CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ
BUNREACHTA DON EORAIP
1. PRÓTACAL
MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS
EORPACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist é a bhaineann le heagrúchán
agus cleachtas bunreachtúil gach Ballstáit an dóigh a
ndéanann na Parlaimintí náisiúnta scrúdú
ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí
an Aontais,
ÓS MIAN LEO níos mó rannpháirteachais i ngníomhaíochtaí
an Aontais Eorpaigh a chothú sna Parlaimintí náisiúnta
agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar dhréachtghníomhartha
reachtacha Eorpacha agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu
iontu,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis
an gConradh ag bunú Comhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
TEIDEAL I
FAISNÉIS LE hAGHAIDH NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA
AIRTEAGAL 1
Cuirfidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin
dá chuid (páipéir ghlasa, páipéir bhána
agus cumarsáidí) chuig na Parlaimintí náisiúnta
go díreach ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún an
clár reachtach bliantúil mar aon le gach ionstraim eile a bhaineann
le pleanáil reachtach nó beartas chuig na Parlaimintí
náisiúnta freisin san am céanna a chuirtear chuig Parlaimint
na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.
AIRTEAGAL 2
Na dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha arna gcur chuig Parlaimint
na hEorpa agus chuig an gComhairle, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta
iad.
Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn "dréachtghníomhartha
reachtacha Eorpacha" tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh
ó ghrúpa de Bhallstáit, tionscnaimh ó Pharlaimint
na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí
ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach
Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach Eorpach a ghlacadh.
Dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn
ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach
chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna
a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa nó chuig an gComhairle iad.
Dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn
ó Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh Parlaimint na hEorpa go díreach
chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.
Dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a eascraíonn
ó ghrúpa de Bhallstáit, ón gCúirt Bhreithiúnais,
ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta,
cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta
iad.
AIRTEAGAL 3
Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta tuairim réasúnaithe
a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle
agus Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann
dréachtghníomh reachtach Eorpach prionsabal na coimhdeachta,
de réir an nós imeachta dá bhforáiltear sa Phrótacal
maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur
i bhfeidhm.
Más ó ghrúpa de Bhallstáit a eascraíonn
an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán
na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe
chuig rialtais na mBallstát sin. Más ón gCúirt
Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón
mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh
reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó
na tuairimí réasúnaithe chuig an institiúid nó
chuig an gcomhlacht i dtrácht.
AIRTEAGAL 4
Rachaidh tréimhse sé seachtaine in éag idir an dáta
a chuirtear dréachtghníomh reachtach Eorpach ar fáil
do na Parlaimintí náisiúnta i dteangacha oifigiúla
an Aontais agus an dáta a chuirfear ar chlár oibre sealadach
na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi chuimsiú
nós imeachta reachtaigh. Féadfar eisceachtaí i gcásanna
práinne a bheith ann a sonrófar na cúiseanna atá
leo i ngníomh nó i seasamh na Comhairle. Ach amháin i
gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha
ina leith, ní fhéadfar aon chomhaontú a shuíomh
ar dhréachtghníomh reachtach Eorpach le linn na sé seachtaine
sin. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna
cuí tugtha ina leith, rachaidh tréimhse deich lá in éag
idir dréachtghníomh reachtach Eorpach a chur ar chlár
oibre sealadach na Comhairle agus seasamh a ghlacadh.
AIRTEAGAL 5
Na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí
na gcruinnithe sin, lena n-áirítear miontuairiscí na
gcruinnithe ina mbíonn dréachtghníomhartha reachtacha
Eorpacha á bplé ag an gComhairle, cuirfear go díreach
chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a
chuirtear chuig rialtais na mBallstát iad.
AIRTEAGAL 6
Nuair a bhíonn sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a
bhaint as Airteagal IV-444(1) nó (2) den Bhunreacht, cuirfear na Parlaimintí
náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle
Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh Eorpach.
AIRTEAGAL 7
Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil
bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta mar
eolas san am céanna a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig
an gComhairle í.
AIRTEAGAL 8
Nuair nach seomra amháin atá sa chóras parlaiminteach
náisiúnta, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 maidir le seomraí
a chomhdhéanta.
