Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

Prótacail | 1-3 | 4 | 5-7 | 8 | 9(a) | 9(b) | 10-20 | 21-33 | 34-36 | Iarscríbhinn I & II

PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP

4. PRÓTACAL MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagail I-30 agus III-187(2) den Bhunreacht a chinneadh, TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:

CAIBIDIL I
AN CÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS

AIRTEAGAL 1
An Córas Eorpach Banc Ceannais
1. I gcomhréir le hAirteagal I-30(1) den Bhunreacht, comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais den Bhanc Ceannais Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Comhdhéanfar an tEurochóras den Bhanc Ceannais Eorpach agus de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
2. Comhlíonfaidh an Córas Eorpach Banc Ceannais agus an Banc Ceannais Eorpach a gcúraimí agus cuirfidh siad i gcrích a ngníomhaíochtaí i gcomhréir leis an mBunreacht agus leis an Reacht seo.

CAIBIDIL II
CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

AIRTEAGAL 2
Cuspóirí
I gcomhréir le hAirteagail I-30(2) agus III-185(1) den Bhunreacht, beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh sé leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal I-3 den Bhunreacht. Gníomhóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal III-177 den Bhunreacht.

AIRTEAGAL 3
Cúraimí
1. I gcomhréir le hAirteagal III-185(2) den Bhunreacht, is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích tríd an gCóras Eorpach Banc Ceannais:
(a) beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

(b) oibríochtaí malairte eachtraí is comhchuí le hAirteagal III-326 den Bhunreacht a sheoladh;
(c) cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainistiú;
(d) oibriú rianúil córas íocaíochtaí a chur chun cinn.
2. I gcomhréir le hAirteagal III-185(3) den Bhunreacht, beidh mír 1(c) den Airteagal seo gan
dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainistiú.
3. I gcomhréir le hAirteagal III-185(5) den Bhunreacht, rannchuideoidh an Córas Eorpach Banc Ceannais le seoladh rianúil beartais arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

AIRTEAGAL 4
Feidhmeanna comhairleacha I gcomhréir le hAirteagal III-185(4) den Bhunreacht:
(a) rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá chumhachtaí;
(b) faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach maidir le haon dréachtfhoráil reachtach laistigh dá réimsí inniúlachta;

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair laistigh dá chumhachtaí a chur faoi bhráid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais nó na n-údarás náisiúnta.

AIRTEAGAL 5
Faisnéis staidrimh a bhailiú
1. D'fhonn cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a ghlacadh ar láimh, baileoidh an Banc Ceannais Eorpach, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta, an fhaisnéis staidrimh is gá ó na húdaráis náisiúnta inniúla nó go díreach ó ghníomhairí eacnamaíocha. Chuige sin, comhoibreoidh sé le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, le húdaráis inniúla na mBallstát nó de chuid tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
2. Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, a mhéad is féidir, na cúraimí dá dtagraítear i mír 1.
3. Rannchuideoidh an Banc Ceannais Eorpach le comhchuibhiú, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna réimsí laistigh dá chumhachtaí.
4. Saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí maidir le tuairisciú, an córas rúndachta agus na forálacha iomchuí maidir le forfheidhmiú.

AIRTEAGAL 6
Comhar idirnáisiúnta
1. I réimse an chomhair idirnáisiúnta maidir leis na cúraimí a chuirtear ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais, cinnfidh an Banc Ceannais Eorpach cad é mar a dhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais a ionadú.
2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus, faoi réir a fhormheasa, na bainc cheannais náisiúnta a bheith rannpháirteach in institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta.
3. Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar d'Airteagal III-196 den Bhunreacht.

CAIBIDIL III
EAGRÚCHÁN AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

AIRTEAGAL 7
Neamhspleáchas
I gcomhréir le hAirteagal III-188 den Bhunreacht, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sa Bhunreacht agus sa Reacht seo, ní fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach ná banc ceannais náisiúnta ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

AIRTEAGAL 8
Prionsabal ginearálta
Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a rialóidh an Córas Eorpach Banc Ceannais.

AIRTEAGAL 9
An Banc Ceannais Eorpach
1. Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i gcomhréir le hAirteagal I-30(3) den Bhunreacht, an inniúlacht dhlítheanach i ngach Ballstát is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina dhlí. Féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.
2. Áiritheoidh an Banc Ceannais Eorpach go ndéanfar na cúraimí atá curtha ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais faoi Airteagal III-185(2), (3) agus (5) den Bhunreacht a chur chun feidhme aige féin de bhun an Reachta seo nó trí na bainc cheannais náisiúnta de bhun Airteagail 12(1) agus 14.
3. I gcomhréir le hAirteagal III-187(1) den Bhunreacht, is iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 10
An Chomhairle Rialaithe
1. I gcomhréir le hAirteagal III-382(1) den Bhunreacht, beidh ar an gComhairle Rialaithe comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin agus Gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an maolú acu dá dtagraítear in Airteagal III-197 den Bhunreacht.

2. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Rialaithe. Amhail ón dáta ar mó líon chomhaltaí na Comhairle Rialaithe ná aon duine is fiche, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus is ag cúig dhuine dhéag de líon na ngobharnóirí a bheidh an ceart vótála. Déanfar na cearta vótála sin a chionroinnt de réir na huainíochta seo a leanas:
(a) amhail ón dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná cúig dhuine dhéag, go dtí go sroicheann sé beirt is fiche, cionroinnfear na gobharnóirí ar dhá ghrúpa i bhfianaise an chéimnithe atá ag méid scair Bhallstát a mbanc ceannais náisiúnta san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhardaithe comhiomlán institiúidí airgeadais airgeadaíochta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sannfar ualú 5/6 agus 1/6 do na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta faoi seach.
Beidh cúig ghobharnóir sa chéad ghrúpa agus beidh na gobharnóirí eile sa dara grúpa. Ní lú minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa chéad ghrúpa ná minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa dara grúpa. Faoi réir na habairte roimhe seo, tabharfar ceithre cheart vótála don chéad ghrúpa agus aon cheart vótála déag don dara grúpa;
(b) amhail ón dáta a shroichfidh líon na ngobharnóirí beirt is fiche, cionroinnfear na gobharnóirí ar thrí ghrúpa i bhfianaise céimnithe arna fothú ar na critéir atá leagtha síos in (a). Beidh cúig ghobarnóir sa chéad ghrúpa a dtabharfar ceithre cheart vótála dó. Beidh a leath de líon iomlán na ngobharnóirí sa dara grúpa, agus aon chodán á chothromú suas don tslánuimhir is gaire, agus tabharfar ocht gceart vótála don ghrúpa sin. Beidh na gobarnóirí eile sa tríú grúpa a dtabharfar trí cheart vótála dó;
(c) laistigh de gach grúpa, beidh a gcearta vótála ag na gobharnóirí go ceann tréimhsí comhionanna;
(d) chun na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a ríomh, beidh feidhm ag Airteagal 29(2). Déanfar lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcreat staidrimh a bhfuil feidhm aige san Aontas tráth an ríomha;
(e) aon uair a dhéantar an olltáirgeacht intíre comhiomlán de réir margadhphraghsanna a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 29(3), nó aon uair a thagann méadú ar líon na ngobharnóirí, déanfar líon agus/nó comhdhéanamh na ngrúpaí a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos san fhomhír seo;
(f) déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí uile, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, gach beart a ghlacadh is gá chun na prionsabail arna leagan síos san fhomhír seo a chur chun feidhme agus féadfaidh sí tús an chórais uainíochta a chur ar athló go dtí an dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná ocht nduine dhéag. Ní mór an ceart vótála a fheidhmiú go pearsanta. De mhaolú ar an riail sin, féadfar a leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(3) go bhféadfaidh comhaltaí na Comhairle Rialaithe vótáil trí bhíthin teileachomhdhála. Forálfar freisin sna rialacha sin go bhféadfaidh comhalta den Chomhairle Rialaithe nach féidir dó ar feadh tréimhse fada freastal ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe malartach a cheapadh chun a ionad a ghabháil mar chomhalta den Chomhairle Rialaithe.

Tá an dara fomhír agus an tríú fomhír gan dochar do chearta vótála chomhaltaí uile na Comhairle Rialaithe, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, faoi mhír 3 agus Airteagal 40(2) agus (3). Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, gníomhóidh an Chomhairle Rialaithe trí thromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh.
Chun go bhféadfaidh an Chomhairle Rialaithe vótáil, ní mór córam dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a bheith ann. Mura sroichfear an córam, féadfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách a chomóradh ina bhféadfar cinntí a ghlacadh gan aird ar an gcóram.
3. Chun go nglacfar cinntí de bhun Airteagail 28, 29, 30, 32, 33 agus 49, déanfar na vótaí sa Chomhairle Rialaithe a ualú i gcomhréir le scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Is ionann agus nialas ualú vótaí chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin. Déanfar cinneadh ar gá tromlach cáilithe chuige a ghlacadh má fhaigheann sé líon vótaí ina fhabhar in ionannas ar a laghad le dhá thrian de chaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus in ionannas ar a laghad le leath na scairshealbhóirí. Mura féidir le Gobharnóir a bheith i láthair, féadfaidh sé malartach a ainmniú chun a vóta ualaithe a chaitheamh.
4. Beidh imeachtaí na gcruinnithe faoi rún. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe toradh a pléití a phoibliú.
5. Tiocfaidh an Chomhairle Rialaithe le chéile ar a laghad deich n-uaire sa bhliain.

AIRTEAGAL 11
An Bord Feidhmiúcháin
1. I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal III-382(2) den Bhunreacht, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile. Comhlíonfaidh na comhaltaí a gcuid dualgas go lánaimseartha. Ní ghabhfaidh aon chomhalta le haon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura ndeonóidh an Chomhairle Rialaithe díolúine go heisceachtúil dó.
2. I gcomhréir le hAirteagal III-382(2) den Bhunreacht, déanfaidh an Chomhairle Eorpach ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Rialaithe, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta. Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan. Náisiúnaigh Ballstát amháin a fhéadfaidh a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin.
3. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha fostaíochta chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin, go háirithe a dtuarastail, a bpinsin agus a sochair slándála sóisialta eile i gconarthaí leis an mBanc Ceannais Eorpach agus socróidh an Chomhairle Rialaithe iad ar thogra ó choiste ar a mbeidh trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle Rialaithe agus trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle. Ní bheidh ceart vótála ag comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin ar ábhair dá dtagraítear sa mhír seo.
4. Mura gcomhallfaidh comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle Rialaithe nó ón mBord Feidhmiúcháin, é a scor go héigeantach.
5. Beidh ceart vótála ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a bheidh i láthair go pearsanta agus chuige sin beidh vóta amháin aige. Mura bhforáiltear a mhalairt, gníomhóidh an Bord Feidhmiúcháin trí thromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh. Sonrófar na socruithe vótála sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
6. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as gnó reatha an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
7. Déanfar aon fholúntas a tharlóidh ar an mBord Feidhmiúcháin a líonadh trí chomhalta nua a cheapadh i gcomhréir le mír 2.

