Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

Prótacail | 1-3 | 4 | 5-7 | 8 | 9(a) | 9(b) | 10-20 | 21-33 | 34-36 | Iarscríbhinn I & II

PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP

34. PRÓTACAL MAIDIR LEIS NA FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA A BHAINEANN LE hINSTITIÚIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ AN AONTAIS

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, d'fhonn an trasdul a eagrú ón Aontas Eorpach arna bhunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach go dtí an tAontas Eorpach arna bhunú leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip is comharba orthu, gur gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos a mbeidh feidhm acu sula ngabhfaidh lánéifeacht le forálacha uile na Bunreachta agus leis na hionstraimí is gá dá gcur chun feidhme,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

TEIDEAL 1
FORÁLACHA A BHAINEANN LE PARLAIMINT NA hEORPA

AIRTEAGAL 1
1. I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal I-20(2) den Bhunreacht, glacfaidh an Chomhairle Eorpach, cinneadh Eorpach lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, tamall fada go leor roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i 2009.

2. Ar feadh an téarma pharlaimintigh 2004-2009, fanfaidh comhdhéanamh agus líon na n-ionadaithe arna dtoghadh do Pharlaimint na hEorpa i ngach Ballstát mar atá siad ar dháta an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm, agus is mar a leanas líon na n-ionadaithe:
An Bheilg 24
Poblacht na Seice 24
An Danmhairg 14
An Ghearmáin 99
An Eastóin 6
An Ghréig 24
An Spáinn 54
An Fhrainc 78
Éire 13
An Iodáil 78
An Chipir 6
An Laitvia 9
An Liotuáin 13
Lucsamburg 6
An Ungáir 24
Málta 5
An Ísiltír 27
An Ostair 18
An Pholainn 54
An Phortaingéil 24
An tSlóivéin 7
An tSlóvaic 14
An Fhionlainn 14
An tSualainn 19
An Ríocht Aontaithe 78

TEIDEAL II
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS LEIS AN gCOMHAIRLE

AIRTEAGAL 2
1. Forálacha Airteagal I-25(1), (2) agus (3) den Bhunreacht maidir leis an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle a shainiú, gabhfaidh éifeacht leo an 1 Samhain 2009, tar éis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i 2009 a chomóradh, i gcomhréir le hAirteagal I-20(2) den Bhunreacht.
2. Fanfaidh na forálacha seo a leanas i bhfeidhm go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2009, gan dochar d'Airteagal I-25(4) den Bhunreacht.

Le haghaidh gníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:
An Bheilg 12
Poblacht na Seice 12
An Danmhairg 7
An Ghearmáin 29
An Eastóin 4
An Ghréig 12
An Spáinn 27
An Fhrainc 29
Éire 7
An Iodáil 29
An Chipir 4
An Laitvia 4
An Liotuáin 7
Lucsamburg 4
An Ungáir 12
Málta 3
An Ísiltír 13
An Ostair 10
An Pholainn 27
An Phortaingéil 12
An tSlóivéin 4
An tSlóvaic 7
An Fhionlainn 7
An tSualainn 10
An Ríocht Aontaithe 29


Glacfar gníomhartha má bhíonn 232 vóta ar a laghad i bhfabhar atá in ionannas le tromlach de na comhaltaí nuair is gá faoin mBunreacht iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 232 vóta i bhfabhar atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí. Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó comhalta den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacann an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh trí thromlach cáilithe, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh.
3. Tráth gach aontachais iardain, déanfar an tairseach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ionas nach mó an tairseach le haghaidh tromlaigh cháilithe arna shonrú i vótaí ná an tairseach a thig ón tábla sa Dearbhú maidir le méadú an Aontais Eorpaigh atá in Ionstraim Chríochnaitheach na Chomhdhála a ghlac Conradh Nice.
4. Gabhfaidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas an 1 Samhain 2009:
- Airteagal I-44(3), an tríú fomhír, an ceathrú fomhír agus an cúigiú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal I-59(5), an dara fomhír agus an tríú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal I-60(4), an dara fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-179(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-184(6), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-184(7), an tríu fomhír agus an ceathrú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-194(2), an dara fomhír agus an tríú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-196(3), an dara fomhír agus an tríú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-197(4), an dara fomhír agus an tríú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-198(2), an tríú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-312(3), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal III-312(4) an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, den Bhunreacht,
- Airteagal 1, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, agus Airteagal 3(1), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca le beartais a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha, le tearmann agus inimirce, agus leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta, agus i dtaca leis an gcomhar póilíneachta,
- Airteagal 1, an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír, agus Airteagal 5, an tríú mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír, den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2009, nuair nach nglacann comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, is é sin sna cásanna dá dtagraítear sna hAirteagail atá luaite sa chéad fhomhír, saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de chomhaltaí na Comhairle agus, más iomchuí, an céatadán céanna de dhaonra na mBallstát i dtrácht, agus atá leagtha síos i mír 2.


