Department of Foreign Affairs, Government of ireland
Brollach | Cuid I | Cuid II | Cuid III | Cuid IV | Prótacail & Íarscríbhinn | Dearbhuithe
ENGLISH/AS BÉARLA

Prótacail | 1-3 | 4 | 5-7 | 8 | 9(a) | 9(b) | 10-20 | 21-33 | 34-36 | Iarscríbhinn I & II

PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ BUNREACHTA DON EORAIP

9. PRÓTACAL MAIDIR LE CONRADH AGUS IONSTRAIM AONTACHAIS PHOBLACHT NA SEICE, PHOBLACHT NA hEASTÓINE, PHOBLACHT NA CIPIRE, PHOBLACHT NA LAITVIA, PHOBLACHT NA LIOTUÁINE, PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, PHOBLACHT MHÁLTA, PHOBLACHT NA POLAINNE, PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE AGUS PHOBLACHT NA SLÓVAICE


TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur aontaigh Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice an 1 Bealtaine 2004 do na Comhphobail Eorpacha agus don Aontas Eorpach arna bhunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach;

DE BHRÍ go bhforáiltear in Airteagal IV-437(2)(e) den Bhunreacht go ndéanfar Conradh an 16 Aibreán 2003 maidir leis na haontachais dá dtagraítear thuas a aisghairm;

DE BHRÍ go leanann mórán forálacha den Ionstraim atá i gceangal leis an gConradh Aontachais sin de bheith ábhartha; de bhrí go bhforáiltear in Airteagal IV-437(2) den Bhunreacht nach foláir na forálacha sin a leagan amach i bPrótacal nó tagairt dóibh i bPrótacal, chun go bhfanfaidh siad i bhfeidhm agus go gcaomhnófar a n-éifeachtaí dlíthiúla;

DE BHRÍ nach foláir na hoiriúnuithe teicniúla is gá a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin chun luí le téacs an Bhunreachta, gan a n-éifeacht dhlíthiúil a athrú;

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

CUID A hAON
FORÁLACHA A BHAINEANN LE hIONSTRAIM AONTACHAIS AN 16 AIBREÁN 2003

TEIDEAL I
NA PRIONSABAIL

AIRTEAGAL 1
Chun críocha an Phrótacail seo:
(a) ciallaíonn an abairt "Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003" an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe;
(b) ciallaíonn na habairtí "an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh" ("Conradh CE") agus "an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach" ("Conradh CEFA") na Conarthaí sin mar atá arna bhforlíonadh nó arna leasú le conarthaí nó le gníomhartha eile a tháinig i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine 2004;
(c) ciallaíonn an abairt "an Conradh ar an Aontas Eorpach" ("Conradh AE") an Conradh sin mar atá arna fhorlíonadh nó arna leasú le conarthaí nó le gníomhartha eile a tháinig i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine 2004;
(d) ciallaíonn an abairt "an Comhphobal" ceann amháin nó an dá cheann de na Comhphobail dá dtagraítear in (b), de réir mar a bheidh;
(e) ciallaíonn an abairt "Ballstáit láithreacha" na Ballstáit seo a leanas: Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, An Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;
(f) ciallaíonn an abairt "Ballstáit nua" na Ballstáit seo a leanas: Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice.

AIRTEAGAL 2
Na cearta agus na hoibleagáidí a leanann ó Chonradh Aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice, dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(e) den Bhunreacht, tháinig siad i bhfeidhm, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Chonradh sin, amhail ón 1 Bealtaine 2004.


AIRTEAGAL 3
1. Forálacha acquis Schengen atá lánpháirtithe i gcreat an Aontais leis an bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip (dá ngairtear "Prótacal Schengen" anseo feasta), agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, mar aon le haon ionstraimí breise den sórt sin arna nglacadh roimh an 1 Bealtaine 2004, beidh siad ina gceangal ar na Ballstáit nua agus beidh siad infheidhme iontu ón 1 Bealtaine 2004.
2. Na forálacha sin de acquis Schengen mar atá arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais agus na
hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile nach dtagraítear dóibh i mír 1, agus iad ina gceangal ar na Ballstáit nua amhail ón 1 Bealtaine 2004, ní bheidh feidhm acu i mBallstát nua ach de bhun cinnidh Eorpaigh ón gComhairle chuige sin tar éis fíorú, i gcomhréir leis na forálacha infheidhme de nósanna imeachta measúnachta Schengen, go bhfuil na coinníollacha is gá chun gach cuid den acquis a chur i bhfeidhm comhalta sa Bhallstát nua sin. Glacfaidh an Chomhairle a cinneadh, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí dá cuid a ionadaíonn Rialtais na mBallstát a bhfuil na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo curtha in éifeacht cheana ina leith agus ionadaí Rialtas an Bhallstáit a bhfuil na forálacha sin le cur in éifeacht ina leith. Glacfaidh na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn Rialtais na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt i gcinneadh den sórt sin a mhéad a bhaineann sé le forálacha acquis Schengen agus na hionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile ina bhfuil na Ballstáit sin rannpháirteach.
3. Beidh na Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an gComhairle faoi Airteagal 6 de Phrótacal Schengen ina gceangal ar na Ballstáit nua ón 1 Bealtaine 2004.
4. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit nua i leith na gcoinbhinsiún nó na n-ionstraimí sin sa réimse ceartais agus gnóthaí baile atá doscartha ó ghnóthú chuspóirí Chonradh AE:
(a) aontú dóibh siúd atá oscailte le haghaidh a sínithe ag na Ballstáit láithreacha faoin 1 Bealtaine 2004, agus dóibh siúd atá tarraingthe suas ag an gComhairle i gcomhréir le Teideal VI de Chonradh AE agus atá molta do na Ballstáit lena nglacadh;
(b) socruithe riaracháin agus eile a thabhairt isteach, ar nós a bhfuil glactha faoin 1 Bealtaine 2004 ag na Ballstáit láithreacha nó ag an gComhairle, chun comhar praiticiúil a éascú idir na hinstitiúidí agus na heagraíochtaí de chuid na mBallstát a oibríonn sa réimse ceartais agus gnóthaí baile.

AIRTEAGAL 4
Beidh gach ceann de na Ballstáit nua rannpháirteach san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ón 1 Bealtaine 2004 mar Bhallstát go maolú de réir bhrí Airteagal III-197 den Bhunreacht.

AIRTEAGAL 5
1. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit nua atá tar éis aontú trí Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 do na cinntí agus do na comhaontuithe arna nglacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle aontú do na comhaontuithe eile go léir arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit láithreacha a bhaineann le hoibriú an Aontais nó i ndáil lena ghníomhaíochtaí.

2. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit nua aontú do na coinbhinsiúin dá bhforáiltear in Airteagal 293 de Chonradh CE agus dóibhsean atá doscartha ó ghnóthú chuspóirí Chonradh CE, a mhéad atá siad i gcónaí i bhfeidhm, agus freisin do na prótacail ar léiriú na gcoinbhinsiún sin ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, arna síniú ag na Ballstáit láithreacha, agus chun na críche sin cuirfear de cheangal orthu dul i mbun caibidlíochta leis na Ballstáit láithreacha d'fhonn na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh orthu.

AIRTEAGAL 6
1. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit nua aontú, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, do na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag na Ballstáit láithreacha agus ag an Aontas nó ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, agus do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit sin agus a bhfuil baint acu leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin sin. Déanfar aontachas na mBallstát nua leis na comhaontuithe nó leis na coinbhinsiúin atá luaite i mír 4, mar aon leis na comhaontuithe leis an mBealarúis, leis an Eilvéis, le Mercosur, leis an tSile agus leis an tSín arna dtabhairt i gcrích nó arna síniú go comhpháirteach ag an gComhphobal agus a Bhallstáit láithreacha a chomhaontú trí phrótacal le comhaontuithe nó coinbhinsiúin den sórt sin a thabhairt i gcrích idir an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, agus an tríú tír nó na tríú tíortha nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht. Tá an nós imeachta seo gan dochar d'inniúlachtaí dílse an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus ní dhéanann sé difear do chionroinnt na gcumhachtaí idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus na Ballstáit i dtaca le tabhairt i gcrích comhaontuithe den sórt sin sa todhchaí nó le haon leasuithe eile nach mbaineann le haontachas. Caibidleoidh an Coimisiún na prótacail sin thar ceann na mBallstát ar bhonn treoracha caibidlíochta arna bhformheas ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aontoil, agus i gcomhairle le coiste ar a mbeidh ionadaithe na mBallstát. Tíolacfaidh sé dréacht de na prótacail don Chomhairle lena dtabhairt i gcrích.

