhlí an Aontais.
3. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ceisteanna
a tharchuirtear chun réamhrialú de bhun Airteagal III-369 a éisteacht
agus a chinneadh i réimsí sonracha atá leagtha síos
le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go n-éilíonn
an cás breith ar phrionsabal a d'fhéadfadh difear a dhéanamh
d'aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh
sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais
chun go dtabharfaidh sí breith.
Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Ghinearálta
ar cheisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bheith go
heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt
Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha
atá leagtha síos leis an Reacht, nuair atá baol tromchúiseach
ann go ndéanfaí difear d'aontacht nó do chomhchuibheas
dhlí an Aontais.
AIRTEAGAL III-359
1. Féadfar cúirteanna speisialaithe a bheidh i gceangal leis
an gCúirt Ghinearálta a bhunú le dlíthe Eorpacha
chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe
a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Glacfar iad
ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis
an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt
Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
2. Leagfar síos leis an dlí Eorpach lena mbunófar cúirt
speisialaithe na rialacha maidir le comhdhéanamh na cúirte
sin agus raon na dlínse a thugtar di.
3. Beidh breitheanna arna dtabhairt ag cúirteanna speisialaithe faoi
réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin
nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh sa dlí Eorpach lena
mbunófar an chúirt speisialaithe, faoi réir ceart achomhairc
freisin ar cheisteanna fíorais a bheith ann chun na Cúirte
Ginearálta.
4. Roghnófar comhaltaí na gcúirteanna speisialaithe
as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus
a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun a gceaptha d'oifig bhreithiúnach.
Ceapfaidh an Chomhairle iad, ag gníomhú di d'aon toil.
5. Glacfaidh na cúirteanna speisialaithe a Rialacha Nós Imeachta
le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá toiliú a
fháil ón gComhairle do na Rialacha sin.
6. Mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí Eorpach lena mbunófar
an chúirt speisialaithe, beidh feidhm maidir leis na cúirteanna
speisialaithe ag na forálacha sin den Bhunreacht a bhaineann le Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ag forálacha Reacht
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ar aon
chaoi ag Teideal I den Reacht agus ag Airteagal 64 de maidir leis na cúirteanna
speisialaithe.
AIRTEAGAL III-360
Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid
faoin mBunreacht a chomhall, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe
ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát i dtrácht
barúlacha ina thaobh a thíolacadh.
Mura ndéanfaidh an Stát i dtrácht de réir na
tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an
gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar
a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-361
Aon Bhallstát a mheasfaidh gur mhainnigh Ballstát eile oibleagáid
faoin mBunreacht a chomhall, féadfaidh sé an t-ábhar
a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Sula dtabharfaidh Ballstát caingean in aghaidh Ballstáit eile
mar gheall ar shárú a líomhnaítear a bheith déanta
ar oibleagáid faoin mBunreacht, tabharfaidh sé an t-ábhar
os comhair an Choimisiúin.
Tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe tar éis
caoi a bheith tugtha do gach Stát i dtrácht a chás féin
agus a bharúlacha ar chás an pháirtí eile a thíolacadh ó bhéal
agus i scríbhinn.
Mura mbeidh tuairim tugtha ag an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ón
dáta a tugadh an t-ábhar os a chomhair, ní fhágfaidh
easnamh na tuairime sin nach bhféadfar an t-ábhar a thabhairt
os comhair na Cúirte.
AIRTEAGAL III-362
1. Má shuíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin mBunreacht
a chomhall, cuirfear de cheangal ar an Stát sin na forálacha
is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.
2. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na bearta is gá do
chomhlíonadh an bhreithiúnais dá dtagraítear
i mír 1 glactha ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh
sé an cás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh, tar éis caoi a thabhairt don Bhallstát
sin a bharúlacha a thíolacadh. Cuirfidh sé in iúl
méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a
bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasann
sé is iomchuí sna himthosca.
Má fhaigheann an Chúirt nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta
ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sí cnapshuim
nó íocaíocht phionósach a ghearradh air.
Beidh an nós imeachta sin gan dochar d'Airteagal III-361.
3. Nuair a thugann an Coimisiún cás os comhair Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal III-360 ar an
bhforas gur mhainnigh an Ballstát i dtrácht a oibleagáidí a
chomhall maidir le bearta a chur in iúl lena ndéantar dlí réime
Eorpach a thrasuí, féadfaidh sé, nuair is iomchuí leis,
méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a
shonrú a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht
a mheasann sé is iomchuí sna himthosca.