TEIDEAL II
COMHAR IDIRPHARLAIMINTEACH
AIRTEAGAL 9
Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta
i gcomhar le chéile conas an comhar idirpharlaiminteach a eagrú
agus a chur chun cinn go héifeachtúil tráthrialta san
Aontas.
AIRTEAGAL 10
Féadfaidh Comhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí
an Aontais aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a
chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
Ina theannta sin, cuirfidh an Chomhdháil sin chun cinn malartú
faisnéise agus dea-chleachtais idir na Parlaimintí náisiúnta
agus Parlaimint na hEorpa, go fiú idir a gcoistí speisialta.
Féadfaidh sí comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú
freisin ar théamaí sonracha, go háirithe chun ábhair
a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála,
lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus
cosanta. Ní bheidh rannchuidithe ón gComhdháil ina gceangal
ar na Parlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh
siad réamhbhreith ar a seasaimh.
2. PRÓTACAL
MAIDIR LE PRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA A CHUR
I bhFEIDHM
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal
chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm
phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá
siad leagtha síos in Airteagal I-11 den Bhunreacht, a bhunú,
agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh
ar chur i bhfeidhm na bprionsabal sin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:
AIRTEAGAL 1
Féachfaidh gach institiúid chuige go ndéanfar prionsabail
na coimhdeachta agus na comhréireachta mar atá leagtha síos
in Airteagal I-11 den Bhunreacht, a urramú i gcónaí.
AIRTEAGAL 2
Sula ndéanfaidh sé gníomh reachtach Eorpach a mholadh,
glacfaidh an Coimisiún comhairle go forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin
sin san áireamh, más iomchuí, éirim réigiúnach
agus áitiúil na gníomhaíochta arna beartú.
Má tá práinn eisceachtúil ann, ní ghlacfaidh
an Coimisiún comhairle amhlaidh. Tabharfaidh sé cúiseanna
leis an gcinneadh sin ina thogra.
AIRTEAGAL 3
Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn "dréachtghníomhartha
reachtacha Eorpacha" tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh
ó ghrúpa de Bhallstáit, tionscnaimh ó Pharlaimint
na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí
ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach
Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach Eorpach a ghlacadh.
AIRTEAGAL 4
Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtghníomhartha reachtacha
Eorpacha agus a dhréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí
náisiúnta san am céanna a chuirtear chuig reachtóir
an Aontais iad.
Cuirfidh Parlaimint na hEorpa a dréachtghníomhartha reachtacha
Eorpacha agus a dréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí
náisiúnta.
Cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta
na dréachtghníomhartha reachtacha
Eorpacha a eascraíonn ó ghrúpa de Bhallstáit,
ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach
nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon leis na dréachtaí
leasaithe.
Ar iad a ghlacadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a rúin reachtacha
chuig na Parlaimintí náisiúnta agus cuirfidh an Chomhairle
a cuid seasamh chucu.
AIRTEAGAL 5
Déanfar na dréachtghníomhartha reachtacha Eorpacha a
fhírinniú i ndáil le prionsabail na coimhdeachta agus
na comhréireachta. Is cóir ráiteas mionsonraithe a bheith
i ngach dréachtghníomh reachtach Eorpach ionas gur féidir
a mheas an ndéantar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta
a chomhlíonadh. Is cóir a bheith sa ráiteas sin freisin
measúnú áirithe ar iarmhairt airgeadais an togra agus,
más dlí réime Eorpach atá ann, measúnú
ar a impleachtaí maidir leis na rialacha atá le cur chun feidhme
ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá,
an reachtaíocht réigiúnach. Tabharfar táscairí
cáilíochtúla, agus, nuair is féidir, táscairí
cainníochtúla mar bhunús leis na cúiseanna ar
dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir cuspóir
de chuid an Aontais a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.
Déanfar aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha
reachtacha Eorpacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh
sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar
an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha
nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus
ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus é a bheith
comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú.
