CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ
BUNREACHTA DON EORAIP
21. PRÓTACAL MAIDIR LE CAIDREAMH EACHTRACH NA mBALLSTÁT
I dTACA LE TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, AGUS AIRD Á TABHAIRT
ACU ar a riachtanaí atá sé do na Ballstáit rialuithe
éifeachtúla ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú,
i gcomhar le tríú tíortha nuair is iomchuí, TAR
ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Beidh na forálacha ar na bearta maidir le teorainneacha seachtracha
a thrasnú atá in Airteagal III-265(2)(b) den Bhunreacht gan
dochar d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a chaibidil nó
a thabhairt i gcrích le tríú tíortha fad a dhéanfaidh
siad dlí an Aontais agus comhaontuithe idirnáisiúnta
ábhartha eile a urramú.
22. PRÓTACAL MAIDIR LE TEARMANN DO NÁISIÚNAIGH
DE CHUID NA mBALLSTÁT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
DE BHRÍ, i gcomhréir le hAirteagal I-9(1) den Bhunreacht, go
n-aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail
atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha;
DE BHRÍ, de bhun Airteagal I-9(3) den Bhunreacht, go bhfuil na cearta
bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún
Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint
ina gcuid de dhlí an Aontais mar phrionsabail ghinearálta,
DE BHRÍ go bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go ndéanfaidh an
tAontas an dlí a urramú, agus Airteagal I-9(1) agus (3) den
Bhunreacht á léiriú agus á chur i bhfeidhm aige,
DE BHRÍ, de bhun Airteagal I-58 den Bhunreacht, nach foláir
d'aon Stát Eorpach, agus iarratas á dhéanamh aige chun
bheith ina chomhalta den Aontas, na luachanna atá leagtha amach in
Airteagal I-2 den Bhunreacht a urramú,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn Airteagal I-59
den Bhunreacht sásra chun cearta áirithe a fhionraí i
gcás go ndéanann Ballstát na luachanna sin a shárú
go tromchúiseach leanúnach,
AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil ag gach náisiúnach
de chuid Ballstáit, mar shaoránach den Aontas, stádas
agus cosaint speisialta a dhéanfaidh na Ballstáit a ráthú
i gcomhréir le forálacha Theideal II de Chuid I agus Theideal
II de Chuid III den Bhunreacht,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn an Bunreacht
limistéar gan teorainneacha inmheánacha agus go dtugann sé
do gach saoránach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí
faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,
ÓS MIAN LEO a chinntiú nach mbainfear leas as an tearmann chun
críoch atá contrártha leis na críocha ar ceapadh
chucu é,
DE BHRÍ go n-urramaíonn an Prótacal seo críochnaitheacht
agus cuspóirí Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil
1951 maidir le stádas dídeanaithe,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Ag féachaint do leibhéal na cosanta maidir le cearta agus saoirsí
bunúsacha a thugann Ballstáit an Aontais Eorpaigh, measfar gur
tíortha sábháilte tionscnaimh iad na Ballstáit
i leith a chéile fad a bhaineann le críocha dlí agus
críocha praiticiúla i ndáil le hábhair thearmainn.
Dá réir sin, ní fhéadfar aon iarratas ar thearmann
arna dhéanamh ag náisiúnach de chuid Ballstáit
a chur san áireamh ná ní fhéadfar a dhearbhú
go bhfuil sé inghlactha lena phróiseáil ag Ballstát
eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a) má dhéanann an Ballstát ar náisiúnach
de an t-iarratasóir, agus leas á bhaint aige as forálacha
Airteagal 15 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí
Bunúsacha a Chosaint, bearta a ghlacadh chun a oibleagáidí
faoin gCoinbhinsiún sin a mhaolú ar a chríoch;
(b) má tá tús curtha leis an nós imeachta dá
dtagraítear in Airteagal I-59(1) nó (2) den Bhunreacht, agus
go dtí go nglacfaidh an Chomhairle, nó, más iomchuí,
an Chomhairle Eorpach, cinneadh Eorpach ina leith sin i dtaca leis an mBallstát
ar náisiúnach de an t-iarratasóir;
(c) má tá cinneadh Eorpach glactha ag an gComhairle i gcomhréir
le hAirteagal I-59(1) den Bhunreacht i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach
de an t-iarratasóir, nó má tá cinneadh Eorpach
glactha ag an gComhairle Eorpach i gcomhréir le hAirteagal I-59(2)
den Bhunreacht i dtaca leis an mBallstát ar náisiúnach
de an t-iarratasóir;
(d) dá gcinnfeadh Ballstát amhlaidh go haontaobhach maidir leis
an iarratas ó náisiúnach de chuid Ballstáit eile;
sa chás sin, cuirfear an Chomhairle ar an eolas láithreach;
déileálfar leis an iarratas ar bhonn na toimhdean go bhfuil
sé go follasach gan bhunús, gan difear a dhéanamh ar
dhóigh ar bith, gan spleáchas do na cásanna, do chumhacht
cinnteoireachta an Bhallstáit.