Má fhaigheann an Chúirt gur tharla sárú, féadfaidh
sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach nach
mó a méid ná an méid arna shonrú ag an
gCoimisiún a ghearradh ar an mBallstát i dtrácht. Gabhfaidh éifeacht
leis an íocaíocht phionósach ar an dáta arna
shocrú ag an gCúirt ina breithiúnas.
AIRTEAGAL III-363
Féadfaidh dlíthe Eorpacha agus rialacháin Eorpacha ón
gComhairle dlínse neamhtheoranta a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh maidir leis na pionóis dá bhforáiltear
iontu.
AIRTEAGAL III-364
Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, féadfaidh dlí Eorpach
dlínse a thabhairt, go feadh méid a chinnfidh sé, do
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a
bhaineann le cur i bhfeidhm gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an
Bhunreachta a chruthaíonn cearta Eorpacha maoine intleachtúla.
AIRTEAGAL III-365
1. Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
athbhreithniú ar dhlíthiúlacht dlíthe Eorpacha
agus dlíthe réime Eorpacha, ghníomhartha na Comhairle,
an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, seachas moltaí nó tuairimí,
agus na ngníomhartha sin de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle
Eorpach atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil
a bheith acu i leith tríú páirtithe. Déanfaidh
sé freisin athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na
ngníomhartha sin de chomhlachtaí, d'oifigí nó de
ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ceaptha chun éifeacht
dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe.
2. Chun críocha mhír 1, beidh dlínse ag Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne arna dtionscnamh ag Ballstát,
ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún
mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais
fhíor-riachtanaigh nós imeachta, ar shárú an
Bhunreachta nó rialach dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm
nó ar mhí-úsáid cumhachtaí.
3. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
faoi na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna
1 agus 2 i gcaingne arna dtionscnamh ag an gCúirt Iniúchóirí,
ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Coiste na Réigiún d'fhonn
a sainchumais a choimirciú.
4. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach,
faoi na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna
1 agus 2, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gníomh a díríodh
chuig an duine sin nó gníomh is dá chúram nó dá cúram
go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gníomh rialúcháin
is dá chúram nó dá cúram go díreach
agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis.
5. Féadfaidh gníomhartha lena gcuirfear comhlachtaí,
oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ar
bun coinníollacha agus socruithe sonracha a leagan síos maidir
le caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha
in aghaidh gníomhartha de chuid na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na
ngníomhaireachtaí sin atá ceaptha chun éifeacht
dhlíthiúil a bheith acu ina leith.
6. Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san
Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair
a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó,
murar cuireadh, ón lá a fuair an gearánaí fios
air, de réir mar a bheidh.
AIRTEAGAL III-366
Má tá foras ar fónamh leis an gcaingean, dearbhóidh
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an gníomh i
dtrácht a bheith ar neamhní.
Ar a shon sin, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais in iúl,
má mheasann sí gur gá é, cé acu d'éifeachtaí an
ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta
a bheith cinntitheach.
AIRTEAGAL III-367
Más rud é, de shárú ar an mBunreacht, go mainneoidh
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún
nó an Banc Ceannais Eorpach gníomhú, féadfaidh
na Ballstáit agus institiúidí eile an Aontais caingean
a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
chun an sárú sin a shuíomh. Beidh feidhm ag an Airteagal
seo freisin faoi na coinníollacha céanna maidir le comhlachtaí,
oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhainníonn
gníomhú.
Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amháin sa chás
inar iarradh i dtosach ar an institiúid, ar an gcomhlacht, ar an oifig
nó ar an ngníomhaireacht i dtrácht gníomhú.
Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis
a iarrtha sin air nó uirthi, go mbeidh an institiúid, an comhlacht,
an oifig nó an ghníomhaireacht i dtrácht gan a sheasamh
nó a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean
a thionscnamh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí.
Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach,
faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad
mhír agus sa dara mír, gearán a dhéanamh leis
an gCúirt gur mhainnigh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht
de chuid an Aontais aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a
dhíriú chun an duine sin.
AIRTEAGAL III-368
An institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht
ar dearbhaíodh a ghníomh nó a gníomh a bheith
ar neamhní nó ar dearbhaíodh a neamhghníomh a
bheith contrártha leis an mBunreacht, ceanglófar air nó uirthi
na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.