AIRTEAGAL 12
Freagrachtaí na gcomhlachtaí cinnteoireachta
1. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na treoirlínte agus na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cúraimí a chuireann an Bunreacht agus an Reacht seo ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos beartas airgeadaíochta an Aontais lena n-áirítear, más iomchuí, cinntí maidir le cuspóirí meánreatha airgeadaíochta, eochair-rátaí úis agus soláthar cúlchistí sa Chóras Eorpach Banc Ceannais agus cinnfidh sí na treoirlínte is gá lena gcur chun feidhme.
Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an beartas airgeadaíochta chun feidhme i gcomhréir leis na treoirlínte agus na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe. Tabharfaidh sé lena linn sin na teagaisc riachtanacha do na bainc cheannais náisiúnta. Ina theannta sin, féadfar cumhachtaí áirithe a tharmligean chuige má chinneann an Chomhairle Rialaithe amhlaidh.
A mhéad a mheastar is féidir agus is iomchuí agus gan dochar d'fhorálacha an Airteagail seo, rachaidh an Banc Ceannais Eorpach ar iontaoibh na mbanc ceannais náisiúnta chun oibríochtaí is cuid de chúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a chur i gcrích.
2. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cruinnithe na Comhairle Rialaithe a ullmhú.
3. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe Rialacha Nós Imeachta lena gcinnfear eagrúchán inmheánach an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus a chuid comhlachtaí cinnteoireachta. 4. Is í an Chomhairle Rialaithe a fheidhmeoidh na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4.
5. Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6.

An tUachtarán
1. Is é an tUachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, an Leasuachtarán a bheidh ina chathaoirleach ar an gComhairle Rialaithe agus ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
2. Gan dochar d'Airteagal 38, is é an tUachtarán nó a ainmnitheach a ionadóidh an Banc Ceannais Eorpach don saol mór.


AIRTEAGAL 14
Bainc cheannais náisiúnta
1. I gcomhréir le hAirteagal III-189 den Bhunreacht, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis an mBunreacht agus leis an Reacht seo.
2. Leagfaidh reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta síos go háirithe nach lú ná cúig bliana téarma oifige Gobharnóra bainc cheannais náisiúnta. Ní fhéadfar a oifig a bhaint de Ghobharnóir ach amháin mura gcomhallann sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach. Féadfaidh an Gobharnóir i dtrácht nó an Chomhairle Rialaithe cinneadh chuige sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, mar gheall ar sharú an Bhunreachta nó aon riail dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an cinneadh, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.
3. Is cuid dhílis den Chóras Eorpach Banc Ceannais na bainc cheannais náisiúnta agus gníomhóidh siad i gcomhréir le treoirlínte agus teagaisc an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun comhlíonadh threoirlínte agus theagaisc an Bhainc Cheannais Eorpaigh a áirithiú agus éileoidh sí gach eolas riachtanach a thabhairt di.

4. Féadfaidh bainc cheannais náisiúnta feidhmeanna seachas na feidhmeanna arna sonrú sa Reacht seo a chomhlíonadh mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe, trí thromlach cáilithe dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, go gcuireann na feidhmeanna sin isteach ar chuspóirí agus ar chúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais. Comhlíonfar feidhmeanna den sórt sin ar fhreagracht agus ar dhliteanas na mbanc ceannais náisiúnta agus ní mheasfar gur cuid d'fheidhmeanna an
Chórais Eorpaigh Banc Ceannais iad.

AIRTEAGAL 15
Ceangaltais maidir le tuairisciú
1. Tarraingeoidh an Banc Ceannais Eorpach suas agus foilseoidh sé tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais uair sa ráithe ar a laghad.
2. Foilseofar ráiteas comhdhlúite airgeadais an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais in aghaidh na seachtaine.
3. I gcomhréir le hAirteagal III-383(3) den Bhunreacht, díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
4. Cuirfear na tuarascálacha agus na ráitis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil saor in aisce do pháirtithe leasmhara.

AIRTEAGAL 16
Nótaí bainc
I gcomhréir le hAirteagal III-186(1) den Bhunreacht, beidh ag an gComhairle Rialaithe an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc euro laistigh den Aontas a údarú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.
Urramóidh an Banc Ceannais Eorpach a mhéad is féidir cleachtais atá ann cheana maidir le heisiúint agus le dearadh nótaí bainc.

