CONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP
PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ
BUNREACHTA DON EORAIP
8. PRÓTACAL
MAIDIR LE CONARTHAÍ AGUS IONSTRAIMÍ AONTACHAIS RÍOCHT
NA DANMHAIRGE, NA hÉIREANN AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE
MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, NA POBLACHTA HEILLÉANAI,
RÍOCHT NA SPÁINNE AGUS PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, AGUS
PHOBLACHT NA hOSTAIRE, PHOBLACHT NA FIONLAINNE AGUS RÍOCHT NA SUALAINNE
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG MEABHRÚ DÓIBH gur aontaigh Ríocht na Danmhairge, Éire
agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
do na Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1973; gur aontaigh an Phoblacht
Heilléanach do na Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1981; gur
aontaigh Ríocht na Spáinne agus Poblacht na Portaingéile
do na Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1986; gur aontaigh Poblacht
na hOstaire, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne do na
Comhphobail Eorpacha agus don Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1995;
DE BHRÍ go bhforáiltear in Airteagal IV-437(2) den Bhunreacht
go ndéanfar na Conarthaí a bhaineann leis na haontachais thuasluaite
a aisghairm;
DE BHRÍ go leanann forálacha áirithe de na Conarthaí
Aontachais sin agus de na hIonstraimí atá i gceangal leo de
bheith ábhartha; de bhrí go bhforáiltear in Airteagal
IV-437(2) den Bhunreacht nach foláir na forálacha sin a leagan
amach i bPrótacal nó nach foláir tagairt dóibh
i bPrótacal, chun
go bhfanfaidh siad i bhfeidhm agus go gcaomhnófar a n-éifeachtaí
dlíthiúla;
DE BHRÍ nach foláir na hoiriúnuithe teicniúla
is gá a dhéanamh ar na forálacha sin chun go mbeidh siad
ag luí leis an mBunreacht, gan a n-éifeacht dhlíthiúil
a athrú;
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis
an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
TEIDEAL I
Forálacha coiteanna
AIRTEAGAL 1
Na cearta agus na hoibleagáidí a leanann ó na Conarthaí
Aontachais dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(a) go (d) den
Bhunreacht, tháinig siad i bhfeidhm faoi na coinníollacha dá
bhforáiltear sna Conarthaí sin ar na dátaí seo
a leanas:
(a) an 1 Eanáir 1973 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas
Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe
na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,
(b) an 1 Eanáir 1981 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas
na Poblachta Heilléanaí,
(c) an 1 Eanáir 1986 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas
Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile,
(d) an 1 Eanáir 1995 i gcás an Chonartha i dtaobh aontachas
Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
AIRTEAGAL 2
1. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit aontacha, dá dtagraítear
in Airteagal 1, aontú do na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin
a tugadh i gcrích roimh a n-aontachas faoi seach, a mhéad atá
na comhaontuithe nó na coinbinsiúin sin fós i bhfeidhm:
(a) comhaontuithe nó coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích
idir na Ballstáit eile, atá fothaithe ar an gConradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh, ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
do Fhuinneamh Adamhach nó ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, nó
atá doscartha ó ghnóthú chuspóirí
na gConarthaí sin, nó a bhaineann le hoibriú na gComhphobal
nó an Aontais nó i ndáil lena ngníomhaíochtaí;
(b) comhaontuithe nó coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích
ag na Ballstáit eile, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach
leis na Comhphobail Eorpacha, le tríú Stát amháin
nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisúnta
amháin nó níos mó agus do na comhaontuithe a bhfuil
baint acu leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin sin. Cabhróidh
an tAontas agus na Ballstáit eile leis na Ballstáit aontacha,
dá dtagraítear in Airteagal 1, ina leith sin.
2. Glacfaidh na Ballstáit aontacha dá dtagraítear in
Airteagal 1 na bearta iomchuí, más gá, chun a seasamh
i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta agus i leith
na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó
an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó na Ballstáit
eile ina bpáirtithe iontu freisin, a oiriúnú do na cearta
agus na hoibleagáidí a thig óna n-aontachas leis an Aontas.
AIRTEAGAL 3
Na forálacha sin de na hIonstraimí Aontachais, mar atá
arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal
Eorpach agus ag an gCúirt Chéadchéime, arb é is
cuspóir nó is éifeacht dóibh, seachas mar bheart
idirthréimhseach, gníomhartha a aisghairm nó a leasú
a ghlac institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó
gníomhaireachtaí na gComhphobal Eorpach nó an Aontais
Eorpaigh arna mbunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, fanfaidh
siad i bhfeidhm faoi réir an dara mír. Beidh ag na forálacha
dá dtagraítear sa chéad mhír an stádas
céanna dlí atá ag na gníomhartha a dhéanann
siad a aisghairm nó a leasú agus beidh siad faoi réir
na rialacha céanna leis na gníomhartha sin.
AIRTEAGAL 4
Amhail ó dháta na n-aontachas faoi seach dá dtagraítear
in Airteagal 1, is téacsanna barántúla, faoi na coinníollacha
céanna leis na téacsanna barántúla arna dtarraingt
suas sna teangacha eile, téacsanna ghníomhartha institiúidí,
chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí na
gComhphobal Eorpach nó an Aontais Eorpaigh arna mbunú leis an
gConradh ar an Aontas Eorpach, a glacadh roimh na haontachais dá dtagraítear
in Airteagal 1 agus a tarraingíodh suas ceann ar cheann ina dhiaidh
sin sa Bhéarla agus sa Danmhairgis, sa Ghréigis, sa Spáinnis
agus sa Phortaingéilis, agus san Fhionlainnis agus sa tSualainnis.
AIRTEAGAL 5
Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle na forálacha
idirthréimhseacha atá leagtha amach sa Phrótacal seo
a aisghairm nuair nach mbeidh siad infheidhme a thuilleadh. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa.
TEIDEAL II
FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA
AONTACHAIS RÍOCHT NA DANMHAIRGE, NA hÉIREANN AGUS RÍOCHT
AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN
Roinn 1
Forálacha a bhaineann le Giobráltar
AIRTEAGAL 6
1. Gníomhartha na n-institiúidí a bhaineann leis na táirgí
in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an mBunreacht agus leis na táirgí
a bhíonn, ar iad a allmhairiú isteach san Aontas, faoi réir
rialúchán sonrach de dhroim an comhbheartas talmhaíochta
a chur i ngníomh, maille leis na gníomhartha a bhaineann le
comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i leith cánacha
láimhdeachais, ní bheidh feidhm acu maidir le Giobráltar
mura ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh Eorpach a ghlacadh a dhéanann
socrú dá mhalairt. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon
toil ar thogra ón gCoimisiún.
Déanfar cás Ghiobhráltar, atá sainithe i bpointe
VI d'Iarscríbhinn II 1 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha
aontachais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht
Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a chaomhnú.
Roinn 2
Forálacha a bhaineann le hOileáin Fharó
AIRTEAGAL 7
Ní mheasfar gur náisiúnaigh de chuid Ballstáit,
de réir bhrí an Bhunreachta, náisiúnaigh de chuid
na Danmhairge a bhfuil chónaí orthu ar Oileáin Fharó
ach amháin ón dáta a thiocfaidh an Bunreacht chun bheith
infheidhme ar na hOileáin sin.
Roinn 3
Forálacha maidir le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán
Mhanann
AIRTEAGAL 8
1. Beidh feidhm ar Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann,
faoi na coinníollacha céanna leis an Ríocht Aontaithe,
ag rialacha an Aontais maidir le custaim agus maidir le srianta cainníochtúla,
go háirithe dleachtanna custaim, muirir chomhéifeachta agus
an Chomhtharaif Chustaim.
1 IO L 73, 27.3.1972, lch. 47.
2. I gcás táirgí talmhaíochta, agus táirgí
a fhaightear óna bpróiseáil, is ábhar do chóras
trádála speisialta, déanfaidh an Ríocht Aontaithe
na tobhaigh agus na bearta eile i leith allmhairí dá bhforáiltear
le rialacha an Aontais a fheidhmiú maidir le tríú tíortha.
Beidh na forálacha sin de rialacha an Aontais is gá chun go
gceadófar saorghluaiseacht sa trádáil sna táirgí
sin agus go n-urramófar na gnáthchoinníollacha iomaíochta
ina leith infheidhme freisin. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón
gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí
Eorpacha lena mbunaítear na coinníollacha faoina mbeidh na forálacha
dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír
infheidhme ar na críocha sin.
AIRTEAGAL 9
Ní dhéanfaidh dlí an Aontais difear do na cearta as a
dtairbhíonn náisiúnaigh na gcríoch sin sa Ríocht
Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 8. Ar a shon sin, ní
rachaidh forálacha dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht
daoine agus seirbhísí chun tairbhe dóibhsean.
AIRTEAGAL 10
Na forálacha sin den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
do Fhuinneamh Adamhach is infheidhme i gcás daoine nó gnóthas
de réir bhrí Airteagal 196 den Chonradh sin, beidh feidhm acu
i gcás na ndaoine nó na ngnóthas sin tráth a mbunaithe
sna críocha dá dtagraítear in Airteagal 8 den Phrótacal
seo.
AIRTEAGAL 11
Déanfaidh údaráis na gcríoch sin dá dtagraítear
in Airteagal 8 an chóir chéanna a chur i bhfeidhm maidir le
gach duine, nádúrtha nó dlitheanach, de chuid an Aontais.