23. PRÓTACAL MAIDIR LEIS AN mBUANCHOMHAR STRUCHTÚRTHA
ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL I-41(6) AGUS LE hAIRTEAGAL III-312 DEN BHUNREACHT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG FÉACHAINT d'Airteagal I-41(6) agus d'Airteagal III-312 den Bhunreacht,
AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil comhbheartas eachtrach agus slándála
á sheoladh ag an Aontas atá fothaithe ar chóineasú
méadaitheach ar ghníomhaíocht na mBallstát a ghnóthú;
AG MEABHRÚ DÓIBH gur cuid dhílis den chomhbheartas eachtrach
agus slándála an comhbheartas slándála agus cosanta;
go gcuireann sé cumas oibríochtúil ar fáil don
Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata;
go bhféadfaidh an t-Aontas na sócmhainní sin a úsáid
i mbun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal
III-309 den Bhunreacht lasmuigh den Aontas maidir leis an tsíochánaíocht,
coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta
a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún
Aontaithe; go gcuirfear na cúraimí sin i gcrích ag baint
úsáid as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit,
i gcomhréir le prionsabal na foinse aonair fórsaí.
AG MEABHRÚ DÓIBH nach ndéanann comhbheartas slándála
agus cosanta an Aontais dochar do cháilíocht shonrach bheartais
slándála agus cosanta Ballstát áirithe;
AG MEABHRÚ DÓIBH go n-urramaíonn comhbheartas slándála
agus cosanta an Aontais na hoibleagáidí a chineann ó
Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás na mBallstát sin a mheasann
go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an
Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith do chomhchosaint a cuid
comhaltaí, agus go bhfuil sé ag luí leis an gcomhbheartas
slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin;
AR A BHEITH DEARFA go rannchuideoidh ról níos teanntásaí
ag an Aontas i gcúrsaí slándála agus cosanta le
beogacht Chomhghuaillíochta Atlantaí athnuaite, i gcomhréir
leis na socraíochtaí dá ngairtear "Beirlín
Plus";
AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú go mbeidh
ar chumas an Aontais a chuid freagrachtaí sa chomhphobal idirnáisiúnta
a ghabháil ar láimh;
Á AITHINT DÓIBH go bhféadfaidh Eagraíocht na Náisiún
Aontaithe cúnamh a iarraidh ar an Aontas chun misin arna nglacadh ar
láimh faoi Chaibidil VI agus faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún
Aontaithe a chur chun feidhme go práinneach;
Á AITHINT DÓIBH go mbeidh ar na Ballstáit iarrachtaí
a dhéanamh i réimse na gcumas de bharr neartú ar an gcomhbheartas
slándála agus cosanta ;
ÓS FEASACH DÓIBH go mbeidh tréaniarracht ó na
Ballstáit i dtrácht ag gabháil le tosú ar chéim
nua i bhforbairt chomhbheartais Eorpaigh slándála agus cosanta;
AG MEABHRÚ DÓIBH a thábhachtaí atá sé
go mbeadh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais gafa go hiomlán
leis na himeachtaí a bhaineann le buanchomhar struchtúrtha;
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Beidh an buanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal
I-41(6) den Bhunreacht ar oscailt do gach Ballstát a ghabhfaidh ar
láimh, ó dháta an Conradh ag bunú Bunreachta don
Eoraip a theacht i bhfeidhm:
(a) iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun a chumais
cosanta a fhorbairt trína rannpháirtíochtaí náisiúnta
a fhorbairt agus trí bheith rannpháirteach, nuair is iomchuí,
i bhfórsaí ilnáisiúnta, sna príomhchláir
Eorpacha trealaimh agus i ngníomhaíocht na Gníomhaireachta
a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar
agus le harmálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint), agus
(b) an cumas a bheith aige faoi 2007 ar a dhéanaí, bíodh
sé ar leibhéal náisiúnta nó mar chomhbhall
de ghrúpaí ilnáisiúnta d'fhórsaí,
spriocaonaid chomhraic a chur ar fáil do na misin phleanáilte,
a bheidh struchtúrtha ar leibhéal na hoirbheartaíochta
mar chathghrúpa, a mbeidh eilimintí tacaíochta acu lena
n-áirítear iompar agus lóistíocht, a bheidh in
ann na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal III-309
a chur i gcrích laistigh de thréimhse cúig go tríocha
lá, go háirithe chun freagairt d'iarrataí ó Eagraíocht
na Náisiún Aontaithe, agus a fhéadfar a choimeád
ar bun ar feadh tréimhse tosaigh 30 lá agus leanúint
leo ar feadh 120 lá ar a laghad.