CAIBIDIL IV
FEIDHMEANNA AIRGEADAÍOCHTA AGUS OIBRÍOCHTAÍ
AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

AIRTEAGAL 17
Cuntais leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na bainc cheannais náisiúnta Chun a n-oibríochtaí a sheoladh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta cuntais a oscailt le haghaidh institiúidí creidmheasa, eagras poiblí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus sócmhainní, lena n-áirítear urrúis i gcuntais reatha, a ghlacadh mar chomhthaobhacht.

AIRTEAGAL 18
Oibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa
1. Chun cuspóirí an Chórais Eorpach Banc Ceannais a ghnóthú agus chun a chúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta:
(a) oibriú ar na margaí airgeadais, trí cheannach nó díol thar barr amach (spotbheart agus réamhdhéileáil) nó trí chomhaontú athcheannaigh, trí éilimh agus ionstraimí indíolta a thabhairt agus a fháil ar iasacht, bídís in euro nó in airgeadraí eile, maille le miotail lómhara;
(b) oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar chomhthaobhacht leordhóthanach.
2. Bunóidh an Banc Ceannais Eorpach prionsabail ghinearálta maidir leis na hoibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa a chuireann sé féin nó na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, lena n-áirítear prionsabail ghinearálta maidir le craoladh na gcoinníollacha faoina mbeidh siad ullamh idirbhearta den sórt sin a dhéanamh.

AIRTEAGAL 19
Cúlchistí íosta
1. Faoi réir Airteagal 2, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a cheangal ar institiúidí creidmheasa arna mbunú i mBallstáit cúlchistí íosta a shealbhú ar cuntais leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na bainc cheannais náisiúnta chun cuspóirí beartais airgeadaíochta a shaothrú. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le ríomh agus cinneadh na gcúlchistí íosta is gá. Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal ús pionósach a thobhach agus smachtbhannaí eile a fhorchur a bhfuil éifeacht inchomórtais leo.
2. D'fhonn an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, an bunús le haghaidh cúlchistí íosta agus na cóimheasa uasta is incheadaithe idir na cúlchistí sin agus an bunús atá leo, mar aon le smachtbhannaí iomchuí i gcás neamhchomhlíonadh.

AIRTEAGAL 20
Ionstraimí eile um rialú airgeadaíochta Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh, trí thromlach cáilithe dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, dul ar iontaoibh pé modhanna oibríochtúla eile um rialú airgeadaíochta is cuí léi, agus Airteagal 2 á urramú aici.
Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, raon feidhme modhanna den sórt sin a shainiú má fhorchuireann siad oibleagáidí ar thríú páirtithe.

AIRTEAGAL 21
Oibríochtaí le heagrais phoiblí
1. I gcomhréir le hAirteagal III-181 den Bhunreacht, toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na bainc cheannais náisiúnta rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, rialtais láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí na mBallstát. Toirmiscfear freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na bainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.
2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta gníomhú amhail gníomhairí fioscacha thar ceann na n-eagras dá dtagraítear i mír 1.
3. Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs soláthair cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

AIRTEAGAL 22
Córais imréitigh agus íocaíochta Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtacha, fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tíortha eile.

AIRTEAGAL 23
Oibríochtaí eachtracha
Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta: (a) caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtíortha eile agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta; (b) gach saghas sócmhainní malairte eachtraí agus miotal lómhar a fháil agus a dhíol trí spotbheart agus réamhdhéileáil; cuimseoidh an abairt "sócmhainn airgid eachtraigh" urrúis agus gach sócmhainn eile in airgeadra aon tíre nó in aonaid chuntais, is cuma cén fhoirm ina sealbhaítear iad;
(c) na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo a shealbhú agus a bhainistiú;
(d) gach saghas idirbhirt bhaincéireachta a sheoladh i ndáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.

AIRTEAGAL 24
Oibríochtaí eile
I dteannta le hoibríochtaí a eascraíonn óna gcúraimí, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais naísiúnta oibríochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcríocha riaracháin nó ar mhaithe lena bhfoireann.

CAIBIDIL V
MAOIRSEACHT STUAMACHTA

AIRTEAGAL 25
Maoirseacht stuamachta
1. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach comhairle a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát agus féadfaidh siad dul i gcomhairle leis maidir le raon feidhme agus le cur chun feidhme gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.
2. I gcomhréir le haon dlí Eorpach arna ghlacadh faoi Airteagal III-185(6) den Bhunreacht, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach cúraimí sonracha a chomhlíonadh i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.


CAIBIDIL VI
FORÁLACHA AIRGEADAIS AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS

AIRTEAGAL 26
Cuntais airgeadais
1. Tosóidh bliain airgeadais an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta ar an gcéad lá d'Eanáir agus críochnóidh sí ar an lá deiridh de mhí na Nollag.
2. Tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas cuntais bhliantúla an Bhainc Cheannais Eorpaigh i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe. Formheasfaidh an Chomhairle Rialaithe na cuntais agus foilseofar dá éis sin iad.
3. Ar mhaithe le cuspóirí anailíseacha agus oibríochtúla, tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas clár comhardaithe comhdhlúite an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a chuimseoidh sócmhainní agus dliteanais sin na mbanc ceannais náisiúnta a thig faoin gCóras Eorpach Banc Ceannais.
4. Chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na rialacha is gá chun cuntasaíocht agus tuairisciú oibríochtaí arna ngabháil ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta a chaighdeánú.