AIRTEAGAL 12
Más rud é, ar na socruithe a shainítear sa Roinn seo
a fheidhmiú, go n-éireoidh deacrachtaí de pháirt
amháin nó de pháirt eile sa chaidreamh idir an tAontas
agus na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal 8, molfaidh
an Coimisiún don Chomhairle, gan mhoill, na bearta cosanta is dóigh
leis a bheith riachtanach, ag sonrú na gcoinníollacha agus na
modhanna feidhmiúcháin. Glacfaidh an Chomhairle na rialacháin
Eorpacha nó na cinntí Eorpacha iomchuí taobh istigh de
mhí.
AIRTEAGAL 13
De réir bhrí na Roinne seo, measfar gur náisiúnach
d'Oileáin Mhuir nIocht nó d'Oileán Mhanann gach saoránach
Briotanach a bhfuil an tsaoránacht sin aige toisc gur rugadh, gur uchtaíodh,
gur eadóirsíodh nó gur cláraíodh ar an
oileán i gceist, é féin, duine dá thuismitheoirí
nó duine dá sheantuismitheoirí; ach ní mheasfar,
ina leith sin, duine mar sin a bheith ina náisiúnach d'Oileáin
Mhuir nIocht nó d'Oileán Mhanann má rugadh, má
uchtaíodh, má eadóirsíodh nó má
cláraíodh sa Ríocht Aontaithe, é féin,
duine dá thuismitheoirí nó duine dá sheantuismitheoirí.
Ná ní mheasfar sa cháil sin é má bhí
gnáthchónaí air, tráth ar bith, ar feadh cúig
bliana sa Ríocht Aontaithe. Cuirfear in iúl don Choimisiún
na forálacha riaracháin is gá chun na daoine i dtrácht
a aithint.
Roinn 4
Forálacha a bhaineann le beartas tionsclaíochta agus forbartha
eacnamaíochta a chur i ngníomh in Éirinnn
AIRTEAGAL 14
Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil Rialtas na hÉireann
ag gabháil do bheartas tionsclaíochta agus forbartha eacnamaíochta
a chur i ngníomh arb é is sprioc dó an caighdeán
maireachtála in Éirinn a chur ar chomhréim le caighdeán
maireachtála na mBallstát eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht
agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal
forbraíochta ó réigiún go chéile a chur
ar ceal. Is léir dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna
an bheartais sin a ghnóthú agus comhaontaíonn siad ar
a mholadh chun na críche sin do na hinstitiúidí gach
meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear leis
an mBunreacht, go háirithe úsáid leormhaith a dhéanamh
de na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun a aidhmeanna
a bhaint amach. Is aithnid do na Ballstáit go háirithe gur gá,
ag cur Airteagail III-56 agus III-57 den Bhunreacht i
bhfeidhm dóibh, féachaint le forás a thabhairt faoin
ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar chaighdeán maireachtála
an phobail.
Roinn 5
Forálacha maidir le malartú faisnéise leis an Danmhairg
i réimse an fhuinnimh núicléach
AIRTEAGAL 15
1. Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfear ar láimh na Danmhairge
an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus
do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh an Danmhairg
leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá
bhforáiltear san Airteagal sin.
2. Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfidh an Danmhairg ar láimh
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a chomhoiread sin d'fhaisnéis
sna hearnálacha a shonraítear i mír 3. Déanfar
cuntas mionchruinn ar an bhfaisnéis sin a leagan amach i ndoiciméad
a sheolfar go dtí an Coimisiún. Cuirfidh an Coimisiún
an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail faoi
na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den
Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
3. Is iad seo a leanas na hearnálacha ina bhfuil an Danmhairg le faisnéis
a chur ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
(a) imoibreoir DOR á mheasrú le huisce trom agus á chuisniú
le leacht orgánach;
(b) imoibreoirí uisce trom le brú-dhabhach DT–350, DK–400;
(c) búcla gáis ardteochta;
(d) córais ionstraimíochta agus trealamh leictreonach speisialta;
(e) diongbháilteacht;
(f) fisic imoibreoirí, dinimic imoibreoirí agus malartú
teasa;
(g) tástálacha ar ábhair agus ar threalamh i gcarn.
4. Gabhann an Danmhairg uirthi féin go soláthróidh sí
don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach aon fhaisnéis is comhlánú
ar na tuarascálacha a thabharfaidh sí, go háirithe le
linn cuairteanna ag gníomhairí ón gComhphobal Eorpach
do Fhuinneamh Adamhach nó ó na Ballstáit ar Airmheán
Risö, faoi choinníollacha a chinnfear de thoil a chéile
i ngach cás.
AIRTEAGAL 16
1. Sna hearnálacha ina gcuireann an Danmhairg faisnéis ar láimh
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis
inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí
tráchtála, do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais
an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisacha acu chun paitinní
a comhdaíodh i mBallstáit an Chomhphobail agus sa mhéid
nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid
ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach
a dheonú, ná beartú ar é a dheonú, chun
na gceart sna paitinní sin.
2. Má deonaíodh ceadúnas eisach nó páirt-eisach,
tabharfaidh an Danmhairg spreagadh agus cúnamh chun go ndeonófar
focheadúnais, ar théarmaí tráchtála do
Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, ó
shealbhóirí na gceadúnas sin. Is ar ghnáthbhonn
tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisacha nó
páirt-eisacha sin.
Roinn 6
Forálacha maidir le malartú faisnéise le hÉirinn
i réimse an fhuinnimh núicléach
AIRTEAGAL 17
1. Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfear ar láimh na hÉireann
an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do dhaoine agus
do ghnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh Éire
leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha dá
bhforáiltear san Airteagal sin.
2. Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfidh Éire ar láimh
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis le haghaidh
leathantais shrianta a fuarthas sa réimse núicléach in
Éirinn, sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála
amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis
sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
3. Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna
1 agus 2 go príomha le staidéir ar fhorbairt imoibreora cumhachta
agus le hobair ar rada-iseatóipí agus a n-úsáid
sa mhíochaine, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann
le radachosaint.
AIRTEAGAL 18
1. Sna hearnálacha ina gcuireann Éire faisnéis ar láimh
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh na húdaráis
inniúla ceadúnais a dheonú, arna n-iarraidh, ar théarmaí
tráchtála do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais
an Chomhphobail, i gcásanna ina bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní
a comhdaíodh i mBallstáit an Chomhphobail, agus sa mhéid
nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe, faoi aon oibleagáid
ná gealltanas ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach
a dheonú, ná beartú ar é a dheonú, chun
na gceart sna paitinní sin.
2. Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach,
tabharfaidh Éire spreagadh agus cúnamh chun
go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála,
do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an
Chomhphobail ó shealbhóirí na gceadúnas sin. Is
ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais
eisiacha nó páirt-eisiacha sin.
Roinn 7
Forálacha maidir le malartú faisnéise leis an Ríocht
Aontaithe i réimse an fhuinnimh núicléach
AIRTEAGAL 19
1. Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfear ar láimh na Ríochta
Aontaithe an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit, do
dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh
ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh
sí leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear san Airteagal sin.
2. Amhail ón 1 Eanáir 1973, cuirfidh an Ríocht Aontaithe
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a chomhoiread
sin d'fhaisnéis sna hearnálacha a shonraítear sa liosta
atá san Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 28
atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha Aontachais
Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe
na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Déanfar
cuntas mionchruinn ar an bhfaisnéis sin a leagan amach i ndoiciméad
a sheolfar go dtí an Coimisiún. Cuirfidh an Coimisiún
an fhaisnéis sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail faoi
na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 13 den
Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
1 IO L 73, 27.3.1972, lch. 84
3. Toisc gur mó is suim leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
earnálacha áirithe seachas a chéile, cuirfidh an Ríocht
Aontaithe béim ar leith ar fhaisnéis a thabhairt sna réimsí
seo a leanas:
(a) taighde agus forbairt ar luath-imoibreoirí (lena n-áirítear
sábháilteacht);
(b) taighde bunúsach (i ndáil le haicmí imoibreoirí);
(c) sábháilteacht imoibreoirí, seachas luath-imoibreoirí;
(d) miotalóireacht, cruach, cóimhiotail siorcóiniam agus
coincréit;
(e) comhoiriúnacht ábhar forganta;
(f) monarú turgnamhach breoslaí;
(g) teirmihidridinimic;
(h) ionstraimíocht.
AIRTEAGAL 20
1. Sna hearnálacha ina gcuireann an Ríocht Aontaithe faisnéis
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh
na húdaráis inniúla ceadúnas a dheonú,
arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit,
do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina
bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit
an Chomhphobail agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú
páirtithe faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas
eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná beartú
ar é a dheonú, chun na gceart sna paitinní sin.
2. Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach,
tabharfaidh an Ríocht Aontaithe spreagadh agus cúnamh chun go
ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála
do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail,
ó shealbhóirí na gceadúnas sin.
Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais
eisiacha nó páirt-eisiacha sin.