2. Amhail óna n-aontachas leis na comhaontuithe agus na coinbhinsiúin dá dtagraítear i mír 1, gheobhaidh na Ballstáit nua na cearta agus na hoibleagáidí céanna faoi na comhaontuithe agus na coinbhinsiúin sin atá ag na Ballstáit láithreacha.
3. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit nua aontú, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 1, i gcomhréir le hAirteagal 128 den Chomhaontú sin.
4. Amhail ón 1 Bealtaine 2004, agus, más gá, go dtí go dtabharfar na prótacail riachtanacha dá dtagraítear i mír 1 i gcrích, cuirfidh na Ballstáit nua i bhfeidhm forálacha na gComhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit láithreacha agus, go comhpháirteach, ag an gComhphobal leis an Afraic Theas, leis an Ailgéir, leis an Airméin, leis an Asarbaiseáin, leis an mBulgáir, leis an gCasacstáin, leis an gCirgeastáin, leis an gCóiré Theas, le Cónaidhm na Rúise, leis an gCróit, leis an Éigipt, le hIarphoblacht Iúgslávach na Macadóine, leis an Iordáin, le hIosrael, leis an Liobáin, le Maracó, le Meicsiceo, leis an Moldáiv, leis an Rómáin, le San Mairíne, leis an tSeoirsia, leis an tSiria, leis an Túinéis, leis an Tuirc, leis an Tuircméanastáin, leis an Úcráin agus leis an Úisbéiceastáin mar aon le forálacha na gcomhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích go comhpháirteach ag na Ballstáit láithreacha agus ag an gComhphobal roimh an 1 Bealtaine 2004. Beidh aon oiriúnuithe ar na comhaontuithe sin ina n-ábhar do phrótacail arna dtabhairt i gcrích leis na tíortha comhchonarthacha ar cothrom le forálacha an dara fomhír de mhír 1. Mura mbeidh na prótacail tugtha i gcrích faoin 1 Bealtaine 2004, glacfaidh an tAontas, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus na Ballstáit, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, na bearta is gá chun déileáil leis an staid sin.
5. Amhail ón 1 Bealtaine 2004, déanfaidh na Ballstáit nua na comhaontuithe agus na comhshocraíochtaí déthaobhacha teicstílí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal le tríú tíortha a chur i bhfeidhm.
1 IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

Déanfar na srianta cainníochtúla arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas ar allmhairí táirgí teicstíle agus éadaigh a oiriúnú chun aontachas na mBallstát nua a chur san áireamh.
Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus ar na comhshocraíochtaí déthaobhacha teicstíle tagtha i bhfeidhm faoin 1 Bealtaine 2004, déanfaidh an tAontas na hoiriúnuithe is gá ar a rialacha maidir le táirgí teicstíle agus éadaigh a allmhairiú ó thríú tíortha chun aontachas na mBallstát nua a chur san áireamh.
6. Déanfar na srianta cainníochtúla ar allmhairí cruach agus táirgí cruach arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas a oiriúnú ar bhonn allmhairí na mBallstát nua de tháirgí cruach de thionscnamh na dtíortha is soláthraithe i dtrácht sna blianta díreach roimh shíniú an Chonartha Aontachais.
7. Déanfaidh an tAontas comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2004 ag na Ballstáit nua le tríú tíortha a bhainistiú. Ní dhéanfar difear do na cearta ná do na hoibleagáidí a leanann do na Ballstáit nua ó na comhaontuithe sin le linn na tréimhse a mbeidh forálacha na gcomhaontuithe sin á gcoimeád ar bun go sealadach.
A thúisce is féidir agus ar chaoi ar bith roimh na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhul in éag, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí Eorpacha iomchuí i ngach cás chun go leanfaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a thig ó na comhaontuithe sin, lena n-áirítear an chaoi chun comhaontuithe áirithe a fhadú go ceann tréimhsí nach faide ná bliain.
8. Le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004, tarraingeoidh na Ballstáit nua siar ó aon chomhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa. Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe idir ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nua ar thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó ar an taobh eile ag luí leis na hoibleagáidí a thig ón mBunreacht, agus go háirithe ón bPrótacal seo, glacfaidh an Ballstát nua gach céim iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí arna bhunú. Má bhaineann deacrachtaí do Bhallstát nua le linn oiriúnú a dhéanamh ar chomhaontú arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2004 le tríú tír amháin nó níos mó, tarraingeoidh sé siar ón gcomhaontú sin de réir théarmaí an chomhaontaithe.
9. Glacfaidh na Ballstáit nua, más gá, bearta iomchuí chun a seasamh i ndáil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a bhfuil an tAontas nó an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó a bhfuil Ballstáit eile ina bpáirtithe iontu freisin a oiriúnú do na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn óna n-aontachas leis an Aontas. Tarraingeoidh siad siar go háirithe an 1 Bealtaine 2004 nó ar an dáta is túisce is féidir ina dhiaidh sin ó eagraíochtaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh ar páirtí iontu freisin an tAontas, mura mbaineann a gcomhaltas le hábhair seachas ábhair iascaigh.

AIRTEAGAL 7
Na gníomhartha sin arna nglacadh ag na hinstitiúidí lena mbaineann na forálacha idirthréimhseacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, coinneoidh siad a stádas dlítheanach; ach go háirithe, leanfaidh na nósanna imeachta chun na gníomhartha sin a leasú d'fheidhm a bheith acu.

AIRTEAGAL 8
Na forálacha sin d'Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, mar atá arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus ag an gCúirt Chéadchéime, arb é is aidhm nó is éifeacht dóibh gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Chomhphobail nó an Aontais Eorpaigh arna mbunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach a aisghairm nó a leasú, seachas mar bheart idirthréimhseach, fanfaidh siad i bhfeidhm faoi réir an dara mír a chur i bhfeidhm.
Beidh ag na forálacha sin an stádas dlítheanach céanna atá ag na gníomhartha a aisghairtear nó a leasaítear leo agus beidh siad faoi réir na rialacha céanna leis na gníomhartha sin.

AIRTEAGAL 9
Amhail ón 1 Bealtaine 2004, is téacsanna barántúla, faoi na coinníollacha céanna leis na téacsanna barántúla arna dtarraingt suas sna teangacha eile téacsanna ghníomhartha institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Chomhphobail nó an Aontais Eorpaigh arna mbunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus téacsanna ghníomhartha an Bhainc Cheannais Eorpaigh arna nglacadh roimh an dáta sin agus arna dtarraingt suas san Eastóinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis agus san Ungáiris.

AIRTEAGAL 10
Na forálacha idirthréimhseacha atá leagtha amach sa Phrótacal seo, féadfar iad a aisghairm le dlí Eorpach ón gComhairle nuair nach mbeidh siad infheidhme a thuilleadh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

AIRTEAGAL 11
Beidh cur i bhfeidhm an Bhunreachta agus na ngníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear sa Phrótacal seo, mar bheart idirthréimhseach.

TEIDEAL II
BUANFHORÁLACHA

AIRTEAGAL 12
Déanfar na hoiriúnuithe ar na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 agus is gá de thoradh an aontachais a tharraingt suas ar cothrom leis na treoirlínte atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin agus i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 36.

AIRTEAGAL 13
Déanfar na bearta atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.

AIRTEAGAL 14
Na hoiriúnuithe ar na forálacha sin den Phrótacal seo a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus a fhéadfaidh a bheith riachtanach i gcás modhnaithe ar dhlí an Aontais, féadfar iad a dhéanamh le dlí Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

TEIDEAL III
FORÁLACHA SEALADACHA

AIRTEAGAL 15
Beidh feidhm ag na bearta atá liostaithe in Iarscríbhinní V, VI, VII, VIII, IX, X, XI, XII, XIII agus XIV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 maidir leis na Ballstáit nua faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna hIarscríbhinní sin.