AIRTEAGAL 2
D'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal
1 a bhaint amach, gabhfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach
sa bhuanchomhar struchtúrtha ar láimh :
(a) comhoibriú, amhail ón gConradh ag bunú Bunreachta
don Eoraip a theacht i bhfeidhm, d'fhonn cuspóirí formheasta
a bhaint amach maidir le leibhéal an chaiteachais infheistíochta
ar threalamh cosanta, agus na cuspóirí sin a athbhreithniú
go tráthrialta i bhfianaise thimpeallacht na slándála
agus fhreagrachtaí idirnáisiúnta an Aontais;
(b) a ngairis cosanta a chur in oiriúint dá chéile oiread
agus is féidir, go háirithe trí bhíthin sainaithint
a riachtanas míleata a chomhchuibhiú, a meáin agus a
gcumais cosanta a chomhthiomsú, agus, nuair is iomchuí, speisialtóireacht
a dhéanamh orthu, agus taobhú leis an gcomhar i réimsí
na hoiliúna agus na lóistíochta;
(c) bearta táigiúla a ghlacadh chun infhaighteacht, idir-inoibritheacht,
solúbthacht agus inimscarthacht a gcuid fórsaí a fheabhsú,
go háirithe trí chomhchuspóirí a shainaithint
maidir le fórsaí a sholáthar, lena bhféadfaí
athbhreithniú ar a nósanna imeachta náisiúnta
cinnteoireachta a áireamh;
(d) comhoibriú chun a áirithiú go nglacfaidh siad na
bearta is gá, lena n-áirítear trí chur chuige
ilnáisiúnta agus gan dochar do na gealltanais ina leith sin
laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, chun na heasnaimh
arna suíomh faoi chuimsiú an "tSásra Forbartha Cumais"
a shlánú;
(e) páirt a ghlacadh, nuair is iomchuí, i bhforbairt mórchlár
compháirteach trealaimh nó mórchlár Eorpach trealaimh
faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.
AIRTEAGAL 3
Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint le measúnú
tráthrialta ar rannpháirtíochtaí na mBallstát
rannpháirteach i dtaca le cumais, go háirithe na rannpháirtíochtaí
arna ndéanamh i gcomhréir leis na critéir a bhunófar
inter alia ar bhonn Airteagal 2, agus déanfaidh sí tuarascáil
air ar a laghad uair sa bhliain. Féadfar an measúnú sin
a úsáid mar bhonn do mholtaí agus do chinntí Eorpacha
ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal III-312
den Bhunreacht.
24. PRÓTACAL MAIDIR LE hAIRTEAGAL I-41(2) DEN BHUNREACHT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH an gá atá ann forálacha
Airteagal I-41(2) den Bhunreacht a chur chun feidhme go hiomlán,
AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH nach ndéanfaidh beartas an
Aontais i gcomhréir le hAirteagal I-41(2) den Bhunreacht dochar do
cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta
Ballstát áirithe, agus go n-urramóidh sé na hoibleagáidí
a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát
áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht
Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, agus go mbeidh sé ag luí leis
an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa
chreat sin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Tarraingeoidh an tAontas suas, i dteannta le hAontas Iarthar na hEorpa, socruithe
maidir le comhar feabhsaithe eatarthu.
25. PRÓTACAL MAIDIR LE hALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS
EORPACH AR THÁIRGÍ PEITRILIAM ARNA SCAGADH IN AINTILLÍ
NA hÍSILTÍRE
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO cruinneas a bheith ag baint leis na socruithe trádála
is infheidhme maidir le hallmhairiú isteach san Aontas Eorpach ar tháirgí
peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Tá an Prótacal seo infheidhme maidir leis na táirgí
peitriliam faoi cheannteidil 27.10, 27.11, 27.12 (céir phairifín
agus céir pheitriliam), ex 27.13 (iarmhair phairifíneacha) agus
27.14 (céir scealla) san Ainmníocht Chomhcheangailte a allmhairítear
lena gcur in úsáid sna Ballstáit.
