BROLLACH
TÁ
A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE, A
SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME
NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE, UACHTARÁN
NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA hÉIREANN,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, UACHTARÁN PHOBLACHT
NA CIPIRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA, UACHTARÁN PHOBLACHT
NA LIOTUÁINE, A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, UACHTARÁN MHÁLTA,
A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, UACHTARÁN CÓNAIDHME
PHOBLACHT NA hOSTAIRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE, UACHTARÁN
PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE, UACHTARÁN PHOBLACHT
NA FIONLAINNE, RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE, A SOILSE BANRÍON
RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
AGUS INSPIORÁID A FÁIL acu ó oidhreacht chultúrtha,
reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa, ónar fhabhraigh na luachanna
uilechoiteanna arb éard iad na cearta dosháraithe doshannta
atá ag an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus
an smacht reachta,
AR A BHEITH DEARFA gurb é is intinn don Eoraip, athaontaithe feasta
tar éis eachtraí anróiteacha, leanúint ar chonair
na sibhialtachta, an dul chun cinn agus an rathúnais, ar mhaithe lena
háitritheoirí uile, go fiú an dream is laige agus is
uireasaí; gur mian léi fanacht ina hilchríoch atá ar
oscailt don chultúr, don léann agus don dul chun cinn sóisialta;
agus gur toil léi an tréith dhaonlathach thrédhearcach
dá saol poiblí a dhoimhniú, agus a dícheall a
dhéanamh ar son na síochána, an cheartais agus na dlúthpháirtíochta
ar fud na cruinne,
Ó
S DEIMHIN leo go bhfuil sé beartaithe ag pobail na hEorpa, agus iad
bródúil de shíor as a bhféiniúlacht agus
as a stair náisiúnta féin, a seandeighiltí a
shárú, agus, trí bheith aontaithe níos dlúithe
ná riamh, a n-oidhreacht choiteann a mhúnlú,
AR A BHEITH CINNTE, agus í "aontaithe san éagsúlacht" amhlaidh,
go gcuireann an Eoraip ar fáil dóibh an deis is fearr, agus
cearta gach uile dhuine á n-urramú, agus le lánfheasacht
ar a bhfreagracht i leith na nglúnta amach romhainn agus i leith an
Domhain, dul ar an móreachtra a fhágann gur limistéar
speisialta é ina mborrann dóchas an duine,
AR A BHEITH BEARTAITHE acu leanúint den obair atá déanta
faoi chuimsiú na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach
agus an Chonartha ar an Aontas Eorpach, trí leanúnachas an
acquis Comphobail a áirithiú,
AG GABHÁIL BUÍOCHAIS dóibh do chomhaltaí an Choinbhinsiúin
Eorpaigh as ullmhú an dréachta den Bhunreacht seo thar ceann
shaoránaigh agus Stát na hEorpa,
TAR EIS NA DAOINE SEO A LEANAS A AINMNIÚ MAR LÁNCHUMHACHTAIGH:
A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE
A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE
UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE
UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ
A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE
UACHTARÁN NA hÉIREANN
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE
A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE
UACHTARÁN MHÁLTA
A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE
UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE
RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE
A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE
AGUS THUAISCEART ÉIREANN
NOCH A RINNE, tar éis dóibh a lánchumhachtaí,
agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile,
comhaontú mar a leanas: