PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ
BUNREACHTA DON EORAIP
AIRTEAGAL 46
1. Ní chuirfear de cheangal ar Phoblacht na Cipire seiceálacha
a dhéanamh ar dhaoine ag trasnú a teorainneacha talaimh agus
mara leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus ní
bheidh feidhm maidir le daoine den sórt sin ag aon srianta Aontais
ar theorainneacha seachtracha a thrasnú.
2. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe rialuithe ar dhaoine ag trasnú
theorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach
i gcomhréir leis na gealltanais atá leagtha amach i gCuid a
Ceathair den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 atá
i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003.
AIRTEAGAL 47
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, d'fhonn
a áirithiú go gcuirfear cuspóirí an Teidil seo
chun feidhme go héifeachtúil, cinneadh Eorpach a ghlacadh chun
Airteagail 43 go 46 thuas, lena n-áirítear an Iarscríbhinn
a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003, a leasú, nó forálacha
eile den Bhunreacht agus de ghníomhartha Aontais a chur i bhfeidhm
maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha ar cibé
téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha
a shonróidh sí. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon
toil. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe
agus le Poblacht na Cipire sula dtíolacfaidh sé togra.
AIRTEAGAL 48
1. Faoi réir mhír 2, beidh an Ríocht Aontaithe freagrach
as an Teideal seo a chur chun feidhme sna Limistéir Bhunáite
Fhlaitheasacha. Ach go háirithe:
(a) beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as na bearta Aontais atá
sonraithe sa Teideal seo i réimsí an chustaim, an chánachais
indírigh agus an chomhbheartais tráchtála a chur i bhfeidhm
i ndáil le hearraí ag teacht isteach go hoileán na Cipire
nó á fhágáil trí chalafort nó aerfort
laistigh de na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha;
(b) féadfar rialuithe custaim a dhéanamh laistigh de na Limistéir
Bhunáite Fhlaitheasacha ar earraí arna n-allmhairiú isteach
go hoileán na Cipire nó arna n-onnmhairiú uaidh ag fórsaí
na Ríochta Aontaithe trí chalafort nó trí aerfort
i bPoblacht na Cipire;
(c) beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as aon cheadúnais, údaruithe
nó deimhnithe a eisiúint a fhéadfar a iarraidh faoi aon
bheart Aontais atá infheidhme i dtaca le hearraí arna n-allmhairiú
isteach go hoileán na Cipire nó arna n-onnmhairiú uaidh
ag fórsaí na Ríochta Aontaithe.
2. Beidh Poblacht na Cipire freagrach as riarachán agus íocaíocht
aon chistí Aontais a bhféadfaidh daoine sna Limistéir
Bhunáite Fhlaitheasacha bheith ina dteideal de bhun an comhbheartas
talmhaíochta a chur i bhfeidhm sna Limistéir Bhunáite
Fhlaitheasacha faoi Airteagal 44 agus beidh Poblacht na Cipire cuntasach don
Choimisiún as caiteachas den sórt sin.
3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an Ríocht
Aontaithe feidhmiú aon cheann de na feidhmeanna atá forchurtha
ar Bhallstát le haon cheann de na forálacha dá dtagraítear
in Airteagail 43 go 46, nó faoi, a tharmligean chuig údaráis
inniúla Phoblacht na Cipire, i gcomhréir le socruithe arna ndéanamh
de bhun an Chonartha Bhunaíochta.
4. Comhoibreoidh an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Cipire chun a
áirithiú go gcuirfear an Teideal seo chun feidhme go héifeachtúil
sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus, nuair is iomchuí,
tabharfaidh siad socruithe breise i gcrích maidir le cur chun feidhme
aon cheann de na forálacha dá dtagraítear in Airteagail
43 go 46 a tharmligean. Tíolacfar cóip d'aon socruithe den sórt
sin don Choimisiún.
AIRTEAGAL 49
Ní bheidh de chuspóir ag na socruithe dá bhforáiltear
sa Teideal seo ach staid faoi leith Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha
na Ríochta Aontaithe sa Chipir a rialáil ná ní
bheidh feidhm acu maidir le haon chríoch eile den Aontas ná
ní bheidh siad ina bhfasach, go hiomlán nó go páirteach,
d'aon socruithe speisialta eile atá ann cheana nó a d'fhéadfaí
a chur ar bun i gcríoch Eorpach eile dá bhforáiltear
in Airteagal IV-440 den Bhunreacht.
AIRTEAGAL 50
Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle gach cúig bliana amhail ón 1 Bealtaine 2004
ar chur chun feidhme fhorálacha an Teidil seo.
AIRTEAGAL 51
Beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo i bhfianaise an Dearbhaithe
maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe
na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir ina n-ionchorpraítear
friotal bhrollach Phrótacal Uimh. 3 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003, gan a éifeacht dhlíthiúil
a athrú.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA MAIDIR LE GLÉASRA CUMHACHTA NÚICLÉICHE
IGNALINA SA LIOTUÁIN
AIRTEAGAL 52
Ag aithint di a mhéad atá an tAontas ullamh cúnamh breise
leordhóthanach a sholáthar d'iarrachtaí na Liotuáine
chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú
agus béim á cur aici ar an dlúthpháirtíocht
arna cur in iúl amhlaidh, tá an Liotuáin tar éis
a chur de ghealltanas uirthi féin Aonad 1 de Ghléasra Cumhachta
Núicléiche Ignalina a dhúnadh roimh 2005 agus Aonad 2
den ghléasra sin a dhúnadh faoin 31 Nollaig 2009 agus na haonaid
sin a dhíchoimisiúnú ina dhiaidh sin.
