Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

Prótacail | 1-3 | 4 | 5-7 | 8 | 9(a) | 9(b) | 10-20 | 21-33 | 34-36 | Iarscríbhinn I & II

PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP

5. PRÓTACAL AR REACHT AN BHAINC EORPAIGH INFHEISTÍOCHTA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal III-393 den Bhunreacht a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip:

AIRTEAGAL 1
Comhdhéantar leis seo an Banc Eorpach Infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal III-393 den Bhunreacht (dá ngairtear an "Banc" anseo feasta); comhlíonfaidh sé a fheidhmeanna agus déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí de réir fhorálacha an Bhunreachta agus an Reachta seo.

AIRTEAGAL 2
Sainítear le hAirteagal III-394 den Bhunreacht an cúram a bheidh ar an mBanc.

AIRTEAGAL 3
I gcomhréir le hAirteagal III-393 den Bhunreacht, is iad na Ballstáit comhaltaí an Bhainc.

AIRTEAGAL 4
1. Is é is caipiteal don Bhanc 163 653 737 000 euro, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas:
An Ghearmáin 26 649 532 500
An Fhrainc 26 649 532 500
An Iodáil 26 649 532 500
An Ríocht Aontaithe 26 649 532 500
An Spáinn 15 989 719 500
An Bheilg 7 387 065 000
An Ísiltír 7 387 065 000
An tSualainn 4 900 585 500
An Danmhairg 3 740 283 000
An Ostair 3 666 973 500
An Pholainn 3 411 263 500
An Fhionlainn 2 106 816 000
An Ghréig 2 003 725 500
An Phortaingéil 1 291 287 000
Poblacht na Seice 1 258 785 500
An Ungáir 1 190 868 500
Éire 935 070 000
An tSlóvaic 428 490 500
An tSlóivéin 397 815 000
An Liotuáin 249 617 500
Lucsamburg 187 015 500
An Chipir 183 382 000
An Laitvia 152 335 000
An Eastóin 117 640 000
Málta 69 804 000


Ní bheidh na Ballstáit faoi dhliteanas ach amháin go feadh méid a scaire den chaipiteal a suibscríobhadh agus nár íocadh.
2. Má ligtear isteach comhalta nua bhéarfaidh sin méadú ar an gcaipiteal suibscríofa i gcomhréir lena dtabharfaidh an comhalta nua de chaipiteal isteach.
3. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh go méadófar an caipiteal suibscríofa.
4. Ní féidir scair comhalta sa chaipiteal suibscríofa a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

AIRTEAGAL 5
1. Íocfaidh na Ballstáit an caipiteal suibscríofa go feadh 5% ar mheán na méideanna atá leagtha síos in Airteagal 4(1).
2. I gcás méadú a theacht ar an gcaipiteal suibscríofa, socróidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, an céatadán atá le híoc agus modh a íoctha. Déanfar na híocaíochtaí in airgead tirim go heisiach in euro.
3. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a cheangal go ndéanfar iarmhéid an chaipitil shuibscríofa a íoc, a
mhéad is gá don Bhanc chun freastal dá oibleagáidí. An íocaíocht a bheidh le déanamh amhlaidh ag gach Ballstát, beidh sí i gcomhréir lena scair den
chaipiteal suibscríofa.

AIRTEAGAL 6
Beidh an Banc á stiúradh agus á bhainistiú ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta.

AIRTEAGAL 7
1. Is iad a bheidh ar an mBord Gobharnóirí na hAirí a bheidh ceaptha ag na Ballstáit.
2. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos treoracha ginearálta do bheartas creidmheasa an Bhainc, i
gcomhréir le cuspóirí an Aontais. Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go gcuirfear na treoracha sin i ngníomh.
3. Ina theannta sin déanfaidh an Bord Gobharnóirí mar a leanas:
(a) cinnfidh sé an bhfuil an caipiteal suibscríofa le méadú de réir Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2);
(b) chun críocha Airteagal 9(1), cinnfidh sé na prionsabail is infheidhme ar na hoibríochtaí um maoiniú arna ngabháil ar láimh faoi chuimsiú chúram an Bhainc;
(c) feidhmeoidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 11 maidir le comhaltaí den Bhord Stiúrthóirí agus den Choiste Bainistíochta a cheapadh agus lena scor go héigeantach, mar aon leis na cumhachtaí dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 11(1);