AIRTEAGAL 16
1. San ioncam dá ngairtear "dleachtanna na Comhtharaife Custaim agus dleachtanna eile", dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) de Chinneadh 2000/597/CE, CEFA ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2000 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach 1, nó san fhoráil chomhfhreagrach in aon Chinneadh a ghabhfaidh a ionad, áireofar na dleachtanna custaim arna ríomh ar bhonn na rátaí a thig ón gComhtharaif Chustaim agus ó aon lamháltas taraife a bhaineann léi a chuireann an tAontas i bhfeidhm i dtrádáil na mBallstát nua le tríú tíortha.
2. Don bhliain 2004, beidh bonn comhchuibhithe measúnachta CBL agus bonn ollioncaim náisiúnta (OIN) i gcás gach Ballstáit nua, dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(c) agus (d) de Chinneadh 2000/597/CE, CEFA ón gComhairle comhionann le dhá thrian den bhonn bliantúil.
Bonn OIN de chuid gach Ballstáit nua atá le cur san áireamh chun an maoiniú a ríomh don cheartú i ndáil le míchothromaíochtaí buiséadacha arna dheonú don Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Chinneadh 2000/597/CE, CEFA ón gComhairle, beidh sé mar an gcéanna comhionann le dhá thrian den bhonn bliantúil.
1 IO L 253, 7.10.2000, lch. 42.

3. D'fhonn an ráta calctha a chinneadh do 2004 de réir Airteagal 2(4)(b) de Chinneadh 2000/597/CE, CEFA ón gComhairle, déanfar boinn CBL arna dteorannú de chuid na mBallstát nua a ríomh ar bhonn dhá thrian dá mboinn CBL gan teorannú agus dhá thrian dá OIN.

AIRTEAGAL 17
1. Déanfar buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2004 a oiriúnú chun aontachas na mBallstát nua a chur san áireamh trí bhuiséad leasaitheach a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2004.
2. Déanfar an dá cheann déag de na dóú codanna déag míosúla d’acmhainní arna mbunú ar CBL agus OIN atá le híoc ag na Ballstáit nua faoi mbuiséad leasaitheach dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na hoiriúnuithe aisghníomhacha ar na dóú codanna déag don tréimhse Eanáir-Aibreán 2004 nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir leis na Ballstáit láithreacha, a thiontú go hochtú codanna atá le glaoch le linn na tréimhse Bealtaine-Nollaig 2004. Tiontófar mar an gcéanna na hoiriúnuithe aisghníomhacha a thig ó aon bhuiséad leasaitheach ina dhiaidh sin arna ghlacadh i 2004 go codanna comhionanna le glaoch le linn a bhfuil fágtha den bhliain.

AIRTEAGAL 18
Ar an gcéad lá oibre de gach mí, íocfaidh an tAontas le Poblacht na Seice, leis an gCipir, le Málta agus leis an tSlóivéin, mar mhír chaiteachais faoi bhuiséad an Aontais, an t-ochtú cuid i 2004, amhail ón 1 Bealtaine 2004, agus an dóú cuid déag i 2005 agus 2006 de na méideanna seo a leanas de chúiteamh buiséadach sealadach:
  2004 2005 2006
  (milliún euro, praghsanna 1999)
Poblacht na Seice 125,4 178,0 85,1
An Chipir 68,9 119,2 112,3
Málta 37,8 65,6 62,9
An tSlóivéin 29,5 66,4 35,5


AIRTEAGAL 19
Ar an gcéad lá oibre de gach mí, íocfaidh an tAontas le Poblacht na Seice, leis an Eastóin, leis an gCipir, leis an Laitvia, leis an Liotuáin, leis an Ungáir, le Málta, leis an bPolainn, leis an tSlóivéin agus leis an tSlóvaic, mar mhír chaiteachais faoi bhuiséad an Aontais, an t-ochtú cuid i 2004, amhail ón 1 Bealtaine 2004, agus an dóú cuid déag i 2005 agus 2006 de na méideanna seo a leanas de shaoráid speisialta chnapshuime um shreabhadh airgid thirim:
  2004 2005 2006
  (milliún euro, praghsanna 1999)
Poblacht na Seice 174,70 91,55 91,55
An Eastóin 15,80 2,90 2,90
An Chipir 27,70 5,05 5,05
An Laitvia 19,50 3,40 3,40
An Liotuáin 34,80 6,30 6,30
An Ungáir 155,30 27,95 27,95
Málta 12,20 27,15 27,15
An Pholainn 442,80 550,00 450,00
An tSlóivéin 65,40 17,85 17,85
An tSlóvaic 63,20 11,35 11,35


Déanfar 1 billiún euro don Pholainn agus 100 milliún euro do Phoblacht na Seice arna n-áireamh sa tsaoráid speisialta chnapshuime um shreabhadh airgid thirim a chur san áireamh in aon ríomh i ndáil leis na Cistí Struchtúracha a dháileadh le haghaidh na mblianta 2004, 2005 agus 2006.

AIRTEAGAL 20
1. Íocfaidh na Ballstáit nua atá liostaithe thíos na méideanna seo a leanas leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach dá dtagraítear i gCinneadh 2002/234/CEGC ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 27 Feabhra 2002 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach 1:
  (milliún euro, praghsanna reatha)
Poblacht na Seice 39,88
An Eastóin 2,50
An Laitvia 2,69
An Ungáir 9,93
An Pholainn 92,46
An tSlóivéin 2,36
An tSlóvaic 20,11

1 IO L 79, 22.3.2002, lch. 42.

2. Íocfar na ranníocaíochtaí sin don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ina gceithre thráthchuid ag tosú i 2006 agus íocfar mar a leanas iad, i ngach cás ar an gcéad lá oibre den chéad mhí de gach bliain:
2006: 15%
2007: 20%
2008: 30%
2009: 35%


AIRTEAGAL 21
1. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo, ní dhéanfar aon ghealltanais airgeadais i bhfabhar na mBallstát nua tar éis an 31 Nollaig 2003 faoi chlár PHARE 1, clár PHARE um Chomhar Trasteorann 2, cistí réamhaontachais don Chipir agus do Mhálta 3, clár ISPA 4 agus clár SAPARD 5. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit nua a chuirtear ar na Ballstáit láithreacha i dtaca le caiteachas faoi na chéad trí Cheannteideal den pheirspictíocht airgeadais, mar atá sainithe i gComhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 6, amhail ón 1 Eanáir 2004, faoi réir na sonraíochtaí agus na n-eisceachtaí leithleacha thíos nó de réir mar a fhoráiltear a mhalairt sa Phrótacal seo. Leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 na leithreasaí uasta breise do cheannteidil 1, 2, 3 agus 5 den Pheirspictíocht Airgeadais a bhaineann le méadú. Ar a shon sin, ní fhéadfar aon cheangaltais airgeadais a dhéanamh faoi bhuiséad 2004 le haghaidh aon chláir nó gníomhaireachta i dtrácht sula dtarlóidh aontachas an Bhallstáit nua ábhartha.
1 Rialachán (CE) Uimh. 3906/89 (IO L 375, 23.12.1989, lch. 11).
2 Rialachán (CE) Uimh. 2760/98 (IO L 345, 19.12.1998, lch. 49).
3 Rialachán (CE) Uimh. 555/2000 (IO L 68, 16.3.2000, lch. 3).
4 Rialachán (CE) Uimh. 1267/1999 (IO L 161, 26.6.1999, lch. 73).
5 Rialachán (CE) Uimh. 1268/1999 (IO L 161, 26.6.1999, lch. 87).
6 Comhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus leis an nós imeachta buiséadach a fheabhsú (IO C 172, 18.6.1999, lch. 1).

2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le caiteachas faoi Roinn Ráthaíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, de réir Airteagail 2(1), 2(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1258/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le cistiú an chomhbheartais talmhaíochta 1, nach dtiocfaidh chun bheith cáilithe do chistiú Comhphobail ach ón 1 Bealtaine 2004, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Phrótacal seo.
Ar a shon sin, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le caiteachas d'fhorbairt na tuaithe faoi Roinn Ráthaíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, de réir Airteagal 47a de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus ag leasú agus ag aisghairm Rialacháin áirithe 2, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa leasú ar an Rialachán sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003.
3. Faoi réir na habairte deiridh de mhír 1, amhail ón 1 Eanáir 2004, beidh na Ballstáit nua rannpháirteach i gcláir agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna leis na Ballstáit láithreacha agus cistiú acu ó bhuiséad ginearálta an Aontais.
4. Más gá aon bhearta chun an trasdul a éascú ón gcóras réamhaontachais chuig an gcóras a thig ón Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá.
1 IO L 160, 26.6.1999, lch. 103.
2 IO L 160, 26.6.1999, lch. 80.



