CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ
BUNREACHTA DON EORAIP
10. PRÓTACAL MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA UM EASNAMH
IOMARCACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO sonraí
an nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear in
Airteagal III-184 den Bhunreacht a leagan síos,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Is mar a leanas na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal
III-184(2) den Bhunreacht:
(a) 3% don chóimheas idir an t-easnamh rialtais, pleanáilte
nó iarbhír, agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna
margaidh;
(b) 60% don chóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht
intíre ag praghsanna margaidh.
AIRTEAGAL 2
Chun críocha Airteagal III-184 den Bhunreacht agus an Phrótacail
seo:
(a) ciallaíonn "rialtas" rialtas ginearálta, is é
sin, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó áitiúil
agus cistí slándála sóisialta, seachas oibríochtaí
tráchtála, mar atá siad sainithe i gCóras Eorpach
na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;
(b) ciallaíonn "easnamh" an ghlanfháil ar iasacht
mar atá sí sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch
Suimeáilte;
(c) ciallaíonn "infheistíocht" ollfhoirmiú
caipitil sheasta mar atá sé sainithe i gCóras Eorpach
na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;
(d) ciallaíonn "fiachas" ollfhiachas iomlán ar luach
ainmniúil atá amuigh ag deireadh na bliana agus arna chomhdhlúthú
idir earnálacha rialtais ghinearálta agus laistigh díobh
mar atá sé sainithe i bpointe (a).
AIRTEAGAL 3
Chun éifeachtúlacht an nós imeachta um easnamh iomarcach
a áirithiú, beidh rialtais na mBallstát freagrach faoin
nós imeachta sin as easnaimh rialtais ghinearálta mar atá
sé sainithe in Airteagal 2(a). Áiritheoidh na Ballstáit
go gcumasóidh nósanna imeachta náisiúnta sa réimse
buiséadach dóibh a n-oibleagáidí sa réimse
sin a chineann ón mBunreacht a chomhall. Déanfaidh na Ballstáit
tuarascáil don Choimisiún go pras, tráthrialta ar a n-easnaimh
phleanáilte agus iarbhír agus ar leibhéil a bhfiachais.
AIRTEAGAL 4
Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a
úsáidfear chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm.
11. PRÓTACAL
MAIDIR LEIS NA CRITÉIR UM CHÓINEASÚ
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO sonraí
na gcritéar um chóineasú a leagan síos a threoróidh
an tAontas agus na cinntí á nglacadh aige dá dtagraítear
in Airteagal III-198 den Bhunreacht maidir le deireadh a chur le maoluithe
na mBallstát go maolú, TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na
forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú
Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Ciallóidh an critéar um chobhsaíocht praghsanna dá
dtagraítear in Airteagal III-198(1)(a) den Bhunreacht go mbeidh ag
an mBallstát i dtrácht feidhmiú praghsanna atá
inbhuanaithe agus meánráta boilscithe, arna bhreathnú
thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann
níos mó ná 1,5 pointe céatadáin os cionn
ráta boilscithe na dtrí Bhallstát, ar a mhéad,
is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht praghsanna. Déanfar
an boilsciú a thomhas trí bhíthin innéacs praghsanna
do thomhaltóirí ar bhonn inchomórtais, agus difríochtaí
i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.
AIRTEAGAL 2
Ciallóidh an critéar um an riocht buiséadach rialtais
dá dtagraítear in Airteagal III-198(1)(b) den Bhunreacht nach
mbeidh an Ballstát i dtrácht, tráth an scrúdaithe,
faoi réir cinnidh Eorpaigh ón gComhairle faoi Airteagal III-184(6)
den Bhunreacht go bhfuil easnamh iomarcach ann.
AIRTEAGAL 3
Ciallóidh an critéar um rannpháirtíocht i sásra
ráta malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá
dtagraítear in Airteagal III-198(1)(c) den Bhunreacht go bhfuil an
Ballstát i dtrácht tar éis na gnáthlamhálacha
luaineachta dá bhforáiltear i sásra ráta malairte
an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a urramú gan ghéartheannais
i rith an dá bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú.
Go háirithe, ní bheidh an Ballstát tar éis ráta
lárnach déthaobhach airgeadra a thíre a dhíluacháil
in aghaidh an euro ar a thionscnamh féin ar feadh na tréimhse
céanna.
AIRTEAGAL 4
Ciallóidh an critéar um chóineasú rátaí
úis dá dtagraítear in Airteagal III-198(1)(d) den Bhunreacht
go raibh ag an mBallstát i dtrácht, arna bhreathnú thar
thréimhse bliana roimh an scrúdú, meánráta
ainmniúil fadtéarmach úis nach dtéann níos
mó ná 2 pointe céatadáin os cionn ráta
na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir
le cobhsaíocht praghsanna. Déanfar rátaí úis
a thomhas ar bhonn bannaí fadtéarmacha rialtais nó urrús
inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe
náisiúnta á gcur san áireamh.