AIRTEAGAL 2
Gabhann na Ballstáit orthu féin go dtabharfar do tháirgí
peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre na buntáistí
taraife a thagann dá gcomhlachú leis an Aontas, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear sa Phrótacal seo. Beidh feidhm leis na
forálacha sin, cibé rialacha i dtaobh tionscnamh earraí
a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 3
1. Nuair a shonróidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát
nó uaidh féin, go bhfuil an t-allmhairiú isteach san
Aontas ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí
na hÍsiltíre, faoin socrú dá bhforáiltear
in Airteagal 2, ag tarraingt deacra iarbhír ar mhargadh Ballstáit
nó Ballstát, glacfaidh sé cinneadh Eorpach lena mbunófar
go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na dleachtanna custaim
is inchurtha ar na hallmhairí sin a thabhairt isteach, a mhéadú
nó a atabhairt isteach, a mhéad is gá agus don tréimhse
is gá chun freagairt don chor sin. Ní fhéadfaidh rátaí
na ndleachtanna custaim a thabharfar isteach, a mhéadófar nó
a atabharfar isteach amhlaidh bheith níos mó ná rátaí
na ndleachtanna custaim is infheidhme i leith tríú tíortha
i gcás na dtáirgí céanna.
2. Féadfar na forálacha atá leagtha síos i mír
1 a chur i bhfeidhm i ngach cás nuair a shroichfidh a n-allmhaireofar
isteach san Aontas de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí
na hÍsiltíre dhá mhilliún tona sa bhliain.
3. Cuirfear i bhfios don Chomhairle na cinntí Eorpacha a ghlac an Coimisiún
de bhua mhíreanna 1 agus 2, lena n-áirítear na cinntí
a bhéarfadh go ndiúltófaí don iarratas ó
Bhallstát. Féadfaidh an Chomhairle gníomhú ina
leith ar iarratas ó gach Ballstát agus féadfaidh sí
i gcónaí cinneadh Eorpach a ghlacadh chun cinntí den
sórt sin a leasú nó a chúlghairm.
AIRTEAGAL 4
1. Má mheasann Ballstát go bhfuil allmhairiú táirgí
peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, go
díreach nó trasna Ballstáit eile, faoin socrú
dá bhforáiltear in Airteagal 2, ag tarraingt deacra iarbhír
ar a mhargadh agus gur gá gníomhú láithreach chun
freagairt dóibh, féadfaidh sé a chinneadh uaidh féin
ar dhleachtanna custaim a chur ar na hallmhairí sin nach mbeidh a rátaí
níos mó ná rátaí na ndleachtanna custaim
is infheidhme i leith tríú tíortha i gcás na dtáirgí
céanna. Cuirfidh sé an cinneadh sin i bhfios don Choimisiún
agus laistigh de thréimhse míosa glacfaidh an Coimisiún
cinneadh Eorpach lena mbunófar cé acu a bhféadfar cloí
leis na bearta a ghlac an Stát nó a ndlífear iad a leasú
nó a chealú. Beidh Airteagal 3(3) infheidhme maidir le cinneadh
sin an Choimisiúin.
2. I gcás a n-allmhaireofar de tháirgí peitriliam arna
scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, go díreach nó
trasna Ballstáit eile faoin socrú dá bhforáiltear
in Airteagal 2, isteach i mBallstát amháin nó níos
mó a dhul, i rith bliana féilire, thar na tonnáistí
a thaispeántar in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal
seo, measfar na bearta a bheadh le glacadh de bhun mhír 1 ag an mBallstát
nó ag na Ballstáit sin don bhliain reatha a bheith ina mbearta
bailí. Déanfaidh an Coimisiún, ar a bheith deimhin de
gur sroicheadh na tonnáistí socraithe, na bearta a glacadh a
thabhairt dá aire. Sa chás sin, ní chuirfidh na Ballstáit
eile aon iarratas faoi bhráid na Comhairle.
AIRTEAGAL 5
Má chinneann an tAontas ar shrianta cainníochtúla a chur
i bhfeidhm ar allmhairiú táirgí peitriliam ó gach
áit, féadfar na srianta sin a chur i bhfeidhm chomh maith ar
allmhairiú na dtáirgí sin ó Aintillí na
hÍsiltíre. Sa chás sin déanfar cóir fhabhrach
i gcomparáid le tríú tíortha a áirithiú
d'Aintillí na hÍsiltíre.
AIRTEAGAL 6
1. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil
tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún,
Airteagail 2 go 5 a leasú, ar chomhshainiú tionscnaimh a ghlacadh
i gcás na dtáirgí peitriliam ó thríú
tíortha agus ó tíortha comhlachaithe nó ar chinntí
a ghlacadh faoi chuimsiú comhbheartais tráchtála do na
táirgí atá i gceist nó ar chomhbheartas fuinnimh
a bhunú.
