CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H
CUID III
AIRTEAGAL III-397
Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle
le chéile agus déanfaidh siad socruithe de thoil a chéile
don chomhar eatarthu. Chuige sin, féadfaidh siad, agus an Bunreacht á chomlíonadh
acu, comhaontuithe idirinstitiúideacha a thabhairt i gcrích
a fhéadfaidh a bheith ceangailteach.
AIRTEAGAL III-398
1. Beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí,
oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall
acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus
neamhspleách.
2. Agus na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta
arna nglacadh ar bhonn Airteagal III-427 á gcomhlíonadh, socrófar
le dlíthe Eorpacha forálacha chun na críche sin.
AIRTEAGAL III-399
1. Áiritheoidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus
gníomhaireachtaí an Aontais trédhearcacht ina gcuid
oibre agus, de bhun Airteagal I-50, cinnfidh siad ina rialacha nós
imeachta forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar a
gcuid doiciméad. Ní bheidh Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach ná an Banc Eorpach Infheistíochta
faoi réir fhorálacha Airteagal I-50(3) ná faoi réir
fhorálacha an Airteagail seo ach amháin nuair a bheidh a bhfeidhmeanna
riaracháin á bhfeidhmiú acu.
2. Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfar
doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta reachtacha a
fhoilsiú faoi na coinníollacha arna leagan síos leis
an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal I-50(3).
AIRTEAGAL III-400
1. Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha
lena gcinnfear:
(a) tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán
na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais, chomhaltaí an Choimisiúin,
Uachtarán, chomhaltaí agus Chláraitheoirí Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus Ardrúnaí na
Comhairle;
(b) coinníollacha fostaíochta Uachtarán agus chomhaltaí na
Cúirte Iniúchóirí agus go háirithe a dtuarastail,
a slánaíochtaí agus a bpinsin;
(c) aon íocaíocht is intugtha in ionad luach saothair do na
daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
2. Glacfaidh an Chomhairle rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha
lena gcinnfear slánaíochtaí chomhaltaí an Choiste
Eacnamaíoch agus Shóisialta.
AIRTEAGAL III-401
Na gníomhartha ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ón
mBanc Ceannais Eorpach a fhorchuirfidh oibleagáid airgeadais ar dhaoine
nach Ballstáit iad, beidh siad infhorfheidhmithe.
Rialófar a bhforfheidhmiú leis na rialacha i dtaobh nós
imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch
a dhéantar an forfheidhmiú. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i
gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar
bharántúlacht an chinnidh, ón údarás náisiúnta
a cheapfaidh Rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i
bhfios don Choimisiún agus do Chúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh.
Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar
iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh
seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe tríd an ábhar a thabhairt
go díreach os comhair an údaráis inniúil i gcomhréir
leis an dlí náisiúnta.
Ní féidir an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin
trí bhreith Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Ach beidh dlínse ag cúirteanna na tíre i dtrácht
ar ghearáin go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh
ar dhóigh neamhrialta.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA AIRGEADAIS
ROINN 1
AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL
AIRTEAGAL III-402
1. Bunófar creat airgeadais ilbhliantúil ar feadh tréimhse
cúig bliana ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal I-55.
2. Cinnfear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil méideanna
na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair
oibleagáidí de réir aicme caiteachais agus méideanna
na huasteorann bliantúla ar leithreasaí íocaíochta.
Freagróidh na haicmí caiteachais, ar teoranta a líon,
do phríomhearnálacha gníomhaíochta an Aontais.
3. Leagfar síos leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil aon
fhorálacha eile is gá chun go n-oibreoidh an nós imeachta
buiséadach bliantúil go réidh.
4. Mura mbeidh dlí Eorpach ón gComhairle lena gcinnfear creat
nua airgeadais glactha roimh dheireadh an chreata airgeadais roimhe sin,
fadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a fhreagraíonn
do bhliain dheireanach an chreata sin go dtí go nglacfar an dlí sin.
5. I gcaitheamh an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh an chreata
airgeadais ilbhliantúil, glacfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle
agus an Coimisiún gach beart is gá chun críochnú rathúil
an nós imeachta a éascú.
ROINN 2
BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS
AIRTEAGAL III-403
Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh
sí an 31 Nollaig.