AIRTEAGAL 27
Iniúchóireacht
1. Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha arna moladh ag an gComhairle Rialaithe agus arna bhformheas ag an gComhairle cuntais an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus cuntais na mbanc ceannais náisiúnta a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí leabhair agus cuntais uile an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta a scrúdú agus gach eolas a fháil maidir lena n-idirbhearta.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagal III-384 den Bhunreacht ach maidir le scrúdú ar éifeachtacht oibríochtúil bhainistíocht an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 28
Caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh
1. Caipiteal 5 000 milliún euro a bheidh ag an mBanc Ceannais Eorpach. Féadfar an caipiteal a mhéadú pé méid a bhforálfar i gcinneadh Eorpach ón gComhairle Rialaithe ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(3), faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.
2. Is iad na bainc cheannais náisiúnta amháin a shuibscríobhfaidh agus a shealbhóidh caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Déanfar an caipiteal a shuibscríobh de réir an scála arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29.

3. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(3), méid an
4. Faoi réir mhír 5, ní fhéadfar scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.
5. Má choigeartaítear an scála dá dtagraítear in Airteagal 29, aistreoidh na bainc cheannais náisiúnta eatarthu féin scaireanna caipitil a mhéad is gá d'fhonn a áirithiú go mbeidh dáileadh na scaireanna caipitil sin i gcomhréir leis an scála coigeartaithe. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe téarmaí agus coinníollacha na n-aistrithe sin.

AIRTEAGAL 29
An scála um shuibscríobh caipitil
1. Déanfar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a socraíodh an chéad uair i 1998 nuair a bunaíodh an Córas Eorpach Banc Ceannais a chinneadh trína shannadh do gach banc ceannais náisiúnta ualú sa scála is ionann agus suim: – 50% de scair a Bhallstáit faoi seach i ndaonra an Aontais sa bhliain leathdhéanach roimh an gCóras Eorpach Banc Ceannais a bhunú; – 50% de scair a Bhallstáit faoi seach in olltáirgeacht intíre an Aontais de réir margadhphraghsanna mar a bhí sí arna taifeadadh sna cúig bliana dheireanacha roimh an mbliain leathdhéanach roimh an gCóras Eorpach Banc Ceannais a bhunú. Cothromófar na céatadáin suas nó síos don iolraí is gaire de 0,0001 pointe céatadáin.

2. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gComhairle faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 41.
3. Déanfar na hualuithe arna sannadh do na bainc cheannais náisiúnta a choigeartú gach cúig bliana tar éis bhunú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais de réir analaí le mír 1. Beidh feidhm ag an scála coigeartaithe ón gcéad lá den bhliain dár gcionn.
4. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

AIRTEAGAL 30
Cúlsócmhainní eachtracha a aistriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach
1. Gan dochar d'Airteagal 28, cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta ar fáil don Bhanc Ceannais Eorpach cúlsócmhainní eachtracha seachas airgeadraí Ballstát, euro, riochtaí chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus cearta tarraingthe speisialta, go feadh suim is ionann agus 50 000 milliún euro. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe an chionmhaireacht a bheidh le glaoch ag an mBanc Ceannais Eorpach. Beidh láncheart ag an mBanc Ceannais Eorpach na cúlchistí eachtracha a aistreofar chuige a shealbhú agus a bhainistiú, agus iad a úsáid chun na gcríoch atá leagtha amach sa Reacht seo.
2. Socrófar ranníocaíochtaí gach bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir lena scair i gcaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh
3. Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach chun sochair gach bainc cheannais náisiúnta éileamh is ionann agus a ranníocaíocht. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ainmníocht éileamh den sórt sin agus an íocaíocht ina leith.

4. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir le mír 2, cúlsócmhainní eachtracha breise a ghlaoch thar an teorainn atá socraithe i mír 1, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.
5. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach suímh chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus cearta tarraingthe speisialta a shealbhú agus a bhainistiú agus socrú a dhéanamh le sócmhainní den sórt sin a chomhthiomsú.
6. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

AIRTEAGAL 31
Cúlsócmhainní eachtracha arna sealbhú ag bainc cheannais náisiúnta
1. Ceadófar do na bainc cheannais náisiúnta idirbhearta a chur i gcrích ar mhaithe lena n-oibleagáidí i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhall i gcomhréir le hAirteagal 23.
2. Gach oibríocht eile maidir leis na cúlsócmhainní eachtracha atá fós sna bainc cheannais náisiúnta tar éis na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 30, agus idirbhearta Ballstát lena n-iarmhéideanna oibre malairte eachtraí, beidh siad, os cionn teorann a bhunófar faoi chuimsiú mhír 3, faoi réir fhormheasa ón mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad comhchuí le beartais ráta malairte agus airgeadaíochta an Aontais.
3. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos treoirlínte chun oibríochtaí den sórt sin a éascú.