AIRTEAGAL 53
1. Le linn na tréimhse 2004-2006, soláthróidh an tAontas
cúnamh airgeadais breise don Liotuáin chun tacú lena
hiarrachtaí chun Gléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina a dhíchoimisiúnú agus chun déileáil
le hiarmhairtí a dhúnta agus a dhíchoimisiúnaithe
(dá ngairtear "Clár Ignalina" anseo feasta).
2. Déanfar bearta faoi Chlár Ignalina a chinneadh agus a chur
chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha arna leagan síos
i Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89 ón gComhairle an 18 Nollaig
1989 maidir le cabhair eacnamaíoch do thíortha áirithe
Lár agus Oirthear na hEorpa
1.
1 IO L 375, 23.12.1989, lch. 11.
3. Folóidh Clár Ignalina, inter alia, bearta tacaíochta
do dhíchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina; bearta um uasghrádú comhshaoil ar cothrom leis an
acquis, bearta um an gcumas táirgeachta gnásúil a nuachóiriú
chun ionad chumas táirgeachta an dá imoibreoir de chuid Ghléasra
Cumhachta Núicléiche Ignalina a ghabháil; agus bearta
eile atá iarmhartach ar an gcinneadh an gléasra sin a dhúnadh
agus a dhíchoimisiúnú agus a rannchuidíonn le
hathstruchtúrú riachtanach, uasghrádú comhshaoil
agus nuachóiriú na n-earnálacha táirgeachta, idirthurais
agus dáileacháin fuinnimh sa Liotuáin chomh maith le
feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh
agus ar éifeachtacht fuinnimh sa Liotuáin.
4. Folóidh Clár Ignalina na bearta chun tacú le foireann
an ghléasra d'fhonn ardleibhéal sábháilteachta
oibríochtúla a choimeád ar bun ag Gléasra Cumhachta
Núicléiche Ignalina sna tréimhsí roimh na haonaid
imoibreora a dúradh a dhúnadh agus le linn a ndíchoimisiúnaithe.
5. Don tréimhse 2004-2006, 285 milliún euro a bheidh i gClár
Ignalina, i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a ndéanfar
ceangaltas ina leith i dtráinsí bliantúla cothroma.
6. Féadfaidh an ranníocaíocht faoi Chlár Ignalina
dul suas le 100% den chaiteachas iomlán do bhearta áirithe.
Is cóir gach iarracht a dhéanamh leanúint den chleachtas
cómhaoinithe arna bhunú faoin gcúnamh réamhaontachais
i dtaca le hiarracht na Liotuáine chun díchoimisiúnú
a dhéanamh chomh maith le cómhaoiniú a mhealladh ó
fhoinsí eile, mar is iomchuí.
7. Cuirfear an cúnamh faoi Chlár Ignalina, nó codanna
de, ar fáil mar ranníocaíocht Aontais don Chiste Idirnaísiúnta
Tacaíochta um Dhíchoimisiúnú Ignalina, arna bhainistiú
ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.
8. Beidh cabhair phoiblí ó fhoinsí náisiúnta,
Aontais agus idirnáisiúnta:
(a) ar mhaithe le huasghrádú comhshaoil ar cothrom leis an acquis
agus le bearta chun an Gléasra Teirmeach Cumhachta Liotuánach
in Elektrenai a nuachóiriú mar eochairionadaí do chumas
táirgeachta an dá imoibreoir de chuid Ghléasra Cumhachta
Núicléiche Ignalina; agus
(b) ar mhaithe le díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta
Núicléiche Ignalina ag luí leis an margadh inmheánach
mar atá sainithe sa Bhunreacht.
9. Cabhair phoiblí ó fhoinsí náisiúnta,
Aontais agus idirnáisiúnta chun tacú le hiarrachtaí
na Liotuáine chun déileáil leis na hiarmhairtí
a thig ó Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina
a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú, féadfar
a mheas, ar bhonn gach cáis faoi leith, go bhfuil sí ag luí
– faoin mBunreacht – leis an margadh inmheánach, go háirithe
cabhair phoiblí arna soláthar chun feabhas a chur ar shlándáil
an tsoláthair leictreachais.
AIRTEAGAL 54
1. Á aithint dó gur de chineál fadtéarmach é
an díchoimisiúnú ar Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Ignalina agus gur ualach eisceachtúil airgeadais é don Liotuáin
nach bhfuil comhchuimseach lena toirt agus lena neart eacnamaíoch,
déanfaidh an tAontas, i ndlúthpháirtíocht leis
an Liotuáin, cúnamh breise leordhóthanach a sholáthar
don iarracht chun díchoimisiúnú i ndiaidh 2006.
2. Chuige sin leanfar de Chlár Ignalina agus fadófar i ndiaidh
2006 é gan bhriseadh. Cinnfear forálacha cur chun feidhme do
Chlár Ignalina arna fhadú i gcomhréir leis an nós
imeachta atá leagtha síos in Airteagal 35 den Phrótacal
seo agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a dhéanaí faoin dáta
a rachaidh an Pheirspictíocht Airgeadais mar atá sí sainithe
i gComhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 in éag.
3. Beidh Clár Ignalina, mar atá arna fhadú i gcomhréir
le forálacha mhír 2, bunaithe ar na heilimintí agus na
prionsabail chéanna mar atá tuairiscithe in Airteagal 53.
4. Do thréimhse na Peirspictíochta Airgeadais ina dhiaidh seo,
beidh na meánleithreasaí foriomlána faoi Chlár
Ignalina arna fhadú iomchuí. Beidh clárú na n-acmhainní
sin bunaithe ar riachtanais iarbhír íocaíochta agus cumas
iarbhír ionsú.
AIRTEAGAL 55
Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 52, beidh feidhm ag an gclásal
ginearálta cosanta dá dtagraítear in Airteagal 26 go
dtí an 31 Nollaig 2012 má bhristear an soláthar fuinnimh
sa Liotuáin.