AIRTEAGAL 3
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal I-24(4) den Bhunreacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos in Airteagal I-24(2) agus (3) agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh Eorpach ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

TEIDEAL III
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOIMISIÚN, LENA nÁIRÍTEAR AIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA AN AONTAIS

AIRTEAGAL 4
Na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i seilbh oifige ar an dáta a thiocfaidh an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i bhfeidhm, fanfaidh siad i seilbh oifige go dtí deireadh a dtéarma oifige. Ar a shon sin, an lá a cheapfar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

TEIDEAL IV
FORÁLACHA A BHAINEANN LE hARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE, ARDIONADAÍ DON CHOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA, AGUS LE LEAS-ARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE

AIRTEAGAL 5
Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas eachtrach agus slándála, agus le téarma oifige Leas-Ardrúnaí na Comhairle ar an dáta a thiocfaidh an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i bhfeidhm. Ceapfaidh an Chomhairle Ardrúnaí i gcomhréir le hAirteagal III-344(2) den Bhunreacht.

TEIDEAL V
FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA

AIRTEAGAL 6
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-386 den Bhunreacht i
bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:
An Bheilg 12
Poblacht na Seice 12
An Danmhairg 9
An Ghearmáin 24
An Eastóin 7
An Ghréig 12
An Spáinn 21
An Fhrainc 24
Éire 9
An Iodáil 24
An Chipir 6
An Laitvia 7
An Liotuáin 9
Lucsamburg 6
An Ungáir 12
Málta 5
An Ísiltír 12
An Ostair 12
An Pholainn 21
An Phortaingéil 12
An tSlóivéin 7
An tSlóvaic 9
An Fhionlainn 9
An tSualainn 12
An Ríocht Aontaithe 24


AIRTEAGAL 7
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-389 den Bhunreacht i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:
An Bheilg 12
Poblacht na Seice 12
An Danmhairg 9
An Ghearmáin 24
An Eastóin 7
An Ghréig 12
An Spáinn 21
An Fhrainc 24
Éire 9
An Iodáil 24
An Chipir 6
An Laitvia 7
An Liotuáin 9
Lucsamburg 6
An Ungáir 12
Málta 5
An Ísiltír 12
An Ostair 12
An Pholainn 21
An Phortaingéil 12
An tSlóivéin 7
An tSlóvaic 9
An Fhionlainn 9
An tSualainn 12
An Ríocht Aontaithe 24



35. PRÓTACAL MAIDIR LEIS NA hIARMHAIRTÍ AIRGEADAIS TOISC AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO GHUAL AGUS CRUACH A DHUL IN ÉAG AGUS MAIDIR LEIS AN gCISTE TAIGHDE UM GHUAL AGUS CRUACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go ndearnadh sócmhainní agus dócmhainní uile an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, faoi mar a bhí siad an 23 Iúil 2002, a aistriú chuig an gComhphobal Eorpach an 24 Iúil 2002;

AG CUR SAN ÁIREAMH DÓIBH gurb inmhianaithe na cistí sin a úsáid le haghaidh taighde i réimsí atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach agus gur gá dá bharr sin rialacha sonracha áirithe a bhunú i dtaca leis sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip.