AIRTEAGAL 22
1. Déanfaidh gníomhaireachtaí cur chun feidhme sna Ballstáit nua bainistiú amhail ón 1 Bealtaine 2004 ar thairiscint, ar chonraitheoireacht, ar chur chun feidhme agus ar íocaíochtaí do chúnamh réamhaontachais faoi chlár PHARE, faoi chlár PHARE um Chomhar Trasteorann agus faoi na cistí réamhaontachais don Chipir agus do Mhálta. Glacfaidh an Coimisiún cinntí Eorpacha chun tarscaoileadh ar rialú ex-ante ag an gCoimisiún ar thairiscint agus ar chonraitheoireacht tar éis Córas Fadaithe Dílárnaithe Cur chun Feidhme (CFDCF) a mheasúnú go dearfach, i gcomhréir leis na critéir agus na coinníollacha atá leagtha síos san Iarscríbinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1266/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 maidir le cabhair le haghaidh na dtíortha iarrthacha a chomhordú faoi chuimse na straitéise réamhaontachais agus ag leasú Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89 1. Mura mbeidh na cinntí sin rialú ex-ante a tharscaoileadh glactha roimh an 1 Bealtaine 2004, ní bheidh aon chonarthaí arna síniú idir dáta an aontachais agus an dáta a ghlactar na cinntí ón gCoimisiún cáilithe do chúnamh réamhaontachais. Ar a shon sin, ar dhóigh eisceachtúil, má chuirtear moill ar na cinntí ón gCoimisiún rialú ex-ante a tharscaoileadh thar an 1 Bealtaine 2004, ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith údarás de chuid Ballstáit nua, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna a bhfuil call cuí leo, glacadh leis go bhfuil cáilitheacht do chúnamh réamhaontachais ag conarthaí arna síniú idir dáta an aontachais agus dáta na gcinntí sin agus go leantar den chúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme ar feadh tréimhse teoranta, faoi réir rialú ex-ante ag an gCoimisiún ar thairiscint agus ar chonraitheoireacht.
1 IO L 232, 2.9.1999, lch. 34.

2. Gealltanais bhuiséadacha foriomlána arna nglacadh roimh an 1 Bealtaine 2004 faoi na hionstraimí airgeadais réamhaontachais dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear gealltanais dhlítheanacha leithleacha ina dhiaidh sin agus íocaíochtaí arna ndéanamh i ndiaidh an 1 Bealtaine 2004 a thabhairt i gcrích agus a chlárú, leanfaidh siad de bheith faoi rialú ag rialacha agus rialacháin na n-ionstraimí maoinithe réamhaontachais agus de bheith á muirearú ar na caibidlí buiséadacha comhfhreagracha go dtí go gcuirtear an clabhsúr ar na cláir agus tionscadail i dtrácht. Dá ainneoin sin, déanfar nósanna imeachta um sholáthar poiblí arna dtionscnamh i ndiaidh an 1 Bealtaine 2004 a chur i gcrích i gcomhréir leis na gníomhartha Aontais ábhartha.
3. Déanfar an clárú deireanach don chúnamh réamhaontachais dá dtagraítear i mír 1 an bhliain féilire iomlán dheireanach roimh an 1 Bealtaine 2004. Caithfear conraitheoireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoi na cláir sin laistigh den dá bhliain a leanfaidh agus eisíocaíochtaí a dhéanamh mar a fhoráiltear sa Mheabhrán ar Mhaoiniú 1, de ghnáth faoi dheireadh an tríú bliain tar éis an ghealltanais. Ní dhéanfar aon fhaduithe a dheonú don tréimhse chonraitheoireachta. Go heisceachtúil agus i gcásanna a bhfuil call cuí leo, deonófar faduithe teoranta ó thaobh a ré le haghaidh eisíocaíochta. 1 Mar atá leagtha amach i dTreoirlínte Phare (SEC (1999) 1596, arna dtabhairt suas chun dáta ar 6.9.2002 le C 3303/2).

4. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an an céimniú amach is gá ar na hionstraimí airgeadais réamhaontachais dá dtagraítear i mír 1 mar aon le clár ISPA agus go mbeidh trasdul rianúil ó na rialacha is infheidhme roimh an 1 Bealtaine 2004 agus ina dhiaidh, féadfaidh an Coimisiún gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhoireann reachtúil is gá ar bun sna Ballstáit nua ar feadh cúig mhí dhéag ar a mhéad i ndiaidh an dáta sin. Le linn na tréimhse sin, oifigigh arna sannadh chuig poist sna Ballstáit nua roimh an 1 Bealtaine 2004 a gcuirtear d'iallach orthu fanacht i seirbhís sna Stáit sin tar éis an 1 Bealtaine 2004, tairbheoidh siad, go heisceachtúil, de na dálaí céanna airgeadais agus ábhartha mar a bhí arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún roimh an 1 Bealtaine 2004 i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin atá leagtha síos i Rialachán (CEE, CEFA, CEGC) Uimh. 259/68 1. Déanfar an caiteachas riaracháin, lena n-áirítear tuarastail le haghaidh foirne eile, is gá chun cúnamh réamhaontachais a bhainistiú a fholú, le haghaidh 2004 ar fad agus go dtí deireadh Iúil 2005, faoin gceannteideal "caiteachas tacaíochta le haghaidh oibríochtaí" (seanchuid B den bhuiséad) nó faoi cheannteidil choibhéiseacha na mbuiséad réamhaontachais ábhartha le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 mar aon le clár ISPA.
5. Nuair nach féidir tionscadail arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1258/1999 a chistiú a thuilleadh faoin ionstraim sin, féadfar iad a lánpháirtiú i gclárú forbartha tuaithe agus a mhaoiniú faoin gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta. Más gá bearta idirthréimhseacha sonracha i dtaca leis sin, déanfaidh an Coimisiún iad a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 50(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 ag leagan síos forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha 2.

AIRTEAGAL 23
1. Idir an 1 Bealtaine 2004 agus deireadh 2006, soláthróidh an tAontas cúnamh airgeadais sealadach, dá ngairtear an "Áis Trasdula" anseo feasta, le haghaidh na mBallstát nua ar mhaithe lena gcumas riaracháin a fhorbairt agus a neartú chun dlí an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus ar mhaithe le malartú dea-chleachtais idir phiaraí.
1 IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
2 IO L 161, 26.6.1999, lch. 1.


2. Cuirfear cúnamh ar fáil chun díriú ar an ngá leanúnach atá ann cumas institiúideach a neartú i réimsí áirithe trí ghníomhaíocht nach féidir a mhaoiniú trí na Cistí Struchtúracha, go háirithe sna réimsí seo a leanas:
(a) ceartas agus gnóthaí baile (an córas breithiúnach a neartú, rialuithe ag teorainneacha seachtracha, straitéis i gcoinne éillitheachta, cumais forfheidhmithe dlí a neartú);
(b) rialú airgeadais;
(c) leasanna airgeadais an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a
chosaint agus an comhrac i gcoinne na calaoise;
(d) an margadh inmheánach, lena n-áirítear an t-aontas custaim;
(e) comhshaol;
(f) seirbhísí tréidliachta agus méadú ar an gcumas riaracháin i ndáil le sábháilteacht bia;
(g) struchtúir riaracháin agus rialaithe don talmhaíocht agus d'fhorbairt na tuaithe, lena n-áirítear an Córas Iomlánaithe Riaracháin agus Rialaithe (CIRR);
(h) sábháilteacht núicléach (éifeachtúlacht agus inniúlacht na n-údarás sábháilteachta núicléiche agus a n-eagraíochtaí tacaíochta teicniúla, mar aon le gníomhaireachtaí poiblí bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí, a neartú);
(i) staidreamh;
(j) riarachán poiblí a neartú de réir riachtanais arna sainaithint sa tuarascáil chuimsitheach faireacháin ón gCoimisiún nach bhfuil folaithe leis na Cistí Struchtúracha.
3. Déanfar cúnamh faoin Áis Trasdula a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89 ón gComhairle an 18 Nollaig 1989 maidir le cabhair eacnamaíoch do thíortha áirithe Lár agus Oirthear na hEorpa 1.
4. Cuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 53(1)(a) agus (b) den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach 2 nó an dlí Eorpach a ghabhfaidh a ionad. I gcás tionscadal um nascadh idir riaracháin phoiblí d'fhonn institiúidí a thógáil, leanfaidh an nós imeachta chun tograí a ghlaoch trí ghréasán na bpointí tadhaill sna Ballstáit d’fheidhm a bheith aige, mar atá bunaithe sna Comhaontuithe Réime leis na Ballstáit láithreacha chun críocha cúnaimh réamhaontachais. Is é 200 milliún euro i 2004, 120 milllún euro i 2005 agus 60 milliún euro i 2006, ag praghsanna 1999, na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don Áis Trasdula. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha na Peirspictíochta Airgeadais, mar atá sí sainithe i gComhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999.
1 IO L 375, 23 Nollaig 1989, lch. 11.
2 Rialachán (CE, CEFA) Uimh. 1605/2002 (IO L 248, 16.9.2002, lch. 1).