TEIDEAL III
FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA
AONTACHAIS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ
Roinn 1
Forálacha maidir leis an bPoblacht Heilléanach do dhíolmhú
dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe
AIRTEAGAL 21
Ní chuirfidh Airteagal III-151 den Bhunreacht bac ar an bPoblacht Heilléanach
bearta díolúine a choimeád ar bun a deonaíodh
roimh an 1 Eanáir 1979 de bhun na ndlíthe seo a leanas:
(a) Dlí Uimh. 4171/61 (Bearta ginearálta chun cabhrú
le forbairt gheilleagar na tíre),
(b) Forógra-Dlí Uimh. 2687/53 (Infheistíocht agus cosaint
chaipitil eachtrannaigh),
(c) Dlí Uimh. 289/76 (Gríosuithe chun forbairt na gceantar teorann
a chur chun cinn, agus rialú do gach ábhar gaolmhar leis sin),
go dtí dul in éag na gcomhaontuithe a bheidh tugtha i gcrích
ag an Rialtas Heilléanach le tairbhithe na mbeart sin.
Roinn 2
Forálacha maidir le cánachas
AIRTEAGAL 22
Beidh feidhm ag na gníomhartha a shonraítear i bpointe II.2
d'Iarscríbhinn VIII 1 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha
aontachais na Poblachta Heilléanaí maidir leis an bPoblacht
Heilléanach faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha
amach san Iarscríbhinn sin, seachas na tagairtí do phointí
9 agus 18(b).
Roinn 3
Forálacha maidir le cadás
AIRTEAGAL 23
1. Bainfidh an Roinn seo le cadás, gan cardáil gan cíoradh,
a bhaineann le fo-cheannteideal 520 100 den Ainmníocht Chomhcheangailte.
1 IO L 291, 19.11.1979, lch. 163
2. Tionscnófar san Aontas córas arb iad seo a leanas, go háirithe,
is cuspóirí dó:
(a) tacú le táirgeadh an chadáis sna réigiúin
sin den Aontas mar a bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta,
(b) a chumasú do na táirgeoirí atá i gceist tuilleamh
cóir a ghnóthú,
(c) an margadh a chobhsú trí struchtúir an tsoláthair
agus na margaíochta a fheabhsú.
3. Folóidh an córas dá dtagraítear i mír
2 deonú cabhrach táirgthe.
4. D'fhonn a chumasú do tháirgeoirí cadáis an
soláthar a chomhchruinniú agus an táirgeadh a oiriúnú
do riachtanais an mhargaidh, tionscnófar córas chun tacú
le buíonta táirgeoirí agus cónaidhmeanna buíonta
den sórt sin a bhunú.
Deonófar cabhracha faoin gcóras sin chun bunú buíonta
de tháirgeoirí a ghríosú agus a bhfeidhmiú
a éascú.
Ní thairbheoidh den chóras sin ach amháin buíonta:
(a) a bheidh bunaithe ar chonlán na dtáirgeoirí féin;
(b) a thabharfaidh ráthaíocht dhóthanach maidir le ré
agus éifeacht a ngníomhaíochta;
(c) a bheidh aitheanta ag an mBallstát a bheidh i gceist.
5. Ní chuirfear isteach ar chóras trádála an Aontais
le tríú tíortha. I dtaca leis sin, ní fhéadfar,
ach go háirithe, aon bheart srianta ar allmhairí a leagan síos.
6. Bunófar le dlí Eorpach ón gComhairle aon oiriúnuithe
is gá a dhéanamh ar an gcóras dá
bhforáiltear sa Roinn seo. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón
gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha
lena mbunófar na rialacha is gá chun na forálacha dá
dtagraítear sa Roinn seo a chur chun feidhme. Gníomhóidh
an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Roinn 4
Forálacha maidir le forbairt eacnamaíoch agus thionsclaíoch
na Gréige
AIRTEAGAL 24
Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil an Rialtas Heilléanach
ag gabháil do bheartas tionsclaíochta agus forbartha eacnamaíche
a chur i ngníomh arb é is sprioc dó an caighdeán
maireachtála sa Ghréig a chur ar comhréim le caighdeán
maireachtála na mBallstát eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht
agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal
forbartha ó réigiún go chéile a chur ar ceal.
Is aithnid dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais
sin a ghnóthú. Chun na críche sin cuirfidh na hinstitiúidí
chun feidhme gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear
leis an mBunreacht, go háirithe úsáid leormhaith a dhéanamh
de na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun a aidhmeanna
a bhaint amach.
Is gá go háirithe, ag cur Airteagail III-167 agus III-168 den
Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, forás eacnamaíoch agus feabhas
chaighdeán maireachtála an phobail a chur san áireamh.
Roinn 5
Forálacha maidir le malartú faisnéise leis an nGréig
i réimse an fhuinnimh núicléach
AIRTEAGAL 25
1. Amhail ón 1 Eanáir 1981, cuirfear ar láimh na Poblachta
Heilléanaí an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit,
do dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh
ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh
sí leathantas srianta di ina críoch, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear san Airteagal sin.
2. Amhail ón 1 Eanáir 1981, cuirfidh an Phoblacht Heilléanach
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis
le haghaidh leathantais shrianta a fuarthas sa réimse núicléach
sa Ghréig, sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála
amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis
sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
3. Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna
1 agus 2 go príomha leis na hábhair seo a
leanas:
(a) staidéir ar úsáid rada-iseatóipí sna
réimsí seo a leanas: míochaine, talmhaíocht, feithideolaíocht,
cosaint an chomhshaoil,
(b) teicníocht núicléach a chur i bhfeidhm san ársaimhéadracht,
(c) gaireas leictreonach leighis a fhorbairt,
(d) modhanna taiscealaíochta mianach radaighníomhach a fhorbairt.
AIRTEAGAL 26
1. Sna hearnálacha ina gcuireann an Phoblacht Heilléanach faisnéis
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh
na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú,
arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit,
do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina
bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit
an Chomhphobail, agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú
páirtithe, faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas
eisiach nó páirt-eisiach a dheonú, ná beartú
ar é a dheonú, chun na gceart sna paitinní sin.
2. Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach,
tabharfaidh an Phoblacht Heilléanach spreagadh agus cúnamh chun
go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála,
do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail
Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ó shealbhóirí na gceadúnas
sin.
Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar na ceadúnais
eisiacha nó páirt-eisiacha sin.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA
AONTACHAIS PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE AGUS RÍOCHT NA SPÁINNE
Roinn 1
Forálacha airgeadais
AIRTEAGAL 27
Déanfar na hacmhainní dílse a fhabhraíonn ó
cháin bhreisluacha a ríomh agus a iniúchadh amhail is
dá mbeadh na hOileáin Chanáracha agus Ceuta agus Melilla
áirithe i raon feidhme críochach an tSéú Treoir
darb uimhir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le
comhchuibhiú ar reachtaíocht na mBallstát a bhaineann
le cánacha láimhdeachais – comhchóras na gcánacha
breisluacha: aonbhonn measúnachta.
Roinn 2
Forálacha maidir le paitinní
AIRTEAGAL 28
Na forálacha sin de reachtaíocht náisiúnta na
Spáinne a bhaineann leis an dualgas cruthúnais, arna nglacadh
i gcomhréir le mír 2 de Phrótacal Uimh. 8 den Ionstraim
i dtaobh choinníollacha aontachais Ríocht na Spáinne
agus Phoblacht na Portaingéile, ní bheidh feidhm acu i gcás
imeachtaí um shárú a thionscnófar in aghaidh dílseanaigh
phaitinne eile do phróiseas chun táirge a mhonarú is
ionann agus an táirge a fuarthas de bharr phróiseas paitinnithe
an ghearánaí, má deonaíodh an phaitinn eile roimh
an 1 Eanáir 1986. I gcásanna nach mbíonn feidhm le haistriú
an dualgais chruthúnais, féadfaidh Ríocht na Spáinne
leanúint den dualgas cruthúnais um shárú a chur
ar dhílseánach na paitinne. I ngach aon chás díobh
sin, áfach, cuirfidh Ríocht na Spáinne nós imeachta
breithiúnach i bhfeidhm dá ngairtear "tochsal tuairisce".
Ciallaíonn "tochsal tuairisce" nós imeachta is cuid
de chóras dá dtagraítear sa chéad mhír
agus sa dara mír, ina bhféadfaidh duine ar bith atá i
dteideal imeachtaí um shárú a thionscnamh tar éis
ordú cúirte a fháil, arna thabhairt ar iarratas uaidh,
a chur faoi deara go ndéanfaidh báille, le cuidiú saineolaithe,
tuairisciú mionchruinn, in áitreabh an té a líomhnaítear
an sárú air, ar na próisis atá faoi chonspóid,
go háirithe trí fhótachóipeanna a dhéanamh
de cháipéisí teicniúla, i dteannta nó d'uireasa
tochsail iarbhír. Féadfaidh ordú sin na cúirte
a fhoráil go n-íocfar urrús chun damáistí
a dhámhachtain don té a líomhnaítear an sárú
air i gcás díobháil a bhaint dó de bharr an "tochsail
tuairisce".
AIRTEAGAL 29
Na forálacha sin de reachtaíocht náisiúnta na
Portaingéile a bhaineann leis an dualgas cruthúnais, arna nglacadh
i gcomhréir le mír 2 de Phrótacal Uimh. 19 den Ionstraim
i dtaobh choinníollacha aontachais Ríocht na Spáinne
agus Phoblacht na Portaingéile, ní bheidh feidhm acu i gcás
imeachtaí um shárú a thionscnófar in aghaidh dílseanaigh
phaitinne eile do phróiseas chun táirge a mhonarú is
ionann agus an táirge a fuarthas de bharr phróiseas paitinnithe
an ghearánaí, má deonaíodh an phaitinn eile roimh
an 1 Eanáir 1986. I gcásanna nach mbíonn feidhm le haistriú
an dualgais chruthúnais, féadfaidh Poblacht na Portaingéile
leanúint den dualgas cruthúnais um shárú a chur
ar dhílseánach na paitinne. I ngach aon chás díobh
sin, áfach, cuirfidh Poblacht na Portaingéile nós imeachta
breithiúnach i bhfeidhm dá ngairtear "tochsal tuairisce".