(d) glacfaidh sé cinntí maidir le maoiniú a dheonú le haghaidh oibríochtaí infheistíochta atá le cur i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 16(1);
(e) formheasfaidh sé tuarascáil bhliantúil an Bhord Stiúrthóirí;
(f) formheasfaidh sé an clár comhardaithe bliantúil maille leis an gcuntas sochair agus dochair;
(g) formheasfaidh sé Rialacha Nós Imeachta an Bhainc;
(h) feidhmeoidh sé na cumhachtaí agus na feidhmeanna arna dtabhairt leis an Reacht seo.
4. Faoi chuimsiú an Bhunreachta agus an Reachta seo, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, aon chinntí a ghlacadh a bhaineann le fionraí oibríochtaí an Bhainc agus, dá dtarlódh sin, lena leachtú.

AIRTEAGAL 8
1. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Gobharnóirí cinntí. Ní mór an tromlach sin a bheith in ionannas le 50% ar a laghad den chaipiteal suibscríofa.
Is gá ocht vóta dhéag agus 68% den chaipiteal suibscríofa ina fhabhar do thromlach cáilithe.
2. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí a ghlacadh.

AIRTEAGAL 9
1. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí maidir le maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí, agus maidir le hiasachtaí a chruinniú; socróidh sé na rátaí úis ar iasachtaí a dheonófar agus an coimisiún agus muirir eile. Féadfaidh sé cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn cinneadh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe. Cinnfidh sé na téarmaí agus na coinníollacha do tharmligean den sórt sin agus maoirseoidh sé a fhorghníomhú. Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistiú i gcomhréir leis an mBunreacht, leis an Reacht seo agus leis na treoracha ginearálta a leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos. I ndeireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Bord Stiúrthóirí tuarascáil faoi bhráid an Bhord Gobharnóirí agus foilseoidh sé í tar éis a formheasta.
2. Sé stiúrthóir is fiche agus sé mhalartach déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí. Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí a cheapadh go ceann cúig bliana, stiúrthóir amháin arna ainmniú ag gach Ballstát. Ainmneoidh an Coimisiún stiúrthóir amháin freisin. Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí malartacha a cheapadh go ceann cúig bliana, mar a thaispeántar thíos:
- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,
- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na Fraince,
- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile,
- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,
- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Spáinne agus ag Poblacht na Portaingéile,
- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Beilge, ag Ard-Diúcacht Lucsamburg agus ag Ríocht na hÍsiltíre,
- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Danmhairge, ag an bPoblacht Heilléanach agus ag Éirinn,
- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,
- triúr malartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice,
- malartach amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.
Comhthoghfaidh an Bórd Stiúrthóirí seisear saineolaithe gan ceart vótála: triúr mar chomhaltaí agus
triúr mar mhalartaigh. Féadfar ceapacháin na stiúrthóirí agus na malartach a athnuachan.

Leagfaidh na Rialacha Nós Imeachta síos na socruithe maidir le bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Bhord Stiúrthóirí agus na forálacha is infheidhme ar mhalartaigh agus ar shaineolaithe arna gcomhthoghadh.
Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sé as láthair, duine dá Leas-Uachtaráin, i gceannas ar chruinnithe an Bhord Stiúrthóirí, ach ní vótálfaidh sé. Roghnófar comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí as daoine nach bhfuil a neamhspleáchas ná a n-inniúlacht inchurtha in amhras. Ní bheidh siad freagrach ach amháin don Bhanc.
3. Ní fhéadfaidh an Bord Gobharnóirí stiúrthóir a scor go héigeantach ach amháin sa chás nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a dhualgais a dhéanamh á gcomhlíonadh aige a thuilleadh; ní foláir don Bhord gníomhú trí thromlach cáilithe. Mura dtugtar formheas ar an tuarascáil bhliantúil, éireoidh an Bord Stiúrthóirí as oifig.
4. Aon fholúntas a tharlóidh trí bhás comhalta, nó trína éirí as oifig dá dheoin féin, nó trína éirí as go héigeantach, nó trí chomhaltaí d'éirí as d'aon bhuíon, líonfar é de réir mhír 2. Ach amháin i gcás an Bord Stiúrthóirí ar fad a athrú, gabhfar ionad comhalta go ceann a bhfuil fágtha dá théarma oifige.
5. Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn le dualgais stiúrthóra nó malartaigh.

AIRTEAGAL 10
1. Beidh vóta amháin ag gach stiúrthóir ar an mBord Stiúrthóirí. Féadfaidh sé a vóta a tharmligean i ngach cás, de réir nósanna imeachta a leagfar síos le Rialacha Nós Imeachta an Bhainc.

2. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is le trian ar a laghad de na comhaltaí atá i dteideal vótála, iad in ionannas le 50% ar a laghad den chaipiteal suibscríofa, a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí. Is gá ocht vóta dhéag agus 78% den chaipiteal suibscríofa ina fhabhar do thromlach cáilithe. Leagfar síos i Rialacha Nós Imeachta an Bhainc cé mhéad comhalta den Bhord Stiúrthóirí is córam chun go nglacfar cinntí.

AIRTEAGAL 11
1. Beidh ar an gCoiste Bainistíochta Uachtarán agus ochtar Leas-Uachtarán arna gceapadh go ceann sé bliana ag an mBord Gobharnóirí ar thogra ón mBord Stiúrthóirí. Féadfar a gceapacháin a athnuachan.
Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, líon na gcomhaltaí ar an gCoiste Bainistíochta a athrú.
2. Ar thogra ón mBord Stiúrthóirí arna ghlacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, comhalta den Choiste Bainistíochta a scor go héigeantach.
3. Beidh an Coiste Bainistíochta freagrach i ngnóthaí reatha an Bhainc, faoi údarás an Uachtaráin agus faoi mhaoirseacht an Bhoird Stiúrthóirí. Ullmhóidh sé cinntí an Bhoird Stiúrthóirí, lena n-áirítear cinntí i dtaobh iasachtaí a chruinniú agus maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí. Féachfaidh sé chuige go gcuirfear na cinntí sin i ngníomh.

4. Glacfaidh an Coiste Bainistíochta, ag gníomhú dó trí thromlach, tuairimí ar thograí chun iasachtaí a chruinniú nó maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí.
5. Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair chomhaltaí an Choiste Bainistíochta agus leagfaidh sé síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn lena ndualgais.
6. Feidhmeoidh an tUachtarán nó, mura féidir dó é, Leas-Uachtarán, ar son an Bhainc in ábhair dhlíthiúla agus in ábhair eile.
7. Beidh foireann an Bhainc faoi údarás an Uachtaráin. Is é a fhostóidh agus a scoirfidh iad. Agus foireann á roghnú, ní hamháin go gcuirfear san áireamh cumas agus cáilíochtaí pearsanta ach ina theannta sin cuirfear san áireamh ionadaíocht chothromasach náisiúnach na mBallstát. Cinnfidh na Rialacha Nós Imeachta cad é an comhlacht is inniúil chun forálacha is infheidhme ar an bhfoireann a ghlacadh.
8. Ní bheidh Coiste Bainistíochta agus foireann an Bhainc freagrach ach don Bhanc amháin agus beidh siad neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a ndualgas
.
AIRTEAGAL 12
1. Déanfaidh Coiste ar a mbeidh sé chomhalta, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí ar bhonn a n-inniúlachta, a fhíorú go gcomhlíonann gníomhaíochtaí an Bhainc dea-chleachtas baincéireachta agus beidh sé freagrach as a chuntais a iniúchadh.
2. Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 a chinntiú gach bliain gur seoladh oibríochtaí an Bhainc agus gur coimeádadh a leabhair ar mhodh cuí. Chuige sin, fíoróidh sé go ndearnadh oibríochtaí an Bhainc a sheoladh ar cothrom leis na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Reacht agus sna Rialacha Nós Imeachta.
3. Daingneoidh an Coiste dá dtagraítear i mír 1 go dtugann na ráitis airgeadais mar aon le gach faisnéis airgeadais eile dá bhfuil sna cuntais bhliantúla arna dtarraingt suas ag an mBord Stiúrthóirí léargas fíorcheart ar riocht airgeadais an Bhainc i dtaca lena shochair agus a dhochair, agus ar thorthaí a chuid oibríochtaí agus a shreabhthaí airgid thirim don bhliain airgeadais faoi bhreithniú.
4. Sonróidh na Rialacha Nós Imeachta na cáilíochtaí atá riachtanach do chomhaltaí an Choiste and leagfaidh sé síos na téarmaí agus na coinníollacha do ghníomhaíocht an Choiste.

AIRTEAGAL 13
Déileálfaidh an Banc le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh ceaptha ag an Stát sin. Ag seoladh a oibríochtaí airgeadais dó, rachaidh an Banc ar iontaoibh bhanc cheannais náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht nó institiúidí eile airgeadais a bheidh formheasta ag an Stát sin.