AIRTEAGAL 24
1. Cruthaítear leis seo Áis Schengen mar ionstraim shealadach d'fhonn cuidiú le Ballstáit thairbhiúla idir an 1 Bealtaine 2004 agus deireadh 2006 chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais d'fhonn acquis Schengen agus rialú teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.
D'fhonn déileáil leis na heasnaimh arna sainaithint san ullmhúchán do rannpháirtíocht in Schengen, beidh na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas cáilithe do mhaoiniú faoi Áis Schengen:
(a) infheistíocht i mbonneagar um thrasnú teorann agus i bhfoirgnimh ghaolmhara a fhoirgniú, a athnuachan nó a uasghrádú;
(b) infheistíochtaí in aon chineál trealaimh oibriúcháin (m.sh. trealamh saotharlainne, uirlisí braith, crua-earraí agus bogearraí do Chóras Faisnéise Schengen – SIS II, modhanna iompair);
(c) gardaí teorann a oiliúint;
(d) tacaíocht do chostais loighistice agus oibríochtaí.

2. Cuirfear na méideanna seo a leanas ar fáil faoi Áis Schengen i bhfoirm íocaíochtaí deontas cnapshuime, amhail ón 1 Bealtaine 2004, leis na Ballstáit thairbhiúla atá liostaithe thíos:
  2004 2005 2006
  (milliún euro, praghsanna 1999)
An Eastóin 22,90 22,90 22,90
An Laitvia 23,70 23,70 23,70
An Liotuáin 44,78 61,07 29,85
An Ungáir 49,30 49,30 49,30
An Pholainn 93,34 93,33 93,33
An tSlóivéin 35,64 35,63 35,63
An tSlóvaic 15,94 15,93 15,93

3. Beidh na Ballstáit thairbhiúla freagrach as oibríochtaí leithleacha a roghnú agus a chur chun feidhme i gcomhlíonadh an Airteagail seo. Beidh siad freagrach freisin as úsáid Áis Schengen a chomhordú le cúnamh ó ionstraimí Aontais eile, á áirithiú go luíonn sin le beartais agus bearta Aontais agus go gcomhlíonann sin an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó leis an dlí Eorpach a ghabhfaidh a ionad. Úsáidfear na híocaíochtaí deontas cnapshuime laistigh de thrí bliana ón gcéad íocaíocht agus aisghabhfaidh an Coimisiún aon chistí gan caitheamh nó arna gcaitheamh gan chall. Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an teorainn ama trí bliana a dhul in éag, déanfaidh na Ballstáit thairbhiúla tuarascáil chuimsitheach ar fheidhmiú airgeadais na n-íocaíochtaí deontas cnapshuime a thíolacadh maille le ráiteas ag fírinniú an chaiteachais.
Feidhmeoidh an Stát tairbhiúil an fhreagracht sin gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin as buiséad an Aontais a chur chun feidhme agus i gcomhréir leis na forálacha sin den Rialachán Airgeadais nó den dlí Eorpach a ghabhfaidh a ionad is infheidhme maidir le bainistíocht dhílárnaithe.
4. Coinníonn an Coimisiún an ceart chun fíorú a dhéanamh tríd an Oifig i gcoinne na Calaoise (OLAF). Féadfaidh an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí seiceálacha ar an bhfód a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí.
5. Féadfaidh an Coimisiún aon fhorálacha teicniúla a ghlacadh is gá chun Áis Schengen a oibriú.

AIRTEAGAL 25
Déanfar na méideanna dá dtagraítear in Airteagail 18, 19, 23 agus 24 a oiriúnú gach bliain mar chuid den oiriúnú teicniúil dá bhforáiltear i mír 15 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999.

AIRTEAGAL 26
1. Más amhlaidh, go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana tar éis an 1 Bealtaine 2004, go dtagann deacrachtaí chun cinn atá tromchúiseach agus gur dóigh go seasfaidh siad in aon earnáil den gheilleagar nó deacrachtaí a d'fhéadfadh trochlú tromchúiseach a thabhairt i gcion ar staid eacnamaíoch limistéir áirithe, féadfaidh Ballstát nua údarú a iarraidh bearta cosanta a ghlacadh d'fhonn an staid sin a cheartú agus an earnáil i dtrácht a choigeartú do gheilleagar an mhargaidh inmheánaigh.
Féadfaidh aon Bhallstát láithreach, sna himthosca céanna, údarú a iarraidh bearta cosanta a ghlacadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nua.
2. Arna iarraidh sin don Stát i dtrácht, glacfaidh an Coimisiún, trí nós imeachta éigeandála, na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena mbunófar na bearta cosanta a mheasfaidh sé is gá, agus sonróidh sé imthosca agus rialacha mionsonraithe a gcur in éifeacht. I gcás deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha agus arna iarraidh sin go sainráite don Bhallstát i dtrácht, gníomhóidh an Coimisiún laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh, maille leis an bhfaisnéis chúlra ábhartha, a fháil. Beidh na bearta arna gcinneadh amhlaidh infheidhme láithreach, tabharfaidh siad aird ar leasanna na bpáirtithe uile i dtrácht agus ní bhéarfaidh siad rialuithe teorann.
3. Féadfaidh na bearta atá údaraithe faoi mhír 2 maolú a thabhairt ar rialacha an Bhunreachta, agus go háirithe ar an bPrótacal seo, go feadh méid agus go ceann tréimhsí atá fíor-riachtanach chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú. Tabharfar tosaíocht do cibé bearta is lú a shuaithfidh oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

AIRTEAGAL 27
Má tá Ballstát nua tar éis mainneachtain gealltanais arna nglacadh ar láimh i gcomhthéacs na gcaibidlí aontachais a chur chun feidhme, agus gur cúis é sin le sárú tromchúiseach ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear aon ghealltanais i dtaca leis na beartais earnálacha uile a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil éifeacht trasteorann acu, nó gur cúis é le garbhaol go mbeidh sárú den sórt sin ann, féadfaidh an Coimisiún, go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana tar éis an 1 Bealtaine 2004, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha lena mbunaítear bearta iomhcuí a ghlacadh, arna iarraidh sin go réasúnaithe do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin.

Beidh na bearta comhréireach agus tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a shuaithfidh oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus, nuair is iomchuí, do chur i bhfeidhm na sásraí coimirce earnálacha atá ann. Ní agrófar na bearta coimirce sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Bhallstáit. Ní choimeádfar na bearta ar bun níos faide ná mar is fíorghá agus, ar aon chuma, foirceannfar iad nuair a chuirfear an gealltanas ábhartha chun feidhme. Féadfar iad a chur i bhfeidhm, áfach, thar an tréimhse atá sonraithe sa chéad mhír fad nach mbeidh na gealltanais ábhartha comhalta. Mar fhreagra ar dhul chun cinn arna dhéanamh ag an mBallstát nua i dtrácht i gcomhall a ghealltanas, féadfaidh an Coimisiún na bearta a oiriúnú mar is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé na rialacháin Eorpacha nó na cinntí Eorpacha lena mbunaítear na bearta coimirce a chúlghairm agus tabharfaidh sé aird chuí ar aon bharúlacha ón gComhairle i dtaca leis sin.

AIRTEAGAL 28
Má tá easnaimh thromchúiseacha i mBallstát nua nó aon gharbhaol go mbeidh easnaimh den sórt sin ann i dtrasuí na gcinntí réime nó aon ghealltanas ábhartha eile, ionstraimí comhair agus cinntí a bhaineann le haitheantas frithpháirteach i réimse an dlí choiriúil faoi Theideal VI de Chonradh AE, Treoracha agus Rialachán a bhaineann le haitheantas frithpháirteach in ábhair shibhialta faoi Theideal IV de Chonradh CE, agus dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha arna nglacadh ar bhonn Ranna 3 agus 4 de Chaibidil IV de Theideal III de Chuid III den Bhunreacht, i staid a gcur chun feidhme nó ina gcur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana ón 1 Bealtaine 2004, rialacháin nó cinntí Eorpacha lena mbunófar bearta iomhcuí a ghlacadh agus na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe faoina gcuirfear na bearta sin in éifeacht a shonrú, arna iarraidh sin go réasúnaithe do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit.