AIRTEAGAL 6
Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra
de chuid Parlaiminte náisiúnta, laistigh de shé seachtaine
ó dháta an Coimisiún a dhréachtghníomh
reachtach a chur chuici nó chuige, tuairim réasúnaithe
a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle
agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige
a mheasann sé nó sí nach gcomhlíonann an dréacht
i gceist prionsabal na coimhdeachta. Is faoi gach Parlaimint náisiúnta
nó faoi gach seomra de Pharlaimint náisiúnta dul i gcomhairle,
nuair is iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a
bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.
Más ó ghrúpa de Bhallstáit a eascraíonn
an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán
na Comhairle an tuairim chuig rialtais na mBallstát sin.
Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais
Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn
an dréachtghníomh reachtach Eorpach, cuirfidh Uachtarán
na Comhairle an tuairim chuig an institiúid nó an gcomhlacht
i dtrácht.
AIRTEAGAL 7
Cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus
más iomchuí, an grúpa de Bhallstáit, an Chúirt
Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta,
más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach
Eorpach, san áireamh na tuairimí réasúnaithe ó
na Parlaimintí náisiúnta nó ó sheomra de
Pharlaimint náisiúnta.
Beidh dhá vóta ag gach Parlaimint náisiúnta, arna
gcionroinnt ar bhonn an chórais pharlaimintigh náisiúnta.
Má tá córas parlaiminteach ann ina bhfuil dhá
sheomra, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra.
Nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá
nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach Eorpach prionsabal
na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de na vótaí
uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir
leis an dara mír, ní mór an dréacht a athbhreithniú.
Beidh an tairseach seo in ionannas leis an gceathrú cuid más
dréachtghníomh reachtach Eorpach é arna thíolacadh
ar bhonn Airteagal III-264 den Bhunreacht maidir leis an limistéar
saoirse, slándála agus ceartais.
Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh
an Coimisiún nó, más iomchuí, an grúpa
de Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais,
an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta,
más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach
Eorpach, a chinneadh an dréacht a choimeád ar bun, a leasú
nó a tharraingt siar. Ní mór cúiseanna a thabhairt
don chinneadh sin.
AIRTEAGAL 8
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach Eorpach prionsabal na coimhdeachta
a shárú, arna dtionscnamh ag Ballstáit i gcomhréir
leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal III-365 den Bhunreacht
nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena ndlíchóras
thar ceann a bParlaiminte náisiúnta nó thar ceann seomra
den Pharlaimint sin.
I gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal
sin, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt
sin a thionscnamh freisin in aghaidh na ngníomhartha reachtacha Eorpacha
sin dá bhforáiltear sa Bhunreacht nach mór dul i gcomhairle
leis chun iad a ghlacadh.
AIRTEAGAL 9
Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Chomhairle
Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí
náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal I-11 den Bhunreacht.
Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig Coiste na
Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
3. PRÓTACAL
AR REACHT CHÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
dá bhforáiltear in Airteagal III-381 den Bhunreacht a leagan
síos,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis
an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
AIRTEAGAL 1
Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
agus feidhmeoidh sí i gcomhréir leis an mBunreacht, leis an
gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh
CEFA) agus leis an Reacht seo.
TEIDEAL I
BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 2
Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn
ós comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcúirt oscailte,
go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach
agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.
AIRTEAGAL 3
Beidh na breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.
Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine
a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil,
lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di
mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh.
Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta
nó de chúirt speisialaithe, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais
tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt i dtrácht.
I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnaítear
imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte
é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt
atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna
is airde dlínse náisiúnta. Beidh feidhm ag Airteagail
11 go 14 agus ag Airteagal 17 den Phrótacal ar phribhléidí
agus díolúintí an Aontais maidir le Breithiúna,
Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoirí agus
Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna
a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla
agus atá leagtha amach sa chéad mhír, sa dara mír
agus sa tríú mír den Airteagal seo.
AIRTEAGAL 4
Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta
ná riaracháin a shealbhú. Ní fhéadfaidh
siad gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach,
mura dtabharfaidh an Chomhairle díolúine d'eisceacht le cinneadh
Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach simplí.
Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta
go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh
sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin,
go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir
le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis
dóibh scor dá n-oifig.
Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón
gCúirt Bhreithiúnais. Má bhaineann an bhreith le comhalta
den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe,
cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle
leis an gcúirt i dtrácht.
AIRTEAGAL 5
Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó
i gcás breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh
dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.
Nuair a éiríonn Breitheamh as oifig, díreofar a litir
éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte Breithiúnais
lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin
a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse. Ach amháin i gcás
ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go
dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.
AIRTEAGAL 6
Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó
sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más
rud é, i dtuairim aontola Bhreithiúna agus Abhcóidí
Ginearálta na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil coinníollacha
riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí
a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh
an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt
sin. Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de
chúirt speisialaithe an duine i gceist, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais
tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt i dtrácht.
Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais breith na
Cúirte Breithiúnais in iúl d'Uachtarán Pharlaimint
na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé
fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.
I gcás breith ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas
ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí
atá luaite.
AIRTEAGAL 7
Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt Bhreithiúnais
nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil
fágtha de théarma a réamhtheachtaí.
AIRTEAGAL 8
Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí
Ginearálta.
TEIDEAL II
EAGRÚCHÁN NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS
AIRTEAGAL 9
Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana,
athrófar triúr déag agus dháréag díobh
gach re seach.
Nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta
gach trí bliana, athrófar ceathrar Abhcóidí Ginearálta
ar gach ócáid.
AIRTEAGAL 10
Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte Breithiúnais
go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach
agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.
AIRTEAGAL 11
Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais socrú chun duine
a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach
féidir dó freastal ar an gCúirt Bhreithiúnais.
AIRTEAGAL 12
Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt
Bhreithiúnais ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú.
Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an
Uachtaráin.
AIRTEAGAL 13
Féadfaidh dlí Eorpach foráil a dhéanamh chun Rapóirtéirí
Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh
a seirbhís. Glacfar é arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais.
Féadfar a cheangal ar na Rapóirtéirí Cúnta,
faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós
Imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin
i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais
agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhóidh mar
Rapóirtéir.
Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc
daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil
na cáilíochtaí dlí acu is gá; is le cinneadh
Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach
simplí, a cheapfar iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte
Breithiúnais go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon
coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte
Breithiúnais faoi rún.
AIRTEAGAL 14
Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta
agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil
suíomh na Cúirte Breithiúnais.
AIRTEAGAL 15
Leanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais go buan ar seisiún.
Cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais, ag
féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí
na saoire breithiúnaí.
AIRTEAGAL 16
Cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais eagar dlísheomraí
de thriúr nó cúigear Breithiúna uirthi féin.
Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí
as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí
a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí
bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.
Trí Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra.
Uachtarán na Cúirte Breithiúnais a bheidh ina uachtarán
air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Uachtaráin
na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu
agus Breithiúna eile arna gceapadh i gcomhréir leis na coinníollacha
atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.
Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais mar Mhór-Dhlísheomra
arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid
de chuid an Aontais is páirtí sna himeachtaí. Suífidh
an Chúirt Bhreithiúnais mar Chúirt iomlán nuair
a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal III-335(2), an dara
mír d'Airteagal III-347, Airteagal III-349 nó Airteagal III-385(6)
den Bhunreacht. Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht
ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an
Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh, tar éis an tAbhcóide
Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gCúirt
iomlán.
AIRTEAGAL 17
Ní bheidh breitheanna na Cúirte Breithiúnais bailí
ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh
ina suí le linn an phlé.
Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr
nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin
má ghlacann triúr Breithiúna iad.
Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí
ach amháin má bhíonn naonúr Breithiúna
ina suí.
Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí
ach amháin má bhíonn cúig Bhreitheamh déag
ina suí.
Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra
a bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh as dlísheomra
eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan
síos sna Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL 18
Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta
páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt
roimhe sin mar ghníomhaire nó mar chomhairleoir nó inar
ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó
inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó
de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon
cháil eile.
Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta
nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt
a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon
chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl
don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis
speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó
Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh
sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé
é sin in iúl dó.
Socrófar le breith ón gCúirt Bhreithiúnais aon
deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh
na Cúirte Breithiúnais ná dlísheomra dá
cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Breithimh nó
toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin
a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.