AIRTEAGAL 14
1. Comhoibreoidh an Banc le gach eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimsí atá cosúil lena chuid réimsí féin.
2. Féachfaidh an Banc le gach comhtheagmháil chuí a bhunú ar mhaithe leis an gcomhoibriú le hinstitiúidí baincéireachta agus airgeadais sna tíortha a sroicheann a oibríochtaí chucu.

AIRTEAGAL 15
Arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún, nó uaidh féin, déanfaidh an Bord Gobharnóirí, de réir na gcoinníollacha céanna a bhain lena nglacadh, na treoracha a bheidh leagtha síos aige faoi Airteagal 7 a léiriú nó a fhorlíonadh.

AIRTEAGAL 16
1. Faoi chuimsiú an chúraim atá leagtha amach in Airteagal III-394 den Bhunreacht, deonóidh an Banc maoiniú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí dá chomhaltaí nó do ghnóthais phríobháideacha nó phoiblí le haghaidh infheistíochta a bheidh le cur in éifeacht i gcríocha Ballstát, sa mhéid nach bhfuil cistí le fáil ó fhoinsí eile ar théarmaí réasúnta. Ach trí chinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, féadfaidh an Banc maoiniú a dheonú le haghaidh infheistíochta a bheidh le cur in éifeacht, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha Ballstát.
2. Chomh fada agus is féidir, ní dheonófar iasachtaí ach ar an gcoinníoll go n-úsáidtear foinsí eile airgeadais freisin.
3. Nuair a bheidh iasacht á deonú aige do ghnóthas nó do chomhlacht seachas Ballstát, cuirfidh an Banc de choinníoll leis an iasacht sin go bhfaighfear ráthaíocht ón mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht nó go bhfaighfear ráthaíochtaí leormhaithe nó go mbeidh láidreacht airgeadais ag an bhféichiúnaí.

Fairis sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal III-394 den Bhunreacht a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, téarmaí agus coinníollacha aon oibríochta um maoiniú a bhfuil próifíl riosca shonrach ag gabháil léi agus a mheastar mar sin mar ghníomhaíocht speisialta.
4. Féadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú a thógfaidh gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó a thógfaidh comhlachtaí eile chun tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal III-394 den Bhunreacht a chur in éifeacht.
5. An méid comhiomlán a bheidh amuigh tráth ar bith d'iasachtaí agus de ráthaíochtaí ón mBanc, ní mó é ná 250% dá chaipiteal suibscríofa, dá chúlchistí, dá sholáthairtí neamhchionroinnte agus den bharrachas ón gcuntas brabúis agus caillteanais. Laghdófar an méid comhiomlán sin méid is
ionann agus an méid atá suibscríofa, bíodh nó ná bíodh sé íoctha isteach, i gcomhair aon
rannpháirtíochta cothromais de chuid an Bhainc. Méid na rannpháirtíochtaí cothromais de chuid an Bhainc atá íoctha amach, ní mó é tráth ar bith ná méid is comhfhreagrach le hiomlán a chaipitil shuibscríofa atá íoctha isteach, a chúlchistí, a sholáthairtí neamhchionroinnte agus bharrachas a chuntais brabúis agus caillteanais. Mar eisceacht, beidh ag gníomhaíochtaí speisialta an Bhainc, mar a bheidh arna gcinneadh ag an mBord Gobharnóirí agus ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhréir le mír 3, cionroinnt shonrach cúlchiste. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le cuntais chomhdhlúite an Bhainc.
6. Cosnóidh an Banc é féin in aghaidh rioscaí malairte trí cibé clásail is cuí leis a chur isteach i gconarthaí le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí.

AIRTEAGAL 17
1. Déanfar na rátaí úis ar iasachtaí ón mBanc agus an coimisiún agus muirir eile a oiriúnú do na coinníollacha atá i dtreis ar mhargadh an chaipitil agus iad a ríomh ar dhóigh go gcuirfidh an t-ioncam astu ar chumas an Bhainc freastal dá oibleagáidí, a chaiteachais agus a rioscaí a ghlanadh agus cúlchiste a thiomargadh mar a fhoráiltear in Airteagal 22.
2. Ní dheonóidh an Banc aon laghdú ar rátaí úis. I gcás inar cosúil gur mhaith an rud é an t-ús a laghdú mar gheall ar an saghas infheistíochta atá le maoiniú, féadfaidh an Ballstát atá i gceist nó gníomhaireacht éigin eile cabhair a thabhairt chun íoctha an úis, sa mhéid go luífidh sin le hAirteagal III-167 den Bhunreacht.

AIRTEAGAL 18
Ina oibríochtaí i ndáil le maoiniú, urramóidh an Banc na prionsabail seo a leanas:
1. Áiritheóidh sé úsáid a chistí ar an gcuma is réasúnaí is féidir ar mhaithe le leasanna an Aontais.
Ní fhéadfaidh sé iasachtaí ná ráthaíochtaí a thabhairt ach amháin:
(a) más rud é, i gcás infheistíochtaí atá á gcur in éifeacht ag gnóthais in earnáil an táirgthe, go bhfuil íocaíochtaí in aghaidh úis agus amúchta á gcumhdach as brabúis oibriúcháin nó, i gcás infheistíochtaí eile, trí oibleagáidí faoina ndeachaigh an Stát a bhfuil an infheistíocht á cur in éifeacht ann nó ar mhodh éigin eile; agus,

(b) más rud é go gcuidíonn feidhmiú na hinfheistíochta le méadú ar an táirgiúlacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go gcuireann sé bunú nó oibriú an mhargaidh inmheánaigh chun cinn.
2. Ní bhfaighidh sé aon leas i ngnóthas ná ní ghabhfaidh sé aon fhreagracht ina bhainistíocht, mura gá sin le go gcosnófaí cearta an Bhainc chun a áirithiú go bhfaighfear ar ais cistí a tugadh ar iasacht. Ar a shon sin, i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBord Gobharnóirí de bhun Airteagal 7(3)(b), agus nuair is gá sin chun na hoibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal III-394 den Bhunreacht a chur chun feidhme, socróidh an Bord Stiúrthóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht chothromais a ghlacadh i ngnóthas tráchtála, de ghnáth mar chomhlánú ar iasacht nó ráthaíocht, a mhéad is gá sin chun infheistíocht nó clár a mhaoiniú.
3. Féadfaidh sé a chuid éileamh a dhíol ar an margadh caipitil agus, chun na críche sin, féadfaidh sé a cheangal ar a fhéichiúnaithe bannaí nó urrúis eile a eisiúint.
4. Ní fhorchuirfidh an Banc ná na Ballstáit coinníollacha á cheangal cistí a fuarthas ar iasacht ón mBanc a chaitheamh i gcríoch Ballstáit shonraithe.
5. Féadfaidh an Banc é a chur de choinníoll le hiasachtaí uaidh go ndéanfar socrú le haghaidh iarraidh idirnáisiúnta ar thairiscintí.
6. Ní mhaoineoidh an Banc, go hiomlán ná go páirteach, aon infheistíocht a bhfuil cur ina choinne ag an mBallstát ar ina chríoch atá sé le cur in éifeacht.
7. Mar chomhlánú ar a ghníomhaíocht um iasachtú, féadfaidh an Banc seirbhísí cabhrach teicniúla a chur ar fáil i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan síos ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, agus i gcomhréir leis an Reacht seo.

AIRTEAGAL 19
1. Féadfaidh aon ghnóthas, nó aon eagras poiblí nó príobháideach, iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh go díreach chun an Bhainc. Féadfar iarratais a dhéanamh freisin tríd an gCoimisiún nó tríd an mBallstát ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht.
2. Iarratais a dhéanfar tríd an gCoimisiún, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit ar ina chríoch atá an infheistíocht le cur in éifeacht, d'fhonn tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfar trí Bhallstát, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfaidh gnóthas go díreach, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit i dtrácht agus faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Ballstát i dtrácht agus an Coimisiún a dtuairimí laistigh de dhá mhí. Mura bhfaighfear freagra laistigh den tréimhse sin, féadfaidh an Banc glacadh leis nach bhfuil aon chur i gcoinne na hinfheistíochta i gceist.
3. Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí rialú ar oibríochtaí maoinithe a chuirfidh an Coiste Bainistíochta faoina bhráid.
4. Scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na hoibríochtaí um maoiniú a cuireadh faoina bhráid féachaint an gcomhlíonann siad forálacha an Reachta seo, go háirithe Airteagail 16 agus 18. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta i bhfabhar na hoibríochta maoinithe, cuirfidh sé an togra comhfhreagrach faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí. Féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is fíor-riachtanach leis a chur lena thuairim fhabhrach. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta in aghaidh an maoiniú a dheonú, cuirfidh sé na doiciméid iomchuí faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí mar aon lena thuairim.
5. Má thugann an Coiste Bainistíochta tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil.