AIRTEAGAL 5
Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a
úsáidfear chun an Prótacal seo a chur i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 6
Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra
ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint
na hEorpa, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoiste Eacnamaíoch
agus Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal III-192 den Bhunreacht,
na forálacha iomchuí chun sonraí na gcritéar um
chóineasú dá dtagraítear in Airteagal III-198
den Bhunreacht a leagan síos agus cuirfear na forálacha sin
in ionad an Phrótacail seo.
12. PRÓTACAL
MAIDIR LEIS AN nGRÚPA EURO
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO dálaí
a chur chun cinn d'fhás eacnamaíoch níos láidre
san Aontas Eorpach agus, chuige sin, comhordú níos buandlúithe
na mbeartas eacnamaíoch sa limistéar euro a fhorbairt, ÓS
FEASACH DÓIBH an gá atá ann forálacha speisialta
a leagan síos d'agallamh feabhsaithe idir na Ballstáit a bhfuil
an euro mar airgeadra acu, go dtí go dtiocfaidh an euro chun bheith
ina airgeadra do Bhallstáit uile an Aontais, TAR ÉIS COMHAONTÚ
ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh
ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Tiocfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu
le chéile go neamhfhoirmiúil. Beidh na cruinnithe sin ann, nuair
is gá, chun ceisteanna a phlé a bhaineann leis na freagrachtaí
sonracha atá á roinnt acu maidir leis an airgeadra aonair. Glacfaidh
an Coimisiún páirt sna cruinnithe sin.
Tabharfar cuireadh don Bhanc Ceannais Eorpach páirt a ghlacadh sna
cruinnithe sin a ullmhóidh ionadaithe Airí sin na mBallstát
a bhfuil an euro mar airgeadra acu atá freagrach as cúrsaí
airgeadais agus ionadaí an Choimisiúin.
AIRTEAGAL 2
Toghfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu
uachtarán go ceann dhá bhliain go leith, trí thromlach
na mBallstát sin.
13. PRÓTACAL
MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LE RÍOCHT AONTAITHE
NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN I nDÁIL LEIS
AN AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, AG AITHINT DÓIBH nach
gcuirfear d'iallach ar an Ríocht Aontaithe ná nach mbeidh sí
faoi ghealltanas an euro a ghlacadh gan a rialtas agus a Parlaimint cinneadh
ar leith chuige sin a ghlacadh, ÓS RUD É gur chuir rialtas na
Ríochta Aontaithe in iúl don Chomhairle an 16 Deireadh Fómhair
1996 agus an 30 Deireadh Fómhair 1997 nach raibh sé ar intinn
aici a bheith rannpháirteach sa tríú céim den
aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, faoi mhír 1 den
Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann le
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,
atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH cleachtas rialtas na Ríochta
Aontaithe a riachtanas iasachta a chistiú trí fhiachas a dhíol
leis an earnáil phríobháideach, TAR ÉIS COMHAONTÚ
ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh
ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Mura gcuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Chomhairle go
bhfuil sé ar intinn aici an euro a ghlacadh, ní bheidh aon iallach
uirthi déanamh amhlaidh.
AIRTEAGAL 2
Ag féachaint don fhógra a thug rialtas na Ríochta Aontaithe
don Chomhairle an 16 Deireadh Fómhair 1996 agus an 30 Deireadh Fómhair
1997, beidh feidhm ag Airteagail 3 go 8 agus Airteagal 10 maidir leis an Ríocht
Aontaithe.
AIRTEAGAL 3
Coimeádfaidh an Ríocht Aontaithe a cumhachtaí i réimse
beartais airgeadaíochta i gcomhréir lena dlí náisiúnta.
AIRTEAGAL 4
Ní bheidh feidhm ag Airteagal I-30(2), amach ón gcéad
abairt agus an abairt deiridh de, Airteagal I-30(5), an dara mír d'Airteagal
III-177, Airteagal III-184(1), (9) agus (10), Airteagal III-185(1) go (5),
Airteagal III-186, Airteagail III-188, III-189, III-190 agus III-191,
Airteagal III-196, Airteagal III-198(3), Airteagal III-326 agus Airteagal
III-382 den Bhunreacht maidir leis an Ríocht Aontaithe. Ní bheidh
feidhm ag Airteagal III-179(2) den Bhunreacht maidir léi i ndáil
le glacadh na gcodanna sin de na mórthreoirlínte beartais eacnamaíoch
a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne.
Sna forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír,
ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí
don Aontas ná do na Ballstáit ná ní áireofar
Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.
AIRTEAGAL 5
Déanfaidh an Ríocht Aontaithe gach dícheall easnamh rialtais
iomarcach a sheachaint.
Beidh feidhm ag Airteagal III-192(4) agus Airteagal III-200 den Bhunreacht
maidir leis an Ríocht Aontaithe amhail is dá mbeadh maolú
aici. Leanfaidh Airteagail III-201 agus III-202 den Bhunreacht d'fheidhm a
bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.
AIRTEAGAL 6
Déanfar cearta vótála na Ríochta Aontaithe a fhionraí
nuair a bheidh an Chomhairle ag glacadh na mbeart dá dtagraítear
sna hAirteagail atá liostaithe in Airteagal 4 agus sna cásanna
dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal III-197(4)
den Bhunreacht. Chun na críche sin, beidh feidhm ag an dara fomhír
agus an tríú fomhír d'Airteagal III-197(4) den Bhunreacht.