Ní dhéanfaidh an oibleagáid sin difear d’aon oibleagáid
a d'fhéadfadh a theacht ón dara mír d'Airteagal III-431
a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL III-369
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
chun réamhrialú a thabhairt:
(a) ar léiriú an Bhunreachta;
(b) ar bhailíocht agus léiriú gníomhartha de
chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus
ghníomhaireachtaí an Aontais.
Nuair a thugtar ceist den sórt sin ar aird os comhair cúirte
nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt
nó an binse sin, má mheasann sé nó sí gur
gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas
a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar an
gceist sin.
Nuair a thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh
ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit,
agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta
in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin, tabharfaidh
an chúirt nó an binse sin an t-ábhar os comhair na Cúirte.
Má thugtar ceist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh
ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit
maidir le duine atá faoi choimeád, gníomhóidh
an Chúirt a luaithe is féidir.
AIRTEAGAL III-370
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste
dá bhforáiltear sa dara mír agus sa tríú mír
d'Airteagal III-431.
AIRTEAGAL III-371
Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú a
thabhairt maidir le dlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh
ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal I-59
ach amháin arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar
do shuíomh ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle
agus ach amháin i ndáil leis na réamhchoinníollacha
nós imeachta san Airteagal sin.
Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de mhí ó dháta
an tsuímh sin. Rialóidh an Chúirt laistigh de mhí ó dháta
na hiarrata sin.
AIRTEAGAL III-372
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
in aon díospóid idir an tAontas agus a sheirbhísigh
faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha atá leagtha
síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha
Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais.
AIRTEAGAL III-373
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh
seo, i ndíospóidí a bhaineann:
(a) le comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an
Bhainc na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún le hAirteagal
III-360;
(b) le bearta arna nglacadh ag Bord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh
Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát
nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an
Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha
síos in Airteagal III-365;
(c) le bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc
Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh
beart den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstát
nó ag an gCoimisiún, faoi na coinníollacha atá leagtha
síos in Airteagal III-365, agus ar na forais sin amháin nár
comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in
Airteagal 19(2), (5), (6) agus (7) de Reacht an Bhainc;
(d) le comhall na n-oibleagáidí a thig ón mBunreacht
agus ó Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc
Cheannais Eorpaigh ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis
sin de, beidh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh i leith
na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí atá tugtha
don Choimisiún le hAirteagal III-360 i leith na mBallstát.
Má fhaigheann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoin
mBunreacht a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc sin na forálacha
is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh.
AIRTEAGAL III-374
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána
i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó thar a cheann,
cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach
don chonradh sin.
AIRTEAGAL III-375
1. Ach amháin mar a dtugann an Bunreacht dlínse do Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní bheidh díospóidí ar
páirtí iontu an tAontas eisiata ar an bhforas sin ó dhlínse
chúirteanna nó bhinsí na mBallstát.
2. Gabhann na Ballstáit orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid
maidir le léiriú nó feidhmiú an Bhunreachta á réiteach
ar mhodh ar bith seachas mar a fhoráiltear sa Bhunreacht.
3. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid
idir Bhallstáit a bhaineann le hábhar an Bhunreachta, má chuirtear
an díospóid faoina bráid faoi chomhaontú speisialta
idir na páirtithe.
AIRTEAGAL III-376
Ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh i ndáil le hAirteagail I-40 agus I-41 ná leis na forálacha
sin de Chaibidil II de Theideal V a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach
agus slándála ná le hAirteagal III-293 a mhéad
a bhaineann sé leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.
Ar a shon sin, beidh dlínse ag an gCúirt chun faireachán
a dhéanamh maidir le comhlíonadh Airteagal III-308 agus chun
rialú a thabhairt ar imeachtaí, arna dtionscnamh i gcomhréir
leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal
III-365(4), a dhéanann athbhreithniú ar dhlíthiúlacht
na gcinntí Eorpacha lena bhforáiltear do bhearta sriantacha
in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna
nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Chaibidil II de Theideal V.