Ciallaíonn "tochsal tuairisce" nós imeachta is cuid
de chóras dá dtagraítear sa chéad mhír
agus sa dara mír, ina bhféadfaidh duine ar bith atá i
dteideal imeachtaí um shárú a thionscnamh tar éis
ordú cúirte a fháil, arna thabhairt ar iarratas uaidh,
a chur faoi deara go ndéanfaidh báille, le cuidiú saineolaithe,
tuairisciú mionchruinn, in áitreabh an té a líomhnaítear
an sárú air, ar na próisis atá faoi chonspóid,
go háirithe trí fhótachóipeanna a dhéanamh
de cháipéisí teicniúla, i dteannta nó d'uireasa
tochsail iarbhír. Féadfaidh ordú sin na cúirte
a fhoráil go n-íocfar urrús chun damáistí
a dhámhachtain don té a líomhnaítear an sárú
air i gcás díobháil a bhaint dó de bharr an "tochsail
tuairisce".
Roinn 3
Forálacha maidir leis an sásra le haghaidh freagrachtaí
breise faoi chuimsiú na gcomhaontuithe iascaigh a rinne an tAontas
le tríú tíortha
AIRTEAGAL 30
1. Déanfar sainchóras a thioscnamh ina bhfeidhmeofar oibríochtaí
a sheolfar de bhreis is de bharr ar na gníomhaireachtaí iascaireachta
a bhíonn ar siúl ag báid faoi bhratach Ballstát
sna huiscí a bhaineann le ceannasacht nó le dlínse tríú
tíre faoi chuimsiú na bhfreagraíochtaí a bhunaítear
faoi na comhaontuithe iascaigh a rinne an tAontas leis na tríú
tíortha i dtrácht.
2. Na hoibríochtaí a mheastar gur dóigh dóibh
teacht chun cinn mar bhreis ar na gníomhaíochtaí iascaireachta,
faoi réir na gcoinníollacha agus laistigh de na teorainneacha
dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, baineann siad le:
(a) táirgí iascaireachta a mbéarfaidh báid faoi
bhratach Ballstáit orthu in uiscí tríú tíre
agus iad i mbun iascaireachta de bhua feidhmiú comhaontú iascaigh
a phróiseáil i gcríoch an tríú tír
i dtrácht d'fhonn go gcuirfí na táirgí sin ar
mhargadh an Aontais faoi cheannteidil taraife faoi Chaibidil 3 den Chomhtharaif
Chustaim,
(b) táirgí iascaireachta faoi Chaibidil 3 den Chomhtharaif Chustaim
a luchtú, nó a thrasloingsiú ar bhád faoi bhratach
Ballstáit a tharlaíonn faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí
dá bhforáiltear i gcomhaontú iascaigh den sórt
sin d'fhonn na táirgí sin a iompar agus a phróiseáil
lena gcur ar mhargadh an Aontais.
3. Déanfar an t-allmhairiú isteach san Aontas ar tháirgí
lena mbaineann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear
i mír 2 a chur i gcrích faoi réir dhleachtanna na Comhtharaife
Custaim a fhionraí go hiomlán nó go páirteach
nó faoi réir córais speisialta muirear, ach sin faoi
na coinníollacha agus teorainneacha breisíoctha a shocrófar
gach bliain i ndáil le méid na n-árach iascaireachta
a thig as na comhaontuithe i dtrácht agus ó na rialacha mionchruinne
a ghabhann leo.
4. Leagfaidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha
síos rialacha ginearálta chur i bhfeidhm an chórais seo
agus go háirithe critéir chun cionroinnt a dhéanamh ar
na cainníochtaí i dtrácht. Glacfar modhanna cur chun
feidhme an chórais seo agus na cainníochtaí atá
i gceist de réir nós imeachta Airteagal 37 de Rialachán
(CE) Uimh. 104/2000.
Roinn 4
Forálacha maidir le Ceuta agus Melilla
Foroinn 1
Forálacha ginearálta
AIRTEAGAL 31
1. Beidh feidhm ag an mBunreacht agus ag gníomhartha na n-institiúidí
maidir le Ceuta agus le Melilla faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear
i míreanna 2 agus 3 agus fhorálacha eile na Roinne
seo.
2. Sainítear i bhForoinn 3 den Roinn seo na coinníollacha faoina
mbeidh feidhm maidir le Ceuta agus le Melilla ag forálacha an Bhunreachta
maidir le saorghluaiseacht earraí agus ag gníomhartha na n-institiúidí
a bhaineann le reachtaíocht chustaim agus le beartas trachtála.
3. Gan dochar d'fhorálacha sonracha Airteagal 32, ní bheidh
feidhm ag gníomhartha na n-institiúidí a bhaineann leis
an gcomhbheartas talmhaíochta agus leis an gcomhbheartas iascaigh maidir
le Ceuta ná le Melilla.
4. Ar iarratas ó Ríocht na Spáinne, féadfaidh
dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ón gComhairle:
(a) a chinneadh go n-áireofar Ceuta agus Melilla i gcríoch custaim
an Aontais;
(b) na bearta iomchuí a shocrú chun go gcuirfear na forálacha
sin den reachtaíocht Aontais is infheidhme i mbaint le Ceuta agus le
Melilla.
Ar thogra ón gCoimisiún uaidh féin nó ar iarratas
ó Bhallstát, féadfaidh an Chomhairle dlí Eorpach
nó dlí réime Eorpach a ghlacadh chun aon oiriúnuithe
is gá a dhéanamh ar an gcóras is infheidhme ar Ceuta
agus ar Melilla. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Foroinn 2
Forálacha maidir leis an gcomhbheartas iascaigh
AIRTEAGAL 32
1. Faoi réir mhír 2 agus gan dochar d'fhoroinn 3, ní
bheidh feidhm ag an gcomhbheartas iascaigh maidir le Ceuta ná le Melilla.
2. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na dlíthe
Eorpacha, na dlíthe réime Eorpacha, na rialacháin Eorpacha
nó na cinntí Eorpacha lena:
(a) socrófar na bearta struchtúrtha a d'fhéadfaí
a ghlacadh i bhfabhar Ceuta agus Melilla;
(b) socrófar modhanna iomchuí chun leasanna Ceuta agus Melilla
a chur san áireamh, go hiomlán nó go páirteach,
sna gníomhartha a ghlacfaidh sí, gach cás ar a fhiúntas
féin, maidir le caibidlí an Aontais d'fhonn comhaontuithe iascaigh
a fhadú nó a thabhairt i gcrích le tríú
tíortha agus chun leasanna speisialta Ceuta agus Melilla a chur san
áireamh sna coinbhinsiúin iascaigh idirnáisiúnta
ar páirtí conarthach iontu an tAontas.
3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na dlíthe
Eorpacha, na dlíthe réime Eorpacha, na rialacháin Eorpacha
nó na cinntí Eorpacha lena gcinnfear, más iomchuí,
áraigh agus coinníollacha comhrochtana ar na limistéir
iascaireachta, faoi seach, agus ar acmhainní na limistéar sin.
Gníomhóidh sí d'aon toil.
4. Glacfar na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime
Eorpacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 tar éis
dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Foroinn 3
Forálacha maidir le saorghluaiseacht earraí, reachtaíocht
chánach
agus beartas tráchtála
AIRTEAGAL 33
1. Measfar nach earraí a chomhlíonann na coinníollacha
i míreanna 1 go 3 d'Airteagal III-151 den Bhunreacht táirgí
de thionscnamh Ceuta agus Melilla ná táirgí ó
thríú tíortha a allmhairítear isteach in Ceuta
nó in Melilla faoi chuimsiú na gcóras is infheidhme ina
leith sna críocha sin, ar iad do theacht ar saorchúrsaíocht
i gcríoch custaim an Aontais.
2. Ní bheidh Ceuta agus Melilla ina gcuid de chríoch custaim
an Aontais.
3. Mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoroinn seo, beidh gníomhartha
na n-institiúidí maidir le reachtaíocht chustaim a bhaineann
le trádáil eachtrach infheidhme, faoi réir na gcoinníollacha
céanna, ar an trádáil idir críoch custaim an Aontais,
de thaobh amháin, agus Ceuta agus Melilla, den taobh eile.
4. Mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoroinn seo, ní bheidh
gníomhartha na n-institiúidí i dtaca leis an gcomhbheartas
tráchtála, cibé acu is gníomhartha uathrialacha
nó gníomhartha coinbhinsiúnta iad, a bhfuil baint dhíreach
acu le hallmhairiú nó le honnmhairiú earraí, infheidhme
maidir le Ceuta agus Melilla.
5. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo, cuirfidh an tAontas
i bhfeidhm ina chuid trádála le Ceuta agus Melilla maidir le
táirgí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an mBunreacht
an córas ginearálta céanna a chuireann sé i bhfeidhm
ina thrádáil eachtrach.
AIRTEAGAL 34
Gan dochar d'Airteagal 35, díothófar na dleachtanna custaim
ar allmhairiú, i gcríoch custaim an Aontais, táirgí
de thionscnamh Ceuta agus Melilla.