Ní bheidh aon cheart ag an Ríocht Aontaithe ach oiread a bheith
rannpháirteach i gceapadh Uachtarán, Leasuachtarán agus
chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais
Eorpaigh faoin dara fomhír, faoin tríú fomhír
agus faoin gceathrú fomhír d'Airteagal III-382(2) den Bhunreacht.
AIRTEAGAL 7
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3, 4, 6 agus 7, Airteagal 9(2), Airteagal
10(1), (2) agus (3), Airteagal 11(2), Airteagal 12(1), Airteagail 14, 16,
18, 19, 20, 22, 23, 26, 27, 30, 31, 32, 33, 34 agus 50 den Phrótacal
maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais
Eorpaigh ("an Reacht") maidir leis an Ríocht Aontaithe. Sna
hAirteagail sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na
tagairtí don Aontas ná do na Ballstáit ná ní
áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta
nó do scairshealbhóirí. Ní áireofar caipiteal
arna shuibscríobh ag Banc Shasana ar na tagairtí do "chaipiteal
suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh" in Airteagal 10(3) agus
Airteagal 30(2) den Reacht.
AIRTEAGAL 8
Beidh éifeacht ag Airteagal III-199 den Bhunreacht agus ag Airteagail
43 go 47 den Reacht, bíodh Ballstát go maolú ann nó
ná bíodh, faoi réir na leasuithe seo a leanas:
(a) Áireofar ar na tagairtí in Airteagal 43 den Reacht do chúraimí
an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta
na cúraimí sin nach mór a chomhall fós tar éis
an euro a thabhairt isteach de dheasca an chinnidh ón Ríocht
Aontaithe gan an euro a
ghlacadh.
(b) I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal
46 den Reacht, tabharfaidh an Banc Ceannais Eorpach comhairle freisin a bhaineann
le hullmhú aon rialacháin Eorpaigh nó aon chinnidh Eorpaigh
ón gComhairle maidir leis an Ríocht Aontaithe arna ghlacadh
i gcomhréir le hAirteagal 9(a) agus (c) den Phrótacal seo, agus
rannchuideoidh sé leis an ullmhú sin.
(c) Íocfaidh Banc Shasana a shuibscríbhinn le caipiteal an Bhainc
Cheannais Eorpaigh mar
ranníocaíocht chuig a chostais oibríochtúla ar
an mbonn céanna le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát
go maolú.
AIRTEAGAL 9
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chur in iúl don Chomhairle
tráth ar bith go bhfuil ar intinn aici an euro a ghlacadh. Sa chás
sin:
(a) Beidh an ceart ag an Ríocht Aontaithe an euro a ghlacadh ar chuntar
go gcomhallann sí na coinníollacha is gá. Cinnfidh an
Chomhairle, ag gníomhú di arna iarraidh sin don Ríocht
Aontaithe agus faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an
nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-198(1)
agus (2) den Bhunreacht, an gcomhallann sí na coinníollacha
is gá.
(b) Íocfaidh Banc Shasana a chaipiteal suibscríofa, aistreoidh
sé sócmhainní chuig cúlchistí eachtracha
an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus ranníocfaidh sé lena chúlchistí
ar an mbonn céanna le banc ceannais náisiúnta Ballstáit
a bhfuil a mhaolú aisghairthe.
(c) Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di faoi na coinníollacha
agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos
in Airteagal III-198(3) den Bhunreacht, gach cinneadh eile is gá a
ghlacadh chun a chumasú don Ríocht Aontaithe an euro a ghlacadh.
Má ghlacann an Ríocht Aontaithe an euro de bhun fhorálacha
an Airteagail seo, scoirfidh Airteagail 3 go 8 d'éifeacht a bheith
leo.
AIRTEAGAL 10
D'ainneoin Airteagal III-181 den Bhunreacht agus Airteagal 21(1) den Reacht,
féadfaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe a shaoráid "ways
and means" le Banc Shasana a choimeád ar bun mura nglacfaidh agus
fad nach nglacfaidh an Ríocht Aontaithe an euro.
14. PRÓTACAL
MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS AN DANMHAIRG I
nDÁIL LEIS AN AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, AG FÉACHAINT DO Bhunreacht
na Danmhairge ina bhfuil forálacha a fhéadfaidh a thabhairt
reifreann a bheith intuigthe sa Danmhairg sula dtarscaoilfidh an Danmhairg
a maolú,
ÓS RUD É gur chuir rialtas na Danmhairge in iúl don Chomhairle
an 3 Samhain 1993 nach raibh sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach
sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,
faoi mhír 1 den Phrótacal maidir le forálacha áirithe
a bhaineann leis an Danmhairg, atá i gceangal leis an gConradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Ag féachaint don fhógra a thug Rialtas na Danmhairge don Chomhairle
an 3 Samhain 1993, beidh maolú ag an Danmhairg. Is é éifeacht
an mhaolaithe go mbeidh forálacha uile an Bhunreachta agus Reacht an
Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a
dhéanann tagairt do mhaolú infheidhme maidir leis an Danmhairg.