AIRTEAGAL III-377
Agus a cuid cumhachtaí maidir le forálacha Roinn 4 agus Roinn
5 de Chaibidil IV de Theideal III a bhaineann leis an limistéar saoirse,
slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici, ní bheidh
dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir
le bailíocht nó comhréireacht oibríochtaí arna
ndéanamh ag póilíní nó seirbhísí eile
forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit nó le feidhmiú na
bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit i dtaca leis an ord
poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach
a choimirciú.
AIRTEAGAL III-378
D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos in Airteagal
III-365(6) a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i
gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta
aige arna ghlacadh ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht
de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil
dá bhforáiltear in Airteagal III-365(2), d'fhonn neamhfheidhmeacht
an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-379
1. Ní bheidh éifeacht fionraíochta le caingne a thionscnófar
os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh
an Chúirt, áfach, má mheasann sí gur gá sin
sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhm an ghnímh
a chonspóidtear.
2. Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
in aon chásanna os a comhair, aon bhearta idirlinne is gá a
ordú.
AIRTEAGAL III-380
Beidh breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
infhorfheidhmithe faoi na coinníollacha atá leagtha síos
in Airteagal III-401.
AIRTEAGAL III-381
Beidh Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leagtha
síos i bPrótacal.
Féadfar forálacha an Reachta a leasú le dlí Eorpach,
cé is moite de Theideal I agus d'Airteagal 64 de. Glacfar an dlí sin
arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón
gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt
Bhreithiúnais.
Foroinn 6
An Banc Ceannais Eorpach
AIRTEAGAL III-382
1. Beidh ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh comhaltaí Bhord
Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Gobharnóirí bhainc
cheannais náisiúnta na mBallstát gan mhaolú de
réir bhrí Airteagal III-197.
2. Beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an
Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.
Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach
cáilithe, ar mholadh ón gComhairle tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh,
Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhoird
Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus
taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta
nó baincéireachta.
Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a
athnuachan.
Náisiúnaigh Ballstáit amháin a fhéadfaidh
a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin.
AIRTEAGAL III-383
1. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún
a bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe
Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Féadfaidh Uachtarán na Comhairle tairiscint plé a chur
faoi bhráid Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
2. Iarrfar ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bheith rannpháirteach
i gcruinnithe na Comhairle nuair a bheidh ceisteanna a bhaineann le cuspóirí agus
le cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Cheannais á bplé aici.
3. Díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil
ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais
agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana
reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an
gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh Uachtarán an
Bhainc Cheannais Eorpaigh an tuarascáil sin i láthair do Pharlaimint
na hEorpa, a fhéadfaidh díospóireacht ghinearálta
a chur ar siúl ar an mbonn sin, agus don Chomhairle.
Féadfaidh na comhlachtaí inniúla de chuid Pharlaimint
na hEorpa Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus comhaltaí eile
an Bhoird Fheidhmiúcháin a éisteacht arna iarraidh sin
do Pharlaimint na hEorpa nó don Uachtarán agus do na comhaltaí ar
a dtionscnamh féin.
Foroinn 7
An Chúirt Iniúchóirí
AIRTEAGAL III-384
1. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na
cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais. Scrúdóidh
sí freisin na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile gach comhlachta,
oifige nó gníomhaireachta arna chur ar bun ag an Aontas a mhéad
nach gcoisceann an ionstraim lena mbunaítear an comhlacht, an oifig
nó an ghníomhaireacht sin an scrúdú sin.
Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí ar fáil
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ráiteas dearbhaithe i
dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht
na n-idirbheart is bun leo agus foilseofear é in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh
le measúnacht shonrach do gach mór-réimse de ghníomhaíocht
an Aontais.
2. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú féachaint
an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile
ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta
ar an airgeadas. Lena linn sin, déanfaidh sí tuarascáil
ach go háirithe ar aon chásanna neamhrialtachta.
Iniúchfar an t-ioncam ar bhonn na suimeanna is dlite arna suíomh
agus ar bhonn na suimeanna arna n-íoc iarbhír leis an Aontas.
Iniúchfar an caiteachas ar bhonn ceangaltas arna nglacadh ar láimh
agus íocaíochtaí arna ndéanamh.
Féadfar an iniúchóireacht sin a dhéanamh roimh
dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i gceist.
3. Bunófar an iniúchóireacht ar thaifid agus, más
gá, déanfar ar an bhfód í sna hinstitiúidí eile,
nó in áitreabh aon chomhlachta, oifige nó gníomhaireachta
a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó ar chaiteachas
thar ceann an Aontais agus sna Ballstáit, lena n-áirítear áitreabh
aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón
mbuiséad. Sna Ballstáit déanfar an iniúchóireacht
i gcuibhreann le comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta
nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin,
leis na ranna náisiúnta inniúla. Comhoibreoidh an Chúirt
Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta
iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne
ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí nó na
ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil
siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.
Déanfaidh na hinstitiúidí eile, aon chomhlachtaí,
oifigí nó gníomhaireachtaí a dhéanann
bainistíocht ar ioncam nó ar chaiteachas thar ceann an Aontais,
aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón
mbuiséad agus na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta
nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin,
na ranna náisiúnta inniúla, aon doiciméad nó faisnéis
is gá chun a cúram a chomhlíonadh a chur ar aghaidh
chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin
di.
I ndáil le gníomhaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
le linn bainistíocht a dhéanamh ar ioncam agus ar chaiteachas
an Aontais, beidh cearta rochtana na Cúirte Iniúchóirí ar
fhaisnéis arna sealbhú ag an mBanc faoi rialú ag comhaontú idir
an Chúirt Iniúchóirí, an Banc agus an Coimisiún.
Cheal comhaontú, beidh rochtain ag an gCúirt Iniúchóirí áfach
ar an bhfaisnéis is gá chun caiteachas agus ioncam de chuid
an Aontais atá faoi bhainistíocht an Bhainc a iniúchadh.
4. Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais tarraingeoidh an Chúirt
Iniúchóirí suas tuarascáil bhliantúil.
Cuirfear ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile í agus
foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, mar aon
le freagraí na n-institiúidí sin ar bharúlacha
na Cúirte Iniúchóirí.
Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí ina theannta
sin, tráth ar bith, a barúlacha, go háirithe i bhfoirm
tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha
agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann de na hinstitiúidí eile.
Glacfaidh sí a cuid tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha
speisialta nó tuairimí trí thromlach na gcomhaltaí a
chomhdhéanann í. Ar a shon sin, féadfaidh sí seomraí inmheánacha
a bhunú chun catagóirí áirithe tuarascálacha
nó tuairimí a ghlacadh faoi na coinníollacha arna leagan
síos ina Rialacha Nós Imeachta.
Beidh sí de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle
i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur
chun feidhme.
Glacfaidh sí a Rialacha Nós Imeachta. Is gá toiliú a
fháil ón gComhairle do na rialacha sin.
AIRTEAGAL III-385
1. Roghnófar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí as
measc daoine a bhaineann nó a bhain ina Stáit faoi seach le
comhlachtaí iniúchóireachta seachtracha nó a
bhfuil cáilíocht speisialta acu le haghaidh na hoifige sin.
Ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.
2. Ceapfar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí go
ceann téarma sé bliana. Féadfar a dtéarma oifige
a athnuachan. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach lena socrófar
liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis
na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Gníomhóidh
sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Toghfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a
nUachtarán as a líon féin go ceann téarma trí bliana.
Féadfar é nó í a atoghadh.
3. I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh comhaltaí na
Cúirte Iniúchóirí teagaisc ar aon rialtas ná ar
aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh siad teagasc uathu. Staonfaidh
siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna.
4. Ní ghabhfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí,
le linn a dtéarma oifige, le haon slí bheatha eile, sochrach
ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh
siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma
oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig
agus go háirithe a ndualgas chun a bheith ionraic stuama i dtaobh
ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis
scor dá n-oifig dóibh.
5. Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí, nó i
gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh
feidhmeanna comhalta den Chúirt Iniúchóirí ar é nó í d'éirí as
oifig, nó ar é nó í a scor go héigeantach
de bhíthin rialú ón gCúirt Bhreithiúnais
de bhun mhír 6.
Déanfar folúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh
ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta.
Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach, fanfaidh
comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i mbun
oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad.
6. Ní fhéadfar a oifig nó a hoifig ná a cheart
nó a ceart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint
de chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ach amháin
i gcás ina suífidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar
iarratas ón gCúirt Iniúchóirí, nach bhfuil
coinníollacha riachtanacha a oifige nó a hoifige á gcomhall
ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal
aige nó aici a thuilleadh.