AIRTEAGAL 56
Beidh feidhm ag an Teideal seo i bhfianaise an Dearbhuithe maidir le gléasra
cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin ina n-ionchorpraítear
friotal bhrollach Phrótacal Uimh. 4 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003, gan a éifeacht dhlíthiúil
a athrú.
TEIDEAL V
FORÁLACHA MAIDIR LE hIDIRTHURAS DAOINE DE THALAMH IDIR RÉIGIÚN
KALININGRAD AGUS CODANNA EILE DE CHÓNAIDHM NA RÚISE
AIRTEAGAL 57
Ní chuirfidh rialacha agus socruithe an Aontais maidir le hidirthuras
daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile
de Chónaidhm na Rúise agus go háirithe Rialachán
(CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 ag bunú
Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad
Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus ag leasú na
dTeagasc Coiteann Consalach agus an Lámhleabhair Choitinn
1 iontu féin
moill ar rannpháirteachas iomlán na Liotuáine in acquis
Schengen, lena n-áirítear teorainneacha inmheánacha a
dhíothú, ná ní bheidh siad ina gcosc air.
AIRTEAGAL 58
Cuideoidh an tAontas leis an Liotuáin na rialacha agus na socruithe
maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad
agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme
ar mhaithe le rannpháirteachas iomlán na Liotuáine i
limistéar Schengen a thúisce is féidir. Cuideoidh an
tAontas leis an Liotuáin idirthuras daoine idir réigiún
Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise a bhainistiú
agus, go háirithe, iompróidh sé aon chostais bhreise
arna dtabhú trí na forálacha speisialta san acquis dá
bhforáiltear i gcás idirthurais den sórt sin a chur chun
feidhme.
1 IO L 99, 17.4.2003, lch. 8.
AIRTEAGAL 59
Gan dochar do chearta flaitheasacha na Liotuáine, déanfaidh
an Chomhairle aon ghníomh breise maidir le hidirthuras daoine idir
réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na
Rúise a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. Gníomhóidh
an Chomhairle d'aon toil.
AIRTEAGAL 60
Beidh feidhm ag an Teideal seo i bhfianaise an Dearbhaithe maidir le hidirthuras
daoine de thalamh idir Réigiún Kaliningrad agus codanna eile
de Chónaidhm na Rúise ina n-ionchorpraítear friotal bhrollach
Phrótacal Uimh. 5 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an
16 Aibreán 2003, gan a éifeacht dhlíthúil a athrú.
TEIDEAL VI
FORÁLACHA MAIDIR LE hÁITEANNA CÓNAITHE TÁNAISTEACHA
A FHÁIL I MÁLTA
AIRTEAGAL 61
Agus aird á tabhairt ar an líon fíortheoranta d'áiteanna
cónaithe i Málta agus an t-achar fíortheoranta talaimh
atá ar fáil chun críocha foirgníochta nach féidir
leo ach na bunriachtanais a chruthaíonn forbairt dhéimeagrafach
na gcónaitheoirí láithreacha a fholú, féadfaidh
Málta, ar bhonn neamhidirdhealaitheach, na rialacha a choimeád
i bhfeidhm arna leagan síos san Acht um Maoin Dhochorraithe (Fáil
ag Neamhchónaitheoirí) (Caibidil 246) ar rialacha iad maidir
le náisiúnaigh de na Ballstáit nach raibh cónaí
orthu go dleathach i Málta ar feadh cúig bliana ar a laghad
maoin dhochorraithe d'fháil agus do choimeád le haghaidh áiteanna
cónaithe tánaisteacha. Cuirfidh Málta nósanna
imeachta um údarú i bhfeidhm chun maoin dhochorraithe a fháil
chun críocha áiteanna cónaithe tánaisteacha i
Málta a bheidh bunaithe ar chritéir atá poiblí,
oibiachtúil, cobhsaí agus trédhearcach. Cuirfear na critéir
sin i bhfeidhm ar dhóigh neamhidirdhealaitheach agus ní dhifreálfaidh
siad idir náisiúnaigh Mhálta agus náisiúnaigh
na mBallstát eile. Áiritheoidh Málta nach gcuirfear ar
chor ar bith cóir níos sriantaí ar náisiúnach
de Bhallstát ná mar a chuirfí ar náisiúnach
tríú tíre. I gcás gur mó luach maoine amháin
den sórt sin arna ceannach ag náisiúnach de Bhallstát
ná na tairseacha dá bhforáiltear i reachtaíocht
Mhálta, is é sin 30 000 lira Máltach le haghaidh árasán
agus 50 000 lira Máltach le haghaidh aon chineál maoine seachas
árasáin agus maoin a bhfuil tábhacht stairiúil
aici, deonófar údarú. Féadfaidh Málta na
tairseacha atá bunaithe leis an reachtaíocht sin a choigeartú
chun athruithe praghsanna ar mhargadh an eastáit réadaigh i
Málta a léiriú.
TEIDEAL VII
FORÁLACHA MAIDIR LE GINMHILLEADH I MÁLTA
AIRTEAGAL 62
Ní dhéanfaidh aon ní sa Chonradh ag bunú Bunreachta
don Eoraip ná sna Conarthaí ná sna hIonstraimí
á leasú nó á fhorlíonadh difear do reachtaíocht
náisiúnta a bhaineann le ginmhilleadh a chur i bhfeidhm ar chríoch
Mhálta.