2. Ach, nuair a dhéanfar leasú amhlaidh, déanfar i ngach
cás buntáistí coibhéiseacha a choinneáil
ar bun i leith Aintillí na hÍsiltíre i bhfoirm iomchuí
agus le haghaidh cainníochta nach lú ná dhá mhilliún
go leith tona de tháirgí peitriliam.
3. Féadfar oibleagáidí an Aontais maidir leis na buntáistí
coibhéiseacha dá dtagraítear i mír 2 a chionroinnt,
más gá sin, idir na Stáit, agus na tonnáistí
a thaispeántar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal
seo á gcur san áireamh.
AIRTEAGAL 7
Chun an Prótacal seo a chomhall, beidh de chúram ar an gCoimisiún
faire a choimeád ar a mbeidh á n-allmhairú isteach sna
Ballstáit de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí
na hÍsiltíre. Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis
fhóinteach ina leith sin a chur in iúl don Choimisiún,
a áiritheoidh go dtabharfar leathantas di, ar na modhanna riarthacha
a mholfaidh sé.
IARSCRÍBHINN
Chun go gcuirfear i ngníomh Airteagal 4(2), tá na hArdpháirtithe
Conarthacha tar éis a chinneadh go ndéanfar dhá mhilliún
tona de tháirgí peitriliam ó na hAintillí a chionroinnt
mar a leanas idir na Ballstáit seo a leanas:
An Ghearmáin 625 000 tona
Aontas Eacnamaíochta na Beilge-Lucsamburg 200 000 tona
An Fhrainc 75 000 tona
An Iodáil 100 000 tona
An Ísiltír 1 000 000 tona
26. PRÓTACAL MAIDIR LE MAOIN A FHÁIL SA DANMHAIRG
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an
Danmhairg a réiteach,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
D'ainneoin fhorálacha an Bhunreachta, féadfaidh an Danmhairg
a cuid reachtaíochta atá ann cheana a choimeád ar bun
maidir le háit chónaithe thánaisteach a fháil.
27. PRÓTACAL MAIDIR LEIS AN gCÓRAS CRAOLACHÁIN PHOIBLÍ
SNA BALLSTÁIT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
DE BHRÍ go bhfuil baint dhíreach ag an gcóras craolacháin
phoiblí sna Ballstáit leis na riachtanais dhaonlathacha, shóisialta
agus chultúrtha atá ag gach sochaí agus an riachtanas
atá le hiolrachas sna meáin a chaomhnú,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha léiriúcháin
seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta
don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Beidh forálacha an Bhunreachta gan dochar d'inniúlacht na mBallstát
foráil a dhéanamh maidir le craolachán seirbhíse
poiblí a mhaoiniú a mhéad a thugtar maoiniú den
sórt sin d'eagraíochtaí craolacháin chun cúram
na seirbhíse poiblí a chomhall mar atá tugtha, sainithe
agus eagraithe ag gach Ballstát, agus a mhéad nach ndéanann
an maoiniú sin difear do dhálaí trádála
agus iomaíochta san Aontas go feadh méid a bheadh contrártha
leis an gcomhleas, agus aird á tabhairt ar réadú chúram
na seirbhíse poiblí sin.
28. PRÓTACAL MAIDIR LE hAIRTEAGAL III-214 DEN BHUNREACHT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
Chun críocha Airteagal III-214 den Bhunreacht, ní mheasfar mar
phá sochair de bhun córas gairmiúil slándála
sóisialta más féidir agus a mhéad is féidir
iad a chur i leith tréimhsí fostaíochta roimh an 17 Bealtaine
1990, seachas i gcás oibrithe nó a gcleithiúnaithe a
bheidh tar éis caingean nó éileamh is comhionann léi
a thionscnamh roimh an dáta sin de réir an dlí náisiúnta
is infheidhme.