6. Má thugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil, gan an stiúrthóir a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún a bheith páirteach sa vótáil.
7. Má thugann an Coiste Bainistíochta agus an Coimisiún araon tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an maoiniú a dheonú.
8. Más gá oibríocht um maoiniú a bhaineann le hinfheistíocht fhormheasta a athstruchtúrú chun cearta agus leasanna an Bhainc a chosaint, glacfaidh an Coiste Bainistíochta gan mhoill na bearta éigeandála a mheasann sé is gá, faoi réir an Bord Stiúrthóirí a chur ar an eolas faoi láithreach.

AIRTEAGAL 20
1. Gheobhaidh an Banc ar iasacht ar na margaí caipitil na cistí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.
2. Féadfaidh an Banc iasachtaí a fháil ar mhargaí caipitil na mBallstát, de réir na bhforálacha dlíthiúla a bhaineann leis na margaí sin. Ní fhéadfaidh údaráis inniúla Ballstáit go maolú de réir bhrí Airteagal III-197(1) den Bhunreacht cur ina choinne sin ach amháin nuair is baolach suaitheadh tromchúiseach a theacht ar mhargadh caipitil an Stáit sin.

AIRTEAGAL 21
1. Féadfaidh an Banc aon chistí dá chuid atá ar fáil agus nach bhfuil de dhíth air láithreach chun
freastal dá oibleagáidí a úsáid mar a leanas:
(a) féadfaidh sé infheistiú ar na margaí airgid;
(b) féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha Airteagal 18(2), urrúis a cheannach agus a dhíol;
(c) féadfaidh sé aon oibríochtaí eile airgeadais a bhfuil baint acu lena chuspóirí a dhéanamh.
2. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 23, ní dhéanfaidh an Banc, ag bainistiú a infheistíochtaí dó, páirt a ghabháil in aon arbatráiste airgeadra nach gá go díreach chun a oibríochtaí iasachtaithe a chur i gcrích nó chun oibleagáidí a chomhall a d'éirigh as iasachtaí a thóg sé nó as ráthaíochtaí a thug sé.
3. Sna réimeanna atá faoi thrácht san Airteagal seo, gníomhóidh an Banc i gcomhaontacht le húdaráis inniúla nó le banc cheannais náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist.

AIRTEAGAL 22
1. Déanfar cúlchiste go feadh deich faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa a thiomargadh go comhleanúnach. Má bhíonn call leis mar gheall ar an staid ina bhfuil dliteanais an Bhainc, féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh ar chúlchistí breise a chur ar bun. Go dtí go mbeidh an cúlchiste tiomargtha go hiomlán, cothófar é:

(a) le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as suimeanna is iníoctha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5;
(b) le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as cistí a fuarthas de thoradh aisíoc na n-iasachtaí dá dtagraítear i bpointe (a),
sa mhéid nach bhfuil an t-ioncam sin ag teastáil faoi chomhair oibleagáidí an Bhainc nó chun a chaiteachais a íoc.
2. Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú ar dhóigh go mbeidh siad ar fáil tráth ar bith faoi chomhair chuspóir an chiste.

AIRTEAGAL 23
1. Beidh teideal ag an mBanc gach tráth a shócmhainní a aistriú isteach in airgeadra Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích a fhreagraíonn don chúram atá leagtha amach in Airteagal III-394 den Bhunreacht ag cur forálacha Airteagal 21 den Reacht seo san áireamh. Seachnóidh an Banc, oiread agus is féidir, aistriú dá leithéid sin, má bhíonn airgead tirim nó sócmhainní leachtacha aige san airgeadra atá ag teastáil.
2. Ní fhéadfaidh an Banc a shócmhainní in airgeadra Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra aige a shóinseáil go hairgeadra tríú tír, gan comhaontú an Bhallstáit sin.
3. Féadfaidh an Banc úsáid a dhéanamh gan bhac den chuid sin dá chaipiteal atá íoctha, agus d'aon airgeadra a fuarthas ar iasacht lasmuigh den Aontas.
4. Gabhann na Ballstáit orthu féin go gcuirfidh siad ar fáil d'fhéichiúnaithe an Bhainc an t-airgeadra is gá chun aisíoctha an chaipitil agus chun íoctha an úis ar iasachtaí nó an choimisiúin ar ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBanc le haghaidh infheistíochtaí atá le cur in éifeacht ina gcríoch.