TEIDEAL III
NÓS IMEACHTA OS COMHAIR NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS
AIRTEAGAL 19
Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit
agus institiúidí an Aontais chun feidhmiú ar a son os
comhair na Cúirte Breithiúnais. Féadfaidh an gníomhaire
comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh
dó.
Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe
sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
agus Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála
na hEorpa (CSTE) dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe
ar an gcuma chéanna.
Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú
ar a son. Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh
os comhair cúirte de chuid Ballstáit nó de chuid Stáit
eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar
Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú
do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair
na Cúirte Breithiúnais.
Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí
sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte Breithiúnais,
na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais
a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh
leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta. Maidir leis na comhairleoirí
agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair,
beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais na cumhachtaí a thugtar
de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha
a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.
Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát
a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os
comhair na Cúirte Breithiúnais na cearta céanna a thugtar
leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.
AIRTEAGAL 20
Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
ina dhá chuid: nós imeachta i scríbhinn agus nós
imeachta ó bhéal.
Is éard a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn, iarratais,
ráitis cáis, cosaintí agus barúlacha, agus freagraí,
más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid
uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur
chuig na páirtithe agus chuig na hinstitiúidí, comhlachtaí,
oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais
a bhfuil a ngníomhartha faoi dhíospóid. Cuirfidh an Cláraitheoir
na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos
sna Rialacha Nós Imeachta.
Is éard a bheidh sa nós imeachta ó bhéal, an tuarascáil
a léamh a thíolaic an Breitheamh ag gníomhú dó
mar Rapóirtéir, an Chúirt Bhreithiúnais d'éisteacht
gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí,
agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus,
ina theannta sin, má bhíonn ann, finnéithe agus saineolaithe
a éisteacht.
Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc
nua dlí, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh,
tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go
dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide
Ginearálta.
AIRTEAGAL 21
Tabharfar cás os comhair na Cúirte Breithiúnais trí
iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir.
Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc
an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha
na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar
an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe
atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha
dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.
Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is iomchuí, an beart
a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá
dtagraítear in Airteagal III-367 den Bhunreacht, fianaise dhoiciméid
ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, i
gcomhréir leis an Airteagal sin. Mura gcuirfear na doiciméid
isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí
lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta,
ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí
ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird
go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a thionscnamh.
AIRTEAGAL 22
Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh
CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora
a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais.
Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc
an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an
t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide,
na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais
ar a bhfuiltear ag seasamh. Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip
dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á
dhíospóid.
Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh
cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.
Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána,
féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí,
ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an
Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon
chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.
AIRTEAGAL 23
Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal III-369 den Bhunreacht,
nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar
a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an
gCúirt Bhreithiúnais, cuirfidh an chúirt nó an
binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt Bhreithiúnais.
Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais an
cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus
don Choimisiún, agus don institiúid, don comhlacht, don oifig
nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh
a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.
Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh,
beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus,
más iomchuí, an institiúid, an comhlacht, an oifig nó
an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil
a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid,
i dteideal ráitis cáis nó barúlacha i scríbhinn
a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.
Ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais
an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta
in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe
sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear
sa Chomhaontú sin agus féadfaidh siad, laistigh de dhá
mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann
de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis
cáis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid
na Cúirte Breithiúnais. Ní bheidh feidhm ag an mír
seo maidir le ceisteanna a thig faoi raon feidhme Chonradh CEFA.
Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann
le réimse sonrach arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle agus
ag tríú tír amháin nó níos mó
go bhfuil na tíortha sin i dteideal ráitis cáis nó
barúlacha i scríbhinn a thíolacadh nuair a tharchuireann
cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú
a thig faoi raon feidhme an chomhaontaithe chuig an gCúirt Bhreithiúnais,
cuirfear cinneadh na cúirte nó an bhinse náisiúnta
a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú
tíortha i dtrácht. Laistigh de dhá mhí ó
cuireadh sin in iúl amhlaidh, féadfaidh na tíortha sin
ráitis cáis nó barúlacha i scríbhinn a
thaisceadh leis an gCúirt Breithiúnais.