AIRTEAGAL 1
1. Faoi réir aon mhéadú nó laghdú a fhéadfaidh tarlú de thoradh ar na hoibríochtaí leachtaithe, measfar glanluach shócmhainní agus dhócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, faoi mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach an 23 Iúil 2002, mar shócmhainní Aontais atá ceaptha le haghaidh taighde in earnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, dá dtagraítear mar "Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach faoi leachtú". Ar an leachtú a bheith críochnaithe, tagrófar dóibh mar "Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach".
2. An t-ioncam ó na sócmhainní sin, dá dtagraítear mar "An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach", bainfear leas eisiach as le haghaidh taighde, lasmuigh den chlár réime taighde, in earnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach i gcomhréir leis an bPrótacal seo agus leis na gníomhartha arna nglacadh dá bhun.


AIRTEAGAL 2
1. Leagfar síos le dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha uile is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear prionsabail shár-riachtanacha. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
2. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena mbunófar treoirlínte ilbhliantúla airgeadais le haghaidh sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú agus treoirlínte teicniúla do chlár taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

AIRTEAGAL 3
Beidh feidhm ag forálacha an Bhunreachta, mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo agus sna gníomhartha arna nglacadh dá bhun.

36. PRÓTACAL
AG LEASÚ AN CHONARTHA AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH a riachtanaí atá sé go leanfadh forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach de lánéifeacht dhlíthiúil a bheith acu,

ÓS MIAN LEO an Conradh sin a chur in oiriúint do na rialacha nua arna leagan síos leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, go háirithe sna réimsí institiúideacha agus airgeadais,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus a leasaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach sa leagan atá i bhfeidhm ar dháta an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm mar a leanas:

AIRTEAGAL 1
Leasaíonn an Prótacal seo an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear "Conradh CEFA" anseo feasta) sa leagan atá i bhfeidhm ar dháta an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm. De mhaolú ar fhorálacha Airteagal IV-437 den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus gan dochar d'fhorálacha eile an Phrótacail seo, ní dhéanfar difear d'éifeachtaí dlíthiúla na leasuithe ar Chonradh CEFA a rinneadh leis na conarthaí agus na hionstraimí atá arna n-aisghairm de bhun Airteagal IV-437 den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, ná d'éifeachtaí dlíthiúla na ngníomhartha atá i bhfeidhm arna nglacadh ar bhonn Chonradh CEFA.


AIRTEAGAL 2
Cuirtear "Forálacha ag rialú na n-institiúidí agus forálacha airgeadais"mar cheannteideal ar Theideal III de Chonradh CEFA in ionad an cheannteidil "Forálacha ag rialú na n-institiúidí".

AIRTEAGAL 3
Ag tús Theideal III de Chonradh CEFA, cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas:
"CAIBIDIL I FORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP A CHUR I bhFEIDHM AIRTEAGAL 106a
1. Beidh feidhm maidir leis an gConradh seo ag Airteagal I-19 go I-29, Airteagail I-31 go I-39, Airteagail I-49 agus I-50, Airteagail I-53 go I-56, Airteagail I-58 go I-60, Airteagail III-330 go III-372, Airteagail III-374 agus III-375, Airteagail III-378 go III-381, Airteagail III-384 agus III-385, Airteagail III-389 go III-392, Airteagail III-395 go III-410, Airteagail III-412 go III-415 agus Airteagail III-427, III-433, IV-439 agus IV-443 den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip.
2. Faoi chuimsiú an Chonartha seo, glacfar leis na tagairtí don Aontas agus don Bhunreacht sna forálacha atá luaite i mír 1 agus na tagairtí i bhforálacha na bprótacal atá i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh seo araon mar thagairtí don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus don Chonradh seo, faoi seach.
3. Ní dhéanfaidh forálacha an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip maolú ar fhorálacha an Chonartha seo."

AIRTEAGAL 4
I dTeideal III de Chonradh CEFA, déanfar Caibidlí I, II agus III a athuimhriú mar Chaibidlí II, III agus IV.