AIRTEAGAL 35
1. Tairbheoidh na táirgí iascaigh faoi cheannteidil Uimh. 03.01,
03.02, 03.03, 16.04 agus 16.05 agus faoi fhocheannteidil 05.11.91 agus 23.01.20
den Chomhtharaif Chustaim is de thionscnamh Ceuta agus Melilla, de dhíolúine
ó dhleachtanna custaim i gcríoch custaim uile an Aontais, go
feadh méid na dtaraif-chuótaí a ríomhfar de réir
táirge agus mheán na gcainníochtaí a diúscraíodh
iarbhír sna blianta 1982, 1983 agus 1984.
Nuair a ligfear ar saorchúrsaíocht na táirgí a
tugadh isteach i gcríoch custaim an Aontais faoi chuimsiú na
dtaraif-chuótaí seo, beidh siad faoi réir na rialacha
dá bhforálann comheagraíocht na margaí, agus na
bpraghsanna tagartha, go speisialta.
2. Socróidh an Chomhairle gach bliain, ar thogra ón gCoimisiún,
na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha maidir le
taraif-chuótaí a oscailt agus a dháileadh de réir
na modhanna dá bhforáiltear i mír 1.
AIRTEAGAL 36
1. Má thig mórmhéadú ar allmhairiú táirgí
áirithe de thionscnamh Ceuta agus Melilla a rachadh chun dochair do
tháirgeoirí Aontais de dhroim Airteagal 34 a bheith á
chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún,
rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha a ghlacadh chun
coinníollacha speisialta a chur i mbaint le hallmhairiú na dtáirgí
sin isteach i gcríoch custaim an Aontais.
2. Má dhéanann, nó más dóigh go ndéanfadh,
allmhairiú táirge de thionscnamh Ceuta nó Melilla mórdhíobháil
do ghníomhaíocht táirgíochta i gceann amháin
nó níos mó de na Ballstáit de bharr nach bhfuil
an comhbheartas tráchtála ná an Chomhtharaif Chustaim
á gcur i bhfeidhm ar allmhairiú amhábhar nó táirgí
idirmheánacha isteach in Ceuta agus in Melilla, féadfaidh an
Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát, nó ar a thionscnamh
féin, na bearta iomchuí a ghlacadh.
AIRTEAGAL 37
Díothófar na dleachtanna custaim ar allmhairiú isteach
in Ceuta agus Melilla táirgí de thionscnamh chríoch custaim
an Aontais mar aon le haon mhuirear comhéifeachta.
AIRTEAGAL 38
Maidir leis na dleachtanna custaim agus na muirir ar comhéifeacht leis
na dleachtanna sin agus an córas trádála a chuirtear
i bhfeidhm i leith táirgí a allmhairítear isteach in
Ceuta agus Melilla ó thríú tír, ní lú
fabhar dóibh ná an fabhar a chuireann an tAontas i bhfeidhm
de réir a oibleagáidí idirnáisiúnta nó
a chomhshocraíochtaí fabhair i leith an tríú tír
sin, ach sin ar an gcoinníoll go gcuirfidh an tríú tír
sin an chóir chéanna chun feidhme ar allmhairiú ó
Ceuta agus Melilla a chuireann sí chun feidhme ar allmhairiú
ón Aontas. Ar a shon sin, ní fhéadfaidh an chóir
a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairiú isteach in Ceuta agus
in Melilla ón tríú tír sin a bheith níos
fabhraí ná an chóir a chuirtear i bhfeidhm maidir le
táirgí a allmhairítear ó chríoch custaim
an Aontais.
AIRTEAGAL 39
Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin
Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena socrófar rialacha
feidhmiúcháin na Foroinne seo agus go háirithe na rialacha
tionscnaimh is infheidhme sa trádáil, dá dtagraítear
in Airteagail 34, 35 agus 37, lena n-áirítear na forálacha
a bhaineann le táirgí tionscnaimh a aithint agus tionscnamh
a rialú. Cuimseoidh na rialacha, go háirithe, forálacha
maidir le marcáil agus/nó lipéadú, coinníollacha
cláraithe soithí agus feidhmiú na rialach maidir le comhshuimiú
na dtionscnamh i gcás táirgí éisc maille le forálacha
chun tionscnamh na dtáirgí a shocrú.
Roinn 5
Forálacha maidir le forbairt réigiúnach na Spáinne
AIRTEAGAL 40
Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil Rialtas na Spáinne
ag gabháil do bheartas forbartha réigiúnaí a chur
i ngníomh atá ceaptha go háirithe chun fás eacnamaíoch
réigiúin agus limistéir lagfhorbartha na Spáinne
a spreagadh. Is aithnid dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna
an bheartais sin a ghnóthú.
Comhaontaíonn siad, d'fhonn cabhrú le Rialtas na Spáinne
chun an cúram sin a chur i gcrích, a mholadh do na hinstitiúidí
gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear
leis an mBunreacht a fheidhmiú, go háirithe trí úsáid
leormhaith a bhaint as na hacmhainní de chuid an Aontais atá
ceaptha chun aidhmeanna an Aontais a bhaint amach;
Is aithnid do na Ballstáit go háirithe gur gá, ag cur
Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, féachaint
le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar
chaighdeán maireachtála phobal réigiúin agus limistéir
lagfhorbartha na Spáinne.
Roinn 6
Forálacha maidir le forbairt eacnamaíoch agus tionscail na Portaingéile
AIRTEAGAL 41
Tugann na Ballstáit dá n-aire go bhfuil Rialtas na Portaingéile
ag gabháil do bheartas tionscail agus forbartha eacnamaíochta
a chur i ngníomh atá ceaptha chun an caighdeán maireachtála
sa Phortaingéil a chur ar comhréim le caighdeán na mBallstát
eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus, san am céanna,
na difríochtaí sa leibhéal forbartha ó réigiún
go chéile a chur ar ceal. Is aithnid dóibh gurb é a gcomhleas
é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú. Comhaontaíonn
siad ar a mholadh chun na críche sin do na hinstitiúidí
gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear
leis an mBunreacht, go háirithe úsáid leormhaith a bhaint
as na hacmhainní de chuid an Aontais atá ceaptha chun a aidhmeanna
a bhaint amach.
Is aithnid do na Ballstáit go háirithe gur gá, ag cur
Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht i bhfeidhm dóibh, féachaint
le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar
chaighdeán maireachtála an phobail.
Roinn 7
Forálacha maidir le malartú faisnéise le Ríocht
na Spáinne i réimse an fhuinnimh núicléach
AIRTEAGAL 42
1. Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfear ar láimh Ríocht
na Spáinne an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit,
do dhaoine agus do gnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh
ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh
Ríocht na Spáinne leathantas srianta di ina críoch, faoi
na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.
2. Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfidh Ríocht na Spáinne
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis
le haghaidh leathantas srianta a fuarthas sa réimse núicléach
sa Spáinn sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála
amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis
sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
3. Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna
1 agus 2 go príomha leis na hábhair seo a leanas:
(a) fisic núicléach (lagfhuinneamh agus ardfhuinneamh);
(b) cosaint ar radaíocht;
(c) úsáid iseatóipí, go háirithe iseatóipí
cobhsaí;
(d) imoibreoirí taighde agus na breoslaí a bhaineann leo;
(e) taighde maidir le timthriall an bhreosla (go ró-áirithe
mianadóireacht agus próiseáil mhianaigh ísealcháilíochta
úráiniam; barr foirfeachta a chur ar eilimintí breosla
d'imoibreoirí cumhachta).
AIRTEAGAL 43
1. Sna hearnálacha ina gcuireann Ríocht na Spáinne faisnéis
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh
na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú,
arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála, do Bhallstáit,
do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina
bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit
agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe,
faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó
páirt-eisiach a dheonú, ná a dheonú sin a thairiscint,
chun na gcearta sna paitinní sin.
2. Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach,
tabharfaidh Ríocht na Spáinne spreagadh agus cúnamh chun
go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála
do Bhallstáit, do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail,
ó shealbhóirí na gceadúnas sin. Is ar ghnáthbhonn
tráchtála a dheonófar na ceadúnais eisiacha nó
páirt-eisiacha sin.
Roinn 8
Forálacha maidir le malartú faisnéise le Poblacht na
Portaingéile i réimse an fhuinnimh núicléach
AIRTEAGAL 44
1. Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfear ar láimh Phoblacht
na Portaingeile an fhaisnéis a cuireadh i bhfios do Bhallstáit,
do dhaoine agus do ghnóthais, de réir Airteagal 13 den Chonradh
ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus tabharfaidh
Poblacht na Portaingéile leathantas srianta di ina críoch, faoi
na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin.
2. Amhail ón 1 Eanáir 1986, cuirfidh Poblacht na Portaingéile
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faisnéis
le haghaidh leathantas srianta a fuarthas sa réimse núicléach
sa Phortaingéil, sa mhéid nach le feidhmeanna tráchtála
amháin a bhaineann sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis
sin i bhfios do ghnóthais an Chomhphobail, faoi na coinníollacha
dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
3. Baineann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna
1 agus 2 go príomha leis na hábhair seo a leanas:
(a) dinimic imoibreoirí;
(b) cosaint ar radaíocht;
(c) úsáid teicníochtaí núicléacha
tomhais (i réimsí an tionscail, na talmhaíochta, na seandálaíochta
agus na geolaíochta);
(d) fisic adamhach (tomhas éifeachtúil trasghearrthacha, teicníochtaí
maidir le píblínte);
(e) miotalóireacht bainte úráiniam.