AIRTEAGAL 24
Mura bhfreastalóidh Ballstát dá oibleagáidí mar chomhalta de dhroim an Reachta seo, agus go háirithe an oibleagáid chun a scair den chaipiteal suibscríofa a íoc, a iasachtaí speisialta a dheonú nó na hiasachtaí a fuair sé a sheirbhísiú, féadfar deonú iasachtaí nó ráthaíochtaí don Bhallstát sin nó dá náisiúnaigh a fhionraí le cinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe. Ní shaorfaidh an cinneadh sin an Ballstát ná a náisiúnaigh óna n-oibleagáidí i leith an Bhainc.

AIRTEAGAL 25
1. Má chinneann an Bord Gobharnóirí oibríochtaí an Bhainc a fhionraí, stadfaidh a ghníomhaíochtaí uile láithreach, ach amháin na cinn is gá chun a áirithiú go ndéanfar a shócmhainní a réadú, a chosaint agus a chaomhnú agus a dhliteanais a shocrú mar is cuí.
2. I gcás a leachtaithe, ceapfaidh an Bord Gobharnóirí na leachtaitheoirí agus tabharfaidh teagaisc dóibh chun an leachtú a chur in éifeacht. Áiritheoidh sé go ndéanfar cearta bhaill na foirne a chosaint.

AIRTEAGAL 26
1. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an mBanc an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina ndlíthe ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe nó maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
2. Beidh maoin an Bhainc díolmhaithe ó fhoréileamh nó ó dhíshealbhú de chineál ar bith.

AIRTEAGAL 27
1. Aon díospóidí a tharlóidh idir an Banc ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhéichiúnaithe nó duine ar bith eile ar an taobh eile, cinnfidh na cúirteanna náisiúnta inniúla iad, ach amháin mar a bhfuil dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an Banc socrú le haghaidh eadrána a fhoráil in aon chonradh.
2. Beidh seoladh le haghaidh seirbheála i ngach Ballstát ag an mBanc. Féadfaidh sé, áfach, seoladh áirithe le haghaidh seirbheála a shonrú in aon chonradh.
3. Ní fhéadfar sócmhainní ná maoin an Bhainc a astú ná iad a urghabháil trí fhorghníomhú ach amháin le cinneadh cúirte.

AIRTEAGAL 28
1. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh fochomhlachtaí nó entitis eile a bhunú a mbeidh pearsanacht dhlítheanach agus uathriail airgeadais acu.

2. Bunóidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, Reachtanna na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a shaineoidh go háirithe a gcuspóirí, a struchtúr, a gcaipiteal, a gcomhaltas, a suíomh, a n-acmhainní airgeadais, a modhanna idirghabhála agus a socruithe iniúchóireachta maille lena ngaol le horgáin an Bhainc.
3. Féadfaidh an Banc bheith rannpháirteach i mbainistíocht na gcomhlachtaí sin agus ranníocaíocht a dhéanamh i leith a gcaipitil shuibscríofa go feadh méid arna shainiú ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil.
4. Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhéad a bheidh siad corpraithe faoi dhlí an Aontais, le comhaltaí a n-orgán i gcomhlíonadh a ndualgas sa cháil sin dóibh agus lena bhfoireann, faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis an mBanc. Ar a shon sin, na díbhinní, na gnóthachain chaipitiúla nó na saghsanna eile ioncaim a thig ó chomhlachtaí den sórt sin a mbeidh na comhaltaí, seachas an tAontas Eorpach agus an Banc, ina dteideal, fanfaidh siad faoi réir fhorálacha fioscacha na reachtaíochta is infheidhme.
5. Laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos anseo thíos, beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le bearta arna nglacadh ag orgáin chomhlachta atá corpraithe faoi dhlí an Aontais. Féadfaidh aon chomhalta de chomhlacht den sórt sin ina cháil mar chomhalta nó na Ballstáit imeachtaí i gcoinne bearta den sórt sin a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-365 den Bhunreacht.
6. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh foireann comhlachtaí atá corpraithe faoi dhlí an Aontais a ligean isteach i scéimeanna comhpháirteacha leis an mBanc, ar cothrom leis an nósanna imeachta inmheánacha faoi seach.