AIRTEAGAL 24
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a cheangal ar na páirtithe
na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis
go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt is inmhianaithe.
Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chur de cheangal,
freisin, ar na Ballstáit agus ar institiúidí, comhlachtaí,
oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach páirtithe
iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt
Bhreithiúnais is gá le haghaidh na n-imeachtaí.
AIRTEAGAL 25
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tráth ar bith
dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó
eagraíochta eile is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.
AIRTEAGAL 26
Féadfar finnéithe a éisteacht faoi na coinníollacha
a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.
AIRTEAGAL 27
Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt Bhreithiúnais
na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus
do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh
faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós
Imeachta.
AIRTEAGAL 28
Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi
mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna Rialacha
Nós Imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i
ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.
AIRTEAGAL 29
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n-éistfear
finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach
a áite buanchónaithe. Cuirfear an t-ordú lena chur chun
feidhme go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil
faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós
Imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte Breithiúnais faoi na
coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh
suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide. Íocfaidh an
Chúirt Bhreithiúnais na caiteachais, gan dochar don cheart chun
iad a mhuirearú, nuair is iomchuí, ar na páirtithe.
AIRTEAGAL 30
Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna
ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair
ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí
sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte Breithiúnais,
déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh
os comhair a chúirte inniúla.
AIRTEAGAL 31
Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh
an Chúirt Bhreithiúnais, uaithi féin nó ar iarratas
ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna
troma.
AIRTEAGAL 32
Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais
na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin
a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach,
an Chúirt Bhreithiúnais a aitheasc ach amháin trína
n-ionadaithe.
AIRTEAGAL 33
Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh
an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.
AIRTEAGAL 34
Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.
AIRTEAGAL 35
Beidh plé na Cúirte Breithiúnais ina rún agus
fanfaidh sé amhlaidh.
AIRTEAGAL 36
Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad
bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt
sa phlé.
AIRTEAGAL 37
Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais.
Léifear amach iad i gcúirt oscailte.
AIRTEAGAL 38
Breithneoidh an Chúirt Bhreithiúnais na costais.
AIRTEAGAL 39
Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i
modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá
sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa
Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta,
breithniú a dhéanamh ar iarratais chun an forghníomhú
a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal III-379(1) den Bhunreacht
agus in Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú
de bhun Airteagal III-379(2) den Bhunreacht nó forfheidhmiú
a fhionraí i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal
III-401 den Bhunreacht nó leis an tríú mír d'Airteagal
164 de Chonradh CEFA. Mura féidir don Uachtarán bheith i láthair,
gabhfaidh Breitheamh eile a ionad faoi choinníollacha a
bheidh leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta. Rialú
sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh
a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar
bith do bhreith na Cúirte Breithiúnais ar shubstaint an cháis.
AIRTEAGAL 40
Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais
idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais.
Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, oifigí
agus gníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon duine eile ar féidir
leis leas a shuíomh i dtoradh cáis a cuireadh faoi bhráid
na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha
nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit,
idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit
agus institiúidí de chuid an Aontais. Gan dochar don dara mír,
féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe
sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear
sa Chomhaontú sin idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte
Breithiúnais nuair atá ceann de réimsí chur i
bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist. Beidh iarratas ar idiragairt teoranta
do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg
ag ceann de na páirtithe.
AIRTEAGAL 41
Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm
go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú,
tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí
sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh
laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní
chuirfidh an agóid bac ar fhorfheidhmiú an bhreithiúnais
mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt.
AIRTEAGAL 42
Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí,
oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus aon duine
eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna
agus faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna Rialacha
Nós Imeachta, imeachtaí tríú páirtí
a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht
a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun
dochair dá gcearta.
AIRTEAGAL 43
Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó faoi réim
breithiúnais, forléireoidh an Chúirt Bhreithiúnais
é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó
aon institiúid de chuid an Aontais a shuífidh a leas ann.
AIRTEAGAL 44
Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh
ar an gCúirt Bhreithiúnais ach amháin má aimsítear
fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair
a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don
pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh
aige. Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón
gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua
a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál
a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú
go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin. Ní bheidh aon
iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana
a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.