AIRTEAGAL 45
1. Sna hearnálacha ina gcuireann Poblacht na Portaingéile faisnéis
ar láimh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, déanfaidh
na húdaráis inniúla ceadúnais a dheonú,
arna n-iarraidh, ar théarmaí tráchtála do Bhallstáit,
do dhaoine agus do ghnóthais an Chomhphobail, i gcásanna ina
bhfuil cearta eisiacha acu chun paitinní a comhdaíodh i mBallstáit,
agus sa mhéid nach mbeidh siad, i leith tríú páirtithe,
faoi aon oibleagáid ná gealltanas ceadúnas eisiach nó
páirt-eisiach a dheonú, ná a dheonú sin a thairisicint,
chun na gceart sna paitinní sin.
2. Má deonaíodh ceadúnas eisiach nó páirt-eisiach,
tabharfaidh Poblacht na Portaingéile spreagadh agus cúnamh chun
go ndeonófar focheadúnais, ar théarmaí tráchtála,
do Bhallstáit, do dhaoine agus
do ghnóthais an Chomhphobail ó shealbhóirí na
gceadúnas sin. Is ar ghnáthbhonn tráchtála a dheonófar
na ceadúnais eisiacha nó páirt-eisiacha sin.
TEIDEAL V
FORÁLACHA ARNA dTÓGÁIL ÓN IONSTRAIM I dTAOBH CHOINNÍOLLACHA
AONTACHAIS PHOBLACHT NA hOSTAIRE, PHOBLACHT NA FIONLAINNE AGUS RÍOCHT
NA SUALAINNE
Roinn 1
Forálacha airgeadais
AIRTEAGAL 46
Déanfar acmhainní dílse a fhabhraíonn ó
cháin bhreisluacha a ríomh agus a sheiceáil amhail is
dá mbeadh Oileáin Åland áirithe i raon feidhme
críochach an tSéú Treoir darb uimhir 77/388/CEE ón
gComhairle an 17 Bealtaine 1977, maidir le comhchuibhiú dhlíthe
na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais - comhchóras
na cánach breisluacha: aonbhonn measúnachta.
Roinn 2
Forálacha maidir leis an talmhaíocht
AIRTEAGAL 47
Nuair atá deacrachtaí tromchúiseacha ann de thoradh an
aontachais agus nuair a mhaireann siad i ndiaidh earraíocht iomlán
a bhaint as Airteagal 48 agus as na bearta eile a leanann ó na rialacha
atá ann san Aontas, féadfaidh an Coimisiún cinneadh Eorpach
a ghlacadh lena n-údarófar don Fhionlainn cabhracha náisiúnta
a dheonú do tháirgeoirí chun a lánpháirtíocht
iomlán sa chomhbheartas talmhaíochta a éascú.
AIRTEAGAL 48
1. Glacfaidh an Coimisiún cinntí Eorpacha lena n-údarófar
don Fhionlainn agus don tSualainn cabhracha náisiúnta fadtéarmacha
a dheonú d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht
talmhaíochta a chothabháil i réigiúin shonracha.
Ba chóir a áireamh ar na réigiúin sin na hachair
thalmhaíochta atá suite lastuaidh den 62ú Líne
Dhomhanleithid agus roinnt réigiún tadhlach laisteas den líne
dhomhanleithid sin a bhfuil dálaí aeráide inchomórtais
ag fearadh orthu agus a bhfuil an ghníomhaíocht talmhaíochta
fíordhuaisiúil iontu dá mbarr.
2. Is é an Coimisiún a chinnfidh na réigiúin dá
dtagraítear i mír 1, ag cur san áireamh go háirithe:
(a) an dlús íseal daonra;
(b) cion an talaimh thalmhaíochta san achar foriomlán;
(c) cion an talaimh thalmhaíochta atá tugtha suas do bharr curaíochta
atá ceaptha mar bhia don duine, san achar talmhaíochta a úsáidtear.
3. Féadfaidh na cabhracha náisiúnta sin dá bhforáiltear
i mír 1 a bheith bainteach le tosca fisiceacha, amhail heicteáir
de thalamh talmhaíochta nó cinn ainmhithe ag cur san áireamh
na dteorainneacha ábhartha atá leagtha síos i gcomheagraíochtaí
an mhargaidh, mar aon le gréasáin stairiúla táirgeachta
gach feirme, ach ní dhlífear:
(a) iad a nascadh le táirgeacht thodhchaí;
(b) ná go dtiocfaidh astu méadú ar an táirgeacht
ná ar leibhéal na tacaíochta foriomláine arna
thaifeadadh le linn tréimhse tagartha roimh an 1 Eanáir 1995,
a chinnfidh an Coimisiún. Féadfar na cabhracha a dhifreáil
de réir an réigiúin. Ní mór na cabhracha
sin a dheonú go háirithe d'fhonn:
(a) táirgeacht phríomhúil agus próiseáil
atá traidisiúnta agus a oireann go nádúrtha do
dhálaí aeráide na réigiún i dtrácht
a chothabháil;
(b) na struchtúir a fheabhsú chun táirgí talmhaíochta
a tháirgeadh, a mhargú agus a phróiseáil;
(c) diúscairt na dtáirgí sin a éascú;
(d) cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na tuaithe a áirithiú.
AIRTEAGAL 49
1. Cuirfear in iúl don Choimisiún na cabhracha dá bhforáiltear
in Airteagail 47 agus 48 agus aon chabhair náisiúnta eile atá
faoi réir údarú ón gCoimisiún faoin Teideal
seo. Ní fhéadfar iad a chur i bhfeidhm go dtí go dtabharfar
an t-údarú sin.
2. Maidir leis na cabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 48,
cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle
gach cúig bliana ón 1 Eanáir 1996 ar aghaidh:
(a) ar na húdaruithe a deonaíodh;
(b) ar thorthaí na cabhrach a deonaíodh faoi na húdaruithe
sin.
D'fhonn tarraingt suas tuarascálacha den sórt sin a ullmhú,
cuirfidh Ballstáit a fuair na húdaruithe sin faisnéis
ar fáil don Choimisiún in am trátha ar éifeachtaí
na gcabhracha a deonaíodh, ag taispeáint an fhoráis a
tugadh faoi deara i ngeilleagar talmhaíochta na réigiún
i gceist.
AIRTEAGAL 50
I réimse na gcabhracha dá bhforáiltear in Airteagail
III-167 agus III-168 den Bhunreacht:
(a) i measc na gcabhracha arna gcur i bhfeidhm san Ostair, san Fhionlainn
agus sa tSualainn roimh an 1 Eanáir 1995, measfar gurb iad na cabhracha
a cuireadh in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán 1995
amháin atá ann de réir bhrí Airteagal III-168(1)
den Bhunreacht;
(b) measfar gur cuireadh in iúl an 1 Eanáir 1995 cabhracha atá
ann agus pleananna atá ceaptha chun cabhracha a dheonú nó
a athrú arna gcur in iúl don Choimisiún roimh an dáta
sin.
AIRTEAGAL 51
1. Mura bhforáiltear a mhalairt i gcásanna sonracha, déanfaidh
an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin
Eorpacha nó na cinntí Eorpacha a ghlacadh is gá chun
an Roinn seo a chur chun feidhme.
2. Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle na hoiriúnuithe
is gá ar na forálacha sa Roinn seo a dheánamh de dheasca
leasaithe ar dhlí an Aontais. Gníomhóidh an Chomhairle
d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún.
AIRTEAGAL 52
1. Más gá bearta idirthréimhseacha chun an trasdul a
éascú ón gcóras atá ann san Ostair, san
Fhionlainn agus sa tSualainn go dtí an córas a leanfaidh ó
chomheagraíocht na margaí a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha
atá leagtha síos san Ionstraim i dtaobh Aontachas Phoblacht
na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, glacfar
bearta den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta
atá leagtha síos in Airteagal 38 de Rialachán Uimh. 136/66/CEE
nó, más iomchuí, in Airteagail chomhfhreagracha na Rialachán
eile maidir le comheagraíocht na margaí talmhaíochta.
Féadfar na bearta sin a ghlacadh le linn tréimhse a rachaidh
in éag an 31 Nollaig 1997 agus ní rachaidh a gcur i bhfeidhm
thar an dáta sin.
2. Féadfaidh dlí Eorpach ón gComhairle an tréimhse
dá dtagraítear i mír 1 a fhadú. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na
hEorpa.
AIRTEAGAL 53
Beidh Airteagail 51 agus 52 infheidhme maidir le táirgí iascaigh.
Roinn 3
Forálacha maidir le bearta idirthréimhseacha
AIRTEAGAL 54
Beidh feidhm ag na gníomhartha atá liostaithe i bpointí
VII.B.I, VII.D.1, VII.D.2.c, IX.2.b, c, f, g, h, i, j, l, m, n, x, y, z agus
aa, agus X.a, b agus c d'Iarscríbhinn XV 1 a ghabhann leis an Ionstraim
i dtaobh Choinníollacha Aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht
na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne maidir leis an Ostair, leis
an bhFionlainn agus le Ríocht na Sualainne faoi na coinníollacha
atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin. Maidir le pointe
IX.2.x d'Iarscríbhinn XV dá dtagraítear sa chéad
mhír, ní mór an tagairt d'fhorálacha an Chonartha
ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go háirithe d'Airteagail 95
agus 96 de, a thuiscint mar thagairt d'fhorálacha an Bhunreachta, go
háirithe d'Airteagal III-170(1) agus (2) de.