AIRTEAGAL 32
Cionroinnt ioncam airgeadaíochta
na mbanc ceannais náisiúnta
1. Déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh do na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh fheidhm bheartas airgeadaíochta an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (dá ngairtear "ioncam airgeadaíochta" anseo feasta) a chionroinnt ag deireadh gach bliana airgeadais i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.
2. Is ionann méid ioncam airgeadaíochta gach bainc cheannais náisiúnta agus an t-ioncam bliantúil a dhíorthóidh ó na sócmhainní arna sealbhú in aghaidh nótaí bainc i gcúrsaíocht agus dliteanais taisce i leith institiúidí creidmheasa. Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta na sócmhainní sin in áirithe i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe.
3. Más dóigh leis an gComhairle Rialaithe, tar éis thús an tríú céim, nach féidir mír 2 a chur i bhfeidhm toisc struchtúir chlár comhardaithe na mbanc ceannais náisiúnta, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh go ndéanfar, de mhaolú ar mhír 2, an t-ioncam airgeadaíochta a áireamh de réir modha mhalartaigh go ceann tréimhse nach faide ná cúig bliana.
4. Laghdófar méid ioncam airgeadaíochta gach bainc cheannais náisiúnta méid is ionann agus pé ús a bheidh íoctha ag an mbanc ceannais sin ar a chuid dliteanas taisce le hinstitiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 19.

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh go slánófar bainc cheannais náisiúnta in aghaidh costais a bheidh tabhaithe acu i ndáil le heisiúint nótaí bainc nó, in imthosca eisceachtúla, ar chaillteanais shonracha a eascraíonn ó oibríochtaí beartais airgeadaíochta a bheidh gafa ar láimh thar ceann an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais. Beidh an slánú i bhfoirm a mheasfar is iomchuí de réir na Comhairle Rialaithe. Féadfar na méideanna sin a fhritháireamh in aghaidh ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta.
5. Cionroinnfear suim ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta ar na bainc cheannais náisiúnta i gcoibhneas lena scaireanna íoctha i gcaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh, faoi réir aon chinnidh arna ghlacadh ag an gComhairle Rialaithe de bhun Airteagal 33(2).
6. Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach i gcrích imréiteach agus socrú na n-iarmhéideanna a thig as cionroinnt an ioncaim airgeadaíochta i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe.
7. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

AIRTEAGAL 33
Brabúis ghlana agus caillteanais ghlana an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chionroinnt
1. Aistreofar brabús glan an Bhainc Cheannais Eorpaigh san ord seo a leanas:
(a) déanfar méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe, nach bhféadfaidh a bheith níos mó ná 20% den bhrabús glan, a aistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorann is ionann agus 100% den chaipiteal;

(b) déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí an Bhainc Cheannais Eorpaigh i gcoibhneas lena scaireanna íoctha.
2. I gcás an Banc Ceannais Eorpach caillteanas a thabhú, is féidir an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcoibhneas leis na méideanna agus go feadh na méideanna arna gcionroinnt ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32(5).

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA AIRTEAGAL 34
Gníomhartha dlíthiúla
1. I gcomhréir le hAirteagal III-190 den Bhunreacht, glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach:
(a) rialacháin Eorpacha a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe in Airteagal 3(1)(a), Airteagal 19(1), Airteagal 22 nó Airteagal 25(2) den Reacht seo a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos sna rialacháin Eorpacha agus sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 41;
(b) na cinntí Eorpacha is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar an gCóras Eorpach Banc Ceannais faoin mBunreacht agus faoin Reacht seo a chomhlíonadh;
(c) moltaí agus tuairimí.
2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí Eorpacha, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.
3. Faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin Eorpacha agus faoina chinntí Eorpacha.

AIRTEAGAL 35
Léirmheas breithiúnach agus ábhair ghaolmhara
1. Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gníomhartha nó neamhghníomhartha an Bhainc Cheannais Eorpaigh a athbhreithniú agus a léiriú sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach imeachtaí a thionscnamh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht.
2. Is iad na cúirteanna náisiúnta inniúla a chinnfidh díospóidí idir an Banc Ceannais Eorpach, ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhiachóirí nó aon duine eile, ar an taobh eile, ach amháin nuair atá dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
3. Beidh an Banc Ceannais Eorpach faoi réir an chórais dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal III-431 den Bhunreacht. Beidh na bainc cheannais náisiúnta faoi dhliteanas de réir a ndlíthe náisiúnta faoi seach.
4. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá in aon chonradh, bíodh sé arna rialú ag an dlí poiblí nó ag an dlí príobháideach, a thabharfaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcrích nó a thabharfar i gcrích thar a cheann.
5. Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
6. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le banc ceannais náisiúnta a chuid oibleagáidí a chomhall faoin mBunreacht agus faoin Reacht seo. Má mheasann an Banc Ceannais Eorpach go bhfuil mainnithe ag banc ceannais náisiúnta oibleagáid a chomhall faoin mBunreacht agus faoin Reacht seo, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ar an ábhar tar éis deis a thabhairt don bhanc ceannais náisiúnta i dtrácht a chuid barúlacha a thíolacadh. Mura ngéillfidh an banc ceannais náisiúnta don tuairim laistigh den tréimhse atá leagtha síos ag an mBanc Ceannais Eorpach, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 36
Foireann
1. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos, ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin, coinníollacha fostaíochta fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid idir an Banc Ceannais Eorpach agus a sheirbhísigh faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna leagan síos sna coinníollacha fostaíochta.