29. PRÓTACAL MAIDIR LE COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH,
SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG MEABHRÚ DÓIBH go luann Airteagal I-3 den Bhunreacht an cuspóir
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur
chun cinn agus
go bhfuil an comhtháthú a dúradh ar cheann de na réimsí
ina bhfuil inniúlacht arna roinnt san Aontas atá liostaithe
in Airteagal I-14(2)(c) den Bhunreacht,
AG MEABHRÚ DÓIBH go soláthraíonn forálacha
Roinn 3 de Chaibidil III de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht maidir
le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
ina n-iomláine bonn dlíthiúil le gníomhaíocht
an Aontais sa réimse seo a chomhdhlúthú agus a fhorbairt
níos mó, lena n-áirítear ciste a chur ar bun,
AG MEABHRÚ DÓIBH go mbeartaíonn Airteagal III-223 den
Bhunreacht Ciste Comhtháthaithe a chur ar bun,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil suimeanna móra,
agus iad ag dul i méid, á dtabhairt ar iasacht ag an mBanc Eorpach
Infheistíochta chun leas na réigiún is boichte,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i mbreis solúbthachta
le haghaidh rialacha mionsonraithe um chionrannta ó na cistí
strúchtúracha,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i leibhéil
rannpháirtíocht an Aontais i gcláir agus i dtionscadail
i mBallstáit áirithe a mhodhnú,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an togra ráthúlacht
choibhneasta Bhallstát a chur san áireamh níos mó
sa chóras acmhainní dílse,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
1. Athdhaingníonn na Ballstáit go bhfuil cur chun cinn an chomhtháthaithe
eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh sár-riachtanach
do lánfhorbairt agus do rath marthanach an Aontais.
2. Athdhaingníonn na Ballstáit a n-áitiús gur
chóir go leanfadh na cistí struchtúracha de pháirt
thábhachtach a imirt i ngnóthú chuspóirí
Aontais i réimse an chomhtháthaithe.
3. Athdhaingníonn na Ballstáit a n-áitiús gur
chóir go leanfadh an Banc Eorpach Infheistíochta den chuid is
mó dá acmhainní a chur i leith comhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn
agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht riachtanais chaipitil an Bhainc
Eorpaigh Infheistíochta a athbhreithniú a luaithe a bheidh gá
leis sin chun na críche sin.
4. Comhaontaíonn na Ballstáit go solathróidh an Ciste
Comhtháthaithe ranníocaíochtaí airgeadais Aontais
le haghaidh tionscadal i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán
traseorpach i mBallstáit ag a bhfuil OTN in aghaidh an duine níos
lú ná 90% den mheán Aontais agus ag a bhfuil clár
chun na coinníollacha do chóineasú eacnamaíoch
mar atá siad leagtha amach in Airteagal III-184 den Bhunreacht a chomhall.
5. Dearbhaíonn na Ballstáit a n-intinn lamháil níos
mó solúbthachta a cheadú chun maoiniú ó
na Cistí Struchtúracha a chionroinnt ar riachtanais shonracha
nach bhfolaítear faoi rialacháin láithreacha na gCistí
Struchtúracha.
6. Dearbhaíonn na Ballstáit a bhfonnmhaireacht leibhéil
rannpháirtíochta an Aontais a mhodhnú i gcomhthéacs
chláir agus thionscadail na gCistí Struchtúracha d'fhonn
méaduithe iomarcacha i gcaiteachas buiséadach na mBallstát
is lagrathúla a sheachaint.
7. Aithníonn na Ballstáit gur gá faireachán a
dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn ionsar an gcomhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú
agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht staidéar a dhéanamh
ar gach beart is gá ina leith sin.
8. Dearbhaíonn na Ballstáit a n-intinn aird níos mó
a thabhairt ar chumas ranníocaíochta na mBallstát leithleach
sa chóras acmhainní dílse agus modhanna a scrúdú
a cheartódh i gcás na mBallstát is lagrathúla
eilimintí cúlchéimnitheacha atá sa chóras
láithreach acmhainní dílse.
30. PRÓTACAL AR SHOCRUITHE SPEISIALTA DON GHRAONLAINN
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL AONAIR
1. An chóir a thugtar, ar a n-allmhairiú isteach san Aontas,
do tháirgí atá faoi réir ag comheagraíocht
an mhargaidh do tháirgí iascaireachta agus ar de thionscnamh
na Graonlainne iad, beidh ar áireamh inti, agus sásra chomheagraíocht
an mhargaidh á chomhlíonadh, díolúine ó
dhleachtanna custaim agus ó mhuirir chomhéifeachta agus saoirse
ó shrianta cainníochtúla agus bearta comhéifeachta,
más sásúil don Aontas na deiseanna rochtana ar limistéir
iascaireachta na Graonlainne a dheonófar don Aontas de bhun comhaontú
idir an tAontas agus an t-údarás is freagrach as an nGraonlainn.
2. Glacfar na bearta a bhaineann leis na socruithe d'allmhairiú na
dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 de réir
na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-231
den Bhunreacht.
31. PRÓTACAL MAIDIR LE hAIRTEAGAL 40.3.3 DE BHUNREACHT NA hÉIREANN
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis
an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
AIRTEAGAL AONAIR
Ní dhéanfaidh aon ní sa Chonradh ag bunú Bunreachta
don Eoraip ná sna Conarthaí agus sna hIonstraimí a dhéanann
é a leasú nó a fhorlíonadh aon difear d'Airteagal
40.3.3. de Bhunreacht na hÉireann do chur chun feidhme in Éirinn.