Féadfaidh na bearta sin bheith i bhfoirm fionraíochta sealadaí ar na forálacha agus na cinntí ábhartha sa chaidreamh idir Ballstát nua agus aon Bhallstát nó Ballstáit eile a chur i bhfeidhm, gan dochar do leanúint de dhlúthchomhar breithiúnach. Ní choimeádfar na bearta ar bun níos faide ná mar is fíorghá agus, ar aon chuma, tarscaoilfear iad nuair a leigheasfar na heasnaimh. Féadfar iad a chur i bhfeidhm, áfach, thar an tréimhse atá sonraithe sa chéad mhír fad a sheasann na heasnaimh sin. Mar fhreagra ar dhul chun cinn arna dhéanamh ag an mBallstát nua i dtrácht i gceartú na n-easnamh arna sainaithint, féadfaidh an Coimisiún na bearta a oiriúnú mar is iomchuí tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé bearta coimirce a chúlghairm agus tabharfaidh sé aird chuí ar aon bharúlacha ón gComhairle i dtaca leis sin.

AIRTEAGAL 29
Chun nach gcuirfear treampán ar oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ní thiocfaidh rialuithe teorann idir Bhallstáit as forfheidhmiú rialacha náisiúnta na mBallstát nua le linn na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Iarscríbhinní V go XIV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003.


AIRTEAGAL 30
Más gá bearta idirthréimhseacha chun an trasdul a éascú ón gcóras atá ann sna Ballstáit nua go dtí an córas a leanfaidh ón gcomhbheartas talmhaíochta a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Phrótacal seo, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1260/2001 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2001 maidir le comheagraíocht na margaí in earnáil an tsiúcra 1, nó, mar is iomchuí, sna hAirteagail chomhfhreagracha de na Rialacháin eile maidir le comheagraíocht na margaí talmhaíochta nó de na dlíthe Eorpacha a ghabhfaidh a n-ionad nó i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha mar a chinntear sa reachtaíocht is infheidhme. Féadfar na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh le linn tréimhse trí bliana ón 1 Bealtaine 2004 agus ní rachaidh a gcur i bhfeidhm thar an tréimhse sin. Féadfar an tréimhse sin a fhadú le dlí Eorpach ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

AIRTEAGAL 31
Más gá bearta idirthréimhseacha chun an trasdul a éascú ón gcóras atá ann sna Ballstáit nua go dtí an córas a leanfaidh ó rialacha Aontais tréidliachta agus fíteasláintíochta a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha mar a chinntear sa reachtaíocht is infheidhme. Déanfar na bearta sin a ghlacadh le linn tréimhse trí bliana ón 1 Bealtaine 2004 agus ní rachaidh a gcur i bhfeidhm thar an tréimhse sin.

AIRTEAGAL 32
1. I gcás na gCoistí, na ngrúpaí agus na gcomhlachtaí eile atá liostaithe in Iarscríbhinn XVI a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí nua in éag i gcomhthráth le téarma oifige na gcomhaltaí atá i seilbh oifige an 1 Bealtaine 2004.
1 IO L 178, 30.6.2001, lch. 1.

2. I gcás na gCoistí agus na ngrúpaí arna gcruthú ag an gCoimisiún atá liostaithe in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí nua in éag i gcomhthráth le téarma oifige na gcomhaltaí atá i seilbh oifige an 1 Bealtaine 2004.

TEIDEAL IV
INFHEIDHMEACHT GHNÍOMHARTHA NA nINSTITIÚIDÍ

AIRTEAGAL 33
Amhail ón 1 Bealtaine 2004, measfar gur díríodh chuig na Ballstáit nua treoracha agus cinntí, de réir bhrí Airteagal 249 de Chonradh CE agus Airteagal 161 de Chonradh CEFA, ar chuntar gur díríodh na treoracha agus na cinntí sin chuig gach Ballstát láithreach. Ach amháin i gcás treoracha agus cinntí a thagann i bhfeidhm de bhun Airteagal 254(1) agus (2) de Chonradh CE, measfar go bhfuair na Ballstáit nua fógra i dtaobh na dtreoracha agus na gcinntí sin an 1 Bealtaine 2004.

AIRTEAGAL 34
Cuirfidh na Ballstáit nua in éifeacht na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidís, amhail ón 1 Bealtaine 2004, forálacha treoracha agus cinntí, de réir bhrí Airteagal 249 de Chonradh CE agus Airteagal 161 de Chonradh CEFA, mura bhforáiltear teorainn ama eile sna hIarscríbhinní dá dtagraítear in Airteagal 15 nó in aon fhorálacha eile den Phrótacal seo.


AIRTEAGAL 35
Mura bhforáiltear a mhalairt, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha a ghlacadh is gá chun na forálacha atá in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 agus dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13 den Phrótacal seo a chur chun feidhme.

AIRTEAGAL 36
1. Más gá gníomhartha na n-institiúidí arna ndéanamh roimh an 1 Bealtaine 2004 a oiriúnú de thoradh an aontachais agus mura bhforáiltear do na hoiriúnuithe riachtanacha sa Phrótacal seo, déanfar na hoiriúnuithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 2. Tiocfaidh na hoiriúnuithe sin i bhfeidhm amhail ón 1 Bealtaine 2004.
2. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, nó déanfaidh an Coimisiún, cibé ceann den dá institiúid sin a ghlac na gníomhartha bunaidh, na gníomhartha is gá a ghlacadh chuige sin.

AIRTEAGAL 37
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ceaptha chun cosaint a áirithiú, ar chríoch na mBallstát nua, do shláinte na n-oibrithe agus an ghnáthphobail in aghaidh na gcontúirtí a thig ó radaíochtaí ianúcháin, cuirfidh na Stáit sin i bhfios don Choimisiún iad, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Chonradh CEFA, laistigh de thrí mhí ón 1 Bealtaine 2004.

CUID A DÓ
FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LE hIONSTRAIM AONTACHAIS AN 16 AIBREÁN 2003

TEIDEAL I
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LEIS AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

AIRTEAGAL 38
Íocfaidh Ríocht na Spáinne EUR 309 686 775 mar a scair den chaipiteal íoctha don mhéadú ar an gcaipiteal suibscríofa. Íocfar an ranníocaíocht sin ina hocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite an 30 Meán Fómhair 2004, an 30 Meán Fómhair 2005, an 30 Meán Fómhair 2006, an 31 Márta 2007, an 30 Meán Fómhair 2007, an 31 Márta 2008, an 30 Meán Fómhair 2008 agus an 31 Márta 2009.
Ranníocfaidh Ríocht na Spáinne in ocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite ar na dátaí sin leis na cúlchistí agus na soláthairtí is coibhéiseach le cúlchistí, agus freisin leis an méid atá le leithreasú fós do na cúlchistí agus soláthairtí, a chuimsíonn iarmhéid an chuntais sochair agus dochair, arna mbunú ag deireadh mhí Aibreáin 2004, mar atá iontráilte i gclár comhardaithe an Bhainc, i méideanna a fhreagraíonn do 4,1292% de na cúlchistí agus soláthairtí.


AIRTEAGAL 39
Amhail ón 1 Bealtaine 2004, íocfaidh na Ballstáit nua na méideanna seo a leanas a fhreagraíonn dá scair den chaipiteal íoctha don chaipiteal suibscríofa mar atá sé sainithe in Airteagal 4 de Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
An Pholainn 170 563 175 euro
Poblacht na Seice 62 939 275 euro
An Ungáir 59 543 425 euro
An tSlóvaic 21 424 525 euro
An tSlóivéin 19 890 750 euro
An Liotuáin 12 480 875 euro
An Chipir 9 169 100 euro
An Laitvia 7 610 750 euro
An Eastóin 5 882 000 euro
Málta 3 490 200 euro

Íocfar na ranníocaíochtaí sin ina n-ocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite an 30 Meán Fómhair 2004, an 30 Meán Fómhair 2005, an 30 Meán Fómhair 2006, an 31 Márta 2007, an 30 Meán Fómhair 2007, an 31 Márta 2008, an 30 Meán Fómhair 2008 agus an 31 Márta 2009.