AIRTEAGAL 45
Leagfar síos sna Rialacha Nós Imeachta tréimhsí
breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair. Ní dochar
é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag
má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla
imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure
ann.
AIRTEAGAL 46
Beidh imeachtaí i gcoinne an Aontais in ábhair a éireoidh
as dliteanas neamhchonarthach faoi urchosc tar éis tréimhse
cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear
an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí
os comhair na Cúirte Breithiúnais nó má dhéanann
an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun
na hinstitiúide ábhartha de chuid an Aontais. Sa chás
deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den
tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal
III-365 den Bhunreacht. Beidh feidhm ag an dara mír d'Airteagal III-367
den Bhunreacht. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le himeachtaí
i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach.
TEIDEAL IV
AN CHÚIRT GHINEARÁLTA
AIRTEAGAL 47
Beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 9, ag Airteagail 14
agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír, ag an gceathrú
mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17 agus
ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus maidir
lena comhaltaí. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 10, 11
agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta.
AIRTEAGAL 48
Cúig bhreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Ghinearálta
.
AIRTEAGAL 49
Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Ginearálta
cúram Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú. Beidh
de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú
dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí
réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna
áirithe a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, chun
cuidiú leis an gCúirt i gcomhlíonadh a cúraim.
Leagfar síos i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta
na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú
mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta
a ainmniú.
Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide
Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh
i mbreithiúnas an cháis sin.
AIRTEAGAL 50
Suífidh an Chúirt Ghinearálta i ndlísheomraí
de thriúr nó de chúigear Breithiúna. Toghfaidh
na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a
líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí
a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí
bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin. Beidh comhdhéanamh
na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh
faoi rialú ag na Rialacha Nós Imeachta. I gcásanna áirithe
atá sainithe sna Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an
Chúirt Ghinearálta suí mar chúirt iomlán
nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.
Féadfar a fhoráil sna Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaidh
an Chúirt Ghinearálta suí mar Mhór-Dhlísheomra
sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe
iontu.
AIRTEAGAL 51
De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal III-358(1)
den Bhunreacht, forchoimeádfar dlínse chuig an gCúirt
Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail
III-365 agus III-367 den Bhunreacht nuair a thionscnaíonn Ballstát
iad:
(a) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint
na hEorpa nó na Comhairle nó de
chuid an dá institúid sin ag gníomhú dóibh
go comhpháirteach, seachas:
- cinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin tríú
fomhír d'Airteagal III-168(2) den Bhunreacht,
- gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun gnímh
ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint
de réir bhrí Airteagal III-315 den Bhunreacht,
- gníomhartha de chuid na Comhairle lena bhfeidhmíonn sí
cumhachtaí feidhmithe i gcomhréir le hAirteagal I-37(2) den
Bhunreacht.
(b) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Choimisiúin
faoi Airteagal III-420(1) den Bhunreacht.
Forchoimeádfar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais
sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair
a thionscnaíonn institiúid de chuid an Aontais iad i gcoinne
gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó
na Comhairle nó de chuid an dá institúid sin ag gníomhú
dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin,
nó nuair a thionscnaíonn institiúid iad i gcoinne gnímh
nó neamhghnímh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
AIRTEAGAL 52
Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán
na Cúirte Ginearálta síos de thoil a chéile na
coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh
eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais
a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Ghinearálta
ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe
nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir
na Cúirte Ginearálta faoi údarás Uachtarán
na Cúirte Ginearálta.
AIRTEAGAL 53
Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta
faoi rialú ag Teideal III. Aon fhorálacha níos mionchruinne
is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos sna Rialacha
Nós Imeachta. Féadfar maolú sna Rialacha Nós Imeachta
ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn
tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine
intleachtúla a chur san áireamh.
De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh
an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe
a dhéanamh i scríbhinn.
AIRTEAGAL 54
Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós
imeachta a díríodh chuig an gCúirt Ghinearálta
a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais,
déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach
chuig Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta. Mar an gcéanna,
má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós
imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais
a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta,
déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach
chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.