AIRTEAGAL 37
Rúndacht ghairmiúil
1. Beidh de cheangal ar chomhaltaí na gcomhlachtaí rialaithe agus ar fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan aon fhaisnéis a nochtadh is de shaghas atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.
2. Beidh daoine a mbeidh teacht acu ar shonraí atá faoi chumhdach gnímh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a fhorchuireann oibleagáid rúndachta faoi réir na hoibleagáide sin.

AIRTEAGAL 38
Sínitheoirí
Cuirfear an Banc Ceannais Eorpach faoi dhliteanas dlíthiúil i leith tríú páirtithe ag an Uachtarán nó ag beirt chomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin nó ag síniú bheirt chomhaltaí d'fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh arna n-údarú go cuí ag an Uachtarán chun síniú thar ceann an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 39
Pribhléidí agus díolúintí Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach ar chríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpach.

CAIBIDIL VIII
LEASÚ AN REACHTA
AGUS RIALACHA FORLÍONTACHA

AIRTEAGAL 40
Nósanna imeachta simplithe leasaithe
1. I gcomhréir le hAirteagal III-187(3) den Bhunreacht, féadfar Airteagal 5(1), (2) agus (3), Airteagail 17 agus 18, Airteagal 19(1), Airteagail 22, 23, 24 agus 26, Airteagal 32(2), (3), (4) agus (6), Airteagal 33(1)(a) agus Airteagal 36 den Reacht seo a leasú le dlíthe Eorpacha:
(a) ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, nó;
(b) ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
2. Féadfar Airteagal 10(2) a leasú le cinneadh Eorpach ón gComhairle ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Ní thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
3. Is gá cinneadh d'aon toil ón gComhairle Rialaithe chun an Banc Ceannais Eorpach a dhéanamh moladh faoin Airteagal seo.

AIRTEAGAL 41
Rialacha forlíontacha
I gcomhréir le hAirteagal III-187(4) den Bhunreacht, glacfaidh an Chomhairle na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha lena mbunófar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5(4), Airteaga1 19(2), Airteagal 20, Airteagal 28(1), Airteagal 29(2), Airteagal 30(4) agus Airteagal 34(3) den Reacht seo. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa:
(a) ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, nó;
(b) ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

CAIBIDIL IX
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS EILE DON CHÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS

AIRTEAGAL 42
Forálacha ginearálta
1. Béarfaidh maolú dá dtagraítear in Airteagal III-197(1) den Bhunreacht nach dtabharfaidh na hAirteagail seo a leanas den Reacht seo aon chearta don Bhallstát i dtrácht ná nach bhforchuirfidh siad aon oibleagáidí air: Airteagail 3 agus 6, Airteagal 9(2), Airteagal 12(1), Airteagal 14(3), Airteagail 16, 18, 19, 20, 22 agus 23, Airteagal 26(2), Airteagail 27, 30, 31, 32, 33, 34 agus 50.
2. Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát go maolú mar atá sonraithe in Airteagal III-197(1) den Bhunreacht a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.
3. I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal III-197(2) den Bhunreacht, agus le hAirteagal 3, Airteagal 11(2) agus Airteagal 19 den Reacht seo, ciallaíonn "Ballstáit" na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
4. In Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) agus (3), Airteagal 12(1), Airteagail 16, 17, 18, 22, 23, 27, 30, 31 agus 32, Airteagal 33(2) agus Airteagal 50 den Reacht seo, ciallaíonn "bainc cheannais náisiúnta" bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
5. In Airteagail 10(3) agus Airteagal 33(1), ciallaíonn "scairshealbhóirí" bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
6. In Airteagail 10(3) agus Airteagal 30(2), ciallaíonn "caipiteal suibscríofa" caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh arna shuibscríobh ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

AIRTEAGAL 43
Cúraimí idirthréimhseacha an Bhainc Cheannais Eorpaigh
Gabhfaidh an Banc Ceannais Eorpach chuige na cúraimí sin a bhí ar an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta dá dtagraítear in Airteagal III-199(2) den Bhunreacht nach foláir, de bhun maoluithe Ballstáit amháin nó níos mó, a chomhlíonadh fós tar éis an euro a thabhairt isteach. Tabharfaidh an Banc Ceannais Eorpach comhairle nuair a bhíonn ullmhúcháin á ndéanamh d'aisghairm na maoluithe atá sonraithe in Airteagal III-198 den Bhunreacht.

AIRTEAGAL 44
Comhairle Ghinearálta an Bhainc Cheannais Eorpaigh 1. Gan dochar d'Airteagal III-187(1) den Bhunreacht, tionscnófar an Chomhairle Ghinearálta mar thríú comhlacht cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
2. Beidh ar an gComhairle Ghinearálta Uachtarán agus Leasuachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Féadfaidh comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.
3. Tá freagrachtaí na Comhairle Ginearálta liostaithe ina n-iomláine in Airteagal 46.

AIRTEAGAL 45
Oibriú na Comhairle Ginearálta
1. Uachtarán nó, mura féidir dó bheith i láthair, Leasuachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bheidh ina chathaoirleach ar Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
2. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta de chuid an Choimisiúin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.
3. Ullmhóidh an tUachtarán cruinnithe na Comhairle Ginearálta.
4. De mhaolú ar Airteagal 12(3), glacfaidh an Chomhairle Ghinearálta a Rialacha Nós Imeachta.
5. Soláthróidh an Banc Ceannais Eorpach rúnaíocht na Comhairle Ginearálta.