AIRTEAGAL 40
Ranníocfaidh na Ballstáit nua in ocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite ar na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 39, do na cúlchistí agus do na soláthairtí is coibhéiseach le cúlchistí, mar aon leis an méid atá le leithreasú fós do na cúlchistí agus soláthairtí, a chuimsíonn iarmhéid an chuntais sochair agus dochair, arna mbunú ag deireadh mhí Aibreáin 2004, mar atá sé iontráilte i gclár comhardaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, i méideanna a fhreagraíonn do na céatadáin seo a leanas de na cúlchistí agus soláthairtí:
An Pholainn 2,2742%
Poblacht na Seice 0,8392%
An Ungáir 0,7939%
An tSlóvaic 0,2857%
An tSlóivéin 0,2652%
An Liotuáin 0,1664%
An Chipir 0,1223%
An Laitvia 0,1016%
An Eastóin 0,0784%
Málta 0,0465%

AIRTEAGAL 41
An caipiteal agus na híocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagail 38, 39, agus 40, íocfaidh Ríocht na Spáinne agus na Ballstáit nua isteach iad in airgead tirim in euro ach amháin i gcás maolaithe arna chinneadh d'aon toil ag an mBord Gobharnóirí.

TEIDEAL II
FORÁLACHA MAIDIR LE TIONSCAL CRUACH NA SEICE A ATHSTRUCHTÚRÚ

AIRTEAGAL 42
1. D'ainneoin Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht, measfar go bhfuil státchabhair arna deonú ag Poblacht na Seice ar mhaithe le hathstruchtúrú do chodanna sonraithe de thionscal cruach na Seice ó 1997 go 2003 ag luí leis an margadh inmheánach ar chuntar:
(a) go bhfuil an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) de Phrótacal 2 maidir le táirgí CEGC atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seice, den pháirt eile 1, fadaithe go dtí an 1 Bealtaine 2004, (b) go cloítear i gcaitheamh na tréimhse 2002-2006 leis na téarmaí atá leagtha amach sa phlean um athstruchtúrú ar ar a bhonn a fadaíodh an Prótacal thuasluaite,
(c) go gcomhalltar na coinníollacha atá leagtha amach sa Teideal seo, agus
(d) nach n-íoctar aon státchabhair um athstruchtúrú do thionscal cruach na Seice tar éis an 1 Bealtaine 2004.
1 IO L 360, 31.12.1994, lch. 2.

2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2006 (dá ngairtear "deireadh na tréimhse um athstruchtúrú" anseo feasta) críochnófar athstruchtúrú earnáil chruach na Seice, mar atá tuairiscithe i bpleananna leithleacha gnó na gcuideachtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 (dá ngairtear "cuideachtaí tairbhiúla" anseo feasta), agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach sa Teideal seo.
3. Is iad na cuideachtaí tairbhiúla, agus iad siúd amháin, a bheidh cáilithe do státchabhair faoi chuimsiú chlár um athstruchtúrú cruach na Seice.
4. Ní fhéadfaidh cuideachta thairbhiúil:
(a) i gcás cumaisc le cuideachta nach bhfuil áirithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, tairbhe na cabhrach arna deonú don chuideachta thairbhiúil a chur ar aghaidh;
(b) sócmhainní aon chuideachta nach bhfuil áirithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 a dhearbhaítear a bheith féimheach i rith na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2006 a ghabháil chuici.
5. Déanfaidh aon phríobháidiú ina dhiaidh sin ar aon cheann de na cuideachtaí tairbhiúla na coinníollacha agus na prionsabail i dtaca le hinmharthanacht, státchabhracha agus laghdú cumais atá sainithe sa Teideal seo a urramú.

6. Cinnfear an chabhair iomlán um athstruchtúrú atá le deonú do na cuideachtaí tairbhiúla sa tréimhse de réir na bhfírinnithe arna leagan amach sa phlean Seiceach um athstruchtúrú arna fhormheas agus sna pleananna leithleacha gnó mar atá formheasta ag an gComhairle. Ar aon chuma, tá an chabhair arna híoc sa tréimhse 1997-2003 teoranta do mhéid uasta
CZK 14 147 425 201. As an méid iomlán seo, faigheann Nová Hut' méid uasta
CZK 5 700 075 201, faigheann Vítkovice Steel méid uasta CZK 8 155 350 000 agus faigheann
Válcovny Plechu Fry´dek Místek méid uasta CZK 292 000 000 ag brath ar na ceanglais mar atá
leagtha amach sa phlean um athstruchtúrú arna fhormheas. Ní dheonófar an chabhair ach an t-aon
uair amháin. Ní dheonóidh Poblacht na Seice aon státchabhair bhreise do thionscal cruach na Seice
ar mhaithe le hathstruchtúrú.
7. Is 590 000 tona an glanlaghdú cumais atá le baint amach ag Poblacht na Seice do tháirgí críochnaithe i rith na tréimhse 1997-2006. Ní thomhasfar laghdú cumais ach amháin ar bhonn áiseanna táirgeachta a dhúnadh go buan trí scriosadh fisiceach ar dhóigh nach féidir na háiseanna a athchur i seirbhís. Ní cháileoidh mar laghdú cumais cuideachta chruach do dhearbhú féimheachta. Críochnófar an leibhéal thuas de ghlanlaghdú cumais, mar aon le haon laghduithe cumais a aithnítear a bheith riachtanach sna cláir um athstruchtúrú, i gcomhréir leis an amchlár in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003.
8. Déanfaidh Poblacht na Seice bacainní trádála a dhíchur i margadh an ghuail i gcomhréir leis an acquis faoin aontachas, ag cumasú do chuideachtaí Seiceacha cruach rochtain a fháil ar ghual ag margadhphraghsanna idirnáisiúnta.

9. Cuirfear chun feidhme an plean gnó don chuideachta thairbhiúil Nová Hut'. Ach go háirithe
(a) cuirfear gléasra Vysoké Pece Ostrava faoi chreat eagrúcháin Nová Hut' trí úinéireacht iomlán a fháil. Socrófar spriocdháta don chumasc sin, lena n-áirítear freagracht as a chur chun feidhme a shannadh;
(b) díreofar na hiarrachtaí um athstruchtúrú ar an méid seo a leanas;
(i) Nová Hut' a fhorbairt ó bheith dírithe ar tháirgeacht chun bheith dírithe ar mhargaíocht agus feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhainistíochta gnó, lena n-áirítear trédhearcacht níos mó i ndáil le costais;
(ii) athbhreithniú ag Nová Hut' ar a mheascadh táirgí agus iontráil go dtí margaí ar mó a mbreisluach;
(iii) Nová Hut' do dhéanamh na n-infheistíochtaí is gá chun caighdeán níos airde a shroicheadh do tháirgí críochnaithe sa ghearrthéarma, (c) cuirfear athstruchtúrú fostaíochta chun feidhme; amhail an 31 Nollaig 2006, sroichfear leibhéil táirgeachta is inchomparáide leo siúd arna mbaint amach ag grúpaí táirgí thionscal chruach an Aontais, ar bhonn fhigiúirí comhdhlúite na gcuideachtaí tairbhiúla i dtrácht;

(d) bainfear amach comhlíonadh acquis ábhartha an Chomhphobail i réimse chosaint an chomhshaoil faoin 1 Bealtaine 2004, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí riachtanacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean gnó. I gcomhréir leis an bplean gnó, déanfar an infheistíocht is gá sa todhchaí atá bainteach le CRIT, chun a áirithiú go gcomhlíonfar faoin 1 Samhain 2007 Treoir 96/61/CE an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú iomlánaithe ar an truailliú 1.
10. Cuirfear chun feidhme an plean gnó don chuideachta thairbhiúil Vítkovice Steel. Ach go háirithe:
(a) dúnfar Muileann Duo go buan tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2006. I gcás go gceannóidh infheisteoir straitéiseach an chuideachta, beidh an dúnadh sin faoin dáta sin ina choinníoll ar an gconradh ceannaigh;
(b) díreofar na hiarrachtaí um athstruchtúrú ar an méid seo a leanas;
(i) méadú ar dhíolacháin dhíreacha agus fócas níos mó ar chostais a laghdú, toisc an méid sin a bheith fíor-riachtanach do bhainistíocht gnó níos éifeachtaí;
(ii) oiriúnú d'éileamh an mhargaidh agus athrú i dtreo táirgí ar mó a mbreisluach;
(iii) an infheistíocht arna beartú sa phróiseas tánaisteach déanta cruach a thabhairt ar aghaidh ó 2004 go 2003, chun ligean don chuideachta dul san iomaíocht ar bhonn caighdeáin seachas ar bhonn praghsanna;
1 IO L 257, 10.10.1996, lch. 26.