32. PRÓTACAL A BHAINEANN LE hAIRTEAGAL I-9(2) DEN BHUNREACHT
MAIDIR LEIS AN AONTAS A AONTÚ DON CHOINBHINSIÚN EORPACH CHUN
CEARTA AN DUINE AGUS SAOIRSÍ BUNÚSACHA A CHOSAINT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, TAR ÉIS COMHAONTÚ
ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh
ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Forálfar sa chomhaontú a bhaineann leis an Aontas aontú
don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí
Bunúsacha a Chosaint (dá ngairtear "Coinbhinsiún
Eorpach" anseo feasta) dá bhforáiltear in Airteagal I-9(2)
den Bhunreacht, go ndéanfar sainairíonna an Aontais agus dhlí
Aontais a chaomhnú, go háirithe maidir leis:
(a) na socruithe speisialta le haghaidh rannpháirtíocht ionchasach
an Aontais i gcomhlachtaí rialaithe an Choinbhinsiúin Eorpaigh;
(b) na sásraí is gá chun a áirithiú go
ndéanfar imeachtaí arna dtabhairt ag Stáit nach Ballstáit
iad agus iarratais leithleacha a dhíriú chuig na Ballstáit
agus/nó an Aontas, de réir mar is iomchuí.
AIRTEAGAL 2
Áiritheoidh an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal
1 nach ndéanfaidh aontachas an Aontais difear d'inniúlachtaí
an Aontais ná do chumhachtaí a chuid institiúidí.
Áiritheoidh sé nach ndéanfaidh aon ní ann difear
do staid na mBallstát i ndáil leis an gCoinbhinsiún Eorpach,
go háirithe i ndáil leis na Prótacail atá i gceangal
leis, le bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de mhaolú ar an
gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 15 de agus le
forchoimeádais arna ndéanamh ag na Ballstáit maidir leis
an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 57 de.
AIRTEAGAL 3
Ní dhéanfaidh aon ní sa chomhaontú dá dtagraítear
in Airteagal 1 difear d'Airteagal III-375(2) den Bhunreacht.
33. PRÓTACAL MAIDIR LEIS NA hIONSTRAIMÍ AGUS NA CONARTHAÍ
A RINNE AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH AGUS AN CONRADH
AR AN AONTAS EORPACH A FHORLÍONADH NÓ A LEASÚ
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
DE BHRÍ go n-aisghaireann Airteagal IV-437(1) den Bhunreacht an Conradh
ag bunú an Chomphobail Eorpaigh agus an Conradh ar an Aontas Eorpach
mar aon leis na hIonstraimí agus na Conarthaí a rinne iad a
fhorlíonadh nó a leasú,
DE BHRÍ nach mór liosta a dhéanamh de na hionstraimí
agus na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal IV-437(1),
DE BHRÍ gur chóir substaint Airteagal 9(7) de Chonradh Amstardam
a ionchorprú,
AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil Ionstraim an 20 Meán Fómhair
1976 maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil
chomhchoiteann dhíreach le fanacht i bhfeidhm,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis
an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
AIRTEAGAL 1
1. Aisghairtear leis seo na hIonstraimí agus na Conarthaí seo
a leanas a rinne an Conradh ag bunú an Chomphobail Eorpaigh a fhorlíonadh
nó a leasú:
(a) Prótacal an 8 Aibreán 1965 ar phribhléidí
agus díolúintí na gComhphobal Eorpach atá i gceangal
leis an gConradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair
(IO 152, 13.7.1967, lch. 13);
(b) Conradh an 22 Aibreán 1970 a leasaíonn forálacha
buiséadachta áirithe de na Conarthaí ag bunú na
gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus
Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha (IO L 2, 2.1.1971, lch.
1);
(c) Conradh an 22 Iúil 1975 a leasaíonn forálacha áirithe
airgeadais de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus
den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair
de na Comhphobail Eorpacha (IO L 359, 31.12.1977, lch. 4);
(d) Conradh an 10 Iúil 1975 ag leasú forálacha áirithe
den Phrótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (IO
L 91, 6.4.1978, lch. 1);
(e) Conradh an 13 Márta 1984 ag leasú, maidir leis an nGraonlainn,
na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (IO L 29, 1.2.1985,
lch. 1);
(f) Ionstraim Eorpach Aonair an 17 Feabhra 1986 agus an 28 Feabhra 1986 (IO
L 169, 29.6.1987, lch. 1);
(g) Ionstraim an 25 Márta 1993 ag leasú an Phrótacail
ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta tríd an mBord Gobharnóirí
a chumhachtú Ciste Eorpach Infheistíochta a bhunú (IO
L 173, 7.7.1994, lch. 14);
(h) Cinneadh 2003/223/CE an 21 Márta 2003 ón gComhairle, ag
teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit
nó Rialtais, maidir le hAirteagal 10.2 de Reacht an Chórais
Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a leasú (IO
L 83, 1.4.2003, lch. 66).
