Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

CUID IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL IV-437
Conarthaí roimhe seo a aisghairm
1. An Conradh seo ag bunú Bunreachta don Eoraip, aisghairfidh sé an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an Conradh ar an Aontas Eorpach agus, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal maidir leis na hionstraimí agus na conarthaí a rinne an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Conradh ar an Aontas Eorpach a fhorlíonadh nó a leasú, na hionstraimí agus na conarthaí a rinne iad a fhorlíonadh nó a leasú, faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.
2. Déantar na Conarthaí maidir le hAontachas:
(a) Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;
(b) na Poblachta Heilléanaí;
(c) Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile;
(d) Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, agus
(e) Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice,
a aisghairm.
Ar a shon sin:
– forálacha na gConarthaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus atá leagtha amach nó a dtagraítear dóibh sa Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, fanfaidh siad i bhfeidhm agus déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú i gcomhréir leis an bPrótacal sin;
– forálacha an Chonartha dá dtagraítear i bpointe (e) agus atá leagtha amach nó a dtagraítear dóibh sa Phrótacal maidir le Conradh agus Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice, fanfaidh siad i bhfeidhm agus déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú i gcomhréir leis an bPrótacal sin.

AIRTEAGAL IV-438
Comharbas agus leanúnachas dlíthiúil
1. Tiocfaidh an tAontas Eorpach arna bhunú leis an gConradh seo i gcomharbas ar an Aontas Eorpach, arna bhunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, agus ar an gComhphobal Eorpach.
2. Faoi réir Airteagal IV-439, déanfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí atá ann ar dháta an Conradh seo a theacht i bhfeidhm, ina gcomhdhéanamh ar an dáta sin, a gcumhachtaí a fheidhmiú de réir bhrí an Chonartha seo go dtí go nglacfar forálacha nua dá bhun nó go dtí deireadh a dtéarma oifige.
3. Gníomhartha na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí arna nglacadh ar bhonn na gconarthaí agus na n-ionstraimí atá aisghairthe le hAirteagal IV-437, fanfaidh siad i bhfeidhm. Déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun an Chonartha seo. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn na gconarthaí agus na n-ionstraimí atá aisghairthe le hAirteagal IV-437.
Na heilimintí eile de acquis an Chomhphobail agus an Aontais atá ann tráth an Conradh seo a theacht i bhfeidhm, go háirithe na comhaontuithe idirinstitiúideacha, na cinntí agus na comhaontuithe arna gcomhaontú ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit maidir le hoibriú an Aontais nó an Chomhphobail nó atá nasctha le gníomhaíocht an Aontais agus an Chomhphobail, na dearbhuithe, lena n-áirítear na dearbhuithe arna ndéanamh i gcomhthéacs comhdhálacha idir-rialtasacha, mar aon leis na rúin nó na seasaimh eile arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle agus na cinn a bhaineann leis an Aontas nó leis an gComhphobal arna nglacadh de thoil a chéile ag na Ballstáit, déanfar iad a chaomhnú go dtí go scriosfar nó go leasófar iad.
4. Cásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus na Cúirte Céadchéime a bhaineann leis na conarthaí agus na hionstraimí atá aisghairthe le hAirteagal IV-437, agus leis na hionstraimí agus na coinbhinsiúin arna nglacadh ar mhaithe lena gcur i bhfeidhm, a léiriú agus a chur i bhfeidhm, leanfaidh sé mutatis mutandis mar fhoinse do léiriú dhlí an Aontais agus go háirithe léiriú fhorálacha inchomparáide an Bhunreachta.
5. Déanfar an leanúnachas maidir le nósanna imeachta riaracháin agus dlí arna dtosú roimh dháta an Chonartha seo a theacht i bhfeidhm a áirithiú agus an Bunreacht á chomhlíonadh. Glacfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí is freagrach as na nósanna imeachta sin gach beart is iomchuí chuige sin.