1 IO C 241, 29.8.1994, lch. 322.
Roinn 4
Forálacha maidir le hinfheidhmeacht gníomhartha áirithe
AIRTEAGAL 55
1. Aon chinntí leithleacha díolúine arna nglacadh agus
aon chinntí maidir le himréiteach diúltach arna nglacadh
roimh an 1 Eanáir 1995, ag Údarás Faireacháin
Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) nó ag an gCoimisiún,
faoi Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch (LEE) nó Airteagal 1 de Phrótacal 25 atá
i gceangal leis an gComhaontú sin, agus a bhaineann le cásanna
a thig faoi Airteagal 81 den Chonradh ag bunú an Chomhpobail Eorpaigh
de thoradh an aontachais, leanfaidh siad de bheith bailí chun críocha
Airteagal III-161 den Bhunreacht go dtí go rachaidh an tréimhse
atá sonraithe iontu in éag nó go dtí go nglacfaidh
an Coimisiún a mhalairt de chinneadh Eorpach cuí-réasúnaithe,
i gcomhréir le dlí an Aontais.
2. Na cinntí uile arna nglacadh ag Údarás Faireacháin
CSTE roimh an 1 Eanáir 1995 de bhun Airteagal 61 de Chomhaontú
LEE agus a thig faoi Airteagal 87 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail
Eorpaigh de thoradh an aontachais, leanfaidh siad de bheith bailí i
leith Airteagal III-167 den Bhunreacht mura nglacfaidh an Coimisiún
a mhalairt de chinneadh Eorpach de bhun Airteagal III-168 den Bhunreacht.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí atá
faoi réir na n-imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal
64 de Chomhaontú LEE.
3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, leanfaidh cinntí arna nglacadh
ag Údarás Faireacháin CSTE de bheith bailí i ndiaidh
an 1 Eanáir 1995 mura nglacfaidh an Coimisiún a mhalairt de
chinneadh cuí-réasúnaithe, i gcomhréir le dlí
an Aontais.
Roinn 5
Forálacha maidir le hOileáin Åland
AIRTEAGAL 56
Ní fhágfaidh forálacha an Bhunreachta nach ndéanfar
na forálacha atá i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994 a chur i
bhfeidhm maidir le hOileáin Åland:
(a) ar shrianta, ar bhonn neamhidirdhealaitheach, ar an gceart ag daoine nádúrtha
nach bhfuil hembygdsrätt/kotiseutuoikeus (saoránacht réigiúnach)
acu in Åland, agus ag daoine dlítheanacha, maoin réadach
a fháil agus a shealbhú ar Oileáin Åland gan cead
ó údaráis inniúla Oileáin Åland;
(b) ar shrianta, ar bhonn neamhidirdhealaitheach, ar an gceart bunaíochta
agus ar an gceart seirbhísí a sholáthar ag daoine nádúrtha
nach bhfuil hembygdsrätt/kotiseutuoikeus (saoránacht réigiúnach)
acu in Åland, nó ag daoine dlítheanacha, gan cead ó
údaráis inniúla Oileáin Åland.
AIRTEAGAL 57
1. Déanfar críoch Oileáin Åland – a mheasfar
gur tríú críoch í, mar atá sainithe sa
tríú fleasc d'Airteagal 3(1) de Threoir 77/388/CEE ón
gComhairle, agus gur críoch náisiúnta í nach dtig
faoi raon feidhme na dtreoracha maidir le comhchuibhiú dleachta máil
mar atá sainithe in Airteagal 2 de Threoir 92/12/CEE ón gComhairle
– a eisiamh ó chur i bhfeidhm críochach dhlí an
Aontais i réimsí chomhchuibhiú dhlíthe na mBallstát
maidir le cánacha láimhdeachais agus le dleachtanna máil
agus foirmeacha eile de chánachas indíreach.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le forálacha Threoir
69/335/CEE ón gComhairle maidir le dleacht chaipitil.
2. Is é is aidhm don mhaolú dá bhforáiltear i
mír 1 geilleagar áitiúil inmharthana a chothabháil
sna hOileáin agus ní bheidh aon éifeachtaí diúltacha
aige ar leasanna an Aontais ná ar a chuid comhbheartas. Má mheasann
an Coimisiún nach bhfuil call a thuilleadh leis na forálacha
i mír 1, go háirithe maidir le hiomaíocht chóir
nó le hacmhainní dílse, cuirfidh sé tograí
iomchuí faoi bhráid na Comhairle a ghlacfaidh na gníomhartha
is gá i gcomhréir le hairteagail ábhartha an Bhunreachta.
AIRTEAGAL 58
Áiritheoidh Poblacht na Fionlainne go gcuirfear an chóir chéanna
i bhfeidhm ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha uile
na mBallstát in Oileáin Åland.
AIRTEAGAL 59
Beidh feidhm ag forálacha na Roinne seo i bhfianaise an Dearbhaithe
maidir le hOileáin Åland ina n-ionchorpraítear friotal
bhrollach Phrótacal Uimh. 2 atá i gceangal leis an Ionstraim
i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht
na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, gan a éifeacht dhlíthiúil
a athrú.
Roinn 6
Forálacha maidir leis an bpobal Sami
AIRTEAGAL 60
D'ainneoin fhorálacha an Bhunreachta, féadfar cearta eisiacha
do riar réinfhianna laistigh de limistéir thraidisiúnta
Sami a dheonú don phobal Sami.
AIRTEAGAL 61
Féadfar an Roinn seo a fhairsingiú chun aird a thabhairt ar
aon fhorás breise ar chearta eisiacha Sami atá nasctha lena
ngléas beo traidisiúnta. Féadfaidh dlí Eorpach
ón gComhairle na leasuithe is
gá ar an Roinn seo a dhéanamh. Gníomhóidh an Chomhairle
d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le
Parlaimint na hEorpa agus le Coiste na Réigiún.
AIRTEAGAL 62
Beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo i bhfianaise an Dearbhaithe
maidir leis an bpobal Sami ina n-ionchorpraítear friotal bhrollach
Phrótacal Uimh. 3 atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh
choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne
agus Ríocht na Sualainne, gan a éifeacht dhlíthiúil
a athrú.
Roinn 7
Forálacha speisialta faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha
san Fhionlainn agus sa tSualainn
AIRTEAGAL 63
Beidh limistéir atá folaithe ag an gcuspóir forbairt
agus oiriúnú struchtúrach réigiún ina bhfuil
dlús daonra an-íseal a chur chun cinn i bprionsabal in ionannas
le réigiúin leibhéal II NUTS ag a bhfuil dlús
daonra ochtar in aghaidh an km2 nó níos lú, nó
bainfidh siad leis na réigiúin sin. Féadfar cúnamh
an Aontais, faoi réir cheanglas an chomhchruinnithe, a leathnú
freisin chuig limistéir thadhlacha agus theorantacha níos lú
a chomhallann an critéar céanna maidir le dlús daonra.
Tá na réigiúin agus na limistéir sin, dá
dtagraítear san Airteagal seo, liostaithe in Iarscríbhinn 1
1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 6 atá i gceangal leis an Ionstraim
i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht
na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.
1 IO C 241, 29.8.1994, lch. 355.
Roinn 8
Forálacha maidir le hiompar d'iarnród agus iompar comhcheangailte
san Ostair
AIRTEAGAL 64
1. Chun críocha an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe
seo a leanas :
(a) ciallaíonn "tromfheithicil earraí" aon mhótarfheithicil
arna clárú i mBallstát atá ceaptha chun earraí
a iompar nó leantóirí a tharraingt, ar mó a uasmheáchan
údaraithe ná 7,5 tona, lena n-áirítear aonaid
tarracóirí is leathleantóirí agus leantóirí
ar mó a n-uasmheáchan údaraithe ná 7,5 tona arna
dtarraingt ag mótarfheithicil arna clárú i mBallstát
nach mó a n-uasmheáchan údaraithe ná 7,5 tona;
(b) ciallaíonn "iompar comhcheangailte" iompar earraí
ag tromfheithiclí earraí nó aonaid luchtaithe a dhéanann
cuid dá n-aistear d'iarnród agus a thosaíonn nó
a chríochnaíonn an t-aistear de bhóthar, ionas nach bhféadfaidh
trácht idirthurais ar aon chúinse críoch na hOstaire
a thrasnú de bhóthar amháin ar a shlí chuig ceann
aistir iarnróid nó uaidh.
2. Beidh feidhm ag Airteagail 65 go 71 maidir le bearta a bhaineann le soláthar
iompair d'iarnród agus iompair chomhcheangailte ag trasnú chríoch
na hOstaire.
AIRTEAGAL 65
Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit i dtrácht, faoi
chuimsiú a n-inniulachtaí faoi seach, bearta a ghlacadh agus
a dhlúthchomhordú chun iompar d'iarnród agus iompar comhcheangailte
a fhorbairt agus a chur chun cinn ar mhaithe le hiompar trasalpach earraí.