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA MAIDIR LE TIONSCAL CRUACH NA POLAINNE A ATHSTRUCHTÚRÚ
AIRTEAGAL 63
1. D'ainneoin Airteagail III-167 agus III-168 den Bhunreacht, measfar go bhfuil
státchabhair arna deonú ag an bPolainn ar mhaithe le hathstruchtúrú
do chodanna sonraithe de thionscal cruach na Polainne ag luí leis an
margadh inmheánach ar chuntar: (a) go bhfuil an tréimhse dá
bhforáiltear in Airteagal 8(4) de Phrótacal 2 maidir le táirgí
CEGC atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach ag bunú
comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt
amháin, agus an Pholainn, den pháirt eile
1 fadaithe go dtí
an 1 Bealtaine 2004, agus;
1 IO L 348, 31.12.1993, lch. 2.
(b) go cloítear i gcaitheamh na tréimhse 2002-2006 leis na téarmaí
atá leagtha amach sa phlean um athstruchtúrú ar ar a
bhonn a fadaíodh an Prótacal thuasluaite;
(c) go gcomhalltar na coinníollacha atá leagtha amach sa Teideal
seo, agus
(d) nach n-íoctar aon státchabhair do thionscal cruach na Polainne
tar éis an 1 Bealtaine 2004.
2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2006 (dá
ngairtear "deireadh na tréimhse athstruchtúraithe"
anseo feasta) críochnófar athstruchtúrú earnáil
chruach na Polainne, mar atá tuairiscithe i bpleananna leithleacha
gnó na gcuideachtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn
1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003 (dá ngairtear "cuideachtaí
tairbhiúla" anseo feasta), agus i gcomhréir leis na coinníollacha
atá leagtha amach sa Teideal seo.
3. Is cuideachtaí tairbhiúla, agus iad siúd amháin,
a bheidh cáilithe do státchabhair faoi chuimsiú cláir
um athstruchtúrú cruach na Polainne.
4. Ní fhéadfaidh cuideachta thairbhiúil:
(a) i gcás cumaisc le cuideachtaí nach bhfuil áirithe
in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá
i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003, tairbhe na
cabhrach arna deonú don chuideachta thairbhiúil a chur ar aghaidh;
(b) sócmhainní aon chuideachta nach bhfuil áirithe in
Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá i gceangal
le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 a dhearbhaítear
a bheith féimheach i rith na tréimhse go dtí an 31 Nollaig
2006 a ghabháil chuici.
5. Déanfar aon phríobháidiú iardain ar aon cheann
de na cuideachtaí tairbhiúla ar bhonn a urramaíonn an
gá le trédhearcacht agus urramóidh sé na coinníollacha
agus na prionsabail i dtaca le hinmharthanacht, státchabhracha agus
laghdú cumais atá sainithe sa Teideal seo. Ní dheonófar
aon státchabhair bhreise mar chuid de dhíol sócmhainní
cuideachta nó sócmhainní leithleacha.
6. Cinnfear an chabhair um athstruchtúrú iomlán arna
deonú do na cuideachtaí tairbhiúla de réir na
bhfírinnithe arna leagan amach i bplean um athstruchtúrú
arna fhormheas agus sna pleananna leithleacha gnó mar atá formheasta
ag an gComhairle. Ar aon chuma, ní rachaidh an chabhair arna híoc
sa tréimhse 1997-2003 ina hiomláine thar mhéid uasta
PLN 3 387 070 000. As an méid iomlán sin,
(a) i dtaca le Polskie Huty Stali (dá ngairtear "PHS" anseo
feasta) ní rachaidh an chabhair um athstruchtúrú arna
deonú cheana nó le deonú ó 1997 go deireadh 2003
thar PLN 3 140 360 000. Tá cabhair um athstruchtúrú PLN
62 360 000 faighte cheana ag PHS sa tréimhse 1997-2001; gheobhaidh
sé cabhair bhreise um athstruchtúrú nach mó ná
PLN 3 078 000 000 i 2002 agus 2003 (le híoc ina hiomláine i
2002 má dheonaítear fadú ar an tréimhse bhreise
faoi Phrótacal 2 atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach
ag bunú comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit,
de pháirt amháin, agus Poblacht na Polainne, den pháirt
eile, faoi dheireadh 2002 nó, ina mhalairt de chás, i 2003);
(b) i dtaca le Huta Andrzej S.A., Huta Bankowa Sp. z o.o., Huta Batory S.A.,
Huta Buczek S.A., Huta L.W. Sp. z o.o., Huta Labedy S.A.,
agus Huta Pokój
S.A. (dá ngairtear "na cuideachtaí tairbhiúla
eile"
anseo feasta) ní rachaidh an chabhair um athstruchtúrú
cruach arna deonú cheana nó le deonú ó 1997 go
deireadh 2003 thar PLN 246 710 000. Tá cabhair um athstruchtúrú
PLN 37 160 000 faighte cheana ag na cuideachtaí sin sa tréimhse
1997-2001; gheobhaidh siad cabhair bhreise um athstruchtúrú
nach mó ná PLN 210 210 000 ag brath ar na ceanglais atá
leagtha amach sa phlean um athstruchtúrú (lena n-áirítear
PLN 182 170 000 i 2002 agus PLN 27 380 000 in 2003 má dheonaítear
fadú ar an tréimhse bhreise faoi Phrótacal 2 atá
i gceangal leis an gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir
na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin,
agus Poblacht na Polainne, den pháirt eile, faoi dheireadh 2002
nó,
ina mhalairt de chás, PLN 210 210 000 i 2003).
Ní dheonóidh an Pholainn aon státchabhair bhreise do
thionscal cruach na Polainne chun críocha athstruchtúraithe.
7. Is é 1 231 000 tona an glanlaghdú cumais atá le baint
amach ag an bPolainn do tháirgí críochnaithe i rith na
tréimhse 1997-2006. Áirítear sa mhéid foriomlán
seo glanlaghduithe cumais de 715 000 tpy ar a laghad i dtáirgí
teasrollta agus 716 000 tpy i dtáirgí fuar-rollta, mar aon le
méadú 200 000 tpy ar a laghad de tháirgí críochnaithe
eile.