AIRTEAGAL 2
Maidir leis an maolú a aisghairm, ní thionscnófar an
nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal III-198 den
Bhunreacht ach amháin arna iarraidh sin don Danmhairg.
AIRTEAGAL 3
I gcás stádas an mhaolaithe a aisghairm, scoirfidh forálacha
an Phrótacail seo d'fheidhm a bheith acu.
15. PRÓTACAL
MAIDIR LE CÚRAIMÍ ÁIRITHE BHANC NÁISIÚNTA
NA DANMHAIRGE
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO fadhbanna
speisialta áirithe a bhaineann leis an Danmhairg a réiteach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Ní dhéanfaidh Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht
an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh
difear do cheart Bhanc Náisiúnta na Danmhairge a chúraimí
láithreacha a bhaineann leis na codanna sin den Danmhairg nach cuid
den Aontas iad a chomhlíonadh.
16. PRÓTACAL
MAIDIR LE CÓRAS FHRANC CHOMHPHOBAL AIRGEADAIS AN AIGÉIN CHIÚIN
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO pointe
áirithe a bhaineann leis an bhFrainc a chur san áireamh, TAR
ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Féadfaidh an Fhrainc pribhléid na heisiúna airgeadaíochta
a choimeád sa Nua-Chaladóin, i bPolainéis na Fraince
agus i Vailís agus Futúna faoi na téarmaí arna
mbunú faoina dlíthe náisiúnta agus is ise amháin
a bheidh i dteideal paireacht fhranc Chomhphobal Airgeadais an Aigéin
Chiúin a chinneadh.
17. PRÓTACAL
MAIDIR LE ACQUIS SCHENGEN ARNA LÁNPHÁIRTIÚ I gCREAT AN
AONTAIS EORPAIGH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG MEABHRÚ DÓIBH go ndearnadh forálacha acquis Schengen
arb éard iad na comhaontuithe maidir le seiceálacha ag na comhtheorainneacha
a dhíothú de réir a chéile a shínigh roinnt
Ballstát den Aontas Eorpach in Schengen an 14 Meitheamh 1985 agus an
19 Meitheamh 1990, maille leis na comhaontuithe gaolmhara agus na rialacha
arna nglacadh ar bhonn na gcomhaontuithe sin, a lánpháirtiú
i gcreat an Aontais Eorpaigh le Prótacal atá i gceangal leis
an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail
Eorpaigh,
ÓS MIAN LEO acquis Schengen a chaomhnú faoi mar atá sé
arna fhorbairt ó tháinig an Prótacal thuasluaite i bhfeidhm,
faoi chuimsiú an Bhunreachta, agus é a fhorbairt chun rannchuidiú
leis an gcuspóir a ghnóthú limistéar saoirse,
slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha
a chur ar fáil do shaoránaighan Aontais, AG TABHAIRT AIRD ar
sheasamh speisialta na Danmhairge,
AG CUR SAN ÁIREAMH nach bhfuil Éire agus Ríocht Aontaithe
na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann rannpháirteach
i bhforálacha uile acquis Schengen; agus, ar a shon sin, gur cóir
a fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit sin glacadh go
hiomlán nó go páirteach le forálacha eile an acquis
sin,
Á AITHINT DÓIBH gur gá mar sin leas a bhaint as forálacha
an Bhunreachta maidir le comhar níos dlúithe idir roinnt Ballstát,
AG CUR SAN ÁIREAMH an gá atá ann caidreamh speisialta
a choimeád ar bun le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht
na hIorua, ar Stáit iad sin araon atá faoi cheangal ag forálacha
Aontas Nordach na bPasanna, mar aon leis na Stáit Nordacha is Ballstáit
den Aontas Eorpach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Údarófar do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na Seice,
do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
do Phoblacht na hEastóine, don Phoblacht Heilléanach, do Ríocht
na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na hIodáile,
do Phoblacht na Cipire, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine,
d'Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Phoblacht na hUngáire, do Phoblacht
Mhálta, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na
hOstaire, do Phoblacht na Polainne, do Phoblacht na Portaingéile, do
Phoblacht na Slóivéine, do Phoblacht na Slóvaice, do
Phoblacht na Fionlainne agus do Ríocht na Sualainne comhar níos
dlúithe a chur chun feidhme eatarthu féin sna réimsí
a thig faoi fhorálacha arna sainiú ag an gComhairle arb éard
iad acquis Schengen. Seolfar an comhar sin laistigh de chreat institiúideach
dlíthiúil an Aontais agus forálacha ábhartha an
Bhunreachta á n-urramú.
AIRTEAGAL 2
Beidh feidhm ag acquis Schengen maidir leis na Ballstáit dá
dtagraítear in Airteagal 1, gan dochar d'Airteagal 3 den Phrótacal
maidir le Conradh agus Ionstraim aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht
na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht
na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta,
Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Portaingéile, Phoblacht na Slóivéine
agus Phoblacht na Slóvaice. Gabhfaidh an Chomhairle ionad an Choiste
Feidhmiúcháin arna chur ar bun le comhaontuithe Schengen.
AIRTEAGAL 3
Beidh rannpháirtíocht na Danmhairge i nglacadh bearta arb éard
iad forbairt ar acquis Schengen, maille leis na bearta sin a chur chun feidhme
agus a chur i bhfeidhm sa Danmhairg, faoi rialú ag forálacha
ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Danmhairge.
AIRTEAGAL 4
Féadfaidh Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann a iarraidh, tráth ar bith, a bheith
rannpháirteach i bhforálacha uile acquis Schengen nó
i roinnt díobh. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach maidir leis
an iarraidh sin. Gníomhóidh sí trí chinneadh le
haontoilíocht na gcomhaltaí dá dtagraítear in
Airteagal 1 agus an chomhalta a ionadaíonn rialtas an Bhallstáit
i dtrácht.
AIRTEAGAL 5
Beidh tograí agus tionscnaimh chun acquis Schengen a fhorbairt faoi
réir fhorálacha ábhartha an Bhunreachta. Sa chomhthéacs
sin, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Éirinn nó
ag an Ríocht Aontaithe nó acu araon d'Uachtarán na Comhairle
laistigh de thréimhse réasúnta gur mian leo bheith rannpháirteach,
measfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal
III-419(1) den Bhunreacht a bheith deonaithe do na Ballstáit dá
dtagraítear in Airteagal 1 agus d'Éirinn nó don Ríocht
Aontaithe nuair is mian le ceachtar díobh a bheith rannpháirteach
sna réimsí comhair atá i gceist.
AIRTEAGAL 6
Beidh Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua bainteach
le acquis Schengen a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh. Comhaontófar
ar nósanna imeachta iomchuí chuige sin i gComhaontú a
dhéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht
na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1,
a thabhairt i gcrích leis na Stáit sin. Cuimseoidh an Comhaontú
sin forálacha maidir le rannchuidiú na hÍoslainne agus
na hIorua le haon iarmhairtí airgeadais a thig ón bPrótacal
seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú
di d'aon toil, Comhaontú ar leith i gcrích leis an Íoslainn
agus an Iorua ar mhaithe le cearta agus oibleagáidí a bhunú
idir Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus
Thuaisceart Éireann de pháirt amháin, agus an Íoslainn
agus an Iorua de pháirt eile, i réimsí de acquis Schengen
a bhfuil feidhm acu maidir leis na Stáit sin.
AIRTEAGAL 7
Chun críocha na caibidlíochta chun Ballstáit nua a ligean
isteach san Aontas Eorpach, measfar gur acquis nach foláir do gach
Stát is iarrthóir glacadh leis ina iomláine acquis Schengen
agus bearta eile arna nglacadh ag na hinstitiúidí laistigh dá
raon feidhme.
18. PRÓTACAL
MAIDIR LE GNÉITHE ÁIRITHE D' AIRTEAGAL III-130 DEN BHUNREACHT
A CHUR I bhFEIDHM AR AN RÍOCHT AONTAITHE AGUS AR ÉIRINN
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht
Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,
AG FÉACHAINT do na socruithe speisialta taistil atá ann le blianta
fada idir an Ríocht Aontaithe agus Éire,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
D'ainneoin Airteagail III-130 agus III-265 den Bhunreacht, aon fhorála
eile den Bhunreacht, aon bhirt arna ghlacadh faoin mBunreacht nó aon
chomhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích
ag an Aontas nó ag an Aontas agus a Bhallstáit le tríú
Stát amháin nó níos mó, beidh an Ríocht
Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá
a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine
atá ag lorg iontráil sa Ríocht Aontaithe:
(a) d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun iontráil
sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh Ballstát, ag a gcleithiúnaithe
atá ag feidhmiú ceart arna dtabhairt le dlí an Aontais,
agus ag saoránaigh Stát eile ar tugadh cearta den sórt
sin dóibh le comhaontú atá ina cheangal ar an Ríocht
Aontaithe; agus
(b) d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine
eile iontráil sa Ríocht Aontaithe.
Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal III-130 ná in
Airteagal III-265 den Bhunreacht, ná in aon fhoráil eile den
Bhunreacht ná in aon bheart arna ghlacadh faoi, dochar do cheart na
Ríochta Aontaithe aon rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó
a fheidhmiú. Cuimseoidh tagairtí don Ríocht Aontaithe
san Airteagal seo críocha a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach
as a gcaidreamh seachtrach.
AIRTEAGAL 2
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint
de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht
daoine idir a gcríocha ("an Comhlimistéar Taistil"),
agus cearta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad
mhír d'Airteagal 1 á n-urramú go hiomlán acu.
Dá réir sin, fad a choimeádfaidh siad socruithe den sórt
sin ar bun, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phótacal
seo maidir le hÉirinn faoi na téarmaí céanna agus
faoi na coinníollacha céanna atá ann i gcás na
Ríochta Aontaithe. Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal
III-130 ná in Airteagal III-265 den Bhunreacht, ná in aon fhoráil
eile den Bhunreacht ná in aon bheart eile arna ghlacadh faoi, difear
d'aon socruithe den sórt sin.
AIRTEAGAL 3
Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a
fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe iontrála
ar a gcríocha ar dhaoine ag lorg iontráil ar a gcríocha
ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a
bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh eachtrach chun na gcríoch
céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó
ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1
den Phrótacal seo maidir le hÉirinn. Ní dhéanfaidh
aon ní in Airteagal III-130 ná in Airteagal III-265 den Bhunreacht,
ná in aon fhoráil eile den Bhunreacht ná in aon bheart
arna ghlacadh faoi, dochar do cheart na mBallstát eile rialuithe den
sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú.
AIRTEAGAL 4
Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir le gníomhartha
a fhanfaidh i bhfeidhm de bhua Airteagal IV-438 den Bhunreacht.
19. PRÓTACAL
MAIDIR LE SEASAMH NA RÍOCHTA AONTAITHE AGUS NA hÉIREANN I dTACA
LE BEARTAIS A BHAINEANN LE RIALUITHE AG TEORAINNEACHA, LE TEARMANN AGUS INIMIRCE
AGUS LE COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA, AGUS I dTACA
LE COMHAR PÓILÍNEACHTA
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht
Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,
AG FÉACHAINT don Phrótacal maidir le gnéithe áirithe
d'Airteagal III-130 den Bhunreacht a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe
agus ar Éirinn,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Ríocht Aontaithe
ná Éire rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle
bearta arna mbeartú de bhun Roinn 2 nó Roinn 3 de Chaibidil
IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht nó Airteagal III-260,
a mhéad a bhaineann an tAirteagal sin leis na réimsí
atá folaithe leis na Ranna sin, Airteagal III-263 nó Airteagal
III-275(2)(a) den Bhunreacht. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí
na Comhairle, seachas ionadaithe rialtais na Ríochta Aontaithe agus
na hÉireann, i gcás ghníomhartha na Comhairle nach foláir
a ghlacadh d'aon toil. Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach
cáilithe mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn
na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad
de dhaonra na mBallstát sin.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a
ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann. De mhaolú ar
an dara mír agus ar an tríú mír, nuair nach ar
thogra ón gCoimisiún ná ó Aire Gnóthaí
Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar
an tromlach cáilithe is gá mar 72% ar a laghad de chomhaltaí
na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha
a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát sin.
AIRTEAGAL 2
De dhroim Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 6, ní
bheidh aon fhoráil de Roinn 2 nó Roinn 3 de Chaibidil IV de
Theideal III de Chuid III den Bhunreacht nó d'Airteagal III-260 den
Bhunreacht, a mhéad a bhaineann an tAirteagal sin leis na réimsí
atá folaithe leis na Ranna sin, d'Airteagal III-263 nó d'Airteagal
III-275(2)(a) den Bhunreacht, aon bheart arna ghlacadh de bhun na Ranna nó
na nAirteagal sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta
arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun na Ranna nó na
nAirteagal sin ná aon bhreith de chuid Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhorála nó birt
den sórt sin ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar
Éirinn ná infheidhme iontu; agus ní dhéanfaidh
aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar
dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí
na Stát sin; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart
ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don
acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid
de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus ag an ndlí
sin maidir leis an Ríocht Aontaithe nó le hÉirinn.
AIRTEAGAL 3
1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra
a thabhairt i scríbhinn don Chomhairle, laistigh de thrí mhí
tar éis do thogra de bhun Roinn 2 nó Roinn 3 de Chaibidil IV
de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht nó do thogra nó
tionscnamh de bhun Airteagal III-263 nó Airteagal III-275(2)(a) den
Bhunreacht a a bheith tíolactha don Chomhairle, gur mian léi
bheith rannpháirteach le linn aon bheart den sórt sin arna bheartú
a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin, beidh an Stát sin
i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh. Beidh gá le haontoilíocht
chomhaltaí na Comhairle, seachas comhalta nach mbeidh fógra
den sórt sin tugtha aige, i gcás ghníomhartha na Comhairle
nach foláir a ghlacadh d'aon toil. Beidh beart arna ghlacadh faoin
mír seo ina cheangal ar na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach
ina ghlacadh. Leagfar síos le rialacháin Eorpacha nó
le cinntí Eorpacha arna nglacadh de bhun Airteagal 111-260 den Bhunreacht
na coinníollacha do rannpháirtíocht na Ríochta
Aontaithe agus na hÉireann sna meastacháin a bhaineann leis
an réimsí atá folaithe le Roinn 2 nó Roinn 3 de
Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht. Chun críocha
an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe mar 55% ar a laghad
de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit
rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát
sin.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a
ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstáit
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann. De mhaolú ar
an dara fomhír agus ar an tríú fomhír, nuair nach
ar thogra ón gCoimisiún ná ó Aire Gnóthaí
Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar
an tromlach cáilithe is gá mar 72% ar a laghad de chomhaltaí
na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha
a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát sin.
2. Mura féidir tar éis tréimhse réasúnta
beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht
na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann, féadfaidh
an Chomhairle beart den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal
1 gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó
na hÉireann. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 2.
AIRTEAGAL 4
Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire, tráth
ar bith tar éis do bheart a bheith glactha de bhun Roinn 2 nó
Roinn 3 de Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht nó
de bhun Airteagal III-263 nó Airteagal III-275(2)(a) den Bhunreacht,
fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún
gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh
feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear
in Airteagal III-420(1) den Bhunreacht.
AIRTEAGAL 5
Ní iompróidh Ballstát nach bhfuil faoi cheangal ag beart
arna ghlacadh de bhun Roinn 2 nó Roinn 3 de Chaibidil IV de Theideal
III de Chuid III den Bhunreacht nó de bhun Airteagal III-263 nó
Airteagal III-275(2)(a) den Bhunreacht aon iarmhairtí airgeadais a
ghabhfaidh leis an mbeart sin seachas costais riaracháin a thabhóidh
na hinstitiúidí, ach amháin má chinneann comhaltaí
uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon
toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
AIRTEAGAL 6
Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa
Phrótacal seo, go mbeidh beart arna ghlacadh de bhun Roinn 2 nó
Roinn 3 de Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht nó
de bhun Airteagal III-260 den Bhunreacht, a mhéad a bhaineann an tAirteagal
sin leis na réimsí atá folaithe leis na Ranna sin, nó
de bhun Airteagal III-263 nó Airteagal III-275(2)(a) den Bhunreacht
ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe nó ar Éirinn, beidh
feidhm ag forálacha ábhartha an Bhunreachta maidir leis an Stát
sin i ndáil leis an mbeart sin.
AIRTEAGAL 7
Beidh Airteagail 3 agus 4 gan dochar don Phrótacal maidir le acquis
Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh.
AIRTEAGAL 8
Féadfaidh Éire fógra a thabhairt i scríbhinn don
Chomhairle nach mian léi bheith faoi réir théarmaí
an Phrótacail seo a thuilleadh. Sa chás sin, ní bheidh
feidhm ag an bPrótacal seo maidir le hÉirinn a thuilleadh.
20. PRÓTACAL
MAIDIR LE SEASAMH NA DANMHAIRGE
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Ceannairí Stáit
nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól
na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann an 12 Nollaig 1992,
maidir le fadhbanna áirithe arna dtarraingt anuas ag an Danmhairg maidir
leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,
TAR ÉIS A THABHAIRT DÁ nAIRE seasamh na Danmhairge maidir le
saoránacht, le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,
leis an mbeartas cosanta agus le ceartas agus gnóthaí baile
mar atá sé leagtha síos i gCinneadh Dhún Éideann,
ÓS FEASACH DÓIBH go ndeanfaidh leanúint faoin mBunreacht
de na socruithe dlí a d'eascair ó Chinneadh Dhún Éideann
rannpháirtíocht na Danmhairge i réimsí tábhachtacha
den chomhar san Aontas a theorannú go suntasach agus gurb é
lár leas an Aontais iomláine an acquis a áirithiú
i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais,
ÓS MIAN LEO mar sin creat dlí a bhunú a thabharfaidh
rogha don Danmhairg a bheith rannpháirteach i nglacadh na mbeart arna
mbeartú ar bhonn Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht
agus ag fáiltiú dóibh roimh intinn na Danmhairge leas
a bhaint as an rogha sin nuair is féidir i gcomhréir lena riachtanais
bhunreachtúla,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach gcoiscfidh an Danmhairg na Ballstáit
eile ar a gcomhar a fhorbairt tuilleadh i ndáil le bearta nach bhfuil
ina gceangal ar an Danmhairg,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH an Phrótacail maidir le acquis
Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an mBunreacht:
CUID I
AIRTEAGAL 1
Ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an
Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Chaibidil IV de Theideal III
de Chuid III den Bhunreacht. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí
na Chomhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, i gcás
chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil. Chun
críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe mar 55%
ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit
rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na mBallstát
sin.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a
ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann. De mhaolú ar
an dara mír agus ar an tríú mír, nuair nach ar
thogra ón gCoimisiún ná ó Aire Gnóthaí
Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar
an tromlach cáilithe is gá mar 72% ar a laghad de chomhaltaí
na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha
a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát sin.
AIRTEAGAL 2
Ní bheidh aon fhoráil de Chaibidil IV de Theideal III de Chuid
III den Bhunreacht, aon bheart arna ghlacadh de bhun na Caibidle sin, aon
fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt
i gcrích ag an Aontas de bhun na Caibidle sin ná aon bhreith
de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú
aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Danmhairg
ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil,
beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith
d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Danmhairge;
agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh
den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail
ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí
an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir
leis an Danmhairg.
AIRTEAGAL 3
Ní iompróidh an Danmhairg aon iarmhairtí airgeadais a
ghabhfaidh le bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, seachas
costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí.
AIRTEAGAL 4
1. Cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí
tar éis do bheart a bheith glactha chun cur le acquis Schengen atá
folaithe le Cuid I, an gcuirfidh sí an beart sin chun feidhme ina dlí
náisiúnta. Má chinneann sí é sin a dhéanamh,
cruthóidh an beart sin oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta
idir an Danmhairg agus na Ballstáit eile a mbeidh an beart ina cheangal
orthu. Má chinneann an Danmhairg gan beart den sórt sin a chur
chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an beart sin ina
cheangal orthu agus an Danmhairg na bearta iomchuí a bheidh le glacadh
a mheas.
2. Coimeádfaidh an Danmhairg ar bun na cearta agus na hoibleagáidí
a bhí ann i dtaca le acquis Schengen roimh an gConradh ag bunú
Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm.
CUID II
AIRTEAGAL 5
I dtaca le bearta arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal I-41, Airteagal
III-295(1) agus Airteagail III-309 go III-313 den Bhunreacht, ní bhíonn
an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú ná i gcur
chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid
an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Dá bhrí
sin ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart
sin. Ní choiscfidh an Danmhairg na Ballstáit eile ar a gcomhar
a fhorbairt tuilleadh sa réimse sin. Ní bheidh d'iallach ar
an Danmhairg rannchuidiú le maoiniú an chaiteachais oibríochtúil
a thig ó na bearta sin, ná cumais mhíleata a chur ar
fáil don Aontas.
Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas
ionadaí rialtas na Danmhairge, do chinntí na Comhairle nach
foláir a ghlacadh d'aon toil.
Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe
mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn
na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad
de dhaonra na mBallstát sin.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a
ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
De mhaolú ar an tríú mír agus ar an gceathrú
mír, nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó
Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh
an Chomhairle, saineofar an tromlach cáilithe is gá mar 72%
ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit
rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát
sin.
CUID III
AIRTEAGAL 6
Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir le bearta atá
i bhfeidhm fós de bhua Airteagal IV-438 den Bhunreacht, a bhí
folaithe, roimh an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht
i bhfeidhm, leis an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá
i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag
bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
AIRTEAGAL 7
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le bearta ag cinneadh
na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh
víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha
na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta a bhaineann
le formáid chomhionann do víosaí.
IARSCRÍBHINN
AIRTEAGAL 1
Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach
nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Chaibidil
IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht. Beidh gá le haontoilíocht
ó chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na
Danmhairge, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a
ghlacadh d'aon toil.
Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe
mar 55% ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn
na Ballstáit rannpháirteacha a chuimsíonn 65% ar a laghad
de dhaonra na mBallstát sin.
Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála
an t-íoslíon ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a
ionadaíonn níos mó ná 35% de dhaonra na mBallstát
rannpháirteach, móide comhalta amháin; dá uireasa
sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
De mhaolú ar an dara mír agus ar an tríú mír,
nuair nach ar thogra ón gCoimisiún ná ó Aire Gnóthaí
Eachtracha an Aontais a ghníomhóidh an Chomhairle, saineofar
an tromlach cáilithe is gá mar 72% ar a laghad de chomhaltaí
na Comhairle a ionadaíonn na Ballstáit rannpháirteacha
a chuimsíonn 65% ar a laghad de dhaonra na Stát sin.
AIRTEAGAL 2
De bhua Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 6, ní
bheidh aon fhoráil de Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den
Bhunreacht, aon bheart arna ghlacadh de bhun na Caibidle sin, aon fhoráil
d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích
ag an Aontas de bhun na Caibidle sin ná aon bhreith de chuid Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhorála
nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Danmhairg ná
infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart
ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí,
cearta agus oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh
aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar
dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí
na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart
ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don
acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid
de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí
sin maidir leis an Danmhairg.
AIRTEAGAL 3
1. Féadfaidh an Danmhairg fógra a thabhairt i scríbhinn
d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis
do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de
bhun Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht, gur mian léi
bheith rannpháirteach le linn aon bheart den sórt sin arna bheartú
a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin beidh an Danmhairg i dteideal
bheith rannpháirteach amhlaidh.
2. Mura féidir tar éis tréimhse réasúnta
beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht
na Danmhairge, féadfaidh an Chomhairle an beart sin dá dtagraítear
i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht
na Danmhairge. Sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 2.
AIRTEAGAL 4
Féadfaidh an Danmhairg, tráth ar bith, tar éis do bheart
a bheith ghlactha de bhun Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht,
fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún
gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh
feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear
in Airteagal III-420(1) den Bhunreacht.
AIRTEAGAL 5
1. Tíolacfar fógra de bhun Airteagal 4 tráth nach déanaí
ná sé mhí tar éis do bheart a bheith glactha go
cinntitheach má tá an beart sin ag cur le acquis Schengen.
Mura dtíolacfaidh an Danmhairg fógra i gcomhréir le hAirteagal
3 nó Airteagal 4 maidir le beart chun cur le acquis Schengen, déanfaidh
na Ballstáit a mbeidh an beart sin ina cheangal orthu agus an Danmhairg
na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.
2. Fógra de bhun Airteagal 3 i ndáil le beart chun chur le acquis
Schengen, measfar go neamh-inchúlghairthe gur fógra é
de bhun Airteagal 3 i ndáil le haon togra nó tionscnamh eile
arb é is aidhm dó cur leis an mbeart sin a mhéad atá
an togra nó an tionscnamh sin ag cur le acquis Schengen.
AIRTEAGAL 6
Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa
Chuid seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Chaibidil
IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht ina cheangal ar an Danmhairg,
beidh feidhm ag na forálacha ábhartha den Bhunreacht maidir
leis an Danmhairg i ndáil leis an mbeart sin.