AIRTEAGAL III-404
Bunófar buiséad bliantúil an Aontais le dlíthe
Eorpacha i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
1. Déanfaidh gach institiúid, roimh an 1 Iúil, meastacháin
ar a caiteachas a tharraingt suas don bhliain bhuiséadach dár
gcionn. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin
sin i ndréachtbhuiséad a bhféadfaidh malairt meastachán
a bheith ann.
Beidh meastachán ar ioncam agus meastachán ar chaiteachas sa
dréacht sin.
2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina mbeidh an dréachtbhuiséad
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lá nach déanaí ná an
1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad
le cur chun feidhme.
Féadfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad a leasú le
linn an nós imeachta go dtí go ndéanfar an Coiste Idir-réitigh,
dá dtagraítear i mír 5, a chomóradh.
3. Glacfaidh an Chomhairle a seasamh ar an dréachtbhuiséad
agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa é lá nach
déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair den bhliain roimh
an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme. Cuirfidh an Chomhairle
Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na cúiseanna
a thug uirthi a seasamh a ghlacadh.
4. Más rud é, laistigh de dhá lá is daichead ón
eolas sin a chur :
(a) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle a fhormheas,
beidh an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha;
(b) nach mbeidh cinneadh glactha ag Parlaimint na hEorpa, measfar go bhfuil
an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha;
(c) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach de na
comhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe a ghlacadh, cuirfear
an dréacht arna leasú amhlaidh ar aghaidh chuig an gComhairle
agus chuig an gCoimisiún. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint
na hEorpa, i gcomhaontú le hUachtarán na Comhairle, cruinniú den
Choiste Idir-réitigh a chomóradh láithreach. Ar a shon
sin, más amhlaidh, laistigh de dheich lá tar éis an
dréacht sin a chur ar aghaidh, go gcuirfidh an Chomhairle Parlaimint
na hEorpa ar an eolas go bhfuil a cuid leasuithe uile formheasta aici, ní thiocfaidh
an Coiste Idir-réitigh le chéile.
5. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar
de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a
chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa,
teacht ar chomhaontú, ar bhonn na seasamh de chuid Pharlaimint na
hEorpa agus de chuid na Comhairle, maidir le téacs comhpháirteach
trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó ionadaithe
dóibh agus trí thromlach ionadaithe Pharlaimint na hEorpa laistigh
d'aon lá fichead óna chomóradh.
Glacfaidh an Coimisiún páirt in imeachtaí an Choiste
Idir-réitigh agus glacfaidh sí gach tionscnamh is gá d'fhonn
seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.
6. Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead
dá dtagraítear i mír 5, go dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh
ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, beidh
tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an chomhaontaithe
sin ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun an téacs comhpháirteach
a fhormheas.
7. Más rud é, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag
dá dtagraítear i mír 6:
(a) go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an téacs
comhpháirteach nó go mainneoidh siad cinneadh a ghlacadh, nó go
bhformheasfaidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs
comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh,
measfar go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad
glactha go cinntitheach i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach;
nó
(b) go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di
trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í,
agus an Chomhairle araon téacs comhpháirteach, nó go
ndiúltóidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs
comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh,
tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua;
nó
(c) go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di
trí thromlach dá comhaltaí, an téacs comhpháirteach
ach go bhformheasfaidh an Chomhairle é, tíolacfaidh an Coimisiún
dréachtbhuiséad nua; nó
(d) go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach
ach go ndiúltóidh an Chomhairle é, féadfaidh
an Pharlaimint, laistigh de thréimhse ceithre lá dhéag
amhail ón gComhairle téacs a dhiúltú, agus ag
gníomhú di trí thromlach dá comhaltaí agus
le trí chúigiú de na vótaí arna gcaitheamh,
a chinneadh na leasuithe uile dá dtagraítear i mír 4(c)
nó cuid díobh a dhearbhú. Nuair nach ndéanfar
leasú de chuid Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú, coinneálfar
an seasamh a comhaontaíodh sa Choiste Idir-réitigh maidir leis
an gceannteideal buiséadach is ábhar don leasú. Measfar
go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha
go cinntitheach ar an mbonn sin.
8. Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead
dá dtagraítear i mír 5, nach dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh
ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, tíolacfaidh
an Coimisiún dréachtbhuiséad nua.
9. Nuair a bheidh deireadh leis an nós imeachta dá bhforáiltear
san Airteagal seo, dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
go bhfuil an dlí Eorpach lena mbunófar an buiséad glactha
go cinntitheach.
10. Feidhmeoidh gach Institiúid na cumhachtaí a thugtar di
san Airteagal seo, agus forálacha an Bhunreachta agus na gníomhartha
arna nglacadh dá bhun á gcomhlíonadh, go háirithe
i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais agus leis an gcomhardú idir
ioncam agus caiteachas.
AIRTEAGAL III-405
1. Más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach mbeidh dlí Eorpach
lena mbunófar an buiséad glactha go cinntitheach fós,
féadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag
de na leithreasaí buiséid arna n-iontráil sa chaibidil
i gceist den bhuiséad don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh
gach mí i leith aon chaibidle, i gcomhréir leis an dlí Eorpaigh
dá dtagraítear in Airteagal III-412; ar a shon sin, ní rachaidh
an tsuim sin thar ná an dóú cuid déag de na leithreasaí dá bhforáiltear
sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad.
2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún
agus na coinníollacha eile atá leagtha síos sa chéad
mhír á gcomhlíonadh, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena
n-údarófar caiteachas de bhreis ar an dóú cuid
déag, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear
in Airteagal III-412. Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh ar aghaidh chuig
Parlaimint na hEorpa láithreach.
Leagfar síos leis an gcinneadh Eorpach sin na bearta is gá a
bhaineann le hacmhainní chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm,
i gcomhréir leis na dlíthe Eorpacha dá dtagraítear
in Airteagal I-54(3) agus (4).
Tiocfaidh sé i bhfeidhm tríocha lá tar éis a
ghlactha ach amháin más rud é nach mbeidh Parlaimint
na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a
chomhdhéanann í, tar éis a chinneadh an caiteachas sin
a laghdú laistigh den teorainn ama sin.
AIRTEAGAL III-406
I gcomhréir leis na coinníollacha a leagfar síos leis
an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412,
aon leithreasaí, seachas iad siúd a bhaineann le caiteachas
ar fhoireann, atá gan caitheamh i ndeireadh na bliana airgeadais,
féadfar iad a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina
dhiaidh sin, ach ní níos faide ná sin.
Aicmeofar na leithreasaí faoi chaibidlí éagsúla,
agus míreanna caiteachais á ngrúpáil de réir
a gcineáil nó a gcuspóra, agus á bhforoinnt i
gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear
in Airteagal III-412.
Déanfar caiteachas
–
Pharlaimint na hEorpa,
–
na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle,
–
an Choimisiúin, agus
–
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
a leagan amach i ranna ar leithligh den bhuiséad gan dochar do shocruithe
speisialta le haghaidh míreanna áirithe caiteachais is coiteann
dóibh.
ROINN 3
AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME AGUS A URSCAOILEADH
AIRTEAGAL III-407
Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme, i gcomhar leis
na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear
in Airteagal III-412, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha
na leithreasaí arna gcionroinnt, ag féachaint do phrionsabail
na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit
leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidtear
na leithreasaí i gcomhréir leis na prionsabail sin.
Bunófar leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in
Airteagal III-412 na hoibleagáidí maidir le rialú agus
iniúchóireacht a bheidh ar na Ballstáit i gcur chun
feidhme an bhuiséid agus na freagrachtaí a bheidh mar thoradh
air sin. Bunófar leis an dlí sin na freagrachtaí agus
na rialacha mionsonraithe do gach institiúid maidir lena páirt
ina caiteachas féin a chur i ngníomh.
Laistigh den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, faoi
réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagfar síos
leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-412,
leithreasaí a aistriú ó chaibidil go chéile nó ó fhoroinn
go chéile.
AIRTEAGAL III-408
Tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle gach bliain cuntais na bliana airgeadais roimhe sin a bhaineann
leis an mbuiséad a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún
ar aghaidh chucu freisin ráiteas airgeadais ar shócmhainní agus
dliteanais an Aontais.
Tíolacfaidh an Coimisiún freisin do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle tuarascáil mheastóireachta ar riocht airgeadais
an Aontais arna bunú ar na torthaí atá gnóthaithe,
go háirithe i ndáil leis na sonraí arna dtabhairt ag
Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal III-409.
AIRTEAGAL III-409
1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle,
urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an buiséad
a chur chun feidhme. Chun na críche sin, déanfaidh an Chomhairle
agus Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh a chéile, scrúdú ar
na cuntais, ar an ráiteas airgeadais agus ar an tuarascáil
mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal III-408,
ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maille
leis na freagraí ó na hinstitiúidí faoi iniúchadh
ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, ar
an ráiteas dearbhaithe dá dtagraítear sa dara fomhír
d'Airteagal III-384(1), agus ar aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón
gCúirt Iniúchóirí.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, sula dtabharfaidh sí urscaoileadh
don Choimisiún nó chun aon chríche eile i ndáil
le cumhachtaí an Choimisiúin a fheidhmiú i leith an
buiséad a chur chun feidhme, iarraidh an Coimisiún a éisteacht
ar chur i ngníomh an chaiteachais nó ar oibriú na gcóras
rialaithe airgeadais. Tíolacfaidh an Coimisiún gach faisnéis
is gá do Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.
3. Déanfaidh an Coimisiún gach dícheall chun go dtabharfar éifeacht
do na barúlacha atá i gceangal leis na cinntí urscaoilte
maille le barúlacha eile Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaiteachas
a chur i ngníomh agus na gluaiseanna a bheidh in éineacht leis
na moltaí urscaoilte arna nglacadh ag an gComhairle.
4. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh
an Coimisiún tuarascáil ar na bearta a bheidh glactha i bhfianaise
na mbarúlacha agus na ngluaiseanna sin agus go háirithe ar
na teagaisc a bheidh tugtha do na ranna atá freagrach as an mbuiséad
a chur chun feidhme. Cuirfear na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig
an gCúirt Iniúchóirí freisin.
ROINN 4
FORÁLACHA COITEANNA
AIRTEAGAL III-410
Tarraingeofar suas an creat airgeadais ilbhliantúil agus an buiséad
bliantúil in euro.
AIRTEAGAL III-411
Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údaráis
inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgeadra
ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige
d'airgeadra Ballstáit eile, a mhéad is gá le go bhféadfar é a úsáid
chun na gcríoch a cheaptar dó leis an mBunreacht seo. Seachnóidh
an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada
agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte
ar seilbh aige sna hairgeadraí atá ag teastáil uaidh.
Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát i
dtrácht tríd an údarás a bheidh sonraithe ag
an Stát sin. Chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích,
bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna
an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúide
airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.
AIRTEAGAL III-412
1. Bunófar le dlíthe Eorpacha:
(a) na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an nós
imeachta is inleanta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun
feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;
(b) na rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht
atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh údaráis
agus oifigigh cuntais.
Glacfar na dlíthe Eorpacha sin tar éis dul i gcomhairle leis
an gCúirt Iniúchóirí.
2. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán
Eorpach lena leagfar síos na modhanna agus an nós imeachta
ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear
faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Aontais le cur
ar fáil don Choimísiún agus na bearta atá le
cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal ar riachtanais airgeadais.
Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le
Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí.
3. Go dtí an 31 Nollaig 2006 gníomhóidh an Chomhairle
d'aon toil sna cásanna uile dá dtagraítear san Airteagal
seo.
AIRTEAGAL III-413
Á
iritheoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go
gcuirfear na meáin airgeadais ar fáil chun go bhféadfaidh
an tAontas a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhall
i leith tríú páirtithe.
AIRTEAGAL III-414
Ar thionscnamh ón gCoimisiún, comórfar cruinnithe tráthrialta
idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle
agus Uachtarán an Choimisiúin faoi na nósanna imeachta
buiséadacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Glacfaidh
na hUachtaráin gach beart is gá chun comhairliúchán
a chur chun cinn agus seasaimh na n-institiúidí a bhfuil siad
i gceannas orthu a thabhairt le chéile chun cur chun feidhme na Caibidle
seo a éascú.