Ní thomhasfar laghdú cumais ach amháin ar bhonn áiseanna
táirgeachta a dhúnadh go buan trí scriosadh fisiciúil
ar dhóigh nach féidir na háiseanna a athchur i seirbhís.
Ní cháileofar mar laghdú cumais cuideachta chruach do
dhearbhú féimheachta.
Is glanlaghduithe íosta agus iarbhír atá le baint amach
na glanlaghduithe cumais atá leagtha amach in Iarscríbhinn 2
a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003 agus bunófar an t-amchlár
chun é sin a dhéanamh ar bhonn phlean críochnaitheach
na Polainne um athstruchtúrú agus pleananna leithleacha gnó
faoin gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir na Comhphobail
Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht
na Polainne, den pháirt eile, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir
inmharthanacht na gcuideachtaí tairbhiúla a áirithiú
amhail ar 31 Nollaig 2006.
8. Cuirfear chun feidhme an plean gnó don chuideachta thairbhiúil
PHS. Ach go háirithe
(a) díreofar na hiarrachtaí um athstruchtúrú ar
an méid seo a leanas;
(i) áiseanna táirgeachta PHS a atheagrú ar bhonn táirgí
agus eagrúchán cothrománach a áirithiú
de réir feidhmeanna (ceannach, táirgeadh, díolachán);
(ii) struchtúr aontaithe bainistíochta a bhunú i PHS
chun gur féidir sineirgíochtaí a ghnóthú
go hiomlán sa chomhdhlúthú;
(iii) forbairt ar dhíriú straitéiseach PHS ó bheith
dírithe ar tháirgeacht chun bheith dírithe ar
mhargaíocht;
(iv) feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht
bhainistíocht ghnó PHS agus rialú níos fearr ar
dhíolacháin dhíreacha a áirithiú;
(v) athbhreithniú ag PHS, ar bhonn cúinsí fónta
eacnamaíocha, ar straitéis cuideachtaí seachthairbheacha,
agus, nuair is iomchuí, seirbhísí a athlánpháirtiú
sa mháthairchuideachta;
(vi) athbhreithniú ag PHS ar a mheascadh táirgí, agus
laghdú á dhéanamh ar chumas iomarcach i ndáil
le táirgí fada leathchríochnaithe agus gluaiseacht i
gcoitinne go dtí margadh ar mó a bhreisluach;
(vii) infheistíocht ag PHS d'fhonn cáilíocht níos
airde a bhaint amach do tháirgí críochnaithe; aire speisialta
a thabhairt do leibhéal cáilíochta 3-Sigma sa táirgeacht
a bhaint amach ag suíomh PHS in Kraków faoin dáta arna
leagan amach san amchlár don chlár chun PHS a athstruchtúrú
a chur chun feidhme agus faoi dheireadh 2006 ar a dhéanaí;
(b) coigilt ar chostais a uasmhéadú in PHS le linn na tréimhse
um athstruchtúrú trí ghnóchain éifeachtachta
fuinnimh, ceannach feabhsaithe agus trí thorthaí táirgiúlachta
a áirithiú atá inchomórtais le leibhéil
san Aontas;
(c) cuirfear athstruchtúrú fostaíochta chun feidhme faoin
31 Nollaig 2006, sroichfear leibhéil táirgeachta is inchomórtais
leo siúd arna mbaint amach ag grúpaí táirgí
tionscail chruach an Aontais, ar bhonn figiúirí comhdhlúite
lena n-áirítear fostaíocht indíreach sna cuideachtaí
seirbhíse ar lánúinéireacht i dtrácht;
(d) beidh aon phríobháidiú ar bhonn a urramaíonn
an gá le trédhearcacht agus a urramaíonn go hiomlán
luach tráchtála PHS. Ní dheonófar aon státchabhair
bhreise mar chuid den díolachán.
9. Cuirfear chun feidhme an plean gnó do na cuideachtaí tairbhiúla
eile. Ach go háirithe:
(a) i gcás na gcuideachtaí tairbhiúla eile go léir,
díreofar na hiarrachtaí athstruchtúraithe ar an méid
seo a leanas:
(i) forbairt ar dhíriú straitéiseach ó bheith
dírithe ar tháirgeacht chun bheith dírithe ar mhargaíocht;
(ii) feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht
bhainistíocht gnó na gcuideachtaí agus rialú níos
fearr ar dhíolacháin dhíreacha a áirithiú
freisin;
(iii) athbhreithniú, ar bhonn cúinsí fuaimeantúla
eacnamaíocha, ar straitéis cuideachtaí seachthairbheacha,
agus, nuair is iomchuí, seirbhísí a athlánpháirtiú
sna máthairchuideachtaí;
(b) i gcás Huta Bankowa, an clár coigilte costas a chur chun
feidhme;
(c) i gcás Huta Buczek, an tacaíocht airgeadais is gá
a fháil ó chreidiúnaithe agus ó institiúidí
logánta airgeadais agus an clár coigilte costas a chur chun
feidhme, lena n-áirítear an costas infheistíochta a laghdú
trí áiseanna táirgeachta atá ann a oiriúnú;
(d) i gcás Huta ?abeždy, an clár coigilte costas a chur chun
feidhme agus spleáchas ar an tionscal mianadóireachta a laghdú;
(e) i gcás Huta Pokój, caighdeáin idirnáisiúnta
a bhaint amach sna fochuideachtaí, coigilt tomhaltais fuinnimh a chur
chun feidhme agus an infheistíocht arna beartú sa rannóg
phróiseála agus foirgníochta a chur ar cheal;
(f) i gcás Huta Batory, teacht ar chomhaontú le creidiúnaithe
agus institiúidí airgeadais maidir le fiacha a athsceidealú
agus maidir le hiasachtaí infheistíochta. Áiritheoidh
an chuideachta freisin coigilt shubstaintiúil bhreise ar chostais atá
bainteach le hathstruchtúrú fostaíochta agus torthaí
níos fearr;
(g) i gcás Huta Andrzej, bonn cobhsaí airgeadais a áirithiú
dá fhorbairt trí chomhaontú a chaibidil idir iasachtóirí
láithreacha na cuideachta, na creidiúnaithe fadtéarmacha,
creidiúnaithe trádála agus institiúidí
airgeadais. Ní foláir infheistíochtaí breise a
dhéanamh sa mhuileann feadáin te mar aon le clár um laghdú
foirne a chur chun feidhme;
(h) i gcás Huta L.W., infheistíochtaí a dhéanamh
i ndáil le tionscadal na cuideachta maidir le muilte teasrollta, trealamh
ardaithe agus stádas comhshaoil. Gnóthóidh an chuideachta
sin leibhéil tháirgiúlachta níos airde trí
athstruchtúrú foirne agus costais seirbhísí seachtracha
a laghdú.