AIRTEAGAL 46
Freagrachtaí na Comhairle Ginearálta
1. Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta:
(a) na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 a chomhlíonadh;
(b) rannchuidiú leis na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 25(1).
2. Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta le:
(a) bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5;
(b) gníomhaíochtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15;
(c) bunú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 26(4) is gá chun Airteagal 26 a chur i bhfeidhm;
(d) glacadh gach birt eile dá dtagraítear in Airteagal 29(4) is gá chun Airteagal 29 a chur i bhfeidhm;
(e) coinníollacha fostaíochta fhoireann an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 36 a leagan síos.
3. Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát go maolú a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh an euro dá dtagraítear in Airteagal III-198(3) den Bhunreacht.
4. Cuirfidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh an Chomhairle Ghinearálta ar an eolas faoi chinntí na Comhairle Rialaithe.

AIRTEAGAL 47
Forálacha idirthréimhseacha maidir le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh
I gcomhréir le hAirteagal 29, sannfar ualú sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh do gach banc ceannais náisiúnta. De mhaolú ar Airteagal 28(3), ní íocfaidh bainc cheannais na mBallstát go maolú a gcaipiteal suibscríofa mura gcinnfidh an Chomhairle Ghinearálta, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de chaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus leath na scairshealbhóirí ar a laghad, go gcaithfear céatadán íosta a íoc mar ranníocaíocht le haghaidh chostais oibríochtúla an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 48
Íocaíocht iarchurtha chaipiteal, chúlchistí
agus sholáthairtí an Bhainc Cheannais Eorpaigh
1. Déanfaidh banc ceannais Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe a scair shuibscríofa de chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a íoc go feadh an méid atá íoctha ag bainc cheannais na mBallstát eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus aistreoidh sé chuig an mBanc Ceannais Eorpach sócmhainní cúlchistí eachtracha i gcomhréir le hAirteagal 30(1). Cinnfear an tsuim atá le haistriú tríd an euro-luach ag rátaí reatha malairte shócmhainní na gcúlchistí eachtracha a aistríodh cheana chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 30(1) a iolrú faoin gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais náisiúnta eile.
2. I dteannta na híocaíochta a bheidh le déanamh i gcomhréir le mír 1, rannchuideoidh an banc ceannais náisiúnta i dtrácht le cúlchistí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, leis na soláthairtí sin is comhionann le cúlchistí, agus leis an méid atá fós le leithghabháil leis na cúlchistí agus na soláthairtí i gcomhréir leis an gcomhardú sa chuntas brábúis agus caillteanais amhail an 31 Nollaig den bhliain roimh an maolú a aisghairm. Cinnfear an tsuim atá le rannchuidiú trí mhéid na gcúlchistí, mar atá sé sainithe thuas agus mar atá sé luaite i gclár comhardaithe formheasta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, a iolrú faoin gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais eile.

3. Ar Stát amháin nó níos mó a theacht chun bheith ina mBallstáit agus a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach a theacht chun bheith ina gcuid den Chóras Eorpach Banc Ceannais, déanfar caipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an teorainn ar mhéid na gcúlsócmhainní eachtracha is féidir a aistriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach a mhéadú go huathoibríoch. Cinnfear an méadú trí na méideanna atá ann faoi seach a iolrú faoin gcóimheas, laistigh den scála méadaithe caipitil, idir ualú na mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht atá ag teacht isteach agus ualú na mbanc ceannais náisiúnta atá cheana ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais. Déanfar ualú gach bainc cheannais náisiúnta sa scála caipitil a ríomh de réir analaí le hAirteagal 29(1) agus i gcomhréir le hAirteagal 29(2). Is ionann na tréimhsí tagartha do na sonraí staidrimh agus na tréimhsí tagartha arna gcur i bhfeidhm ar an gcoigeartú cúigbhliantúil is déanaí do na hualuithe faoi Airteagal 29(3).

AIRTEAGAL 49
Maolú ar Airteagal 32
1. Má chinneann an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis thús an tríú céim, go leanann athruithe sonraíocha ar riochtaí coibhneasta ioncaim na mbanc ceannais náisiúnta as cur i bhfeidhm Airteagal 32, déanfar méid an ioncaim a bheidh le cionroinnt de bhun Airteagal 32 a laghdú céatadán comhionann nach mó ná 60% sa chéad bhliain airgeadais tar éis thús an tríú céim agus a laghdófar dhá phointe dhéag céatadáin ar a laghad gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.
2. Beidh mír 1 infheidhme ar feadh cúig bliana iomlána airgeadais ar a mhéad tar éis thús an tríú céim.

AIRTEAGAL 50
Malartú nótaí bainc in airgeadraí na mBallstát
Tar éis na rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe i gcomhréir le hAirteagal III-198(3) den Bhunreacht, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc arna n-ainmniú in airgeadraí na mBallstát le rátaí malairte atá socraithe go neamh-inchúlghairthe a mhalartú ar a luachanna pair faoi seach.

AIRTEAGAL 51
Infheidhmeacht na bhforálacha idirthréimhseacha
Má tá agus fad a bheidh Ballstáit go maolú ann, beidh Airteagail 42 go 47 infheidhme.

Valid XHTML 1.0!