AIRTEAGAL 66
Agus na treoirlínte dá bhforáiltear in Airteagal III-247
den Bhunreacht á mbunú aige, áiritheoidh an tAontas gur
cuid de na gréasáin thraseorpacha d'iompar d'iarnród
agus d'iompar comhcheangailte na háiseanna atá sainithe in Iarscríbhinn
1 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 9 atá i gceangal leis an Ionstraim
i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht
na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne agus, ina theannta sin, go n-aithneofar
mar thionscadail leasa choitinn iad.
AIRTEAGAL 67
Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit i dtrácht, faoi
chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, na bearta atá
liostaithe in Iarscríbhinn 2 2 a ghabhann le Prótacal Uimh.
9 atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais
Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne
a chur chun feidhme.
AIRTEAGAL 68
Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit i dtrácht a seandícheall
an cumas breise iarnróid dá dtagraítear in Iarscríbhinn
3 3 a ghabhann le Prótacal Uimh. 9 atá i gceangal leis an Ionstraim
i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht
na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne a fhorbairt agus a úsáid.
1 IO C 241, 29.8.1994, lch. 364.
2 IO C 241, 29.8.1994, lch. 365.
3 IO C 241, 29.8.1994, lch. 367.
AIRTEAGAL 69
Glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit i dtrácht bearta chun
soláthar iompair d'iarnród agus iompair chomhcheangailte a fheabhsú.
Más iomchuí, agus faoi réir fhorálacha an Bhunreachta,
déanfar bearta den sórt sin a bhunú i ndlúthchomhairle
le cuideachtaí iarnróid agus soláthróirí
eile seirbhísí iarnróid. Ní mór tosaíocht
a thabhairt do na bearta sin atá leagtha amach i bhforálacha
dhlí an Aontais maidir le hiarnróid agus iompar comhcheangailte.
Agus aon bhearta á gcur chun feidhme, tabharfar aire faoi leith do
chumas iomaíochta, éifeachtúlacht agus trédhearcacht
chostas iompair d'iarnród agus iompair chomhcheangailte. Ach go háirithe,
déanfaidh na Ballstáit i dtrácht a ndícheall bearta
a ghlacadh a áiritheoidh go mbeidh praghsanna d'iompar comhcheangailte
iomaíoch le praghsanna do mhodhanna iompair eile. Comhlíonfaidh
aon chabhair arna deonú chuige sin dlí an Aontais.
AIRTEAGAL 70
I gcás suaitheadh tromchúiseach, ar nós tubaiste nádúrtha,
in idirthuras iarnróid, glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit
i dtrácht gach gníomh comhbheartaithe is féidir chun
an sreabhadh tráchta a choimeád ar siúl. Tabharfar tosaíocht
do lóid íogaire, ar nós bianna meatacha.
AIRTEAGAL 71
Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos
in Airteagal 70(2), oibriú na Roinne seo a athbhreithniú.
AIRTEAGAL 72
1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiompar earraí de bhóthar
ar aistir arna ndéanamh laistigh de chríoch an Chomhphobail.
2. I gcás aistear lena ngabhann idirthuras earraí de bhóthar
tríd an Ostair, beidh feidhm ag an gcóras atá bunaithe
le haghaidh aistear ar chuntas féin agus le haghaidh aistear ar fruiliú
nó luaíocht faoi Chéad Treoir ón gComhairle an
23 Iúil 1962 agus faoi Rialachán (CEE) Uimh. 881/92 ón
gComhairle faoi réir fhorálacha an Airteagail seo.
3. Go dtí an 1 Eanáir 1998, beidh feidhm ag na forálacha
seo a leanas:
(a) Déanfar iomlán astaíochtaí NOx ó thromfheithiclí
earraí ag trasnú na hOstaire ar idirthuras a laghdú 60%
sa tréimhse idir an 1 Eanáir 1992 agus an 31 Nollaig 2003, de
réir an tábla in Iarscríbhinn 4.
(b) Déanfar na laghduithe ar iomlán na n-astaíochtaí
NOx ó thromfheithiclí earraí a riar de réir córais
éiceaphointí. Faoin gcóras sin, ceanglófar ar
aon tromfheithicil earraí ag trasnú na hOstaire ar idirthuras
líon éiceaphointí a bheith aici atá coibhéiseach
lena hastaíochtaí NOx (arna n-údarú faoi luach
Comhlíonadh Táirgeachta (luach CT) nó luach cineálcheadaithe).
Tá cur síos ar mhodh ríomha agus riaracháin na
bpointí sin in Iarscríbhinn 5.
(c) Má théann líon na n-aistear idirthurais in aon bhliain
thar an uimhir thagartha a bunaíodh do 1991 de mhéid is mó
ná 8%, glacfaidh an Coimisiún, ag gníomhú di i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos
in Airteagal 16, bearta iomchuí i gcomhréir le mír 3
d'Iarscríbhinn 5.
(d) Déanfaidh an Ostair na cártaí éacaphointe
is gá do riarachán an chórais éiceaphointí,
de bhun Iarscríbhinn 5, le haghaidh tromfheithiclí earraí
ag trasnú na hOstaire ar idirthuras a eisiúint agus a chur ar
fáil in am trátha.
(e) Déanfaidh an Coimisiún na héiceaphointí a
dháileadh idir Bhallstáit i gcomhréir le forálacha
a bhunófar i gcomhréir le mír 6.
4. Roimh an 1 Eanáir 1998, athbhreithneoidh an Chomhairle, ar bhonn
tuarascála ón gCoimisiún, oibriú na bhforálacha
maidir le hidirthuras earraí de bhóthar tríd an Ostair.
Déanfar an t-athbhreithniú ar cothrom le bunphrionsabail dhlí
an Chomhphobail, ar nós oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh,
go háirithe saorghluaiseacht earraí agus an tsaoirse chun seirbhísí
a sholáthar, cosaint an chomhshaoil ar son leas an Chomhphobail ina
iomláine, agus sábháilteacht tráchta. Mura ndéanfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón
gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa,
a mhalairt de chinneadh, fadófar an idirthréimhse ar feadh tréimhse
breise go dtí an 1 Eanáir 2001 agus beidh feidhm ag forálacha
mhír 3 lena linn sin.
5. Roimh an 1 Eanáir 2001, déanfaidh an Coimisiún, le
cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Chomhshaol, staidéar
eolaíoch ar an méid atá an cuspóir maidir le truailliú
a laghdú, atá leagtha amach i mír 2(a), bainte amach.
Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil an cuspóir sin bainte
amach ar bhonn inbhuanaithe, scoirfidh forálacha mhír 3 d'fheidhm
a bheith acu an 1 Eanáir 2001. Má fhaigheann an Coimisiún
nach bhfuil an cuspóir sin bainte amach ar bhonn inbhuanaithe, féadfaidh
an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le hAirteagal
75 de Chonradh CE, bearta a ghlacadh, faoi chuimsiú an Chomhphobail,
a áiritheoidh cosaint choibhéiseach don chomhshaol, go háirithe
laghdú 60% ar an truailliú. Mura nglacfaidh an Chomhairle bearta
den sórt sin, fadófar go huathoibríoch an idirthréimhse
ar feadh thréimhse dheiridh trí bliana agus beidh feidhm ag
forálacha mhír 3 lena linn sin.
6. Ag deireadh na hidirthréimhse, beidh feidhm ag an acquis Comhphobail
ina iomláine.
7. Glacfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir
leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 16,
bearta mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann leis
an gcóras éacaphointí, dáileadh éiceaphointí
agus ceisteanna teicniúla maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm,
ar bearta iad a thiocfaidh i bhfeidhm ar dháta aontachais na hOstaire.
Áiritheoidh na bearta dá dtagraítear sa chéad
fhomhír go gcoimeádfar ar bun an staid fhíorasach do
na Ballstáit láithreacha a leanann ó chur i bhfeidhm
Rialachán (CEE) Uimh. 3637/92 ón gComhairle agus na Comhshocraíochta
Riarthaí, a síníodh an 23 Nollaig 1992, a shocraíonn
an dáta teacht i bhfeidhm agus na nósanna imeachta chun an córas
éiceaphointí a thabhairt isteach dá dtagraítear
sa Chomhaontú Idirthurais. Déanfar gach iarracht is gá
chun a áirithiú go dtugann an
scair éiceaphointí a chionroinntear ar an nGréig go leor
airde ar riachtanais na Gréige sa chomhthéacs sin.
AIRTEAGAL 73
1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.
2. I gcás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag
Airteagail 3 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE.
3. Glacfaidh an Coiste a Rialacha Nós Imeachta féin.
Roinn 9
Forálacha maidir le húsáid téarmaí sonracha
Ostaracha sa Ghearmáinis faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh
AIRTEAGAL 74
1. Beidh ag na téarmaí sonracha Ostaracha sa Ghearmáinis
atá i ndlíchóras na hOstaire agus atá liostaithe
san Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 10 atá
i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht
na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne an stádas
céanna leis na téarmaí comhfhreagracha a úsáidtear
sa Ghearmáin agus atá liostaithe san Iarscríbhinn sin
agus féadfar iad a úsáid leis an éifeacht dhlíthiúil
chéanna.
2. Sa leagan Gearmáinise de ghníomhartha dlíthiúla
nua, cuirfear i bhfoirm iomchuí leis na téarmaí comhfhreagracha
a úsáidtear sa Ghearmáin na téarmaí sonracha
Ostaracha dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann
le Prótacal Uimh. 10 atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh
choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne
agus Ríocht na Sualainne.
1 IO C 241, 29.8.1994, lch. 370.