6. PRÓTACAL MAIDIR LE SUÍMH INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS SUÍMH COMHLACHTAÍ, OIFIGÍ, GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS RANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH A SHOCRÚ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT d'Airteagal III-432 den Bhunreacht,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh
ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag
bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

AIRTEAGAL AONAIR
1. Is in Strasbourg a bheidh suíomh Pharlaimint na hEorpa agus is ansin a thionólfar na 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.
2. Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh na Comhairle. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.
3. Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh an Choimisiúin. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.
4. Is i Lucsamburg a bheidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Constitution/P6/ga 3
5. Is in Frankfurt a bheidh suíomh an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
6. Is i Lucsamburg a bheidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí.
7. Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh Choiste na Réigiún.
8. Is sa Bhruiséil a bheidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta.
9. Is i Lucsamburg a bheidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
10. Is sa Háig a bheidh suíomh Europol.

7. PRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, de réir Airteagal III-434 den Bhunreacht, go mbeidh ag an Aontas i gcríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

CAIBIDIL I
MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUS OIBRÍOCHTAÍ AN AONTAIS

AIRTEAGAL 1
Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin ná sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.

AIRTEAGAL 2
Beidh cartlann an Aontais dosháraithe.

AIRTEAGAL 3
Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach. Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin i bhfeidhm, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu an iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh. Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

AIRTEAGAL 4
Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla. Ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch an Stáit ar allmhairíodh isteach ann iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas an Stáit sin. Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena bhfoilseacháin.

CAIBIDIL II
CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER

AIRTEAGAL 5
Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta. Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht.

AIRTEAGAL 6
Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordófar le rialachán Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú Stát.

CAIBIDIL III
COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

AIRTEAGAL 7
Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.
Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custaim agus rialú malairte:
(a) óna rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar mhisin oifigiúla shealadacha;
(b) ó rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha.

AIRTEAGAL 8
Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

AIRTEAGAL 9
Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:
(a) i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bParlaiminte féin;
(b) i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.
Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh. Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa a ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.


CAIBIDIL IV
IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS

AIRTEAGAL 10
Ionadaithe Ballstát a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an
Aontais.

CAIBIDIL V
OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE AN AONTAIS

AIRTEAGAL 11
I gcríoch gach Ballstáit agus is cuma cén náisiúntacht atá acu, i dtaca le hoifigigh agus le seirbhísigh eile an Aontais:
(a) beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha an Bhunreachta a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i ndáil le freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;
(b) ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;
(c) tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgeadra nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách aM thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(d) beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist an chéad uair dóibh sa Stát áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa Stát sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le rialtas an Stáit ina bhfeidhmítear an ceart sin;
(e) beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa Stát deiridh ina raibh cónaí orthu nó sa Stát ar náisiúnaigh de iad, ar théarmaí mhargadh baile an Stáit sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas an Stáit áirithe.

AIRTEAGAL 12
Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar éadálacha a íocfaidh an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfar síos le dlí Eorpach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht. Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, ar phá agus ar éadálacha a íocfaidh an tAontas.

AIRTEAGAL 13
Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Bhallstáit an Aontais, a chur i bhfeidhm, oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Ballstáit seachas a Stát sainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i Stát a gcónaithe iarbhír agus sa Stát sainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa Stát sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas é. Beidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do
phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo. Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá i gcríoch an Stáit ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa Stát sin. Measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa Stát sainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú Stát agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí i bhfeidhm forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.
Agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

AIRTEAGAL 14
Leagfar síos i ndlí Eorpach scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht.

AIRTEAGAL 15
Cinnfear le dlí Eorpach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais a mbeidh feidhm ag Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht. Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do rialtais na mBallstát.

CAIBIDIL VI
PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MHISIN
TRÍÚ STÁT ATÁ CREIDIÚNAITHE DON AONTAS

AIRTEAGAL 16
Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a shuíomh ag an Aontas na pribhléidí agus na díolúintí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú Stát atá creidiúnaithe don Aontas.


CAIBIDIL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 17
Is chun leas an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha le leasanna an Aontais.

AIRTEAGAL 18
D'fhonn an Prótacal seo a chur i bhfeidhm, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.

AIRTEAGAL 19
Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 maidir le comhaltaí an Choimisiúin.


AIRTEAGAL 20
Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 maidir le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoirí agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha sin d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 freisin maidir le comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí.

AIRTEAGAL 21
Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, le comhaltaí a orgán agus lena fhoireann, gan dochar don Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

AIRTEAGAL 22
Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar don Phrótacal ar Reacht an Bhainc.

Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Banc agus a chuid orgán de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Valid XHTML 1.0!