AIRTEAGAL 5
1. Aisghairtear Airteagal 3, Airteagail 107 go 132, Airteagail 136 go 143, Airteagail 146 go 156, Airteagail 158 go 163, Airteagail 165 go 170, Airteagail 173 agus 173A, Airteagal 175, Airteagail 177 go 179a agus Airteagail 180b, 181, 183, 183A, 190 agus 204 de Chonradh CEFA.
2. Aisghairtear na Prótacail a bhí i gceangal roimhe seo le Conradh CEFA.

AIRTEAGAL 6
Cuirtear "Forálacha airgeadais sonracha" mar cheannteideal ar Theideal IV de Chonradh CEFA in ionad an cheannteidil "Forálacha airgeadais".


AIRTEAGAL 7
1. Sa tríú mír d'Airteagal 38 agus sa tríú mír d'Airteagal 82 de Chonradh CEFA, cuirtear tagairtí d'Airteagail III-360 agus III-361 den Bhunreacht in ionad na dtagairtí d'Airteagail 141 agus 142 faoi seach.
2. In Airteagail 171(2) agus in Airteagal 176(3) de Chonradh CEFA cuirtear tagairt d'Airteagal III-412 den Bhunreacht in ionad na tagartha d'Airteagail 183.
3. In Airteagal 172(4) de Chonradh CEFA, cuirtear tagairt d'Airteagal III-404 den Bhunreacht in ionad na tagartha d'Airteagal 177(5).
4. In Airteagail 38, 82, 96 agus 98 de Chonradh CEFA, cuirtear "rialachán Eorpach" in ionad "treoir".
5. I gConradh CEFA, cuirtear "cinneadh Eorpach" in ionad "cinneadh" seachas in Airteagail 18, 20 agus 23, sa chéad mhír d'Airteagal 53 agus sna cásanna ina ndéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cinneadh a ghlacadh.
6. I gConradh CEFA, cuirtear "Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh" in ionad "an Chúirt Bhreithiúnais".


AIRTEAGAL 8
Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 191 de Chonradh CEFA:
"AIRTEAGAL 191 Beidh ag an gComhphobal i gcríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá sainithe sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh."

AIRTEAGAL 9
Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 198 de Chonradh CEFA:
"AIRTEAGAL 198 Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag forálacha an Chonartha seo maidir le críocha Eorpacha na mBallstát agus leis na críocha neamh-Eorpacha atá faoina ndlínse. Beidh feidhm acu freisin maidir leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach.
Beidh feidhm ag forálacha an Chonartha seo maidir le hOileáin Åland mar aon leis na maoluithe a leagadh amach an chéad uair sa Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(d) den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus atá ionchorpraithe sa Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
De mhaolú ar an gcéad mhír, ar an dara mír agus ar an tríú mír:
(a) ní bheidh feidhm ag an Conradh seo maidir le hOileáin Fharó ná leis an nGraonlainn;
(b) ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir;
(c) ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le tíortha agus críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip;
(d) ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán Mhanann ach a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe arna leagan amach an chéad uair do na hoileáin sin sa Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(a) den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus atá ionchorpraithe sa Phrótacal maidir le Conarthaí agus Ionstraimí Aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, na Poblachta Heilléanaí, Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, agus Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne."

AIRTEAGAL 10
Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 206 de Chonradh CEFA: "AIRTEAGAL 206 Féadfaidh an Comhphobal comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, ag bunú comhlachais lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.
Tabharfaidh an Chomhairle na comhaontuithe sin i gcrích, ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. I gcás inar gá leasuithe ar an gConradh seo de dhroim na gcomhaontuithe sin, déanfar na leasuithe sin a ghlacadh an chéad uair i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal IV-443 den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip."

AIRTEAGAL 11
Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 225 de Chonradh CEFA: "Beidh comhúdarás freisin ag na leaganacha den Chonradh sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, agus san Ungáiris."

AIRTEAGAL 12
Déanfar ioncam agus caiteachais an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, seachas ioncam agus caiteachais na Gníomhaireachta Soláthair agus na nGnóthas Comhpháirteach, a iontráil i mbuiséad an Aontais.



Valid XHTML 1.0!