10. Ní foláir comhaontú ón gCoimisiún agus,
nuair is iomchuí, ón gComhairle bheith le haon athruithe iardain
ar an bplean foriomlán um athstruchtúrú agus na pleananna
leithleacha.
11. Cuirfear an t-athstruchtúrú chun feidhme faoi dhálaí
lán-trédhearcachta agus ar bhonn
phrionsabail fhónta gheilleagar an mhargaidh.
12. Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle faireachán
géar ar chur chun feidhme an athstruchtúraithe agus ar chomhall
na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Teideal seo maidir le
hinmharthanacht, státchabhair, laghduithe cumais roimh an 1 Bealtaine
2004 agus ina dhiaidh, go dtí deireadh na tréimhse athstruchtúraithe,
i gcomhréir le míreanna 13 go 18. Chuige sin cuirfidh an
Coimisiún tuarascáil chuig an gComhairle.
13. I dteannta le faireachán a dhéanamh ar státchabhair,
déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle faireachán
ar thagarmharcanna an athstruchtúraithe atá leagtha amach in
Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá i gceangal
le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003. Déanfar na tagairtí
san Iarscríbhinn sin do mhír 14 den Phrótacal a fhorléiriú
mar thagairtí do mhír 14 den Airteagal seo.
14. Áireofar ar an bhfaireachán meastóireacht neamhspleách
a dhéanfar i 2003, 2004, 2005, agus 2006. Cuirfear triail inmharthanachta
an Choimisiúin i bhfeidhm agus déanfar táirgiúlacht
a thomhas mar chuid den mheastóireacht.
15. Comhoibreoidh an Pholainn go hiomlán leis na socruithe faireacháin
go léir. Ach go háirithe:
(a) soláthróidh an Pholainn don Choimisiún tuarascálacha
gach sé mhí ar athstruchtúrú na gcuideachtaí
tairbhiúla tráth nach déanaí ná an 15 Márta
agus an 15 Meán Fómhair gach bliain go dtí deireadh na
tréimhse athstruchtúraithe;
(b) sroichfidh an chéad tuarascáil an Coimisiún faoin
15 Márta 2003 agus an tuarascáil dheireanach faoin 15 Márta
2007, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt;
(c) beidh sna tuarascálacha an fhaisnéis uile is gá chun
faireachán a dhéanamh ar phróiséas an athstruchtúraithe,
an státchabhair agus laghdú agus úsáid cumais
agus tabharfar iontu go leor sonraí airgeadais chun gur féidir
measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha
agus na ceanglais sa Teideal seo comhalta. Beidh sna tuarascálacha
ar a laghad an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn
4 a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003 agus forchoimeádann an Coimisiún
an ceart an Iarscríbhinn sin a mhodhnú i gcomhréir lena
thaithí le linn an phróisis faireacháin. In Iarscríbhinn
4 a ghabhann le Prótacal Uimh. 8 atá i gceangal le hIonstraim
Aontachais an 16 Aibreán 2003, déanfar an tagairt do mhír
14 den Phrótacal a fhorléiriú mar thagairt do mhír
14 den Airteagal seo. I dteannta leis na tuarascálacha leithleacha
gnó ar na cuideachtaí tairbhiúla, beidh tuarascáil
freisin ar staid fhoriomlán earnáil chruach na Polainne, lena
n-áirítear forbairtí maicreacnamaíocha déanacha;
(d) ní foláir don Pholainn, fairis sin, gach faisnéis
bhreise is gá don mheasúnacht neamhspleách dá
bhforáiltear i mír 14 a sholáthar;
(e) cuirfidh an Pholainn iallach ar na cuideachtaí tairbhiúla
gach sonra ábhartha a nochtadh a d'fhéadfaí a mheas,
faoi chúinsí eile, mar shonraí rúnda. Agus tuairisc
á tabhairt aige don Chomhairle, áiritheoidh an Coimisiún
nach nochtfar faisnéis rúnda atá sonrach do chuideachta.
16. Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, a chinneadh
sainordú a thabhairt do chomhairleoir neamhspleách chun torthaí
an fhaireacháin a mheasúnú, aon taighde is gá
a dhéanamh agus
tuarascáil a thabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle. 17.
Má shuíonn an Coimisiún, ar bhonn an fhaireacháin,
go bhfuil diallais shuntasacha ó na sonraí airgeadais ar a ndearnadh
an measúnú inmharthanachta tar éis tarlú, féadfaidh
sé a chur de cheangal ar an bPolainn bearta iomchuí a ghlacadh
chun bearta um athstruchtúrú na gcuideachtaí tairbhiúla
i
dtrácht a athneartú nó a mhodhnú. 18. Má
thaispeánann an faireachán: (a) nach bhfuil na coinníollacha
do na socruithe idirthréimhseacha sa Teideal seo comhalta, nó
(b) nach bhfuil na gealltanais arna ndéanamh faoi chuimsiú fhadú
na tréimhse inar féidir leis an bPolainn tacaíocht stáit
a dheonú go heisceachtúil chun a tionscal cruach a athstruchtúrú
faoin gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir na Comhphobail
Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht
na Polainne, den pháirt eile, comhalta, nó
(c) go bhfuil an Pholainn, i gcaitheamh na tréimhse um athstruchtúrú,
tar éis státchabhair neamh-chomhoiriúnach bhreise a dheonú
don tionscal cruach agus go háirithe do na cuideachtaí tairbhiúla,
ní ghabhfaidh éifeacht leis na socruithe idirthréimhseacha
sa Teideal seo. Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a chuireann
de cheangal ar aon chuideachta i dtrácht aon chabhair arna deonú
de shárú ar na coinníollacha atá leagtha síos
sa Teideal seo a aisíoc.
TEIDEAL IX
FORÁLACHA MAIDIR LE hAONAD 1 AGUS AONAD 2 DE GHLÉASRA CUMHACHTA
NÚICLÉICHE BOHUNICE V1 SA tSLÓVAIC
AIRTEAGAL 64
Tá an tSlóvaic tar éis a a chur de ghealltanas uirthi
féin Aonad 1 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Bohunice V1 a dhúnadh faoin 31 Nollaig 2006 ar a dhéanaí
agus Aonad 2 den ghléasra sin a dhúnadh faoin 31 Nollaig 2008
ar a dhéanaí agus na haonaid sin a dhíchoimisiúnú
iardain.
AIRTEAGAL 65
Le linn na tréimhse 2004-2006, soláthróidh an tAontas
cúnamh airgeadais don tSlóvaic chun tacú lena hiarrachtaí
chun Aonad 1 agus Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Bohunice V1 a dhíchoimisiúnú agus chun déileáil
le hiarmhairtí a ndúnta agus a ndíchoimisiúnaithe
(dá ngairtear "an Cúnamh" anseo feasta).
2. Déanfar an Cúnamh a chinneadh agus a chur chun feidhme i
gcomhréir leis na forálacha arna leagan síos i Rialachán
(CEE) Uimh. 3906/89 ón gComhairle an 18 Nollaig 1989 maidir le cabhair
eacnamaíoch do thíortha áirithe Lár agus Oirthear
na hEorpa
1.
3. Don tréimhse 2004-2006, is é 90 milliún euro méid
an Chúnaimh i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí
a ndéanfar ceangaltas ina leith i dtráinsí bliantúla
cothroma.
4. Cuirfear an Cúnamh, nó codanna de, ar fáil mar ranníocaíocht
ón Aontas don Chiste Idirnaísiúnta Tacaíochta
um Dhíchoimisiúnú Bohunice, arna bhainistiú ag
an mBanc Eorpach Atógála agus Forbartha.
AIRTEAGAL 66
Aithníonn an tAontas nach foláir do dhíchoimisiúnú
Ghléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice V1 leanúint
tar éis na Peirspictíochta Airgeadais, mar atá sí
sainithe i gComhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999,
agus gur ualach suntasach airgeadais don tSlóvaic an iarracht sin.
Cuirfidh cinntí maidir le leanúint de chúnamh Aontais
sa réimse seo tar éis 2006 an staid sin san áireamh.
AIRTEAGAL 67
Beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo i bhfianaise an Dearbhaithe
maidir le hAonad 1 agus Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche
Bohunice V1 sa tSlóvaic ina n-ionchorpraítear friotal bhrollach
Phrótacal Uimh. 9 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an
16 Aibreán 2003, gan a éifeacht dhlíthiúil a athrú.
1 IO L 375, 23.12.1989, lch. 11.
TEIDEAL X
FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCIPIR
AIRTEAGAL 68
1. Déanfar cur i bhfeidhm acquis an Chomhphobail agus an Aontais a
fhionraí sna limistéir sin de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn
Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír iontu.
2. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún,
a chinneadh an fhionraíocht dá dtagraítear i mír
1 a tharraingt siar. Gníomhóidh sí d'aon toil.
AIRTEAGAL 69
1. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún,
na téarmaí a shainiú faoina gcuirfear i bhfeidhm na forálacha
de dhlí an Aontais i dtaca leis an líne idir na limistéir
sin dá dtagraítear in Airteagal 68 agus na limistéir
a bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír
iontu.
Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil.
2. An teorainn idir an Limistéar Bunáite Flaitheasach Oirthearach
agus na limistéir sin dá dtagraítear in Airteagal 68,
cuirfear cóir uirthi amhail is dá mbeadh sí ina cuid
de theorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach
chun críche Chuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal
Uimh. 3 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán
2003 maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht
Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir
fad a mhaireann an fhionraíocht ar chur i bhfeidhm acquis an Chomhphobail
agus an Aontais de réir Airteagal 68.
AIRTEAGAL 70
1. Ní choiscfidh aon ní sa Teideal seo bearta ar mhaithe le
forbairt eacnamaíoch na limistéar dá dtagraítear
in Airteagal 68 a chur chun cinn.
2. Ní dhéanfaidh bearta den sórt sin difear do chur i
bhfeidhm acquis an Chomhphobail agus an Aontais faoi na coinníollacha
atá leagtha amach sa Phrótacal seo in aon chuid eile de Phoblacht
na Cipire.
AIRTEAGAL 71
I gcás go socrófar ceist na Cipire, déanfaidh an Chomhairle,
ar bhonn togra ón gCoimisiún, na hoiriúnuithe ar na téarmaí
a bhaineann le haontachas na Cipire leis an Aontas Eorpach a chinneadh i dtaca
le Comhphobal na gCipireach Turcach. Gníomhóidh an Chomhairle
d'aon toil.
AIRTEAGAL 72
Beidh feidhm ag an´Teideal seo i bhfianaise an Dearbhaithe maidir leis
an gCipir ina n-ionchorpraítear friotal bhrollach Phrótacal
Uimh. 10 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán
2003, gan a éifeacht dhlíthiúil a athrú.
CUID A TRÍ
FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA hIARSCRÍBHINNÍ A GHABHANN LE
hIONSTRAIM AONTACHAIS AN 16 AIBREÁN 2003
AIRTEAGAL 73
Is cuid dhílis den Phrótacal seo Iarscríbhinn I agus
Iarscríbhinní III go XVII a ghabhann le hIonstraim Aontachais
an 16 Aibreán 2003
1, mar aon lena bhfoscríbhinní agus
leis na hIarscríbhinní a ghabhann le Prótacail 2, 3 agus
8 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003.
AIRTEAGAL 74
1. Déanfar na tagairtí don "Chonradh Aontachais" sna
hIarscríbhinní dá dtagraítear in Airteagal 73
den Phrótacal seo a fhorléiriú mar thagairtí don
Chonradh dá dtagraítear in Airteagal IV-437(2)(e) den Bhunreacht,
déanfar na tagairtí do dháta nó do thráth
sínithe an Chonartha sin a fhorléiriú mar thagairtí
don 16 Aibreán 2003 agus déanfar na tagairtí do dháta
an aontachais a fhorléiriú mar thagairtí don 1 Bealtaine
2004.
2. Gan dochar don dara fomhír, déanfar na tagairtí don
"Ionstraim seo" sna hIarscríbhinní dá dtagraítear
in Airteagal 73 den Phrótacal seo a fhorléiriú mar thagairtí
d'Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003.
1 IO L 236, 23.9.2003, lch.33.
Déanfar na tagairtí d'fhorálacha Ionstraim Aontachais
an 16 Aibreán 2003 sna hIarscríbhinní dá dtagraítear
in Airteagal 73 den Phrótacal seo a fhorléiriú mar thagairtí
don Phrótacal seo, i gcomhréir leis an gclár coibhéise
seo a leanas.
| Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 |
Prótacal |
| Airteagal 21 |
Airteagal 12 |
| Airteagal 22 |
Airteagal 13 |
| Airteagal 24 |
Airteagal 15 |
| Airteagal 32 |
Airteagal 21 |
| Airteagal 37 |
Airteagal 26 |
| Airteagal 52 |
Airteagal 32 |
3. Forléireofar na habairtí seo a leanas sna hIarscríbhinní
dá dtagraítear in Airteagal 73 mar abairtí arb é
an bhrí atá acu an bhrí atá acu sa chlár
coibhéise seo a leanas, mura rud é go ndéanann na téarmaí
seo tagairt eisiach do dhálaí dlíthiúla roimh
an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm.
| Abairtí sna hIarscríbhinní |
Brí |
| An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh |
An Bunreacht |
| An Conradh ar an Aontas Eorpach |
An Bunreacht |
| Na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe |
An Bunreacht |
| An Comhphobal (Eorpach) |
An tAontas |
| An Comhphobal arna mhéadú/méadaithe |
An tAontas |
| An Comhphobal |
An tAontas |
| An tAE |
An tAontas |
An tAontas arna mhéadú/méadaithe nó an tAE
arna
mhéadú/méadaithe |
An tAontas |
| |
|
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní thiocfaidh athrú
ar bhrí an fhocail "Comhphobail" nuair a
úsáidtear é chun na téarmaí "fabhar"
agus "iascach" a cháiliú.
4. Déanfar na tagairtí arna ndéanamh do chodanna nó
d'fhorálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh sna
hIarscríbhinní dá dtagraítear in Airteagal 73 den
Phrótacal seo a fhorléiriú mar thagairtí do chodanna
nó d'fhorálacha den Bhunreacht, i gcomhréir leis an gclár
coibhéise seo a leanas.
| Conradh CE |
An Bunreacht |
| Cuid a Trí, Teideal I |
Cuid III, Teideal III, Caibidil I, Roinn 3 |
| Cuid a Trí, Teideal I, Caibidil 1 |
Cuid III, Teideal III, Caibidil I, Roinn 3
Foroinn 1 |
| Cuid a Trí, Teideal II |
Cuid III, Teideal III, Caibidil III, Roinn 4 |
| Cuid a Trí, Teideal III |
Cuid III, Teideal III, Caibidil I, Roinn 2 agus Roinn 4 |
| Cuid a Trí, Teideal VI, Caibidil 1 |
Cuid III, Teideal III, Caibidil I, Roinn 5 |
| Airteagal 31 |
Airteagal III-155 |
| Airteagal 39 |
Airteagal III-133 |
| Airteagal 49 |
Airteagal III-144 |
| Airteagal 58 |
Airteagal III-158 |
| Airteagal 87 |
Airteagal III-167 |
| Airteagal 88 |
Airteagal III-168 |
| Airteagal 226 |
Airteagal III-360 |
| Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
5. Nuair a fhoráiltear sna hIarscríbhinní dá dtagraítear
in Airteagal 73 den Phrótacal seo go
nglacfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún ionstraimí dlíthiúla,
is i bhfoirm rialachán Eorpach nó
cinntí Eorpach a bheidh na hionstraimí sin.