ROINN 2
COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA AN AONTAIS
Foroinn 1
Coiste na Réigiún
AIRTEAGAL III-386
Ní rachaidh líon chomhaltaí Choiste na Réigiún
thar 350. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil
ar thogra ón gComisiún, cinneadh Eorpach lena gcinnfear comhdhéanamh
an Choiste.
Ceapfar comhaltaí an Choiste mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh
go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.
Ní fhéadfaidh comhalta den Choiste a bheith ina chomhalta de
Pharlaimint na hEorpa san am céanna.
Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena socrófar liosta na
gcomhaltaí agus na malartach arna tharraingt suas i gcomhréir
leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.
Ar dhul in éag don sainordú dá dtagraítear in
Airteagal I-32(2) ar dá bhun a rinneadh an togra ina dtaobh, tiocfaidh
deireadh go huathoibríoch lena dtéarma oifige ar an gCoiste
agus cuirfear comhaltaí ina n-ionad i gcomhréir leis an nós
imeachta céanna ar feadh a bhfuil fágtha den téarma
oifige sin.
AIRTEAGAL III-387
Déanfaidh Coiste na Réigiún a chathaoirleach agus a
oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma
dhá bhliain go leith.
Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh
sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.
Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh
féin.
Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL III-388
Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún
i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear
sa Bhunreacht agus i ngach cás eile is iomchuí le haon cheann
de na hinstitiúidí sin é, go háirithe sna cásanna
sin a bhaineann le comhar trasteorann.
Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún
gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh,
tréimhse nach giorra ná mí ón dáta a bhfaighidh
an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim
faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin
cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.
Gach uair a rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta, cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an
Coimisiún Coiste na Réigiún ar an eolas faoin iarraidh
sin ar thuairim. Féadfaidh Coiste na Réigiún, má mheasann
sé go bhfuil sainleasanna réigiúnacha i dtreis, tuairim
a thabhairt i dtaca leis sin. Féadfaidh sé tuairim a thabhairt
ar a thionscnamh féin freisin.
Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus
chuig an gCoimisiún an tuairim ón gCoiste maille le taifead
ar a imeachtaí.
Foroinn 2
An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta
AIRTEAGAL III-389
Ní rachaidh líon chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch
agus Shóisialta thar 350. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di
d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach lena gcinnfear
comhdhéanamh an Choiste.
AIRTEAGAL III-390
Ceapfar comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta
go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.
Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh Eorpach lena socrófar liosta na
gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna
ndéanamh ag gach Ballstát.
Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis
an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha
a ionadaíonn na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla
agus an tsochaí shibhialta ar cúram leo gníomhaíochtaí an
Aontais.
AIRTEAGAL III-391
Déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a chathaoirleach
agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma
dhá bhliain go leith.
Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh
sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.
Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh
féin.
Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL III-392
Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún
i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear
sa Bhunreacht. Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle
leis i ngach cás inar cuí leo é. Féadfaidh an
Coiste tuairim a thabhairt freisin ar a thionscnamh féin.
Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún
gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh,
tréimhse nach giorra ná mí ón dáta a bhfaighidh
an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim
faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin
cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.
Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus
chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste, maille le taifead ar a imeachtaí.
ROINN 3
AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA
AIRTEAGAL III-393
Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.
Is iad na Ballstáit a chomhaltaí.
Tá Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta leagtha síos
i bPrótacal.
Féadfar Reacht an Bhainc a leasú le dlí Eorpach ón
gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, arna iarraidh
sin don Bhanc Eorpach Infheistíochta agus tar éis dul i gcomhairle
le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón
gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa
agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.
AIRTEAGAL III-394
Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú,
trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní féin
a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an mhargaidh
inmheánaigh chun leas an Aontais. Chuige sin déanfaidh an Banc
Eorpach Infheistíochta ach go háirithe, ag oibriú dó ar
bhonn seachbhrabúsach, iasachtaí agus ráthaíochtaí a
thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas
i ngach earnáil den gheilleagar:
(a) tionscadail le haghaidh fhorbairt na réigiún lagfhorbartha;
(b) tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a
athrú nó chun gníomhaíochtaí úra
a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú nó oibriú an
mhargaidh inmheánaigh, i gcás nach féidir, mar gheall
ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go
hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil
sna Ballstáit leithleacha;
(c) tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla
nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na
dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla
atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha.
I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh
an Banc Eorpach Infheistíochta maoiniú clár infheistíochta
i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais
Aontais eile.
FOROINN 4
FORÁLACHA IS COITEANN D'INSTITIÚIDÍ, DO CHOMHLACHTAÍ,
D'OIFIGÍ
AGUS DO GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS
AIRTEAGAL III-395
1. Nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun an Bhunreachta,
ar thogra ón gCoimisiún, ní fhéadfaidh sí an
togra sin a leasú ach amháin ag gníomhú d'aon
toil di, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail
I-55, I-56, III-396 (10) agus (13), III-404 agus III-405(2).
2. Fad a bheidh an Chomhairle gan gníomhú, féadfaidh
an Coimisiún a thogra a leasú tráth ar bith le linn
na nósanna imeachta as a dtiocfaidh glacadh gnímh Aontais.
AIRTEAGAL III-396
1. Nuair a ghlacfar, de bhun an Bhunreachta, dlíthe Eorpacha nó dlíthe
réime Eorpacha faoin ngnáthnós imeachta reachtach, beidh
feidhm ag na forálacha seo a leanas.
2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle.
An chéad léamh
3. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh sa chéad léamh
agus cuirfidh sí i bhfios don Chomhairle é.
4. Má fhormheasann an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfar
an gníomh i dtrácht sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh
Pharlaimint na hEorpa.
5. Más rud é nach bhformheasfaidh an Chomhairle seasamh Pharlaimint
na hEorpa, glacfaidh sí a seasamh sa chéad léamh agus
cuirfidh sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é.
6. Tabharfaidh an Chomhairle gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na
cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh sa chéad léamh.
Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina
sheasamh.
An dara léamh
7. Más rud é, laistigh de thrí mhí ón
dáta a chuirtear an t-eolas sin chuici:
(a) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad
léamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar
go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha sa fhriotal a fhreagraíonn
do sheasamh na Comhairle;
(b) go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle
sa chéad léamh, trí thromlach na gcomhaltaí a
chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh arna
bheartú glactha;
(c) go molfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a
chomhdhéanann í, leasuithe ar sheasamh na Comhairle sa chéad
léamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig an
gComhairle agus chuig an gCoimisiún a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe
sin.
8. Má dhéanann an Chomhairle, laistigh de thrí mhí ó na
leasuithe a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di
trí thromlach cáilithe,
(a) na leasuithe sin uile a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh
i dtrácht glactha;
(b) gan na leasuithe uile a fhormheas, comórfaidh Uachtarán
na Comhairle, le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa,
cruinniú den Choiste Idir-réitigh laistigh de shé seachtaine.
9. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil
tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.
Idir-réiteach
10. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar
de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a
chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa,
teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach,
trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe
agus trí thromlach de na comhaltaí a ionadóidh Parlaimint
na hEorpa, laistigh de shé seachtaine óna chomóradh
ar bhonn sheasamh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara léamh.
11. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an
Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá d'fhonn
seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.
12. Más rud é nach bhformheasfaidh an Coiste Idir-réitigh
téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine óna
chomóradh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.
An tríú léamh
13. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach
laistigh den tréimhse sin, beidh tréimhse sé seachtaine
ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tar éis an fhormheasa
sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir
leis an téacs comhpháirteach, trí thromlach de na vótaí arna
gcaitheamh i gcás Pharlaimint na hEorpa agus agus trí thromlach
cáilithe i gcás na Comhairle. Má theipeann orthu sin
a dhéanamh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.
14. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar
na tréimhsí trí mhí agus sé seachtaine
dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin
nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéad.
Forálacha speisialta
15. Más rud é, sna cásanna dá bhforáiltear
sa Bhunreacht, go gcuirfear dlí nó dlí réime
faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ar thionscnamh ó ghrúpa
de Bhallstáit, nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach,
nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh
feidhm ag mír 2, ag an dara habairt de mhír 6 ná ag
mír 9.
Sna cásanna sin, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
an gníomh arna bheartú in iúl don Choimisiún
mar aon lena seasaimh sa chéad agus sa dara léamh. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a thuairim a iarraidh ar an
gCoimisiún i gcaitheamh an nós imeachta, agus féadfaidh
an Coimisiún tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin freisin.
Féadfaidh sé freisin, má mheasann sé gur gá,
a bheith rannpháirteach sa Choiste Idir-réitigh i gcomhréir
le mír 11.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H