2. Aisghairtear leis seo Conradh Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997
ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag
bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe
(IO C 340, 10.11.1997, lch. 1).
3. Aisghairtear leis seo Conradh Nice an 26 Feabhra 2001 ag leasú an
Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal
Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe (IO C 80, 10.3.2001,
lch. 1).
AIRTEAGAL 2
1. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal III-432 den Bhunreacht agus Airteagal
189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
glacfaidh ionadaithe Rialtais na mBallstát de chomhthoil na forálacha
is gá d'fhonn déileáil le fadhbanna áirithe a
bhaineann go sonrach le hArd-Diúcacht Lucsamburg agus a éiríonn
ó Chomhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail
Eorpacha a chruthú.
2. Fanfaidh an Ionstraim maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa
trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá
i gceangal le Cinneadh ón gComhairle 76/787/CEGC, CEE, Euratom (IO
L 278, 8.10.1976, lch. 1), i bhfeidhm faoi mar atá sé tráth
an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm. Chun
é a chur in oiriúint don Bhunreacht, leasaítear an Ionstraim
sin mar a leanas:
(b) Scriostar Airteagal 1(3).
(b) Ní bhaineann an leasú seo leis an téacs Gaeilge.
(c) In Airteagal 6(2) scriostar "8 Aibreán 1965" agus cuirtear
"an Aontais Eorpaigh" in ionad "na gComhphobal Eorpach".
(d) Sa dara fleasc d'Airteagal 7(1) cuirtear "den Choimisiún Eorpach"
in ionad "de Choimisiún na gComhphobal Eorpach".
(e) Sa tríú fleasc d'Airteagal 7(1) cuirtear "i gCúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh" in ionad "i gCúirt
Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach nó sa Chúirt Chéadchéime".
(f) Sa chúigiú fleasc d'Airteagal 7(1) cuirtear "den Chúirt
Iniúchóirí" in ionad "de Chúirt Iniúchóirí
na gComhphobal Eorpach".
(g) Sa séú fleasc d'Airteagal 7(1), cuirtear "an tOmbudsman
Eorpach" in ionad "Ombudsman na gComhphobal Eorpach".
(h) Sa seachtú fleasc d'Airteagal 7(1), cuirtear "an Aontais Eorpaigh"
in ionad "Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail
Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach".
(i) Sa naoú fleasc d'Airteagal 7(1), cuirtear "de bhun an Chonartha
ag bunú Bunreachta don Eoraip agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail
Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach" in ionad "de bhun na gConarthaí
ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail
Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach"; agus cuirtear "de chuid an Aontais
" in ionad "de chuid na gComhphobal".
(j) San aonú fleasc déag d'Airteagal 7(1), cuirtear "d'institiúidí,
de chomhlachtaí, d'oifigí nó de ghníomhaireachtaí
an Aontais" in ionad "d'institiúidí na gComhphobal
Eorpach nó de na sainchomhlachtaí a ghabhann leo nó den
Bhanc Cheannais Eorpach".
(k) Déantar pointí (a) go (k) faoi seach de na fleasca d'Airteagal
7(1).
(l) Déantar pointí (a) agus (b) faoi seach de na fleasca sa
dara fomhír d'Airteagal 7(2).
(m) Sa dara fomhír d'Airteagal 11(2), cuirtear "san Aontas"
in ionad "sa Chomhphobal"; cuirtear "cinneadh Eorpach a ghlacadh
lena socrófar tréimhse eile toghchánaíochta "
in ionad "tréimhse eile toghchánaíochta a shocrú";
agus cuirtear "na chéad fhomhíre" in ionad "na
fomhíre roimhe seo".
(n) In Airteagal 11(3), cuirtear "gan dochar d'Airteagal III-336 den
Bhunreacht" in ionad "gan dochar d'Airteagal 139 den Chonradh ag
bunú an Chomhphobail Eorpaigh".
(o) In Airteagal 14, cuirtear "ar thionscnamh" in ionad "ar
thogra" agus cuirtear "na rialacháin Eorpacha nó na
cinntí Eorpacha is gá a ghlacadh" in ionad "na bearta
sin a ghlacadh".