ROINN 5
CALAOIS A CHOMHRAC
AIRTEAGAL III-415
1. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit calaois agus gach
gníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a dhéanann
díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta
a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo. Beidh na bearta sin
ina mbac agus de chineál a chinnteoidh cosaint éifeachtúil
sna Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí,
oifigí agus gníomhaireachtaí uile den Aontas.
2. Glacfaidh na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac
a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais
is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil
dá leasanna airgeadais féin.
3. Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta, comhordóidh
na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasanna airgeadais
an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise. Chuige sin, eagróidh
siad, i dteannta leis an gCoimisiún, dlúthchomhar tráthrialta
idir na húdaráis inniúla.
4. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime
Eorpacha na bearta is gá maidir le calaois a dhéanann díobháil
do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac ar mhaithe le cosaint éifeachtach
choibhéiseach a thabhairt sna Ballstáit agus in institiúidí,
i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí uile
an Aontais. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt
Iniúchóirí.
5. Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit,
tuarascáil gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle
ar na bearta agus na forálacha arna nglacadh chun an tAirteagal seo
a chur chun feidhme.
CAIBIDIL III
COMHAR FEABHSAITHE
AIRTEAGAL III-416
Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe Bunreacht an Aontais agus dlí an
Aontais.
Ní fhéadfaidh an comhar sin dochar a dhéanamh don mhargadh
inmheánach ná don chomhtháthú eacnamaíoch,
sóisialta agus críochach. Ní bheidh sé ina bhacainn
ar an trádáil ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú sa
trádáil idir Bhallstáit agus ní shaobhfaidh sé an
iomaíocht eatarthu.
AIRTEAGAL III-417
Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe inniúlachtaí,
cearta agus oibleagáidí na mBallstát sin nach mbeidh
rannpháirteach ann. Ní chuirfidh na Ballstáit sin bac
ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit rannpháirteacha.
AIRTEAGAL III-418
1. Nuair a bheidh an comhar feabhsaithe á chur ar bun, beidh sé ar
oscailt do na Ballstáit uile, faoi réir aon choinníollacha
rannpháirtíochta arna leagan síos leis na gcinneadh
Eorpach um údarú a chomhlíonadh. Beidh sé ar
oscailt dóibh, tráth ar bith eile freisin, faoi réir
chomhlíonadh na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoina chuimsiú sin,
de bhreis ar na coinníollacha sin.
Á
iritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit a bheidh rannpháirteach
sa chomhar feabhsaithe go ndéanfaidh siad rannpháirtíocht
a oiread Ballstát agus is féidir a chur chun cinn.
2. Déanfaidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí, Aire
Gnóthaí Eachtracha an Aontais, Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairtí sa
chomhar feabhsaithe.
AIRTEAGAL III-419
1. Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu
i gceann de na réimsí atá folaithe sa Bhunreacht, amach ó réimsí ina
bhfuil inniúlacht eisiach agus ón gcomhbheartas eachtrach agus
slándála, díreoidh siad chuig an gCoimisiún iarraidh
a shonróidh raon feidhme agus cuspóirí an chomhair fheabhsaithe
arna bheartú. Féadfaidh an Coimisiún togra chuige sin
a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún
togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas
faoi na cúiseanna nár thiolaic sé togra.
Is le cinneadh Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di
ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a
fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a dheonófar an t-údarú chun
dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.
2. Díreofar chuig an gComhairle an iarraidh ó na Ballstáit
ar mian leo comhar feabhsaithe faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh
agus slándála a bhunú eatarthu. Déanfar an iarraidh
a chur ar aghaidh chuig Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais,
a thabharfaidh tuairim an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le
comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus chuig
an gCoimisiún, a thabharfaidh a thuairim go háirithe an bhfuil
an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le beartais eile
an Aontais. Cuirfear chuig Parlaimint na hEorpa í freisin mar eolas.
Is le cinneadh Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di
d’aon toil, a dheonófar an t-údarú chun dul ar
aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.
AIRTEAGAL III-420
1. Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar
feabhsaithe atá ar siúl i gceann de na réimsí dá dtagraítear
in Airteagal III-419(1), cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle
agus don Choimisiún.
Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra a
fháil, daingneoidh an Coimisiún rannpháirtíocht
an Bhallstáit i dtrácht. Suífidh sé más
gá go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta
comhalta agus glacfaidh sé aon bhearta idirthréimhseacha is
gá maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha arna nglacadh cheana
faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe.
Ar a shon sin, má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha
rannpháirtíochta comhalta, sonróidh sé na socruithe
atá le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh
sé teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht
a athscrúdú. Ar an teorainn ama sin a bheith caite, athscrúdóidh
sé an iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha
amach sa dara fomhír. Má mheasann an Coimisiún nach
bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta fós,
féadfaidh an Ballstát i dtrácht an cheist a tharchur
chuig an gComhairle a ghlacfaidh cinneadh ar an iarraidh. Gníomhóidh
an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal I-44(3). Féadfaidh
sí freisin, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta idirthréimhseacha
dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh.
2. Gach Ballstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar
feabhsaithe atá ar siúl faoi chuimsiú an chomhbheartais
eachtraigh agus slándála, cuirfidh sé a intinn in iúl
don Chomhairle, d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus don
Choimisiún.
Daingneoidh an Chomhairle rannpháirtíocht an Bhallstáit
i gceist, tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha
an Aontais agus tar éis a shuíomh, más gá, go
bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta. Féadfaidh
an Chomhairle, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an
Aontais, aon bhearta idirthréimhseacha is gá a ghlacadh maidir
le cur i bhfeidhm na ngníomhartha atá glactha cheana faoi chuimsiú an
chomhair fheabhsaithe. Má mheasann an Chomhairle, áfach, nach
bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta, sonróidh
sí na socruithe atá le glacadh chun na coinníollacha
sin a chomhall agus socróidh sí teorainn ama chun an iarraidh
ar rannpháirtíocht a athscrúdú.
Chun críocha na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle
d’aon toil agus i gcomhréir le hAirteagal I-44(3).
AIRTEAGAL III-421
Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas
a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais
riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, mura
gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh
d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL III-422
1. Nuair a leagtar síos le foráil den Bhunreacht a fhéadfar
a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go ngníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di
d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos
in Airteagal I-44(3), cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leagfar síos
mar choinníoll go ngníomhóidh sí trí thromlach
cáilithe.
2. Nuair a leagtar síos le foráil den Bhunreacht a fhéadfar
a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go nglacfaidh
an Chomhairle dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime
Eorpacha faoi nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir
leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal I-44(3), cinneadh
Eorpach a ghlacadh lena leagfar síos go ngníomhóidh
sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh
an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na cinntí a
mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu.
AIRTEAGAL III-423
Á
iritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí arna
ngabháil ar láimh i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe
agus comhchuibheas na ngníomhaíochtaí sin le beartais
an Aontais, agus comhoibreoidh siad le chéile siad chuige sin.
TEIDEAL VII
FORÁLACHA COITEANNA
AIRTEAGAL III-424
Ag féachaint do staid eacnamaíoch agus sóisialta struchtúrach
Ghuadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, La Réunion,
na n-Asór, Mhaidéara agus na nOileáin Canárach,
staid is measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas,
a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach,
agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí,
a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar
dá bhforbairt, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
dlíthe Eorpacha, dlíthe réime Eorpacha, rialacháin
Eorpacha agus cinntí Eorpacha a mbeidh d'aidhm acu, ach go háirithe,
na coinníollacha a leagan síos chun an Bunreacht, lena n-áirítear
comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin. Gníomhóidh
sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Bainfidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír
go háirithe le réimsí amhail beartais chustaim agus
trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta
agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar
agus earraí tomhaltais sár-riachtanacha, státchabhracha
agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha
agus ar chláir chothrománacha Aontais.
Glacfaidh an Chomhairle na gníomhartha dá dtagraítear
sa chéad mhír ag cur ghnéithe agus shrianta speisialta
na réigiún is forimeallaí san áireamh ach gan
baint d'iomláine ná de chomhchuibheas dhlíchóras
an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus
na comhbheartais.
AIRTEAGAL III-425
Ní dhéanfaidh an Bunreacht dochar ar dhóigh ar bith
do na rialacha sna Ballstáit a bhfuil úinéireacht maoine
faoina rialú.