AIRTEAGAL IV-439
Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hinstitiúidí áirithe
Is sa Phrótacal maidir leis na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais a leagfar síos na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, le sainiú an tromlaigh cháilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle, lena n-áirítear na cásanna sin nuair nach nglacann gach comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle páirt sa vótáil, agus le comhdhéanamh an Choimisiúin, lena n-áirítear Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

AIRTEAGAL IV-440
Raon feidhme críochach
1. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le hÉirinn, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le hArd-Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
2. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Guadalúip, le Guáin na Fraince, le Martinique, le La Réunion, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha, i gcomhréir le hAirteagal III-424.
3. Beidh feidhm ag na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i dTeideal IV de Chuid III den Chonradh seo maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear atá sa liosta in Iarscríbhinn II.
Ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le tíortha agus críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil sa liosta sin.
4. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach as a gcaidreamh eachtrach.
5. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Åland mar aon leis na maoluithe a bhí ann an chéad uair sa Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(d) agus atá ionchorpraithe i Roinn 5 de Theideal V den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
6. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5:
(a) ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Fharó;
(b) ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Akrotiri agus Dhekelia, ar Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir iad, ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe dá bhforáiltear an chéad uair sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim Aontachais, atá ina cuid dhílis den Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(e), agus atá ionchorpraithe i dTeideal III de Chuid II den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice;
(c) ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán Mhanann ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach an chéad uair sa Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(a) den Bhunreacht agus atá ionchorpraithe i Roinn 3 de Theideal II den Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
7. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d’aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

AIRTEAGAL IV-441
Aontais réigiúnacha
Ní chuirfidh an Conradh seo bac ar aontais réigiúnacha idir an Bheilg agus Lucsamburg, nó idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír, a bheith ann nó a chomhlánú, sa mhéid nach bhfuil cuspóirí na n-aontas réigiúnach sin á ngnóthú tríd an gConradh seo a chur i bhfeidhm.

AIRTEAGAL IV-442
Prótacail
Is cuid dhílis den Chonradh seo na Prótacail agus na hIarscríbhinní atá i gceangal leis.


AIRTEAGAL IV-443
An gnáthnós imeachta um athbhreithniú
1. Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a thíolacadh don Chomhairle chun an Conradh seo a leasú. Cuirfidh an Chomhairle na tograí sin chuig an gComhairle Eorpach agus cuirfear in iúl iad do na Parlaimintí náisiúnta.
2. Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiúin. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Scrúdóidh an
Coinbhinsiún na tograí do leasuithe agus glacfaidh sé de chomhthoil moladh chuig comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát dá bhforáiltear i mír 3. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh trí thromlach simplí, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gan Coinbhinsiún a chomóradh más rud é nach bhfuil call leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. Sa chás déanach, saineoidh an Chomhairle Eorpach na téarmaí tagartha do
chomhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát.
3. Comórfaidh Uachtarán na Comhairle comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar an gConradh seo a chinneadh de thoil a chéile.
Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
4. Más rud é, dhá bhliain tar éis an conradh ag leasú an Chonartha seo a shíniú, go mbeidh sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go mbeidh deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniú, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach.

AIRTEAGAL IV-444
An nós imeachta um athbhreithniú simplithe
1. Nuair a fhoráiltear i gCuid III go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i réimse nó i gcás faoi leith, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe sa réimse sin nó sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata acu nó i réimse na cosanta.
2. Nuair a fhoráiltear i gCuid III go nglacfaidh an Chomhairle dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh lena n-údarófar na dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
3. Déanfar gach tionscnamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach ar bhonn mhír 1 nó mhír 2 a chur in iúl do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin, ní ghlacfar an cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 1 nó mír 2. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh a ghlacadh. Chun na cinntí Eorpacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

AIRTEAGAL IV-445
An nós imeachta um athbhreithniú simplithe a bhaineann le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais
1. Féadfaidh rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun na forálacha i dTeideal III de Chuid III maidir le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais a athbhreithniú go hiomlán nó go páirteach.
2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh Eorpach a ghlacadh lena leasófar na forálacha i dTeideal III de Chuid III go hiomlán nó go páirteach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, agus leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta.
Ní thiocfaidh an cinneadh Eorpach sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
3. Ní fhéadfaidh an cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 2 na hinniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis an gConradh seo a mhéadú.

AIRTEAGAL IV-446

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

AIRTEAGAL IV-447
Daingniú agus teacht i bhfeidhm
1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.
2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2006, ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim dhaingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den dara mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an Stát sínitheach is déanaí a dhéanfaidh an taisceadh sin.


AIRTEAGAL IV-448
Téacsanna barántúla agus aistriúcháin
1. Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.
2. Féadfar an Conradh seo a aistriú chuig aon teanga eile arna cinneadh ag na Ballstáit as measc na dteangacha sin a bhfuil stádas oifigiúil acu ar a gcríoch nó ar chuid de, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát sin. Cuirfidh na Ballstáit i dtrácht cóip dheimhnithe de na haistriúcháin sin ar fáil agus taiscfear iad i gcartlann na Comhairle.



 

 

Valid XHTML 1.0!