(c) bainfear amach comhlíonadh acquis ábhartha an Chomhphobail i réimse chosaint an chomhshaoil faoin 1 Bealtaine 2004, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí riachtanacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean gnó a chuimsíonn an gá le hinfheistíocht a bhaineann le CRIT sa todhchaí.
11. Cuirfear chun feidhme an plean gnó don chuideachta Válcovny Plechu Fry´dek
Místek (VPFM). Ach go háirithe:
(a) dúnfar Muilinn Theorollta Uimh. 1 agus 2 go buan i ndeireadh 2004;
(b) díreofar na hiarrachtaí um athstruchtúrú ar an méid seo a leanas;
(i) tar éis an Conradh Aontachais a shíniú, an infheistíocht is gá a dhéanamh chun caighdeán níos airde a bhaint amach do tháirgí críochnaithe sa ghearrthéarma;
(ii) tosaíocht a thabhairt d'eochairdheiseanna sainaitheanta chun feabhas a chur ar bhrabúis (lena n-áirítear athstruchtúrú fostaíochta, costais a laghdú, feabhas a chur ar thorthaí agus athdhíriú imdháileacháin).
12. Ní foláir comhaontú ón gCoimisiún agus, nuair is iomchuí, ón gComhairle a bheith le haon athruithe ina dhiaidh sin ar an bplean foriomlán um athstruchtúrú agus na pleananna leithleacha.
13. Cuirfear an t-athstruchtúrú chun feidhme faoi dhálaí lán-trédhearcachta agus ar bhonn phrionsabail fhónta gheilleagar an mhargaidh.
14. Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle faireachán géar ar chur chun feidhme an athstruchtúraithe agus ar chomhall na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Teideal seo maidir le hinmharthanacht, státchabhair, laghduithe cumais roimh an 1 Bealtaine 2004 agus ina dhiaidh, go dtí deireadh na tréimhse um athstruchtúrú, i gcomhréir le míreanna 15 go 18. Chuige seo cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig an gComhairle.
15. Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle faireachán ar thagarmharcanna an athstruchtúraithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003. Déanfar na tagairtí san Iarscríbhinn sin do mhír 16 den Phrótacal a dúradh a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 16 den Airteagal seo.
16. Áireofar ar an bhfaireachán meastóireacht neamhspleách a dhéanfar i 2003, 2004, 2005, agus 2006. Is eilimint thábhachtach triail inmharthanachta an Choimisiúin chun a áirithiú go mbainfear inmharthanacht amach.
17. Comhoibreoidh Poblacht na Seice go hiomlán leis na socruithe faireacháin go léir. Ach go háirithe
(a) soláthróidh Poblacht na Seice don Choimisiún tuarascálacha gach sé mhí ar athstruchtúrú na gcuideachtaí tairbhiúla, tráth nach déanaí ná an 15 Márta agus an 15 Meán Fómhair gach bliain go dtí deireadh na tréimhse um athstruchtúrú;
(b) sroichfidh an chéad tuarascáil an Coimisiún faoin 15 Márta 2003 agus sroichfidh an tuarascáil dheireanach faoin 15 Márta 2007 é, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt;

(c) beidh sna tuarascálacha an fhaisnéis uile is gá chun faireachán a dhéanamh ar phróiséas an athstruchtúraithe agus ar laghdú agus usáid cumais agus tabharfar iontu go leor sonraí i dtaobh airgeadais chun gur féidir measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais sa Teideal seo comhalta. Beidh sna tuarascálacha ar a laghad an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 agus forchoimeádann an Coimisiún an ceart an Iarscríbhinn sin a mhodhnú i gcomhréir lena thaithí le linn an phróisis faireacháin. I dteannta leis na tuarascálacha leithleacha gnó ar na cuideachtaí tairbhiúla, beidh tuarascáil freisin ar staid fhoriomlán earnáil Sheiceach an chruach, lena n-áirítear forbairtí maicreacnamaíocha déanacha;
(d) cuirfidh Poblacht na Seice iallach ar na cuideachtaí tairbhiúla gach sonra is ábhartha a nochtadh a d'fhéadfaí a mheas, i gcúinsí eile, mar shonraí rúnda. Agus tuairisc á tabhairt aige don Chomhairle, áiritheoidh an Coimisiún nach nochtfar faisnéis rúnda atá sonrach do chuideachta.
18. Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, a chinneadh sainordú a thabhairt do chomhairleoir neamhspleách chun torthaí an fhaireacháin a mheasúnú, aon taighde is gá a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle.
19. Má shuíonn an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 17, go bhfuil diallais shuntasacha ó na sonraí airgeadais ar a ndearnadh an measúnú inmharthanachta tar éis tarlú, féadfaidh sé a chur de cheangal ar Phoblacht na Seice bearta iomchuí a ghlacadh chun bearta um athstruchtúrú na gcuideachtaí tairbhiúla i dtrácht a athneartú.
20. Má thaispeánann an faireachán:
(a) nach bhfuil na coinníollacha do na socruithe idirthréimhseacha sa Teideal seo comhalta, nó
(b) nach bhfuil na gealltanais arna ndéanamh faoi chuimsiú fhadú na tréimhse inar féidir le Poblacht na Seice tacaíocht stáit a dheonú go heisceachtúil chun a tionscal cruach a athstruchtúrú faoin gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seice, den pháirt eile, comhalta 1, nó
(c) go bhfuil Poblacht na Seice, i gcaitheamh na tréimhse um athstruchtúrú, tar éis státchabhair neamhréireach bhreise a dheonú don tionscal cruach agus go háirithe do na cuideachtaí tairbhiúla, ní ghabhfaidh éifeacht leis na socruithe idirthréimhseacha sa Teideal seo. Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a chuirfidh de cheangal ar aon chuideachta i dtrácht aon chabhair arna deonú de shárú ar na coinníollacha atá leagtha síos sa Teideal seo a aisíoc.
1 IO L 360, 31.12.1994, lch. 2.

TEIDEAL III
FORÁLACHA MAIDIR LE LIMISTÉIR BHUNÁITE FHLAITHEASACHA RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN SA CHIPIR

AIRTEAGAL 43
1. Cuimseofar na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha laistigh de chríoch custaim an Aontais, agus chun na críche sin, beidh feidhm, maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, ag na hionstraimí beartais chustaim agus tráchtála atá liostaithe i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, maille leis na leasuithe atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin. San Iarscríbhinn sin, déanfar an tagairt don "Phrótacal seo" a fhorléiriú mar thagairt don Teideal seo.
2. Beidh feidhm maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha ag gníomhartha Aontais maidir le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus foirmeacha eile cánachais indírigh atá liostaithe i gCuid a Dó den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, maille leis na leasuithe atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin chomh maith leis na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCipir mar atá leagtha amach sa Phrótacal seo.
3. Déanfar na gníomhartha Aontais atá liostaithe i gCuid a Trí den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 a leasú mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin chun a chumasú don Ríocht Aontaithe na faoisimh agus na díolúintí ó dhleachtanna agus ó chánacha ar sholáthairtí dá fórsaí agus don phearsanra atá bainteach leo atá deonaithe sa Chonradh maidir le bunú Phoblacht na Cipire (dá ngairtear "an Conradh Bunaíochta" anseo feasta ) a choimeád ar bun.


AIRTEAGAL 44
Beidh feidhm maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha ag Airteagail III-225 go III-232 den Bhunreacht, mar aon leis na forálacha arna nglacadh ar an mbonn sin, agus ag na forálacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal III-278(4)(b) den Bhunreacht.

AIRTEAGAL 45
Daoine a chónaíonn nó atá fostaithe sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus atá, faoi shocruithe arna ndéanamh de bhun an Chonartha Bhunaíochta agus an Mhalartaithe Nótaí dar dáta 16 Lúnasa 1960, faoi réir reachtaíocht slándála sóisialta Phoblacht na Cipire, cuirfear cóir orthu chun críocha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar dhaoine fostaithe, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar bhaill dá dteaghlaigh ag gluaiseacht sa Chomhphobal 1 amhail is dá mbeidís ina gcónaí nó dá mbeidís fostaithe ar chríoch Phoblacht na Cipire.
1 IO L 149, 5.7.1971, lch. 2.

Valid XHTML 1.0!