Má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse
aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag
an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí
an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais. Mar
an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais
go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Ginearálta,
déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chuig an gCúirt
Ghinearálta, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse
a dhiúltú.
Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais
agus na Cúirte Ginearálta araon ina bhfuil an faoiseamh céanna
á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna
léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht
an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta,
tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na
himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas
tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais, nó i gcás caingne
arna dtionscnamh de bhun Airteagal III-365 den Bhunreacht nó Airteagal
146 de Chonradh CEFA, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú
chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a
thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh
an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na
himeachtaí a tugadh os a comhair. Má dhéanann sí
amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte
Ginearálta. Má dhéanann Ballstát agus institiúid
an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh
an Chúirt Ghinearálta dlínse chun go bhféadfaidh
an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais
sin.
AIRTEAGAL 55
Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta breitheanna
críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta, breitheanna nach
réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach,
nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le
heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do
gach páirtí agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí
an Aontais fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás
os comhair na Cúirte Ginearálta.
AIRTEAGAL 56
Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc
á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar
achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne
bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta agus
i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na
saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn
saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le
do-ghlacthacht.
Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí
go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc
a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe
nach Ballstáit ná institiúidí de chuid an Aontais
iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má
bhaineann breith na Cúirte Ginearálta go díreach leo.
Cé is moite de na cásanna a bhaineann le díospóidí
idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit
agus institiúidí de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt
sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta achomharc
a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar
na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar
Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag
an gcéad chéim.
AIRTEAGAL 57
Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta a iarratas
idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh
chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain
tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in
iúl.
Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh
chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreithe de chuid
na Cúirte Ginearálta a rinneadh de bhun Airteagal III-379(1)
nó (2) nó faoin gceathrú mír d'Airteagal III-401
den Bhunreacht nó faoi Airteagal 157 nó faoin tríú
mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí
tar éis a curtha in iúl. Éistfear na hachomhairc dá
dtagraítear sa chéad dá mhír, agus déanfar
breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear
in Airteagal 39.
AIRTEAGAL 58
Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte
Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é
a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Ginearálta,
sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair
do leas an achomharcóra nó sárú ar dhlí
an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta. Ní fhéadfar
achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó
leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.
AIRTEAGAL 59
Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid na Cúirte
Ginearálta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte
Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal.
Faoi réir na gcoinníollacha arna leagan síos sna Rialacha
Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais,
tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe
a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil
ar lár.
AIRTEAGAL 60
Gan dochar d'Airteagal III-379(1) agus (2) den Bhunreacht nó d'Airteagal
157 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta
ag achomharc.
De mhaolú ar Airteagal III-380 den Bhunreacht, breitheanna na Cúirte
Ginearálta á dhearbhú dlí Eorpach nó rialachán
Eorpach atá ceangailteach go huile agus go hiomlán agus infheidhme
go díreach i ngach Ballstát a bheith ar neamhní, ní
ghlacfaidh siad éifeacht ach amháin ón dáta a
mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír
d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh
achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh
an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí
chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagal
III-379(1) agus (2) den Bhunreacht nó Airteagal 157 de Chonradh CEFA,
éifeachtaí an dlí Eorpaigh nó an rialacháin
Eorpaigh neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile
a ordú.
AIRTEAGAL 61
Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt
Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh
sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt
san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a
leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt
Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.
Má tharchuirtear cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta,
beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí
ina ceangal ar an gCúirt Ghinearálta. Má tá bunús
le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid
de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair
na Cúirte Ginearálta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais,
más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad
na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Ginearálta
a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa
dlíthíocht.
AIRTEAGAL 62
Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal III-358(2) agus
(3) den Bhunreacht, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta
go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d'aontacht
agus do chomhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sé
togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais
breith na Cúirte Ginearálta a athbhreithniú. Ní
foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón
tráth a thugann an Chúirt Ghinearálta an bhreith. Laistigh
de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide
Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais
an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 63
Beidh i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais
agus na Cúirte Ginearálta aon fhorálacha eile is gá
chun an Reacht seo a chur i bhfeidhm agus, más gá, chun é
a fhorlíonadh.