AIRTEAGAL III-426
I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Aontas an inniúlacht
dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe
ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe,
maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt
agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
Chuige sin, feidhmeoidh an Coimisiún ar son an Aontais. Ar a shon
sin, feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí ar son an Aontais,
de bhua a neamhspleáchais riaracháin, in ábhair a bhaineann
lena hoibriú faoi seach.
AIRTEAGAL III-427
Leagfar síos le dlí Eorpach Rialacháin Foirne oifigigh
an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh
eile an Aontais. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle
leis na hinstitiúidí lena mbaineann.
AIRTEAGAL III-428
Chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh, féadfaidh
an Coimisiún aon fhaisnéis is gá a chruinniú,
agus aon fhíorú is gá a dhéanamh, faoi na teorainneacha
agus na coinníollacha a bheidh leagtha síos le rialachán
Eorpach nó le cinneadh Eorpach arna ghlacadh ag an gComhairle trí thromlach
simplí.
AIRTEAGAL III-429
1. Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrótacal ar Reacht an Chórais
Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, leagfar síos
le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach na bearta
chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an
Aontais a chomhlíonadh.
2. Cuirfear an staidreamh ar fáil i gcomhréir le neamhchlaontacht,
iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtúlacht
costais agus rúndacht an staidrimh. Ní bheidh ualaí iomarcacha
ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.
AIRTEAGAL III-430
Beidh de cheangal ar chomhaltaí institiúidí an Aontais,
ar chomhaltaí coistí agus ar oifigigh agus seirbhísigh
eile an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais,
gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach
na rúndachta gairmiúla, go háirithe faisnéis
a bhaineann le gnóthais, lena gcaidreamh gnó nó le comhdhéanamh
a gcostas.
AIRTEAGAL III-431
Beidh dliteanas conarthach an Aontais faoi rialú ag an dlí is
infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.
I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tAontas,
i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do
dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a
mbeidh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair
leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.
D'ainneoin an dara mír, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach,
i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do
dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a
mbeidh sé féin nó a sheirbhísigh ina siocair
leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.
Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhíseach i leith an Aontais faoi
rialú ag na forálacha arna leagan síos leis na Rialacháin
Foirne nó na Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme
ina leith.
AIRTEAGAL III-432
Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh
institiúidí an Aontais.
AIRTEAGAL III-433
Glacfaidh an Chomhairle, d'aon toil, rialachán Eorpach lena leagfar
síos na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an
Aontais, gan dochar do Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-434
Beidh ag an Aontas, ar chríocha na mBallstát, na pribhléidí agus
na díolúintí is gá chun a chúraimí a
chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá sainithe sa
Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an
Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL III-435
Ní dhéanfaidh an Bunreacht difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn
as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958,
nó, i dtaca le Stáit aontacha, roimh dháta a n-aontachais,
idir Ballstát amháin nó níos mó de thaobh
amháin agus tríú tír amháin nó níos
mó den taobh eile.
Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis an mBunreacht,
glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit i dtrácht
gach slí iomchuí chun an neamhluí arna shuíomh
a dhíchur. Nuair is gá, cabhróidh na Ballstáit
le chéile chuige sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.
Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír
i bhfeidhm dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh
gur cuid dhílis den Aontas na buntáistí atá deonaithe
faoin mBunreacht ag gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc
doscartha le bunú institiúidí, a bhfuil cumhachtaí tugtha
leis an mBunreacht dóibh, agus le buntáistí comhionanna
a bheith á ndeonú orthu ag na Ballstáit eile go léir.
AIRTEAGAL III-436
1. Ní chuirfidh an Bunreacht bac ar na rialacha seo a leanas a chur
i bhfeidhm:
(a) ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar
má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha
le leasanna sár-riachtanacha a shlándála;
(b) féadfaidh gach Ballstát cibé bearta a ghlacadh a
mheasfaidh sé is gá chun leasanna sár-riachtanacha a
shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm,
muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil;
ní rachaidh, áfach, na bearta sin chun dochair do na coinníollacha
iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcás táirgí nach
bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.
2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil lena ndéanfar athruithe ar
liosta an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil feidhm
ag forálacha mhír 1(b) ina leith.
Cuid III |
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H